An Gréasán Gaeilge

GG

© 1999

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

  G

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. . 

*ga, Ga seá, (saothar anála), nuair a thainic sé 'na bhaile go dtigidh'n doras, bhí gaiseá creathnach ann.. 311 292. 

*gabh, Oiread le haghaidh turas amháin, tabhair isteach gabh uisce. 1184 345.  d'iarr sí air a ghabhail amach agus gabh uisce a thabhairt isteach. 1184 501.

*gabhail, 1. Dul, gábháil, chuaidh an bheirt go teach a'phobail i dtratha' ghabhail ó sholas dó. 1185 274. (..le crónú na hóiche). 2. Éileamh, litir ó Chrosán innseair Eigeartaigh a ghabhail taobh astoigh de ocht lá go bfeicfead sé a tha dtaobh den bhó riadhach.. 1185 498.  3. Ag gabhail do,(a) (ag tathaint ar), Ní stadad siad achan lá ach ag 'ul do'n mhathair ag iarraidh.. agus ní thabharfad siad isteach dó. 472 421.  bhí siad ag 'ul daoithe daoithe, agus nuair a sháirigh oirthí..472 500.  (ag cur síor air, ag insint faoi), Mhothaigh mé m'athair ag gabháil do sin fosta. 1791 70.  4. Gabhann fríd, (baineann stad as, déanann dearmad (i reacaireacht), Dá mbéad sé ábalta a rádh trí h-uaire gan a gul fríd, bhéad sé ábalta a innse ceocu bhuinfead sé nó chaillfead sé. 311 75.  5. Gabhann thairis 'na chois, (baineann casadh, leonadh as a chois), caidé 'rinn sé ac a ghabhail thaire n-a cois. B'éigean daoithe suidhe síos annsin, agus chá rabh sí ábalta bogadh ach amháin.. le bata. 1170 478.  6. A gabháil.., (chun..), go rabh an scuab ag gabháil a bheith suas le dhó ná trí throighí ar airde a scar a'bith. 1791 42.  do bhean ar bith a bhfuil tachrán ag gabháil a bheith aici.. 1791 94.  gluaisteán ná rud ar bith a chur treasna ar sinleac oighre), chá rabh sé ag gabháil a bhaint stangadh amach as. 1791 102.  Bhí fhios acu nach rabh siad ag gabháil a shábháil na istineadh.. 1791 336.  7. Ag gabháil, (a), (ar fáil), Ní rabh a dhath ag gabháil ach an bia glan. 1791 56.  (b), (ag corraí ar luas), sé 'n dóigh a n-oibreochad siad a' bata sin bhéadh sé ag gabháil acu agus chan á tharraint a bhéad siad ach á oibriú  .. 1791 241.  8. Tá mé ag gabhail is ag geárradh. "Tá míniú graosta ar an abairt seo nach fiú a chur síos." 1184 93.  (!)

*gabhar, Sonas an ghabhair, comhartha (éigin) sa spéir tráthnóna a chiallaíonn báisteach ar an lá na dhiaidh, nuair a tcidhfeá sonas a ghabhair ins a spéir tráthnóna go bhféadtha a bheith ag amharc amach lá thar na bhárach fá choinne lá fearthanna; agus a bhfeictheá breacadh na circe tá athrughadh air. 472 696. 

*gabhgaide, "fear a bhíos 'na sheasamh ag amharc ar scoil chárdaí". 1185 129. 

*gad, Gad, "lúb de shlait saileoige ar ghráthach.. féidhim a bhaint aistí i gceangal eallaigh.." 1184 52.  go maram go ngeárrfaidh an gad is neise do'n bhuaraigh. 1184 52. 

*gael, Ain., Caitliceach Rómhánach, A dtionntochainn annseo anois agus tionntodh mo ghaedhael.. 472 59.  Tá cuid alluis na nGaedheal goirt agus níl allus na n-Alabnach mar go dtéidheann salann ar an uisce nuair a bhaistear na Gaedhil. 311 156. 

*gaelach, Aid., Caitliceach Rómhánach, tionntochaidh mé gaedhealach.. 472 59.  Eaglasach Gaedhealach a teacht.. 472 54.  thóg a mháthair Gaedhealach é. 1032 1. 

gág, Méiscre, fuachtán sa chraiceann ón bhfuacht, Chonnaic mé iad a'deánamh léighis fosta do ghága ar na lámha. 1185 393.  ..a léigheas na ngág. 1185 394. 

gágann, Briseann gága amach (sa chraiceann). Is gráthach i gcomhnuidhe 'san Earrach go ngágann lámha daoiní nuair a thig an cruadhlach agus gal Márta. 1185 393. 

*gaibhneoireacht, Ceard an ghabha, gaibhneacht, féadann tú an ghaibhneóracht a chaitheamh a'n taobh amháin. 1185 369. 

*gaibhte, Beirthe amuigh (air), teipthe (air)), Léigheas mé achan chineal ariamh go dtí seo.. ach tá mé gaibhte sa deireadh, agus má tá fhéin sé m'airigh é. 472 381. 

*gail, Beiriú, fiuchadh, líon sé suas d'uisce é agus nuair abhí sé teacht un guile.. 311 398.  Dá mbainead siad goil as bhí an bhrí acu agus ní tharlochadh aon dhath.. 1835 396. 

*gaileann, Fiuchann, astoigh i lár cruic atá ag goil an lá is fuaire 'sa bhliadhain agus chá deachaidh a'n nduine ariamh ar a ghaobhar nach bruitheadh agus nár dóigheadh. 1185 248.  d'fhiafrigh sí de'n stócach a rabh an ciotal goilte aige go ndeánadh sí an tae. 1184 537.  chuir sé síos a ciotal agus nuair a bhí sé ag goil tharraing sí uirthí an taepot. 1185 265.  nuair a chuaidh an pota a ghoil.. 310 19. 

*gailleog: scailleog, Píosa, ruainne, lán béil, Dúil mhór i dteinidh is i dtochas aicí / Agus i scailleogaí tobaca, / Geárr ruball uirthí mar bhéadh ar fhigheadóir.. 1170 21. 

*gaimbín, Ús, airgead breise, Fuair mise a chuid airgid uilig arais - mo dhá cheád punnta a chaill mé, agus céad punnta de ghaimbín le n-a chois. 1185 451.  cibe de'n airgead atá agam.. fágfaidh mé ins a' bhanc é agus béidh mé a fágháil trifle gaimbín.. 1185 451.  D'fhág sé astoigh an t-airgead, agus choinnigh an gaimbín ag gabhail iad ar feadh blianta. 185 451. bfhíor annamh a bhí airgead ar bith acu le díol síos. Bhí gaimbín trom ansin á bhaint dófa ag lucht na siopaí..1579 221.  Bhí lucht a ghaimbín ann. Dá dtabharad siad sin airgead duit bhí siad a dréim le oiread go leith a fháil arais. 1791 67. 

*gaineán, "fear a mbéadh slugadh mór ann .i. a bhéadh géar ghoileach (Teilionn)". 1184 129. 

*gair, 1. Níl gair leis.. ( fiú leis..), Ní rabh gair leis a bhéith ag obair, "he thought it useless to work." 420 228.  2. Sfh: Níl gair 'sa t-seanchasc ach is measa an aisteachas.  420 263.  (Dá dhonacht é comhrá is measa argóint?).

*gaireann, 1. Gaireann (isteach), (téann isteach, tugann cuaird), Ghoir mó isteach, "I went in". 420 233.  An dochtúir a ghoirstin isteach.. 420 268.  Goirstin ins a' teach sin. 420 268.  2. Gaireann do, (tugann mar ainm air), Fear a ngoirfidhe Dow dó, "a man named Dow. 420 233. 

*gairgeach, Borb, teasaí, Bhí sagairt mhaithe goraigeacha  againn anseo agus bhíod siad anuas go millteanach ar dhuine ar bith a chluinead siad a bheith ag gabháil don phóitín. 1791 82. 

*gairiste, Ainmniúil, cáiliúil, Tá sé goiriste. "renowned". 420 239. 

gáir, Tuairisc, fógra, d'éirigh an gháir amach go bhfuair an diúlach bás. 472 246.  D'éirigh gáir amach fán tsaibhreas a bhí ag Brian.. 1578 61.  D'Éirigh sé amach annsin fríd na comhursanaigh agus a' gháir dhearg leis go rabh a athair indhiaidh bás a fhágháil. 1170 9. 

*gairid, 1. In easnamh , d'innis siad dó an méid airgid a bhí siad goirid a thug an mac leis go Lonndúin.. 1184 396.  Bhí soitheach mór astoigh ag an chéidh, agus bhí siad lámh goirid, agus fuair Seán uirthí 'na lámh. 1184 233. Chunntais siad arais é agus bhí siad cupla scilling goirid. 310 368.  2. Beirtear gairid air, (faightear easnamhach é, sáraítear é), éireochaidh an t-é go luath a bhéas 'un churtha leis, ach mar sin fhéin beirtear goirid air corr uair fosta. 1185 21. 

*gairleog, Creamh (nó planda cosúil leis), Bhíodh gáirleóg astoigh ins na toighthe.. 1185 406.  Chá rabh ann ach crapán de'n gháirleóig sin a chogaint. 1185 406. 

*gaisciúlacht, Gaisce, laochas, Chuaidh an rí a dheánamh crathú láimhe leobhtha dá bhárr na gaisgeamhlachta a rinn siad. 1184 455.  chuir sí ar shiubhal go conndae ínteacht eile é a dh'fhoghluim gaisgeamhlachta. 1184 469.  ag innse dó fá an dóigh a dtáinic sé air (sionnach) agus an ghaisgeamhlacht a rinn sé nuair a scaoil sé ar a rith é. 1185 27.  chá rabh seórt ar bith gaisgeamhlacht dá gcualaidh tú trácht air ariamh crosta air. 1185 562. 

*gaiste, Trap, bhí gaiste éanach aige, agus gheobhad sé lonndubh an uile mhaidin. 1184 293.  Sin gaiste atá curtha acú.. 1184 522. 

*gaisteacht, Á ghaisteacht .. (chomh luath is..), Á ghaisteacht a rabh seisean i Meireceá, bhí scéala thall acu-san fá dtaobh dó.. 1791 221. 

*gal, *galaí, 1. Buaiceálaí, Duine a bhéadh a séidiú agus a cainnt fá dtaobh de fhéin, ag iarraidh cur ar shúile daoine bur dodach é, ach gan dadaidh ar a chúl. Boaster. Bheirtear galaidhe ar a leithéid fosta (Teilionn). 1184 129.  2. Gal Márta, (gaoth Mhárta), Is gráthach i gcomhnuidhe 'san Earrach go ngágann lámha daoiní nuair a thig an cruadhlach agus gal Márta. 1185 393. 

*galach, Ar fiuchadh, tabhair leat pandaí uisce galaigh.. 1185 264. 

*galaí:*gal

*gallach, Baisc, roinnt ceangailte ar a chéile ar bhealach so-iomprach, go bhfághaimid gallach ballán roimhe an Fhóghmhair. 472 392.  scaoil sé trifle de na lacháin fiadhain a bhí ar an loch, agus rinn sé gallach daofa. Thug sé anall iad ar a ghualainn.. 1538 79.  Rinn sé gallach daofa (cloigne) ..agus chaith sé siar faoi'n leaba iad. 1343 489. 

*gallda, Protastúnach, Cailleachaí Gallda ar ndóiche a bhíodh ag gabhail do'n obair seo, nó chá ndeanfadh Caitliceach ar bith na rudaí.. 1184 528.  Bhí seisean Gallda agus bhí an muilteoir Gallda mara gcéanna. 1538 87. 

gámaí, Gámaidhe, "bean nó cailín amaideach a gcuirfeadh a cuid cainnte agus seanchais samhnas ort". 1184 229. 

*gamhnach, 1. Bó a rachadh thar an am gan gamhain a bheith aici 1184 65, go mbfheárr domh an bhó riadhach a thabhairt amach agus á díol. Tá sí 'na gamhnach anois agus dheáfaidh muid suas í comh maith agus a thig linn.. 1185 495.  2. Poitín (ainm fholuithe), Bhí fhios aige go rabh an ghamhnach i bhfos. ..Bhí sé de nós acú ainmneacha fholaighthe a thabhairt ar phóitín agus ar na gléasarthaí a bhaineas dó. 1184 65. 

*gamhain, 1. "duine gan tuairim, (term of contempt)". 1184 129.  2. saoghal an ghamhain óig agat!, "..saol maith bog. " 1184 28.

*gann, 1. Gairid (sa chúntas), Thomhais an cléireach an t-ór dó agus bhí sé dhá phunnta meádhachain gann. 1538 123.  2.(Mar bhriathar),Nuair a ghann na cruacha, "..became scarce". 420 248. 

*gaobhar, Fá ghaobhar, (i gcóngar), go fóill ní raibh sé fá ghaobhar theach an fhir bhig. 1538 137. 

*gaotaire, "Bean atá i gcomhnuidhe a siabadh caonnte - go mór mhór fá n-a cúram fhéin." 1184 129.

*gaoth, 1. An ghaoth Mhárta.. (Gléas sa scéalaíocht chun luasmór a chur in iúl:) Chuaidh Murchadh a mharcaidheacht uirthí agus bheir sí ar an ghaoith Mhárta a bhí roimpí agus an ghaoth Mhárta a bhí 'na diaidh ní rabh sí ábalta breith uirthí.. 1184 404.  bhéarfainn pónaí na naoi gcos dó le ghabhail a mharcaidhceacht uirthí agus bheirfead sí ar an ghaoith Mhárta agus ní bheirfeadh an ghaoth Mhárta a choidhche uirthí. 1185 101.  2. Ar bharr na gaoithe, (aerach, giodamach, fiáin), an bhean a b'óige tháinig ann daoithe, bhí sí ar bhárr na gaoithe. Ní rabh comhairle ar bith ag an athair ná ag an mháthair uirthe. 1578 18.  Bhí barraidheacht pios inntí. "Ag cainnt fá chailín a bhéadh barraidheacht ar bhárr na gaoithe." 1184 22.  "Giodróg, "cailín beag séidhte sotalach; cailín a béadh ar bharr an gaoithe" 1184 131.  3. Sfh: An rud a thig leis an ghaoith imthigheann sé leis an fhearthainn 1184 15. ,an rud a bhfaightear go bog imíonn sé go bog.. 4. Sfh: Gaoth deas teas agus leas / Gaoth aniar bainne reamhar agus iasc / Gaoth tuaidh fuacht agus feannadh. / Gaoth anoir scoilteann sé clocha agus crainn. 5. Lán gaoithe.., (bromanach), Bhí a bhríste lán gaoithe. "Tá sé bródamhail beaduighthe, asus sílidh sé móran de fhéin". 1184 40. 

*gaothach, Gaofar, Bhí oidhche chruaidh ghaoitheach ann.. 1185 55.

*gaothsán, Caincín, srón, thoisigh an corp a chur fola as a ghaothsán,agus tháinic an-chuma amach ar an chorp. 1791 220.  bhí fáinne i ngaothsán an tairbh aige.. 1791 302. 

*gas, 1. Gas searbhán, (caisearbhán?), luibh an mhaith castach an gas-searbhán agus chá rabh léigheas slaghadáin ar bith dá ndeánad siad.. nach gcuiread siad an luibh sin ann. 1185 407.  .. an rúta a bhí ar an ghas searbhán. 1835 179.  2. Ribe, ní rabh aon ghas gruaige ar a cheann. 418 233. 

*gasúr, (Iol. gasraí), gabhaigidh mar bhéadh beirt gasraí maithe ann..1185 277.  d'fhoscail fear de na gasraí an doras.. 1185 280.  agus iad 'na ngiorrsachaí beaga agus 'na ngasraí beaga a fás suas. 418 39. 

*gasta, 1. Tapa, Tháinic sé isteach níos gaiste ná rachas sé amach. 1184 461.  Rinn siad amach gur mise a ba guiste le rachtáil ar teachtaireacht. 1185 260.  siubhal leat síos go gasta. 1185 268 2. Luath, Scoilteadh sé dá gcuirfeá a dh'obair ró ghasta é (buailtín) agus dá fhad a ligfeá dó sin mar a bhfheárr a shearacfad sé. 1791 40.  3. Glic, cliste, Tá tú gasta go maith, "you are fairly clever". 420 242.  4. Gasta ag gabháil, (furasta, coitianta ar fáil, ní rabh salann gasta ag gabháil , agus ní rabh dhath ar bith ag gabháil ach leas na trá. 1791 55. 

*gar, Comaoin, acra, caidé a thiocfadh liom a thabhairt duit anois ar shon an ghar atá deánta agat indiú domh? 1170 41.  Bhí mé a draináil ann agus.. a deánamh achan ghar .. thart fán teach. 1791 196. 

*garaíocht, Acra, fábhar, Má mheasann tú go bhfuil maith ar bith duit ins a deannach atá fágtha tá sé le fagháil agat agus fáilte ó's mise atá i n-áit na garaidheachta. 1170 398.  Ag gairidheacht  , "obliging him". 420. 270

*gar-athair, Sin-seanathair,  aithreacha agus maithreacha, agus aithreacha móra agus gar-aithreach na ndaoiní seo agam-sa (diabhal), agus tá mé a dúil go mbéidh siad seo agam fosta. 1170 428.  an áit a rabh an Saghart Ó Dónaill, athair an tsaghairt Ó Dónaill agus Athair mór an tSaghairt Ó Dónaill agus a ghar-athair. 1791 53. 

gárda, Briseadh mo ghárda.. (tháinig rud éigin sa tslí a churisteach orm?, Bhí rún agam a ghabhail go Doire ach briseadh mo ghárda, ".. ach loc mé, nó tháinic rud ínteach in mo bhealach a thug orm locadh. 1184 53. 

*garmháthair, Máthair altrama?, dá dteightheá 'soir do ghar-mhathair  a thóg thú.. 1538 131. 

*garbh, Crua, anróch, Fuair sé bás an-gharbh ar fad. 1791 323. 

*garbhadas, Aimsir gharbh, Ní bhéidh soineann ar bith léithe a chor a'bith ach go bhfuil sí idir a' dá chás idir socrú agus garbhadas. 1791 179. 

*garbhánach, 1. "duine garbh i gcosmhalacht agus i nglór cinn". 1184 129.  2. "Deargán saillte" cf fgb, an lá nach mbíodh iasc úr leis bhíodh garbhánaí ná glasáin ghoirte aige. 472 48. 

*garraigín, Sórt póna?, tugadh na trí cinn eallaigh isteach go dtí garraigín a bhí ann. 1791 183. 

*garrantóir, Duine a thugann aire do gharraí, Bhí gárrantóir  ag obair aige, agus bhí an garrantóir pósta.. 1538 93. 

*garróg, Taom trom, Bhuail garróg thinnis é, "Bhuail taom throm thinnis é". 1184 30. 

*gar-uncal, Sin-seanuncal?, Bhí gar-uncal domhsa, bhí sé ar a cheird cheánna. 1791 256.  bhí uncal ag innse domhsa in am héin - sin a ghar-ulcal  s'aige-san a bí á innse dó san.. 1835 45.  bhí sé aosta go leor ceart go leor agus bhí ghar-uncal s'aige-san - bhead sin dhá uncal eile ar gcúl.. 1835 45. 

*gath, Gath gréine, (soilsiú caol díreach de sholas na gréine ag teacht anuas trí pholl nó oscailt éigin), bhí gath gréine insteach ar an fhuinneóig. Chaith sé a frock ar ghath na gréine.. 472 542. 

*gé, (gi. géach) thiocfadh fear géach thart agus cheannochad sé na géacha.. 1185 115. 

*geabaire, Cabaire, "duine cainnteach". 1184 129. 

*geadánach, "duine caol tanaidh a bhfuil dreasán géar air". 1184 131. 

*geal, Ain., Gealacán (súile), nach bhfuil mé ábalta an geal atá thiar ar chúl a cuid súl a fheicáilt.. 1835 390. (ag tabhairt le fios gur bhean amhrastúil í).

*gealach, 1. Leis an ghealaigh, (faoi sholas na gealaí), Mharbhuighead siad cuid mhór madaidh uisce 'san am sin le forc leis an ghealaigh. 1185 198.  2. Gealach na gConlach,(gealach lán aimsir an fhómhair a bhailiú, um Shamhain, is ceart daoithe mairstin trí hoíche ar an aer - an rud a dtabharann siad gealach na gconnlach air. 1835 186.  Tá daoine ann a bhéarfadh gealach na gConnlach ar an ghealach a bhéadh ann nuair a bhéadh an fomhar bainte agus é stucaigh amuigh ach.. gheibh tusa gealach na gConnlach gur ag Samhain a gheobhas tú ann í.. Éireochaidh an ghealach sin trí hóiche indiaidh a chéile ar a'n uair amháin. 1835 187. 

*gealachán, 1, Níochán bán leata chun tuartha, nuair a d'eirigh Siubhán amach bhí'n gealachán uilig ar shiubhal.. 311 77.  tugadh an gealachán ar shiubhal.. 311 77.  2. Nochtadh bunfhéar geal tar éis bainte, Tá gealachán mór deánta thíos udaí acú indiú, "rinneadh lomadh mór ar an mhíodún le speil". 1184 19. 

*gealadh, 1. Ar ghealadh, (a), (ar tuar), Chuirtí ar gealadh annsin é ar claidhe, agus bhíod sé comh geal leis an t-sneachta. 1185 188.  (b), (ar staid lomtha, cf.gealachán), Cuireadh ar ghealadh an pháirc indiú. "baineadh féar na páirce.." 1184 19.  2. Gealadh scadán, (ráth scadán ar bharr na farraige?), thainic gealú scadán. D'imthigh siad amach agus settáil siad a gcuid eangacha.. 311 461.  thainic a' gealú scadán.. ba mhó chonnaic a'n duine.. Ní rabh'n duine a rabh bád aige.. nach rabh 'muigh. 311 465. 

*gealas, (Iol. geileasacha) theann sé a chuid geileasacha thart fá n-a bhásta. 1185 474.  chaith sé anuas a chuid gaileasacha. 1343 221. 

*geall, 1. A gheall ar Dhia, (mar ghrá Dia), D'iarr an seanduine orm a gheall ar Dhia ceann dena bóithigh sin thíos a thabhairt daofa go maidin.1791 29.  2. Ag tógáilt geall, "seizing (by bailiff)". 420 262. 

*geallmhar, Ceanúil, bhí an bheirt íontach geallmhar ar a chéile. D'aithin an fear uasal go rabh grádh eatorrú.. 1538 93.  ibid. 1343 425.  Bhí sé comh gealmhar ar an naoidneán agus nár nidh leis leas mháthair a chur ás a cionn.. 1835 173. 

*geallstan, *geallstanas, Geallúint, Thug tú geallstan dó dhuine ínteacht.. 1184 401.  dubhairt sé leobhtha go rabh súil aige nach mbéad siad a dhath níos measa ná a ngeallstan. 1184 480.  caithfidh tú geallstan amháin a thabhairt domh-sa agus do lámh agus d'fhocal a thabhairt domh go gcoinneochaidh tú do gheallstan. 1185 15.  Bhéarfaidh mise geallstan duit.. nach mbainim dó.. 472 475.  Bhéarfa mé geallstanas duit a Dhia, nach.. 1791 50. 

*gealtán, "fear atá tugtha do bhualadh boc ar a chomhursa". 1184 131. 

*geamairlín, Giota, Geamairlín do'n fheoil, "giota". 420 239. 

*geamhaire, "duine a bhfuil sruth chainnte amach as a chorp". 1184 131. 

*geancánach, "duine manntach atá doiligh go maith a thuigbheáil". 1184 131.

*geangaire, "*Dingire" fgb, cf. *gingire, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21. 

*géar, 1. Borb, crosta, Bhí sí ag éirghe soineannta leis an aois agus bhí sí comh géar le dibheas. 1185 156.  2. Caolfhuaimneach, Bhí an snáithe caol a bualadh géar agus bhí an tuaim ní ba troime agus ní ba láidre ag an tsnáithe reamhar. 1791 48.  bh'siad ábalta an port a choradh géar air go dtí go dtarad siad fhad leis an tsnáithe throm arais. 1791 48.  3. Crua, deacair, níl sí ag gabháil a phósadh aon fhear.. ach fear a rachas síos i gcoire uisce the trí h-uaire.. Tá sin an-ghéar ar fad.. ach creidim go gcaithimid ar ndícheallt a dheánamh. 1791 401.  4. Soiléir, lán de bhrí, bhí a'n fhear amháin ann agus rinn sé seo brionglóideach agus rinn sé seo brionglóideach an-ghéar ar fad. 1835 257.  Bhí daoine a bhí a deánamh bhrioglóidí íontach géar nuair a bhéadh na coinnle seo faoi n-a gcionn. Bhí daoine ábalta tionntó thart agus innse láthar na mhárach ma'bhí a'n nduine marbh ná má bhí duine ag gabháil a bheith caillte.. 1835 293.  5. Géar ar, (cóngarach do), Nuair a bhí an chonairt a' teacht géar orthú .. 1185 516.  6. Chomh luath géar is.. (láithreach nuair..), comh lua géar is chuir siad an still ar a' tinidh gur thoisigh dhá hrucairt a sheinm. 1791 75. 

*géarbhach, Crua-shéideadh, Thiocfadh an ghaoth san am sin agus an géarmhach ar an fharraige agus chuiread sí isteach an rud a dtabharad siad an scoith bhuí air - leathach mór garbh.. 1791 55.  bhí sise murúch ag gloimní  le géarfach na gaoithe nuair a bhí na fir báite. 1791 155.  tháinic cineál de ghéarfach ar a' spéir, agus fuair siad cineál mar bheadh daoine ag gabháil thart agus iad a' caoineadh. 1791 155. 

*geard, Clós, macha, béidh an buisteoir ann agus béidh siad uilig mo dhéidh agus béidh mise (tarbh) ag cur i dtírthe agus abair thusa go dtórfa tú isteach 'na yard  fhéin thú. 311 374. 

*géarghoileach, Amplach, ocrasach, Gaineán, "fear a mbéadh slugadh mór ann .i. a bhéadh géar ghoileach (Teilionn)". 1184 129. 

*géarú, Aigéadú, Ag géurú abair - "Bheirfidhe isteach portach nó abair  agus caithfidhe 'sa mhúnlach 'sa charn-aoiligh agus d'fhágfaidhe annsin le géurú é leis an aoileach a dheánú fairsing" 311 33. 

*gearr, Go dtí leis na gearraibh, (go dtí le gairid, le déanaí), ní rabh sin ann go dtí leis na gearraibh héin.. 1791 66. 

*gearr-aosta, Aosta cuid mhaith, cnag-aosta, bhí aon bhó amháin ann agus bhí sé ag éirghe geárr-aosta.. 1185 495. 

*gearradh, 1. Sraith, ráta, Shíl seisean nach dtógthaí an cíos ná an geárradh air siocair é seo (talamh) a cheannach.. 1185 115.  bhí fear a tógail geárrtha as Milford.. 472 429.  Chá rabh an geárradh comh mór an t-am sin is atá sé anois ach bhí an cíos i bhfad níos mó. 1185 116.  Cha dtiocfadh le fear fuinneóg úr a chur isteach ina theach gan cead a fháil ó fhear a' gheárrtha, agus mar dúirt mé bhí siad fá bhochta Dé acu. 1578 77.  bhí sé seo ar shiúl ag cruinniú gearrthaíocha ar na daoine.. 1791 196.  ag cruinniú cuid gearrtha na ndaoine ó theach go teach.. 1791 196.  2. Gearradh cainte, (argóint), ..nuair a bhíos geárradh chainnte eadar beirt, agus déarfaidhe duine acú rud ínteacht nach bhfágann focal agu an duine eile. 1184 27. 

*gearrach, Gearradh, Dheánfaid tú geárrach ort fhéin a bhéas nimhneach.. "ag cainnt le páisde a bhéadh ag utamáil le h-arm géar de chineál ar bith". 1184 52. 

*gearrán, 1. Capall coillte, rinn sé gearrán bán díom.. 1184 412.  .. dheánfaidh mise mo dhithcheall, agus ar ndóiche sin a dtig le gearrán a dheánamh! 1184 498.  .. duine ar bith.. (nath). 2. (Coinbhinsean sa scéalaíocht:) Shiubhail sé leis go dtáinic an neóin bheag agus deireadh an lae ann, agus an gearrán bán ag gabhail ar scáth na copóige. 1185 226. (i.e. ..an oíche ag titim).

*gearrann, 1. Tugann, caitheann (léim), Gheárr fear de'n mhuinntir eile léim ar an mhadadh.. 1184 265. ba ghráthach leis léim árd a gheárradh agus glanadh isteach ar an taobh thall. 1185 453.  .. nach dtig leat an abhainn a gheárradh ina léim.. 1185 454.  Gheárr an beáthadhach a léim amach 'san fhairrge.. 1185 559.  buachaill ar bith a bhí ábalta a léim a gheárradh trasna na habhna.. 1578 74.  2. Léimeann, gheárr sé na seacht míle do'n chruc teineadh.. 472 118.  3. Déanann (aicearra), chuaidh sé a gheárradh aithghiorracha a teacht 'na bhaile agus chaill sé a bhealach.. 472 552.  2.Gearrann an Chroich Chéasta, (déanann Fíor na Croise), an chroich chéasta a gheárradh ar an túrtóig a mbéad sé 'na sheasamh uirthí.. 1538 30. 

*gearrchailleach,? Ainm ar short éigin bacaigh; gearrchoileach??, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí,langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21. 

*gearrchogarach, Tá sé geárr chogarach do'n ghloine. "Tá sé an-tugtha do'n ól." 1184 43. 

*gearrchóngarach, Cóngarach go leor, .. nuair a bhí sé geárr chomhgarach go maith aca. 472 233. 

*gearrchuid, Cuid mhaith, Cuiridh siad orm go n-ithim gearr-chuid, "They give me the reputation of being a great eater." 420 223. 

*gearr-eireaball, Gruaig ceangailte na eireaball gairid ar chúlan chinn, Dúil mhór i dteinidh is i dtochas aicí / Agus i scailleogaí tobaca, / Geárr ruball uirthí mar bhéadh ar fhigheadóir.. 1170 21. 

*gearrmhall, Déanach go leor, Bhí sé ag éirghe gearr mhall. 1185 500. 

*gearrscaolmhar? Tá an áit seo geárr scaolúr.  "Tá an áit seo garbh agus iargúlta". 1184 74. 

*gearrthamall, Tréimhse ar mheánfhad, Tá geárr-thamallt maith ó shion bhí.. 310 319. 

*gearrthóir, Uirlis chun clocha a bhaint), bhí gearrthóirí leis ag gabháil a thoiseacht ar a' chriog.. 1791 327.  Chaith sé uadh an casúr,agus chaith sé uadh an geárrthóir.. 1791 327. 

*geasróg , Geis draíochta, Bhíodh na sean-chailleachaí.. ag oibriú a gcuid geasróg.. 1184 541.  . na lacháin fhiadhain an lacháin a bhí acu. Fuaidh siad seo i bhfiadhain nuair a buaileadh na Lochlannaigh. Sin na geasrógaí a chuir siad orthú. 311 84.  duirt mé i gcómhnuí.. gur magic nó gur geasrógaí abhí annseo ag Alladin.. nach rabh a dhath aige ach gur gheasrógaí abhí sé ag oibirt.. 311 301.  bhí cuid mhór geasrógaí a baint leis an driúcht Lá Beáltaine.. 1835 419. 

*geatar, Geatar mór siúil faoi, (imeacht greithealánach faoi), Tá sé ar shiubhal anois agus tiúin an bhara rotha air! .."fuadach mór siubhail faoi; geatar mór siubhail faoi. 1184 49. 

*géibheann, Cruachás, gátar, Géibheann ar bith a bhíodh ar dhaoiní ná rud ar bith a mbíodh dhe dhith orthú.. 1185 362.  Ní rabh acú ach a'n mhac amháin agus níor mahith leofa géibheann a theacht air ach mar sin héin d'aidmhigh sia a chomhairle héin a thabhairt dó. 1538 114. 

*géillstean, Ag géillstean do, (ag baint leis, ina sheilbh aige), .. ag taobh caisleán mór a bhí a' géillstean do Albanach.. 1170 23.  Chuir sé an mhuc ins a' mhála, agus bhí dhá bhanbhán ag ghéillstean do'n teach fosta.. 1170 53.  níl mise a géillstean do'n tsaol seo. Mise an fear a chóirigh tusa ina a'chómhnair.. 1538 13.  An talamh atá géillstin dó. " an talamh atá aige."

*geimhriúil, Caite, dreoite, aosta, Tá mo ghruaidh ag éirghe geimhreamhail.. 1184 29. 

*géimní, Géimneach, sé 'n bhrí atá leis an ghimneá dó mar racha-sa a bhúirfí.. ag géimní chóir a bheith.. 1791 97. 

*geir, Blonag, méithe, Fear a bhí i gColm a rabh maróg air agus nuair a bhí bhain Sé móran de'n geir as Colm. 472 52.  bhéarfad siad leo geir agus chuireadh siad an gheir isteach ins an scillead.. 1835 67.  .. go dteárn sí coinneal amach as geir a tháinic amach as rud a dtabharann siad an dobharchú air.. 1835 289.  giota gearach.. 1835 290.

*geis, Piseog, níor mhaith leis cá bith geis a bhí aige leis níor mhaith leis an beáthadhach seo a chur le solas an lae. 1170 33. 

*gibide, "bean bheag chabanta mheaithte". 1184 131. 

*gifte, Scil, bua, Bhí gifte na léite aige agus d'amharcochad sé ar a'pháipéar 'ach fuile óiche.. 1791 392.  Bhí an geifte agam gan dearmad a dheánmh de aon dath dar chuala mé.. 1835 82.

*gig, Cineál cairr, Tháinig an tiarna .. ar charr a dtabharad siad gig air. 1578 59.  chaith sé isteach ar an ghig é. 1578 60. 

*gillear, Gillire, Rinn sé gillear dó, "he knocked him out".

*gimneá, Piseog: Ceann de thrí focal draíochta le gaoth athógáil; búireach, géimneach?, Bhí cumhacht ag daoine fán ghaoth a thógáil.. Bhí gaoth le rá acu, bhí sodar le rá acu agus bhí gimneá le rá acú. 1791 97.  'n bhrí atá leis an ghimneá dó mar racha-sa a húirfí.. ag géimní chóir a bheith.. 1791 97. 

*giobach, Gioblach : *giobóg

*giobóg, 1. Balcais, go mbéad sé ábalta éadach a chur ar fhéin.. nuair a gheobhad sé giobógaí éadaigh. 1185 138.  2. "Sean-chailín giobach". 1184 131. 

*giodal, Duine míshocair, giodamach, "Duine míoshuaimhneach nach dtig leis comhnaí bomaite i n-áit ar bith". 1184 131. 

*giodalach, Giodamach, míshocair, Ruaiseog, "Cailín beag giodalach". 1184 157. 

*giodróg, Cailín uaibhreach; cailín giodamach, "Cailín beag séidhte sotalach; cailín a béadh ar bharr an gaoithe" 1184 131. 

*giomach?, Giomach ag Peadar fá choinne nighe a mheadair! "Rud adeirtear go tarcuisneach fá dhuine ar na Cruacha". 1184 36. (rud luachmhar, <geam- ?).

*gíománach, Seirbhíseach, d'fhág siad ar a ghíomanach gur b'é mharbh é.. 310 350.  Na ríghte a bhí an fad ó shoin ba ghráthach leobhtha gíomanaigh  a bheith aca, agus cailleach cearc fá'n chaislean. 418 38. 

*giorria, Sfh:, Is minic a mharbh dall geárrfhiadh. "Is minic a d'éirigh le duine gan mhaith rud ínteacht a dheánamh nach gcuirfidhe a choidhche fá n-a chosa go n-éireochadh leis a leithéid a dheánamh." 1184 54. 

*giortach, Beag, suarach, Bhí pócaí beaga giortach i gceart orm nach rabh dá órdlach ar doimhne. 1185 122. 

*giorún?, Cailín óg, Cailín.. Scailliogánta fada buidhe / Cuislí ina súile, béim leathtaoibh ar a ladhra / Agus geárradh bróige ar a gurrún.. 1170 21.

*giosán, Sórt stoca, cheannuigh sé culaith úr éadaigh do'n stócach, agus giosáin agus hata úr bog.. 1185 85.  Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun builg air / Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian.1170 433. 

*giostaire, "fear atá a seasamh a aoise go maith". 1174 131. 

*giota, 1. Ag baint giota de, (ag giorrú an bhóthair), Chaithfead sé a bheith arais ag n-a chuid oibre.. agus dar leis go rabh sé comh maith aige a bheith a' baint giota de. 1185 65. 2. Tamall, Deir siad a dtiocfad ceann acu ort go scoiltfead sé an chlaigeann agat, ach tá sin giota agus giota ar gcúl. 1791 109.  ..tamall an-fhada ó shin.

*gingire,Ainm ar chineál bhacaigh? cf. gingideach fgb, "dingire"?, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21. 

*giní, Bonn óir (£1-1-0d), thóg sé lán a dhoirn de na ginidheacha.. 1184 358.  rinn sí bonnóg aráin choirce agus chuir sí ginidh isteach in achan órdlach daoithe.. 1184 363.  Bhí lorgacha ginieacha ar bhó.. agus lorg na nginieacha ar bheath-chapaill.. Luighe siad ar ór. 311 32.

*girseach, páisde giorrsaighe a bhí inntí.. 1185 309. (páiste baineannach).

*giúis, *giús, 1..Sean-adhmad a mhaireann gan dreo sa phortach? , a chruinniú cipíní giumhais agus pracar mar sin.. 1184 558.  2. Giús bán, (sceach gheal), Sin an guimhas bán? Sceach a bheir sinne air. An rud a dtig an bláth bán air. Tá fhios agam ach giumhas a bheáraimist sinne ar sin. 1835 380.  Chuartochad siad go bhfuighead siad .. crann a sceach ná crann a ghiumhas bán.. 1835 381.  3. Giús poill, (= 1?), cupla cleith de ghiumhas poill caithte trasna in achan áit a rabh sruthán nó abhainn. 1074 11.

*glacadh, Glacadh a choda, (goile le haghaidh bia), Bhí glacadh a choda aige, "he had his appetite". 420 241. 

*glacann, 1. Faigheann,tógann (aicíd, mothú etc. ), a.bh.glacaint Ná dhiaidh sin ghlac mé plúirisí agus bhí mé 'mo luighe cúig ná sé sheachtmhainí.. 1185 133.  le n-a bhricfeasta a ghlacaint.. 1185 266.  .. thug sé air á ghlacaint. 1185 540.  Ghlac sí rud eighinteacht agus dúirt sí nuair abhí sé fagháil bháis.. 311 154.  Thoisigh'n fear beag seo a' glacaint eagla rófa.. 311 268.  2. Glacann..(bealach) chuige, (gabhann treo..), nuair a chuaidh siad trasna ar an naoieamh tráigh ghlac Maolmuire na páirceannaí chuige héin.. 1538 75.  3. Caitheann, ní foláir do, ach glacfad tú seasamh nuair a bhéas an ghrian ag gabháil a luí ós a coinne agus glacfaidh tú í fheiceáilt go dtí go gcuiridh sé an rann deirionnach ar shiúl dena cuid solais. 1791 114. 

*glafaire, "a prater". 1184 131. 

*glagaire, "duine atá i dtólamh callánach, cainnteach, agus nach dtabharann daoiní mórán áird air". 1184 131.

*glagaireacht, Caint gan chiall, .. siocair an rí a bheith ólta a bhí sé ag glagaireacht mar seo. 1184 315. 

*gláimín, "duine sanntach ar mhaith leis 'ach uile sheórt a tharraingt air fhéin" 1184 133. 

*glám, Iarracht chun breith air, áladh, thug sé glám mór ar a' toir le fiacháilt an dtiocfadh leis é fhéin a shábháil arais.. 311 302.  rinn sé cineál de ghlám uirthi agus nuair a bhí an glám deánta aige uirthi caidé bhí innti ach mar bheadh mála lán olann chaorach. 1835 432.

*glan, 1. Neamhthruaillithe, sláintiúil, fírinneach, Ní rabh a dhath ag gabháil ach an bia glan. 1791 56.  nuair a bhéas faoiside ghlan deánta agat.. rachaidh tú in áirde i gcarabad.. 1791 382.  2. Saor, gan teimheal (d'iarsmaí na h-oíche) bhí gealach ann roimh an lá agus shíl sé go raibh an lá glan.. Ní rabh sé fá uair fá ghlanadh an lae 'san am.. 1185 258.  rabh'n lá glan i gceart, ní rabh a sháith soluis aige.. 310 337. 

*glanann, 1. Tagann slán thar (sprioc áirithe), ba ghráthach leis léim árd a gheárradh agus glanadh isteach ar an taobh thall. 1185 453.  bhí sé i n-innibh an abhainn a ghlanadh le léim. 1185 453.  cuma caidé'n tuile atá 'san abhainn.. tig leis é 'ghlanadh.. 1185 454.  d'imir siad leóbhtha thart a chois cloiche gur ghlan siad Cruc Fola. 472 461.  2.Gealann, breacann (lá, maidin), bhí seisean amach 's isteach i rith na h-oiche nó gur thúsaigh'n lá ag glanú. 311 562.  ó bhéadh am luí ann go dtí go nglanadh an lá ar maidin.. 1835 340. 

*glanceáilte?, "glansáilte"? Chonnaic daoini caiple dubha, glanceáilte, amuigh ag loch.. Bhíod siad a'siubhal ar bhruach na locha. Da mbeitheá marcuigheacht i loch ar bheath a thainic uatha, bháithead siad thú. 311 23.  (glanceáilte, "sighted"??)

*glas, 1. Saonta "Duine slíocaigh suaimhneach nach mbíonn comh glas agus a chuirfeá fá n-a chosa." 1184 169.  2. Is glas a shúgh duit, "it is little enough for you (to get that)". 420 265. 

*glasálann, Cuireann faoi ghlas, Bhí mé glasáilte astoigh 'sa phárlús annsin.. 1184 415.  Glasálfaidh muid suas an áit uilig. 1185 425.  chuir sé isteach i gcórtha iad ansin, agus go rabh an córtha glasáilte agus an seamra mar a gcéanna.. 1538 50.  ghlasáil sé na geaftaí thart timcheall ar an chaisleán. 1185 99. 

*glasán, "Coal-fish" fgb, an lá nach mbíodh iasc úr leis bhíodh garbhánaí ná glasáin ghoirte aige. 472 48.  lán na mbád de achan chineál éisc leo: troisc agus langaí agus deargógaí agus glasáin.. 1835 281.

*glasóg, "Duine soineannta sodhantach bog a mbíonn 'ach uile dhuine a magadh air agus a breith buntaiste air" 1184 133. 

*glas-shiocán, Sioc éatrom? "a variety of frost, light" (?).

*glas-stócach, Garsún maith láidir, Ins an am a rabh mise ag éirghe aníos 'mo ghlas-stócach.. 1185 199. 

*glasta, Faoi ghlas tá mé glasta suas annseo .. le bliadhanta 1184 272.

*gleann Seach, gal, chaith sé gleann beag as an phíopa seo.. 1184 238.

*gléas, 1. (a), Bealach, slí (chun dul), níl gléas ar bith isteach i n-áit a fuil siad ach os cionn a' dorais.. thógann tú an tuighe.. 472 406.  (b), Seans, caoi, dubhairt Fionn.. nár scaoil Fianna Éireann ariamh beathadhach éanlaithe ná beáthadhach brúideamhail chan é amháin duine saolta, gan gléas a thabhairt dó a bheo a chosaint agus gheobhaidh Diarmaid agus Gráinne gléas mar a gcéanna. 1538 102.  ( c),Gléas air, (Cumas, acmhainn, ábaltacht, bealach aige (chun rud a dhéanamh)), Tá dóigh bhocht orm.. agus níl gléas orm biadh ar bith a fhagháil, agus dá bhfághainn giota aráin.. 1185 295.  bfhéidir go rachainn síos.. ach má bhíonn sé fhéin 'sa bhaile chá bhíonn gléas mór orm a ghabhail. 1184 347.  stopann tusa an t-uisce.. Béidh gléas oibre orm-sa nuair a dheánfas tusa sin! 1185 11.  bhí daoine .. a rabh gléas orthu níos mó dena ribíní seo a bheith leo..1835 251.  (d), Cuireann ar ghléas, (cuireann ar chumas, tugann bealach (chun rud a dhéanamh), mur gcuiread sé iad ar ghléas a bhfuighead siad greim ar a' ghaduidhe go gcuirfheadh siad eisean 'un báis.. 472 334.  2. Ionstraim, cóir, uirlis riachtanach chun rud a dhéanamh, thug sé gléas (e.g. dréimire) do'n Rí a theacht anuas.. 1184 375.  chaith sé amach paca úr cárdaí. "anois, " arsa seisean, "an bhfuil gléas do sháith agat (chun cartaí d'imirt). 1184 399.  Bhí droch-ghléas fá an chaisleán air -bhí sé a fagháil cailíní (aimsire) as achan cheárn, agus bhí siad a' deánamh mar bhí dúil acú ann. 1184 445.  fuair mé gléastaí agus fuair mé fir thall is i bhfos tamalltannaí agus rith lae i n-ammannaí.. 1185 146.  3. Cóir bia, d'iarr sé lóistín agus fuair sé sin, agus gléas maith, agus leabaidh mhaith le luighe uirthí. 1184 642.  " Níor chóir domh lá mór oibre a dheánamh.. ní thug tú gléas mór oibre dom.." "Siubhail leat anois.. agus gheobhaidh tú do sháith le h-ithe is le h-ól." 1185 651.  4. Gléas beo, (slí mhaireachtála), Ní rabh a'n ghléas beó aige.. ach ag iasgaireacht.. 472 4.  sin a bhfuil a ghléas beo ag a bhean seo mise agus anois níl ruaim nó duan aicí.. 472 335.  rabh a'n ghléas beó ag an mhór chuid dó na daoine ach a deánamh póitín. 472 687.  5. Gléas cainte, (cúis chóir (le gearán a dhéanamh), Tá daoine a' gearán agus a'cainnt anois ach níl gléas cainnte acú. 1185 201.  6. Gléas luíocháin, (a), (cóir leapan), gan gléas luigheacháin ortha go minic ach gráinín luachra.. 1074 2.  (b), (cóir leighis, friothála (d'othar), bfhéidir ar ball nach mbéadh bealach agam-sa gléas luigheacháin a chur ort.. 472 245.  7. Gléas (siúil,marcaíochta etc.), cóir iompair, Goidé 'n dóigh a rachainn-se suas.. níl gléas súil ar bith orraibh. 472 281.  bhí bhéidh tú i bhfad a fághail gléas siubhail.. a bualadh buille ar bhuafallán bhuidhe .. agus a deánamh beáthadhach capaill de..472 281.  níl gléas siubhail ar bith orm.. 1185 295.  Ba é an gléas marcaíochta a bhí leis beáthach capaill.. 1578 19.  ba dhí an gléas marcaidheacht a bhí leis, cárr taoibhe agus beathach.. 1578 28.  béadh fhios agam .. go mbéad sé ábalta cuideadh ar bith a thabhairt domh, chuirfinn gléas fá n-a choinne. 1538 55.  8. Acmhainn airgid, maoin chothaithe. Indiaidh á pósadh, an duine bocht .. rabh a'n ghléas mór aige daoithe. 1184 361.  Ar ndóiche scríobhfaimist chuicí ná chuirfimist gléas ínteacht chuicí.. 1184 362. 

*gléasann, 1. Ullmhaíonn, cóiríonn, chá rabh i bhfad go rabh siad a' gléas le ghabhail 'na bhaile. 1184 497. bhéad sé comh maith agat a bheith a' gléas le h-imtheacht. 1185 51.  Ghléas sí suas an teinidh go dtí go rabh sé (pota) chóir a bheith ag goil. 1185 468.  Ghléasuigh siad agus chuaidh siad i luighe agus codluigh siad go maidin. 472 314.  ghléasuigh an bheirt a tarraing ar choillidh a bhí leath-bealaighe.. 472 349.  Nuair a chonnaic bean.. iad a teacht bhí sí gléasuigh fá n-a gcoinne.. 472 713.  2. Gléasann ar, (éadaíonn), gléasfaidh mise orm mar bheádh fear-siubhail. 1185 455. ghléas sé air le tarraingt ar an t-sagart.. 1185 364.  D'éirigh siad go leór a luathas ar mhaidin agus ghléas siad orthu i mbun an t-siubhail. 1538 41. 

*gliodaíocht, Ag gliodaíocht leis, (ag teacht i dtreis air de réir a chéile), Tá sin ag gliodaidheacht léihi le fada, "said in reference to a woman who was suffering from some disease for a long time". 420 238. 

*gliodaire, Plámásaí, "duine blasta a bhéadh ag iarraidh rud ínteach a mhealladh ó dhuine le béal bán". 1184 133.  

*gliúcach, Diúlach, "Stócach nó go minic duine nach mbéadh aithne agat air - Cé'n gliúcach é seo leat? (Teilionn)" 1184 133. 

*gliogar, Chuaidh an t-éilín 'un gliogair orm. "Níor éirigh an t-éilín liom; ní tháinic éan ar bith as na h-uibheacha" 1184 17. 

*gloim, Sceamhaíl, Shf: Gloim con indiaidh á sárú. ".. dhuine a bhéadh mí-shásta indiaidh dithcheall mór a dheánamh le rud ínteach a sháróchadh air". 1184 53. 

*gloimeach, Rinn sé pilleadh an ghliomaigh, "Phill sé lorg a thóna,cold feet mar a deirtear sa Bhéarla." 1184 44. 

*gloimneach, Screadach, caoineadh, bhí sise ag gloimní  le géarfach na gaoithe nuair a bhí na fir báite. 1791 155.  Fil: Bhí an bhean sí ag gloimní ar bhárr na dtonn.. 1791 163. 

*gloine, 1. Aithne, lorg gloine, (rian den ólachán), cá bith mar bhí á dtugad siad oiread eile dó.. bhéadh lorg gloine air.. 1185 626.  ólfaidh sé cupla  lán an t-soithigh.. go dtí go rabh aithne gloine air. Is goirid go rabh sé ar meisce. 1185 626.  2. Scáthán, bhí buachaill 'na shuidhe amuigh agus crap sópa aige, agus gloine agus rásúr.. 472 127. 

*glugaí, Plubaire, Glugaidhe, "duine liobasta a bhfuil mórán d'fheóil bhog air agus é comh h-anasta agus nach bhfuil ann ach é go bhfuil sé ábalta siubhal." 1184 133. 

*glúin, 1. Ar a ghlúine beaga, (ar a chromada), Ar a ghlúine beaga, "crouching". 420 225.  2. Bean ghlún, (bean chabhrach), nach dtiocfadh leobhtha a theacht isteach go rabh an bhean ghlún astoigh.. 1185 60.  cuireadh fá choinne bean ghlún nuair a rugadh an tachrán.. 472 311.  Thainic duine dona daoine beaga san oiche fa choinne bean-ghlúine. 311 135. Bhí nádúir bean-ghlúin aicí, agus ar an ádhbhar sin bhí sí 'n-a ceann an-mhaith dó pháistí. 418 255. 

*gnaoiúil, Dathúil, thug siad isteach buachaill, graoidheamhail ruadh as a' charraic.. 311 563. 

*gnás, Nós, Bhí sé 'na ghrás mhór ag sagairt in a' t-sean-am a ghabhail thart ó theach go teach.. 1170 468. 

*gnóite, Mórán gnóite air, (mórán aird, crích air), ..ní fhacaidh mé mórán gnóite ar fhear ar bith a tháinic aníos mar mhaithe le cnudh (crodh) mór. 1343 219. 

*gob, 1. Rinn, ceann (cloiche), Dubhairt sé gurbh 'é an dóigh ar cheart balla a fhiogradh - gob ar ghob agus gob ar dhá ghob.. 472 705.  2. Gob na Déirce, (adharc na déirce, "begging bowl"), is iomaidh mála a scairtigh orm / .. Mála an t-slinneáin, mála an bhuinneáin, / Mála na h-ioscaide agus mála na h-eascóide .. Gob na Déirce agus an Butterbox. 1170 22. 

*gobadán, 1. "cailín a bhéadh ag gabhail thart agus grinnc  uirthí ar fad 1184 133  2. "..duine a sháitheas a ghob i ngroithe dhaoiní eile." 1184 133.

*góchantaí : maigh góchantaí, (Agall iontais, geite), "Maigh góchantaí!" adeir sé, "nach íontach an canna a bheith 'na sheasamh.. " 1185 429.  "Ó maigh góchantaí!" adeir sé, "caidé a tháinic orainn.. 1185 439.  "Arú maigh góchantaí!" adeir sé, "caidé 'n t-ádhbhar a' dtabharfá domh-sa an brachan sin. 1185 471. 

*gogán, Árthach, pigín, Thigeadh duine ann lena ghugán agus bainne leis.. 311 21. chuir siad amach a' dá ghiorsach óg 'choinne gugán uisce.. 311 59.  bheireadh mo mháthair-mhór dhá ghugán bracháin agus bainne daobhtha.. 1074 19. 

*gogaide, "seanbhean bheag chríon chaithte a bhéadh 'na suidhe 'sa chlúid, agus í dorránta go maith i n-amannaí!" 1184 133. 

*goirríonn, Fágann gairid, easnamhach (i), ghiorruigh siad 'sa chíos mé,chá rabh siad a chur chugam ach leathchoróin 'sa tseachtmhain.. 1185 159. 

*goirt, (Mar threisiú:), go daor goirt, (an-daor),.. go mbéigean dó í a cheannacht go daor goirt. 1535 128. 

*goiste:*coiste, 1. Triail chúirte, chuir siad goiste air, agus sé'n rud a rinneadh amach ar a ghoiste é chrochadh.. 472 292.  scairt sé ar dhá chloigean déag fear agus chuir sé goiste ar mhac Sheáin.. 472 306.  2. Triail mhíleata, cuirfidh mé goiste ort.. agus gheobhaidh mé scaoilte roimhe mhaidin thú! 472 456.  3. Binse fiosrúcháin, cuireadh goiste ortha i Lonndúin, agus sé'n rud a dtáinic an goiste go dtí é costas an "Wasp" a chuir ar Chonndae Dhúin na nGall. 472 460.  4.Coiste cróinéara, tiocfaidh na péas ar maidin agus cuirfidh siad goiste ar an fhear atá marbh, agus gheobhaidh siad cionntach thusa ina bhás. 1170 413. 

*gortach, Ocrach, Sin mí comh gortach agus atá in a' bhliain mí na Beáltaine.. 1835 129. 

*gortaíocht, Gogallach, screadach, Mhothuigh mé gortaidheacht  na ngéach fiadhain indiú. 1184 18. 

*grá, Grá Dia, (déirc, carthannacht), duine bocht ar bith bfhéidir nach rabh coirce ar bith aige dheánfadh duine ínteacht grá Dia air go dtí go dtabharad sé seo dó.. 1835 47. 

*graep, Píce ceithre mbeann; lán phíce.. Chuaidh sí amach go bhfághad sí graep ins a bhóitheach go bpolladh sí é.. 1185 22.  rabh a'n lán graepe dá gcaitheadh sé amach nach gcaithtí cúig sé cinn isteach in áit. 1185 650. rabh a'n ghraep a rabh Seán a chuir amach nach rabh cailleach phisreógach a bhí amuigh a cur isteach seacht gcinn.. 472 21.  Tá sé a cuartughadh na graepe go bpollaidh sé thusa indiaidh an "action" a rinn tú fhéin agus maighistir. 472 47. 

*gráfach, Aimhréidh, fiain, a'n nduine a choidhche a thiocfadh ina bealach a mbéadh ceann gráfach gruaige air.. an chíor a tharraint fríd a chuid gruaige, agus go dtiocfadh an ceann gruaige air a ba deise.. 1538 22. 

*grág, Sail ghiúise, Thochluigheadh sé corr ghráig giumhais , agus 'á réir mis mar gheibhead sé túrtóg tirm bheiread sé leis ceann.. ar a ghualainn abhaile. 1185 283.  Fuair sé ceann de na gráigeannaí giumhais seo.. 1185 283.  Grág mhór ghiúis, "large lump of bog-fir". 420 219.  stóltaí a bhí déanta amach as gráigeannaí. 1791 60.  ' 'n t-ainm a bhí ar a'stól seo stól gráige. 1791 271. 

*grágaíl, Scread caointeach, bhearfad sé (caoineadh mná sí) in do chionn go díreach an seórt grágaoil a gnidheas an íosagan san oidhche, ach má tá a dhath ann go bhfuil sé níos truaghcanta. 1185 51.

*grágánach, Duine mothallach, "duine a mbéadh larcán mór gruaige air." 1184 135. 

*gráic, Gránna, a' ceann a ba ghráice agus a ba duibhe a thínic ar a' dómhan ariamh.. 472 148.  a chlibistín is gráice a chonnaic mise ariamh.. Cad chuighe a mharbhfinn-se na searraí duitse! 1791 396. 

*gráiceacht, Gránnacht, a ghráiceacht thú a ag imtheacht duit.. go rabh tú uair eile comh gránda a teacht arais duit.. 472 150.  bith gráiceacht a bhfuil tú an ag imtheacht duit.. 472 151.

*gráinín, Cuid bheag, gheárr sí gráinín dá ghruag as a chionn.. 311 390.  Fuair sé'n gráinín gruaig annsin agus d'fhitáil a' gráinín gruaig é.. 311 393.  Bhí gráinín mónadh fao'n staighre.. 1170 58.  ..agus gráinín fodair ag na ba.. 1170 192.  An té a mbéadh an mhin agus gráinín préataí aige shilfead sé a bheith seasta. 1170 394.  thóg sé gráinín cloch agus chuir sé isteach ina phócá iad.. 472 233.  bhí im agat chuirthí gráinín maith ime air.. 1791 55.  chaithead siad gráinín iomaireacha beaga préataí a dheánamh.. 1791 57. 

*gráinneog, 1. Gráineóg, "bean nó cailín dholba a mbéad sé an-fhurast fearg a chur uirthí." 1184 135.  2.Coca bheag adhéantar den scoith bhuí lena thirimiú, "gráinneog" de bharrcosúlacht leis an ainmhí nó < "gráinín thuas?, thriomochthaí sin i bhfos ar a' Chlochar - cocaí beaga di - ná mar deir siad héin le gráineogaí. Nuair a bhíodh na gráineógai tirm bheánthaí cocaí níos mó dó. 1793 55. 

*graithe, 1. Bíonn a ghraithe aige, (bíonn a sháith de dhua,d'anró aige), chuaidh sé a' troid leis agus mharbh sé'n madadh allta ach má mharbhuigh fhéin, bhí a ghraith' ag Diarmuid bocht fosta nó i ndeas do.. 311 325.  Tá mo ghraithe agam, "I have my match, I have enough of it". 420 249.  2. Dul le graithe, (turas gan dealramh), Sé cuid mhadaidh an rúisc dó a ghabhail ann. "Sé thug an siubhal gan ghroithe. Badh é an dol  le groithe é." 1184 51.  cf. *groithe

*granaí (<Granny), "Hóigh ghranaí! arsa seisean. 1184 539. 

*graoisín, Craosaire, "a glutton, (Gort a'Choirce), féach craoisín dinneen." 1184 135. 

*graosta, Salach, gáirsiúil, Tá mé ag gabhail is ag geárradh. "Tá míniú graosta ar an abairt seo nach fiú a chur síos." 1184 93.  Béalastán, "Duine a chanas go graosta - fear nó buachaill". 1184 105. 

*gráta, 1. Doinsiún faoin urlár agus greille de bharraí anuas air, chaith sé isteach ins an ghráta seo é, a bhí ag an fháthach fá choinne á dtigeadh fáthach ar bith eile isteach le mhí-ghreann a chur air. 418 42.  2. Greille iarainn, tharraing sé an gráta anuas ina mhullach. 418 43.  ..an bolta a tharraingt as an ghráta seo, agus mise a leigean amach.. 418 43. 

*greagnaiste, Griognuiste, "packed". 420 263. 

*greallóg, Ar a ngreallógaí dearga, (as a gcéill), Ní rabh a'n seanduine dhá thaoibh na h-abhna nach rabh ar a ngreallógaí dearga acú.. 1184 27. 

*greamaíonn, 1. Greamaíonn de, (cloíonn le) Dubhairt an táilliúr leis go mbfheárr dó greamú de'n t-snathaid agus an cheird a fhoghluim..1184 494. (..leanúint de'n táilliúracht..). 2.Greamaíste ann, (faoi chuing ag, ceangailte ann), .. go bhfúigfinn go h-Ifrionn an áit seo amach ar fad ná nach rabh mé greamaoiste ann. 1185 129. 

*greann, Sfh:, Ní milleann greann crámh. ."..Ní dheánfaidh greann dochar ar bith." 1184 65. 

*gréasaí, Fear bróg a dhéanamh nó a dheisiú, Shíl mé go rabh mé le bean a' ghréasaidhe! "Shíl mé go rabh deire liom - go rabh mé marbh. " 1184 30. 

*gréasaíocht, Déanamh, deisiú bróg, bhí sé caite astoigh i mbocsa na n-acaraí a bhí aige fá choinne gréasaidheacht.. 1791 310. 

*gréasán, Rolla de bhréidín fite, d'iarr sí air (fíodóir) an oiread seo rudhóg a thabhairt daoithe - sin na brainnsí beaga snáth a gheárrtar de chionn an ghréasáin. 1185 189.  Chaith Ó Baoghaill gréasán innseair agus rinn sé culaith éadaigh. 310 17.  Bean a rabh gréasán le sníomh aici agus cha rabh fhios aici goidí mar gheobhad sí sníomhuiste é. 311 417. 

*greidimín, Batráil, bualadh, bhuail siad greidimín ar na ceithre phéas sin a ba mhó a buaileadh ariamh orthu. 1791 241. 

*greim, 1. Greamannaí crua coraíochta, (an choraíocht mar chleachtas troda), ceocú is feárr leat greimeannaí cruaidh coraidheachta ná sciana i mbolg easnacha...? 1185 575.  an troid a chleacht mé.. na greimeannaí cruaidh coraidheachta. 1185 575.  2. Dheamhan greim de ná.. (Agall diúltach mar dhearfú deimhnitheach:) dheamhan greim de nár chuir teinidh ins na h-éadaigh leabtha. 1185 23.  Dheamhan greim de fhear an stópa nár bhuail cic ar chionn de na bálannaí.. 1185 307.  Dheamhan greim de nár imthigh agus nach deárn cleamhna daoithe.. 1185 622. (i.e. d'imigh sé, gach aon phioc de, agus..). Bhí fear siubhail ag gabhail an bealach .. agus dheamhan greim de nach dtug fá dear an méadal.. 1170 480.  3. Fastó, feidhm, Tá an bealthadh a breith air anois.. agus nuair a gheobhas sé greim i gceart gheobhaidh sé faoiseamh. 1184 421.  4. Ar ghreim mullaigh cinn le chéile, (in achrann, troid le chéile), cha rabh sé i bhfad go rabh an bheirt ar ghreim mullaigh cinn le chéile fríd an teach.1578 58.  5. Ag cruinniú a ghreim, (ag bailiú a choda?), "gathering his share". 420 233. 

*gréithre : *gréimhire, Gréimhirí, (mion-earraí, áirnéis), a cheannacht trifle gréimhirí agus rudaí, agus go rachad sé a phedleáracht. 472 468. 

*grian, 1. Is cuma leis cá n-éiríonn an ghrian air, (..faoi rudar bith), "Duine neamh-mbuaidheartha ar chuma leis cá n-éireochadh an ghrian air." 1184 173.  2. Is deise ar shoilsigh an ghrian uirthi, (an-álainn ar fad..), an cailín ..a ba deise ar shoillsigh an ghrian ariamh uirthí.. 1184 401.  an triúr cailín a ba deise ar shoillsigh grian ariamh orthu .. 1184 471. 

*grinc, Pus míshásta, geanc?, Gobadán, "cailín a bhéadh ag gabhail thart agus grinnc  uirthí ar fad ; duine a sháitheas a ghob i ngroithe dhaoiní eile." 1184 133. Stodaire, "Duine a bhfuil grinnc mhí-shásta air i dtólamh. A sulky person". 1184 177. 

*gríodán, Fuíollach, deasca, Tá mealldar na bliadhna anuraidh reaithte, agus leoga t' eagla orm go bhfuil fíonogaí ins a ghríodán agus char mhaith liom a thabhairt dó dhuine ar bith. 1170 398. 

*gróigeadh, *cróigeadh, Cnuchairt, ..a cróigeadh gráinín mónadh ná bfhéidir a cuidiú leat gráinín na bpréataí a bhí agat a thionntó.. 1835 131. 

*groithe, Gnó, cúram, D'iarr sé ar fhear na scéala a chul suas agus a ghroithe a choimead agus a chúrsa a choinneáil.. 472 456.  "..duine a sháitheas a ghob i ngroithe dhaoiní eile." 1184 133. cf. *graithe

*gron:*cron

*grópáil, Póirseáil (sa doircheacht), thoisigh sé a ghropáil  thart ar na crainn.. 418 47. 

*gruagach, "fear nó buachaill a mbéadh gruag fhada air, agus nach m'beadh ró-innealta ar dhóigh ar bith." 1184 135. 

*gruaimín, "duine dúrúnta nach bhfuil dadaidh le rádh aige - a sullen person". 1184 135.

*gruaimhín, Port, imeall an bhóthair, bhí teaglach Gallda acu seo 'na gconaí ar ghruaibhín an bhealaigh mhóir.. 1578 78. 

*grúm, Fear nua-phósta, nuair a pósadh chuaidh sise i luighe ag an ghroom. 472 94. 

*guitseo, (Agall.), tar, gaibh anseo! Arú guitseo! 1185 268.  Guitseo go n-ithidh tú rud ínteacht. 472 298. 

*guíochtaí, Déircíneacht, Ag guidheachtaigh, "begging". 420 238. 

*gulaí, An Gulaí, (Cluiche caitheamh aimsire Charghaise; an marcaeir, sprioc a d'úsáidtí ann, shuidhead siad uilig thart i lár a' toighe agus chuirfead siad thart rud a rabh an gullie air, agus rachadh sin thart faoi n-a gcuid glúine ó lámh go lámh, agus chuirthí ceist ort-sa cé haige a rabh an gullie.. Sé'n rud a bhí ins a'ghullie giota beag de chrag a bhí acu - giota de chrag corkwood, agus bhéadh do dhá láimh thíos agatsa agus bhí tú ag uthairt agus ag uthairt leat go bhfeictheá an rabh an fear eile á thabhairt duit - Ní rabh fhios agatsa cé'n áit a rabh sé 1835 361 Bhail bhí fear 'na sheasamh i lár a' toighe, agus dá dtomhaisfead seisean an fear a bhí aige, thiocfadh seis sin suí isteach agus thiocfadh le fear ínteacht eile éirigh agus seasamh i lár an fháinne - i lár a' toighe agus a' fear nach dtomhaisfeadh é - bhí cineál de stiúrthóir orthu amuigh ag cur na gceisteannaí, agus thoiseochad sé sin ar an fhear a bhí 'na sheasamh i lár a' toighe go dtabharad sé an oiread seo buillí dó mur rabh sé ábalta an fear cheart a thomhas.. Agus bfhéidir go rabhthar ag gabháil do sin isteach idir an dá shlinneán go dtí go mbéadh a dhroim nimhneach. Nuair a bhéadh seal maith deánta acu ar sin ansin, rachad siad, mar adeireadh siad héin, a thabhairt amach an rud a rabh an coirce air. Rachad siad a dhíol a choirce. 1835 362.  ..bhéadh siad a díol a choirce agus a deanamh an Ghullie.. 1835 363.