An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 O

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus cuir réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

*obair, 1. Obair mhónach, Cead móin a bhaint, leathchoróin 'sa t-seachtmhain ar shon toighe, talaimh agus obair mhónach. 1185 159.  2. Le h-obair, (ar siúl, ar lasadh), mhothuigh ise ag éirghe agus ag cur an t-solais le h-obair. 1185 534.  3. Ag obair, (ag suaitheadh, corraí), Thoisigh 'n loch ag obair,"the waters of the lake began to be disturbed." 420 249.  4. Ar obair, (ar siúl), bhí siad a dréim leis an tinidh seo a chur ar obair choinne an cheilp seo a fháil bruite.. 1185 135. 

*och, Ochón, chluinfeá achan óch agus mairg raibh aicí go dtí gur dóigheadh na luaithreamhán í. 1343 268.

*odhrán, Ball odhráin, (ball dóráin), ball-odhráin thíos ag bun a theangtha.. 1185 615.

*ofráil:*othráil, Bailiú airgid a déantar ar shocraid le haghaidh an tsagairt, Bhí othráil mhór ann fosta agus chuaidh siad uilig 'na cill le corp Sheáin. Nuair a chuaidh siad annsin tógadh an othráil. 1185 70. go tí'n inniú táthar a tógail othrala i nGaoith Dobhair. 472 339.  Char ghrách leis na h-orthálacha a bheith an-mhór a' t-am sin- bfhéidir trí pighne pighne. 1791 328.

*ogánach, An t-ógánach, (an rud úd, diúlach), bhí an t-ógánach 'na sheasamh thall ins an chóirneál, agus ba dh-é an tsamhailt a bhéarfa gabhar a bheadh 'na sheasamh ar a dhá chois deiridh. 1578 29.  chuaidh an t-ógánach (sprid) isteach 'un toighe eile.. 1578 30.

*oibirt, Oibriú, nach rabh a dhath aige ach gur gheasrógaí abhí ag oibirt.. 311 301.  B'eigean do'n chréatúir imtheacht annsin ag oibirt laethe. 311 314.

*oibreadaí, Cleasanna, Thug léithe coileán le h-oibreadaí. 1184 37.

*oibríonn, Corraíonn thart, 'n dóigh a n-oibreochad siad a'bata sin bhéadh ag gabháil acu agus chan á tharraint a bhéad siad ach á oibriú  .. 1791 241.  D'oibir an t-uisce faoi'n talamh gur sceith a' talamh, agus tháinic a' talamh uilig go léir isteach ins a' lag a bhí faoi.. 1791 306. 

*oíche, 1. Déanann oíche go maidin di, (fanann suas an oíche goléir ag ceiliúradh), bfhéidir go dtiocfadh scaifte acu le chéile i dteach ínteacht agus go ndéanfad siad oíche go maidin . 1835 273.  2. Oíche-dá-Mhíniú, ((ainm eile ar) Oíche Shamhna), Bhí ainm ar a' tSamhain acu. Ba ghrách leo oíche dá-Mhíniú a thabhairt uirthi. Sin le hinnse duitse nach dtig ach uair amháin sa bhliain. 1835 2.

*oifige, 1. Deasghnáth speisialta a dhéanann sagart chun geis a bhriseadh;..chun ainsprid a dhíbirt. D'imthig an sagart agus rinn oifige do'n bhodachsiud agus gur Albanach a bhí ann! 1184 544.  mhol sin daoithe a ghabhail chuig an t-sagart agus oifige a fhágháil deánta. 1185 348.  rinn (sagart) oifige domh, agus buidheachas do Dhia ón sin.. thiocfadh liom-sa a rádh go gcualaidh iad. 1170 34.  bhíodh cuid de na sagairt a bhíodh bréagh sásta oifigí agus rudaí mar sin a dheánaimh do ainmhidhtí a bhíodh tinn.. 1170 195.  2. Déantús speisialta a chóirítear go deasghnách chungeis a bhriseadh, chuir beagan de'n t-salachar fríd an t-salann nuair a bhí a deánamh na h-oifige.. 1185 348.  Fuair gráinín salainn agus chuir air a ríbín agus bhuail an léightheóracht aige. Léigh agus léigh leis agus nuair a bhí réidh shín an oifige chuige—"Seo anois", adeir , "gabh abhaile agus .. cuir gráinín de'n t-salann sin ina chorp.." 1170 198. 

*oighreog, Leac oighre, An oidhche shioc an íosagan agus an eascon.. bhí a cleitearnaighe go dtí go bhfuair an oighreóg léighte os a cionn. 310 373.  bhí mo luighe i mullach na h-oighreóige.. 310 376.  .. léigh an oighreóg go bhfuair síos. 310 377.  ..go mbíodh an siocán comh domhain ar na lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307. ..go mbíodh an siocán comh domhain ar na lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307. 

*óinín, "Níl an focal seo ionmhínighthe ach ann." 1184 145.  (!)

*óinseach, "Bean cailín nach mbéadh mórán measa aicí uirthí fhéin". 1184 145.

*oirnimint, Dar leis fhín go dtórfa leis a' madadh ruadh 'na bhaile go bhfághad sé'n craiceann a bhuint do le h-ornament a dheánú fa choinne giorsach. 311 454. 

*oisín(each), Oisín Oisíneach, "fear beag". 420 233. as

*oitir, Banc (!), Dubhairt an gréasaidhe gur sin oitir an bhaile mhóir agus gur sin an áit a rabh óir an bhaile uilig coinníste. 472 331.  mhúscail fear an oitir chuir fuagar amach fríd a' bhaile go rabh oitir an airgid briste agus an t-ór ar shiubhal. 472 332.

*ólachán, Biotáille, bhí roimhe an bhád seo.. Bhí ólachán léithe agus bhí an t-éadach seo léithe.. 1791 262.

*ólann, Shf: Caitheann an aois an olann. "Gheobh ..an aois buaidh ar 'ach uile sheórt.. 1791 55.

*olc, dubhairt leobhtha go rabh súil aige nach mbéad siad a dhath níos measa a ngeallstan. 1184 480. (.. go seasfaidís lena ngeallúint)

*ólta, Ar meisce, agus comh h-ólta chóir a bheith agus nach rabh ábalta cos a chur thar an chos eile. 1791 469.

*oráiste, bhí ubhlaí agus oraistí agus achan chineál a' fás ar an oileán.. 1184 482.

*órbhuí, Dath buí an óir, Bhí gruag ór bhuidhe air ag gabhail

síos go dtí n-a chaol druim 1185 89. 

*ordaithe, Ceadaithe, Chá rabh damhsa órdaí a chor a' bith sa Chorgas. 1835 359.

*ordlach, Orlach, bhí h-órdlaigh ar dómhain ins an t-siocán ar an loich. 418 263.  amuigh is astoigh ar dhá órdlach achan cheann acu.. 1791 173.  bfhéidir ceathrú ordlaigh mar dúirt an fear eile, bfhéidir an hochtú cuid de órdlach..1835 323. 

*órdóg, 1. Smacht (an bháis), i taca liom-sa , mise an bás agus cuirfidh órdóg ar 'ach uile nidh. 1538 121.  2. Sugán  ordóige, " súgan deánta gan chot-shugán." 420 216, (.. cotún?).

*órdú, 1. Cumann, ord, Shíl siad an táilliúr ró-chiotach agus ró-chonafach agus leigfead siad isteach an órdú (AOH) é. 1170 57.  2. Cead, rabh órdú aici dhath ar bith a innse don fhear a chor a' bith. 1791 275.  nár shaoithiúil nach rabh órdú aige a dhath de fheóil an tairbh sin a thabhairt do dhuine ar bhith. 1791 305.

*ordúil, Néata, ghlanfad siad craiceann na caorachglan órdúil agus chuirthí an t-im seo isteach ann.. 1791 316.  dheánfad siad an teach a nighe glan órdúil le aol.. 1835 57. 

*orduiste, Ceadaithe, ionmholta, rabh órduiste ag bride gul amach a' damhsa an oiche a phósfaí í ar eagla go dtórfaí ar shiubhal í (i.e. le daoini beaga) 311 40.

*othar, "Duine a bhéadh i gcómnuidhe ag éagcaoin; duine nach mbéadh comh claoidhte agus a bheadh a leigean air fhéin". 1184 145.