An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

P

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus cuir réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

*pabhar, Neart (osnádúrtha), bhí power milltineach ag an fhear sin nuair a bhí sé ábalta an taobh a bheith leis as teach a' phobail.. 1791 449.  Tá power mór ag an diabhal é héin.. 1791 467.  An Canónach Mac Robhartaigh.. bhí power íontach ag an fhear sin. 1791 495.  bhí oiread power aige-san.. agus go raibh sé ábalta a phioctúir sin a chaitheamh anuas.. agus spíontógaí a dheánamh de ar an talamh.. 1835 40.  bhí power acu seo ar na spioraid sin.. 1835 311. 

*pacáil, Brú, daingniú le chéile, bhí aibhneacha a bhí an-doiligh stopadh. Bhéad siad cupla lá ag gabháil do seo agucur siteach cloch ann agus ag cur isteach fóide agus a pacáil an ruda seo síos.. 1835 399.

*pachall, "Fear atá i gcomhnuidhe a casachtaigh agus ag cathamh amach smug; duine a mbéadh créachta ann". 1184 147.

*padannaí, "Tá páirtí Dhúin na nGall thaire bheith eolach a deánamh padannaí asais (sic,arais?) adeir sí, "Agus gabh amach 'na sciobaill sin amuigh a dheánamh na bpadannaí go dtaraidh an maighistir.. " 472 41. 

*páirtí, Gasra daoine, muintir, bhí an tórramh a fágailt agus an pháirtidhe a thug Pat annsin.. 1185 427.  dubhairt duine ínteacht do'n pháirtí gur fhág.. 472 156.  "Tá páirtí Dhúin na nGall thaire bheith eolach .. " 472 41. 

*Paite Gabha, Go Paite Gabha. (go hifreann), cead ag an táilliúr a ghabhail go Paiteagó, ná tá sé caillte anois cá bith. 1184 534.  "Ó go Paiteagó leat fheín agus le do chuid madadh! arsa sise. 1184 539.

*paiteog, ? Sfh: Oidche Fhéil Brighde bricín / Bain a' mhaoil de'n phaiteoig / Agus tabhair a sháith do'n dailtín. 1184 19. 

*páiste, Páiste driúchta, "páisde díomhnais". 1184 94.

*pandaí, Soitheach stáin tabhair leat pandaí uisce galaigh.. 1185 264.  D'imthigh sé amach fá dhéin an uisce. thug sé pandaí leis.. 1185 318.  tugadh damh pandaí agus sponóg mhór.. agus mé ag ól a' bhracháin. 472 44.  ..pandaí lán poitín, ..ar an teinidh, agus gnidhead siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus sláman  siucra síos air.. 418 230. 

*páráil, (* "pare" fgb ?), "Chonnaic mé'n Pápa a' cárdáil barraigh Dia Luain / Seilide bán a' páráil Lonndain ó thuaidh.. " 311 171.

*pardóg, Mata, adhartán, Thóg fear acu feadhnóg ar 'ach uile thaobh den bheáthach agus chuir siad síos ar a tsráid í...bháin sé srathar an chocháin daoithe agus na pardógaí.. 1835 22.  Bhí cineál de chochán aige a dtugad siad cineál de phárdóg cocháin air, agus rachad sé a a ghlúine daobh amuigh den doras.. 1835 47.  an dóigh a rabh sciortaí na mban deánta bhí siad deánt mar bhéadh pardógaí ann. Bhí siad fuaighte isteach achan ghiota i mullach an ghiota eile.. 1835 355.

*párla, f. Císte, bonnóg, chuirthí an t-iarann seo 'na shuí ar na haibhleóga agus an párla arainn is deise a fuair tú ariamh thiocfad sé den iarann seo. 1791 43.  bhí an mhin choirce acu agus dheánfad siad párlaí móra min choirce.. 1791 54. Bhí cloch acu agus chuiread sian an chloch seo 'na seasamh i gcois na tineadha agus dhéanthái parla  na mine coirce sin, agus má bhí im agat chuirthí gráinín maith ime air.. 1791 55.  bhí an mhin choirce acu leis an toirtín a dheánamh sin ná toirtín aráin bhuí—mar deir siad héin leis an párlaí bhuí. 1835 20.  bfhéidir go ndeánthaí parla de arán coirce.. 1835 306. 

*pasáid, *pasóid, Táille aistir ar long, pasáiste, dhíol sé a phasáid as Sligeach, agus nuair a bhí sé ar bórd soithigh.. 1538 75.  mise a' deánamh nach rabh an phasóid an t-am sin a dhath le má bhí sí trí phunta.. 1791 234.

*pátrún, Díol aithrise, nach rabh a leithéid dhe chaisleán ar an t-saoghal mhór go .. rabh sé 'na phátrún ag an t-saoghal mhór.. 1184 372. 

*péacóg, "Cailín an-fheiceálach uaibhreach, a bhfuil dúil aicí i n-éideadh aerach. Conceited damsel". 1184 147.

*peann, Scian pinne, (scian chun pinn a dheanamh as cleití éan, "penknife"), tharraing sé scian pinne aníos as a phóca.. 1184 298. 

*péarla, "Cailín dathamhail dóigheamhail. (Often used in the satirical sense as: Leabhra badh í an péarla í! -- when belittling a girl)." 1184 147.

*pearsa, 1.Neamhshuimiúil ina phearsa, (ar nós cuma liom faoi ghlanachar, gléasadh pearsanta), "Fear ar cuma leis caidé an cineál éadaigh a bhíos air agus atá neamh-shuimeamhail ina phearsa ar mhórán dóigheannaí." 1184 149.  2. Pearsa breá mná, (bean an-bhrea), .. gur pearsa bréagh mrá a bhí inntí a bpósadh sí é. 472 721. 

*péarsa, Aighneas, Bhí mé a' coinneáil péarsa leis. 1184 33.

*péas, Póilín, póilíní (R.I.C), An phéus, "the police". 420 248.  tháinic na síodhmhair  orthu—sin a' Ghaelic a chuirim-sa ar a phéas, an síodhmhar. 1791 59.  chionnus gur marbha an péas seo. 1791 145. 

*péasánach, "Duine atá doiligh a shásamh; peata millte." 1184 147.

*peice, (Tómhas meáchana), peic), Bhí punta agus scilling ar pheice min-choirce.. 311 29.

*peidleáir, Mangaire taistil, b'éigean do'n phedleáir oibriú leis ag gabhail thart .. 1185 7.  .. go mbeadh sé 'na phedlear.. 472 468.

*peidleáracht Obair an pheidleára, ba dh-í an t-slighe beatha a bhí acú amuigh a' pedleáracht. 1185 7.  a cheannacht trifle gréimhirí agus rudaí, agus go rachad sé a phedleáracht. 472 468. 

*péire, Dhá rud le chéile (in aon aonad amhain), léinidh mhaith sheascair the a fháil dó agus péire drás.. 1343 242. 

*piachánach, Garbh (sa scórnach), "Duine dorcha croimshlinneánach a mbéidh glór píochánach géar aige". 1184 113.

*picilt, Salann, picil, Nuair a thiocfadh an phicilt ar an dúlamán ritheadh sí é.. 1835 346.

*pictiúr, 1.Cosúlacht, ní fhacaidh mé pioctiúr mo nighne ariamh .. ach í. 418 98. 

*pigín1 Soitheach cosúil le buicéad, Bhí 'n dáta a h-innsigheadh dó Cholm thuas, atus thóg sé an pigín agus ní rabh faoi ach scaifte muc. 472 52.  Imthig.. agus tug isteach pigín uisce chugam.. 472 130. 

*pigín2 Banbh, Bhí mé a coinneáil dhá chráin agus a' tógáil pigíní.. 1185 147. Thug mé 'un aonaigh iad agus iad 'na bpigíní deasa.. 1185 148.  Ó'n lá sin go dtí 'n lá indiu.. ins an áit a bhfuil gaedhlic mhaith ní bhfuair na muca a'n aimn ó shóin ach na pigíní. 472 52.

*pilleadh, 1. Filleadh, cúlú, Rinn sé pilleadh an ghliomaigh, "Phill sé lorg a thóna, cold feet mar a deirtear sa Bhéarla. 1184 44.  2.Casadh amháin thart faoi rud, Bhí súil nimhe ag Balor.. nuair a bhíod sé nochtaí go dtí pilleadh amháin—bhí naoi bpilleadh éadaigh uirthi agus nuair a bhíod sí nochtaí go dtí dhá philleadh aige ná go háirid nuair a nochtad sí go dtí a'n philleadh amháin bhí sé ábalta a rogha rud a dhéanam leatsa.. 1835 416.

*pilleann, Filleann, (a.bhr. pilliúint), bhí gul a philliúint isteach a' bealach a fuaidh sé amach.. 311 269.  Goidé phill thú, "what caused you to turn back?", 420 261.

*pingin, *pighinn, 1.(Gan) pingin ag breith ar an phingin eile,(gan dada, gan airgead), Chuaigh sé leis an ól fosta agus cha rabh pighin a' breith ar an phighinn eile aige. 1578 41.  2. Dhéanfaidh sé pighinn de'n leith phighinn, "..fá dhuine atá an-chríonna, saoghalta." 1184 48. 

*piocann, Piocann as, (meallann (eolas) as), "..nach ndeánfaidh tú rún air?" " Dheánfaidh mur bpioctar asaim é agus má phioctar diabhal rún nó rún." 472 45.

*piollaire, (Dailtín, raispín), "Cos chruaidh, a pill". 1184 147.

*pionna, 1. Biorán miotail, Cheannochthaí "slip" úr domh-sa annsin .. agus cúpla pionna inntí thiar ar chúl mo chinn.. 1184 115,  chá rabh pionna brollaigh ar bith aicí a choinneochadh an seól ceangailte. 1185 353.  an dóigh a rabh an fear seo anois comh díreach le pionna úr.. 1185 413.  (i.e. gan chruit..) Bhí cuid acu.. a chuireadh isteach iad (seamróga) le pionnaí.. 1835 249.  na sciortaí a thriostáil suas, agus mar deir siad héin le pionna ceangail.. 1835 412.  "safty pin?" 2. Bacán adhmaid sáite sa mballa chun rudaí achrochadh air, Bhí súiste ná beirt crochta i n-áirde ar phionna ann. 1343 221.  chrochthaí amuigh an t-éadach sin ar phionna de chuid an toighe faoi'n mhuiríneach.. 1835 409. 

 

*píopa, 1. D'aithin sé go rabh a phíopa caithte, "D'aithin sé go rabh a chuid suaimhnis thart." 1184 30.  2. Píopa páipéar,(toitín), chan ar chaitheamh píopaí páipéar ná ar dhathú a gcuid liobracha a bhí siad a' smaointiú. 1185 325. 

*pios, ?Pis <Bl. piss? Bhí barraidheacht pios inntí. "Ag cainnt fá chailín a bhéadh barraidheacht ar bhárr na gaoithe." 1184 22.

*píosa Bonn (airgid), Chá dtug sí píosa pighne do'n fhear.. 1184 313.  chá rabh píosa pighne aige.. 1184 397.  bhí píosa tuistiúna le fagháil ag duine ar bith.. 1184 411.

*pis, Glasra coitianta dreaptha le síolta cruinne inite a fhásann i bhfaighneoga, tháinic sí ar bheirt fhear a tabhairt pise na bhealaigh móir le beáthadhach a rabh péire cliabh air.. 1184 309.  tú a milleadh na pise uilig. 1184 310. 

*pisín, Coinín óg, bhí sé fhéin i gcionn spáide, agus ..chaith sé amach preab créafóige agus bhí cúig nó sé phisíní de chóiníní bréaghtha dubha inntí. 1170 47. 

*pisreog, *pisleog, 1. Geis, cleachtadh geise, comh luath 'sa a scaoileadh an t-airgead geal léithe chuir sé deireadh léithe agus le n- cuid pisreóg. 1184 560.  sílim fhéin gur le bás an duine is mó a bhí pisreógaí a' baint. 1184 589.  Chá dtig liom-sa a rádh caidé 'n fáth a gcaithead siad an t-uisce ar an sceach ach pisreóg a bhí ann. 1184 589.  Níl a dhath aige ach pisleógaí uilig. 311 267.  bhí sí ábalta.. an phisleog seo a oibriú.. 1835 389.  2.Cumhacht geise, draíocht, Bhí siad a rádh go rabh pisreógaí 'sa bhata bhuidhe, agus nár bhuail sé a'n nduine ariamh leis nár chuir sé 'un báis. 1538 75. 

*pisreogach, 1. Neamhshaolta, draíochta. nach gearrfhiadh saoghalta.. ach gearrfhiadh pisreógach acú seo a bhí ann. 1184 534.  2. Geis-chleachtach, ins an am a rabh na cailleachaí pisreógach seo ag gabhail thart.. 1184 545.  Creidim gur bh'iad na cailleachaí pisreógach seo a bhí 'á thabhairt uaiche.. 1185 348.  rabh a'n ghraep a rabh Seán a chuir amach nach rabh cailleach phisreógach a bhí amuigh a cur isteach seacht gcinn.. 472 21.  nuair nach dtiocfadh im ar an mhaistriú bhíod sia a' deánamh gur gean phisreógach nó duine pisreógach .. a thug léobhtha an t-im. 1170 195.  3. Geis-chreidmheach, bhí na daoiní rud beag pisreógach agus amaideach fosta. 1184 589.  bhí na daoiní an-phisreogach 'san am agus tinneas beag ar bith a thiocfadhar a gcuid ainmhidhtí.. bhí siad a' deánamh.. go b'iad na daoiní beag a tháinic ortha.. 1170 195. 

*piteagód, (<Pettycoat), B'éigean do'n bhean bhocht éirigh aagus chuir sé uirthí a piteagód, agus rinn sé an toirtín. 1185 463.  bhain daoithe a piteagód arais.. 1185 470.  Ar siubhal léithe, a cuid piteagódaí fá n-a ceann, agus gan snáithe bróg oirthí. 418 258.  (*seál, balcais?).

*piteanta, féach *piteog

*piteog, "Fear piteanta; fear a mb'fhearr leis comhrádh agus comhluadar ban nó fear. A effeminate person." 1184 147.

*pitseáil, Caitheamh cnaipí, boinn in airde mar chluiche chearrúchais, nuair a ba ghráth leis na gasraí a bheith pitcháil craipí móra, bhí baicle acu ar bhaile amháin agus bhí siad a' pitcháil leófa ach skináileadh fear acu. 311 328.

*plaic, 1. Mant, greim, píosa, bfhéidir go mbfhearr duit plaic a bhaint as an toirtín seo.. 1185 592.  Shín sé chuige ceann de na toirtíní agus comh luath is a bhain sé an cheád phlaic as .. 1185 590.  2. Placaí siollaí, (caint gan dealramh?), Béal bán, (plámás), Ní a' deánamh béil bháin nó placaí siollaí atá mé. "Tá mé dá ríribh.." 1184 53. 

*plánáilte, Déanta mín, cothrom (le plána), nár mhillteanach na bonnaí cos a bhí ar an fhear sin nuair a rachad sé síos a dheánamh pionúis thíos fríd na sligeáin dhubha a bhí a fás ar na carraigeacha. Anois níl muid ábalta siúl ar a bhealach mhór indiaidh a bheith plánailte. 1835 357. 

*planda, 1. Duine uasal, taoiseach?, Bhí'n plannta mór é fhéin agus cé bith fir eile i dToraigh ag 'ul thart ar maidin .. a cuartughadh éadálacha.. 472 459.  2. Planda Gréagach, (bean álainn), smaoitigh seisean istuigh ina inntinn fhéin nach dtiocfadh le duine a' bith.. a bheith cómh deas leis a' phlannda Ghréagach seo.. 311 203.

*plandálann, Áitíonn, suíonn, thug sé leis a' t-arán min-chruaidhghil agus phlantáil sé go dteárn se'"steps" de ón doras go dtí 'n teinidh.. 310 335.

*plásaí, Plásaidhe, "Duine plásanta  a bhfuil a lán bhéil bhaín ann. A flatterer." 1184 147.

*plásánta, Glic, lútálach, "Duine plásanta a bhfuil a lán béil bháin ann, a flatterer". 1184 105.

*pláta, 1. Pláta bróige, (crú bróige), chaithí cnuth bróige síos in gach fuile thobar—sin na rudaí a dtabharad siad plátaí bróg orthu, sin ná giota iarainn.. 1835 386.  2, Pláta an bhalla, (forbhalla?), chuiread siad sliseog de sin (giús bán) ins an creataí in áirde ins a teach agus mur rabh ceann tuighe ar bith acu ná sclátaí chuiread siad isteach é idir na raftaí ná isteach .. le pláta an bhalla, chuiread siad isteach ar a chúl sin é.. 1835 381.

*plé, 1. Súgradh, spórt, Shíl mé gur fá choinne plé a rinn sí é.. 1184 411.  dhá theach ósta ann.. agus tá plé agus damhsa i gcionn acú.. 1184 426.  2. Ar a phlé, (ag súgradh),agus sinn ar ár bplé thart fríd an teach. 1185 176.  bhí suas le dhá fhichead easóg ar a bplé thart fá dtaobh de. 1185 75.  3. Trioblóid, stró, Béidh plé agat anois an rud atá sé a dh'iarraidh a fhágháil.. 1184 403.  na cailíní sin in m'óige-sa ná dá gcastaí fear as an tríomhadh bhaile orthú chá labhairfead siad leis..bhéad siad a fágáil an bhealaigh aige ar eagla go gcuirfead sé plé ar bith orthú. 1185 205.  4. Láthair na tríoblóide, Bhain siad an plé amach, agus d'imthigh Oisín ar siubhal.. 418 54.

*pléadáil, *pléideáil, 1. Plé, caidreamh, Ná deán pléideáil le aon bhean ar a t-saoghal seo / Agus ná bí leóbhtha ach mar bhéidheas siad leat. 310 341.  Thoisigh an bheirt a phléideáil, agus bhí siad ag cainnt agus a pléideáil go dtí go dtáinic siad fhad seis na mrá.. 1791 228.  2. Ag pléadáilair, (ag impí air), thoisigh sé pleadáil air annsin maitheamhnas a thóirt duithi.. 311 385. 

*pléata, Duail gruaige fite ar a chéile ar cheann duine, shníom siad 'ach uile dhá phléata le chéile agus cheangail siad ceann Oisín dó'n staighre. 418 53.  mar bhéadh pléataí gruaige a bhéadh astoigh ag giorrsach.. 1835 239.

*pléatáil, Fí dualacha, brobhacha, ar a chéile, Chan fhaca mé iad a deánamh mórán crosógaí fá Shamhain, ach chonnaic mé iad a pléatáil cocháin ag Samhain. 1835 56. 

*pléineáilte, Soiléir, Dá mbéadh fear acu ag cainnt ar a' taobh eile do'n ghleann chluinfeá é go plaináilte. 311 174.

*pléiseam, Rud áiféiseach, seó bóthair, ná bíodh mallaidheacht ar bith fá dtaobh de anois, caith tú an pléiseam a chur air.. 418 63.  Goidé thug ort gan an pléiseam a chuir ar an chaisleán.. 418 62. 

*pléisiúrtha, Dea-ghiúmarach, dea-mheanmnach (dá chéile), corr uair eile bí siad (beirt sheanbhan) go pléisiúrdha. 472 373. 

*pleotaí, Pléotaidhe, "Fear mór fada leadranta". 1184 149.

*plíompaire, "Fear mór láidir". 1184 149.

*plíomsach, "Bean mór láidir". 1184 149.

*plobaire, "Fear nó bean trom-leicneach; duine cainnteach;páisde a bhíos go síorruidhe ag caoineadh." 1184 149.

*plobaistín, "Duine gan choir gan mhairg". 1184 149. (cf. gan chor dhe mhairg DD.

*plúirisí (<Pleurisy), Ná dhiaidh sin ghlac mé plúirisí agus bhí mé 'mo luighe cúig ná sé sheachtmhainí.. 1185 133.

*póilín, Gé ghobdubh, Póilíní, "géacha a bhfuil gob dubh ortha. 1185 95.

*póirín, Práta beag, Clocha-sneachta.. agus chualaidh mé seandaoine a rádh go rabh achan cheann acú sin comh mór le poirín  maith préata. 1074 18.  Chá rabh ann ach go rabh na préataí a cruthú i gceart 'san am sin, agus i n-áiteacha a rabh poiríní  lobhaigh siad. 1074 18. 

*poirlín, Maide mullaigh, cf. "purlin", chuir siad aníos giota an adhmaid seo, agus chuaidh fear fána choinne agus beáthach leis agus cárr an áit a rabh sé .. coinne poirlín a chur isteach faoi sclátaí a bhí sé leis. 1835 448.

*póit, Deoch meisciúil iomarcach, D'ólad sé póiteannaí mhóra gus bhíod sé ar meisce.. 1185 48.

*poll, 1.Clais leathan a dhéantar chun prátaí a stóráil. Déantar iad a charnadh suas os a chionn go minic agus clúdaítear iad le tuí agus cré mar dhíon ar an sioc. Bhí poill acú amuigh aige ins na cuibhrinn a bhí comh mór le cruacha mónadh. 1185 356.  fiú na préataí a bhí amuigh ins na poill ins na cuibhrinn bhéadh bachlógaí a teacht orthu. 1835 268.  2. Poll a dhá ascaill, An dara fásgadh chuir sé go poll a dhá easgall é.. 1184 297.  3. Poll an bhac, (poll an iarta), Bhí sé seo comh beag.. chá rabh aicí ach á chur isteach i bpoll a' bhac.. 1170 477.  4.Imíonn ar pholl a thóna, (i ndiaidh athóna, ar chúl?? cf. "ar bhéal a chinn"; fiáin, ar luas mire?), in diaidh urchar héin a a chur ann d'imigh sé (tarbh) ar pholl a thóna, agus .. chuir sé a cheann isteach fríd—dhá líne den fence seo mhór gharbh.. 1791 305.  5. Mianach, níl mise ag gabháil síos ins na poill.. Is fearr liom ar uachtar! ..níl sé folláin ins na poill. 1791 305.  d'innis siad dóna comrádannaí eile é, a bhí amuigh ag béal a' phoill sulma rachad siad síos ar a chage—Bhí cage ann lena dtabhairt síos go dtí'n poll agus aníos arais.. 1835 313.

*pollaire, "Fear a bhíos a deánamh rudaí faoi choim, a sneak".1184 149.

*pollann, 1. Romharann, chuir siad isteach ins an uaghach seo é, agus pholl sé suas ón áit.. go dtáinigh sé amach ag barr a' talaimh. 1791 295.  2. Sánn (le adharc, lann etc., bhí an t-eallach scaoilte agus iad a polladh a chéile. 1185 374.  an t-eallach.. uilig a polladh a chéile. 1185 375.  Tá sé a cuartughadh na graepe go bpollaidh sé thusa.. 472 47.  go rabh leath an eallaigh scaoilte agus go rabh siad a' polladh an leath eile. 1538 48. 

*polltach, Géar, aithrinneach, Tá cnámh frithir i ngaoith anoir, "Ta nimheadas polltach fuar 'sa ghaoith anoir". 1184 13.  Bidh an ghaoth seo íontach polltach fuar. 1184 92.

*pór, 1. Síol, d'fhág éan aeir, d'fhág sin pór 'na dhiaidh agus d'fhás crann.. 1184 423. 2. Prátaí síl, ..ag cuartú póir..1835 129.

*portach, Gar, brus móna, pluda, Bhí siad ag cur isteach portaigh ins an charn-aoiligh, mixáilte le luaith fa choinne préataí. 311 20.  Bheirfidhe isteach portach nó abair  agus caithfidhe 'sa mhúnlach 'sa charn-aoiligh agus d'fhágfaidhe annsin le géurú é leis an aoileach a dheánú fairsing" 311 33.  nuair a fuaidh sia a' scaoileadh leis na Gaedhil, ní rabh a dhath ins na gunnaí ach portach. 311 158.

*portaíocht, Déanamh ceoil bhéil , bhíodh fir agus mrá a portaidheacht ar a seal.. 1185 174. 

*portaire, Fear ceol béil a dhéanamh, Bhí portairí maithe ag gabhail ins na laethibh sin agus choinneochadh cupla duine acú lán toighe a damhsa.. 1185 173. 

*portán, "A crawler" (duine) 1184 147.

*posta, Cúille, piléar, bhí'n geafta druidte, agus fuair sé greim ar phosta an gheafta.. 418 71.  chuir siad rópa cráibe trasna ó hosta go posta. 1791 198. 

*pota, 1. Nath: Turas a' phota ort! .."rud adeirtear, ach ní go feargach sin le duine nó le h-ainmhidhe nó le rud ar bith eile a chuirfeas mí-shasamh ar dhuine." 1184 70. ,(pota an fhuail atá i gceist is dócha). 2. Do cheann sa phota.. (focal magaidh faoi duine neamhphósta um Inid), A thruaighe agus a thruaighe agus go bhfóiridh Dia ort! Char pósadh thú agus mur rabh tú pósta ar an am seo ar a bhliain s'chugainn déidh do cheann ag gabháil sa phota araist! .. choinne ceann an bhaitsileora a choinneáill as a phota ná sin a' rud mór a ba ghrách leo a rá go deachaidh do cheann sa phota anocht araist... go dteachaidh do cheann sa phota anocht araist chionnus nach bhfuair tú bean. 1835 329. 

*pótaire, "Fear a ólas go trom. A drunkard". 1184 149.

*prabhsóg, "Bean nó cailín mór reamhar" (Teilionn)". 1148 149.

*pracar, Cosamar, dramhaíl; rudaí míluachmhara, a chruinniú cipíní giumhais agus pracar mar sin.. 1184 558.  D'ith siad (lucht bainise) mórán pracair sula rabh orthú a ghabhail i gcionn na feóla.. 1184 581.  bioráin agus píopaí agus achan chineál pracair. 1185 8. 

*práibín, Meall, píosa, thug sé leis práibín de chac bó agus de lóib ghorm agus "mhixáil" sé suas an dá chuid.. 418 223.

*práiseach, "Cosamhail le práiseóg ach amháin go bhfuil aois agus aimlidheacht a bain le mraoi a ngoirtear seo dí." 1184 149.

*práiseog, Straoil de chailín? : *práiseach

*práscán, "Fear ar cuma leis caidé an cineál éadaigh a bhíos air agus atá neamh-shuimeamhail ina phearsa ar mhórán dóigheannaí." 1184 149.

*prásóg, "Cailín óg anasta atá toirteach roimpí agus 'na diaidh.". 1184 151.

*preab, Gabh, ualach, achan phreab a chaithead seisean amach, bhí seachtar a' teacht isteach.. 311 274.  Thug sí fhéin graip beag amach as a póca agus a' cheud phreab a chaith sí amach, bhí'n t-aoileach a' léimnigh 'mach.. 311 275.  bhí sé fhéin i gcionn spáide, agus ..chaith sé amach preab créafóige agus bhí cúig nó sé phisíní de chóiníní bréaghtha dubha inntí.1170 47. 

*préachán, 1. Éan dubh coitianta, rinn sí préachán díom.. 1184 411. 2. Bhí mé mar thuitfinn ó phréachán, "bhí mé 'mo bheag dhe mhaith.. briste brúighte, tuirseach.. " 1184 47.

*preas, Cófra seasmhach chun áthraí etc. a choimeád, d'iarr sé annsin air a gul agus amharc in a chupboard sin thall nó ins a' phress sin thall.. go gcaithfeadh buideál uisce-bheatha a bheith ann. 311 260. 

*priocaire, Priocachán?, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21. 

*prionta, 1. I bprionta, (i scríobhinn), dá mbeitheá ábalta sin a mharcáil síos ins a leabhar, bhí sé i gcónaí i bprionta..1791 70 . 2. Meascán (ime), bhí leath bonnóige aráin ann agus prionta mór ime. 1184 536.  rabh a'n phláta ar an dreisiúr chóir nach rabh prionta im air. 1184 547. 

*prios, Cófra, Bhí prios mór i dtaoibh an t-seamra.. 1185 567.  .. nár fhág sé a'n chlár i dtaoibh an phris nach deárn sé smionagar de. 1185 568. 

*prios , Preasáil?, an olann a fhágháil cárdáilte, sníomhtha, fighte agus prios ar an éadach! 1185 477.

*prísce, Dar prísce, (maolú: dar Chríosta), " dar prísce!" adeir sé, " a bhfuil a leithid sin ag 'ul 'un tosuigh annseo.." 310 317.

*prochóg, Poll, oscailt, Bhí seacht ndorsa .. a d'fhulaingfeadh seacht gcatha na féinne isteach ar.. agus níl air anois ach prochóg bheag amháin.. 310 23.

*prod, 1. Sonc, sá, goidé rinn siad (gamhna) ach a dhul fríd an eallach agus prod thall agus prod i bhfos ortha.. 472 43.  nuair a fuair seisean í ag ithe leis na circe.. sháith sé síos ina sceadamán í agus thug sé prod maith dó agus is beag nár thacht sé í. 472 82.  2. Bior iarainn, An "prod" ceádna a dhóigh na súile as fhéin, bhí sé caithte i leath-taoibh na teineadha.. 418 50.

*prodáil, , duine ar bith a bhíodh amach 's isteach bhíod sí á phrodail  le pionna mór. 472 87.

*próiste, Próis, gur dhubhairt siad (péas) go gcaithfead siad próiste a thabhairt daoithe. 1184 308.  fuair sí an próiste fá an bhearach. 1184 311.  bhí fear ann agus fuair sé próiste. 1185 70. 

*puilce, Seaicéad, .. ba ghrách leis na mrá sciortaí a chaitheamh,, na puilcí (polka) bháinín agus sciortaí báinín..1835 395.

*puis, , Bhí ceithre rotha ar a' chorruigheach agus ní rabh agat ach a thabhairt amach agus "push" bheag a chuir leis.. 472 471. 

*puiseáil, Ag phuiseáil (ar shon) a fhortúin, (ag lorg, féacháil a fhortúin, go rabh se ag 'ul a 'phusháil ar shon fhortúin. 472 231.  chonnaictheas dó go n-imtheochad sé a pusháil a fhortúin agus d'imthigh sé agus bhí sé a' siubhal leis.. 311 367.

*punta, Póna, tháinic c(l?)úilidhe soirriam agus thóg sé an t-aon bhó a bhí agam.. go dtí an punnta. 1538 124.  go gceannochad sé iomlán díreach an stoc.. agus go gcuirfead sé isteach ins a phunnta iad. 418 97. 

*putóg, 1. An phutóg as an mála, (an rún scéite), .. a mbéal a choinneáil druidte agus gan a dhath a innse ach bhí 'n phutóg as a' mhála roimh ré. 472 460.  2.Putóga ag athrú, (geoinsa bholg de bharr ocrais? Fil:), Bhí do putógaí ag athrughadh agus bhí gáir ann do chluadar / Agus thú feitheamh mar a' bás cén áit a bhfuightheá ruacán. 472 531.  3. An phutógmillte, (an scéal 'na phraiseach), Bhí'n phutóg millte,"things were spoiled". 420 242.  4. Putógaí an tairbhmhaoil, (rud gan mhaith), Ní bhfuair sé (san uacht) ach pútógaí  an tairbh mhaoil. 1184 91.