. An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

  S

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus cuir réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc

*sábháil, Slánú, "Sábháil Dé orainn!" 420 215.

*sabhán, Cleath, Bhain sé dhá shabhán maide sa choillidh.. 1538 104. 

*sabhráil, Déanamh níos alcailí, géarú (< "sour-"), bhí poll mór abair amach os coinne an bhalla agus casán beag aige, -- acu le siubhal thart fa'n teach an áit a rabh siad -- ní rabh'n stoc acu—a' souráil abair ann, a géurú abair ann.. 311 594. 

*sac, Briseadh as post, bhí mé á deánamh go dtabharfdh an fear a bhí ós mo chionn an sac domh.. 1185 141.  go rabh fhios agam go maith nach dtiocfadh leis an sac a thabhairt dom. 1185 145.  Dá bhfághadh duine an sac san obair.. 1579 231.

*sacadán, "Duine beag daingean láidir, a stout burly person". 1184 159.

*sacaire, Fear saic?, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21. 

*sách, Sách i gcéill, (ciallmhar, lánstuama), "Ní rabh sé sáthach i gcéill, nó iomlán céille aige.. " 1184 42. 

*saicire : *sacaire

*saidléar, Úmadóir, imtheacht anois chuig an sadleáir agus miosúr an bheathadhaigh a fhagháil.. 1185 144.

*saighead, Piseog: Urchar draíochta lena mbuailtear ba ag na síóga, Thuiteadh clocha anuas as an spéir fada ó shóin a dtabharadh an tsean-mhuintir saghaid orthu, agus nuair a chaití bó amuigh ar an chroc—nuair a scaoileadh an an mhuintir bheaga urchar le bó.. 1578 81. 

*sáil, As a shála, (ina dhiaidh), As a shála sin.., "on the heels of that." 420 239.

*sáile, Uisce goirt na farraige, a'n uair amháin a rachas an lán mara thart tá an tobar sin é héin ábalta é héin a ghlanadh - sáile a chur amach as an tobar.. 1835 237.

*saileog, Saileach, ag bun toir saileóige duibhe.. 1185 643.  Gad, "lúb de shlait saileoige ar ghráthach.. féidhim a bhaint aistí i gceangal eallaigh.." 1184 52.  chan fhúigfead siad craiceann ar bith ar an tslat shaileoige seo ach í geal uilig go léir. 1184 426.  cuid acú ins na toighthe gan fuinneóig nó doras ach croiceann na caorach agus sgiath saileóige. 1074 14. 

*saill, Ábhar bog aigéideach, cuid den neamhthrua i bhfeoil a stórálann fearasbarr fuinnimh; blonag, geir, Tá an olainn agus an tsaill a bhí innti.. 1791 105.

*sailleann, 1. Cuireann ar salann, mharbh sé mart agus shaill sé é.. 472 714.  2. Dá mbeitheá saillte i Sasanaigh thiocfainn-se i dtír. "Is cuma cá mbeitheá dheánfainn-se cúis bhréagh gan thú. Thiocfainn i dtír dá mbéadh scraith ghlas buailte ort.1184 51.

*sáimhín, 1. Sáimhín aithreach, (rud a bhéas ina chúis aithrí, aiféala) Dheánfaidh tú sáimhín aithreach ort fhéin. .i. Dheánfaidh tú geárradh ort fhéin a bhéas nimhneach; nó dheánfaidh tú rud ínteacht a mbéidh tú buaidheartha fá dtaobh de. 1184 52.

*saith, Fiolún saith, (goiriní teasa a thagann amach ar an chraicinn), an luibh a d'fhúigfead siad 'na ndiaidh.. bhí sin ar léas folún-soith comh maith agus a mhothaigh tusa ariamh.. an rúta a bhí ar an ghas searbhán. 1835 179.

*salach, Char bhfada salach é. " ní rabh sé i bhfad". 420 216.  Ní rabh siad i bhfad salach, "they weren't long". 420 233.

*salann, Salann gasta, cineal de leasú tacair?, ní rabh salann gasta ag gabháil , agus ní rabh dhath ar bith ag gabháil ach leas na trá. 1791 55.  nuair nach rabh salann gasta ná dúanó ná aon dhath le fáil acu, ba ghrách leo a ghabháil síoa agus an scoith bhuí seo a chruinniú. 1835 125.

*sáldrálann, Táthaíonn le chéile le teas agus sáldar, Is doiligh fideal a dheánamh, ach chaithfead siad trifle páirteannaí a fháil agus solderailfead  siad seo sua i gcionn a chéile. 1791 47. 

*samhlaíonn, Ofrálann, Níor shamhail sé deor leis, "he didn't offer him a drop". 420 260.

*sampla, Sompla, "Duine bocht fágtha a bhéadh 'n dhíol truaighe". 1184 260.

*samsaí, *samhsaí, Tréan-oibrí, "Fear a oibrigheas go cruaidh agus ar cuma leis ceocú atá sé ag cur nó 'na thuradh. (Teilionn). Tá an focal céadna ag bunadh na gCruach .. ach ..Samsuidhe adeir siad". 1184 159.

*santaíl, Santacht, Fil: Fear gan chéill a bhéadh a dréim le piginn spré le n-a sháith a mhraoi / Go mbfeárr liom gan bó agn caor ná sanntaoighil a' t-saoghail. 472 140.

*saoiríneacht, Saoirseacht, obair thógála, Bhí sé a glanadh amach an dubhshraithe le ghabhail a shaoraoineacht . 1170 35.  bhí lámh mhaith aige ar an t-saoirsíneacht fosta agus bhíod sé leis nuair a bhíodh sé ag gabhail dó na toighthe móra seo.1170 447.  ba ghrách leis a bheith ar siúl a saorsíneacht: chuirfead sé isteach fuinneógaí..1791 409.

*saoisteog, Suíochán íseal, shuidh sí arais ar a suidhisteóg. 1185 468.

*saoithiúil, 1. Taitneamhach, Is iomaidh bainis shaothamhail a chonnaic mé agus gan am ann an uair sin leath comh maith is atá ann anois. 2. Aisteach, greannmhar, Tá sin saoitheamhail.. a rádh go bhfuil tusa a troid le céad bliadhain agus tú a rádh liom-sa nach mbéinn ábalta troid lá amháin.. 1184 464.  Nach saoithiúil.. an notion atá in do chionn tusa a bheith a' teacht chugam-sa nuair a bhéas tú marbh. 1791 166.

*saoiríneacht, Obair mar shaor cloiche, Chuaidh sé a shaoríneacht an lá seo.. 1185 581.

*saol, 1. Sfh: An té a thiocfas 'un tsaoghail agus a bhéal faoi fágfaidh sé an saoghal agus a cheann faoi. "An t-é a thiocfas 'un t-saoghail mar seo (a aghaidh faoi, bunoscionn) is léar le bunadh Thoraigh go mbáidhfear é." 1184 90.  2. Glúin (daoine), Trí shaol, "three generations". 420 240.

*saolta, Ábharach, cúramach faoi neithe ábharacha, Dhéanfaidh sé pighinn de'n leith phighinn, "..fá dhuine atá an-chríonna, saoghalta." 1184 48. 

*saoltacht, Gnóthaí saolta, Nuair a bhí Seónaigh ar an tsaol seo cha rabha ag cur bhuadhartha air ach saoltacht agus sainnt. 1578 72.

*saonta:*sóntach

*saothraíonn, Sfh:, Is mairg nach saothruigheann an baile. 1184 55. má bhaintear leas ceart ar buntáistí cois baile níbheidh gá dul in imigéin.

*sáraíonn, Téann thar (aois), Nuair a sháraigh sé deich mbliana, "when he crossed ten years". 420 250.

*sásta, (B.c. sástaíocha), (oiriúnach, cliste), an rud is sástuigheacha duit a dheánamh réidh.. bligh sáspán beag ó'n bhó riadhach.. agus tabhair isteach chugham é.. 1185 471.  Ní rabh crainn nó clocha le fághail agam agus chonnaiceas damh gur sin an rud a ba sástaigheacha. 472 272.  tá dóigh shásta agst a cur suas cruitheacha. 472 369. 

*scaball, Píosa éadach a chaitheadh duine ar chúiseanna reiligiúnda, Thoisigh an cath ag an bheirt agus an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a tabhairt achan uile tuaim dó achan uile áit ach an áit a rabh an scaball. 1791 480.  bhí an scaball aniar ar a dhá ghualainn, giota de thiar agus giota de i bhfos.. 1791 480.

*scabard, Truaill, Bhain sé a chlaidheamh amach as a scabard..1538 102.  bhí claidheamh astoigh in a scabart seo.. 1791 238.

*scadán, 1. chá rabh ann ach é go rabh mé sínte 'sa leabaidh go rabh mé comh marbh le scadán. 1185 361.  (.. im chnap codlata). 2. Scadán caoch, (ainm mhagúil ar salann is uisce amháin mar anlann le prátaí), 1184 96.

*scafaire, "Fear scafanta criodheamhail lán misnigh agus aignidh. A hearty man a spruce fellow". 1184 158.

*scafall, 1. Struchtúr sealadach chun obair ard a dhéanamh, D'órduigh sé do na lámha na scafaill a tharraingt agus d'fhág siad an Gobán bocht thuas ar an simileáir. 1184 373.  2. Croch, chuir siad 'na sheasamh an scafall.. agus chroch siad é.. 1791 211.

*scafánta, Láidir, misniúil, Scafaire, "Fear scafanta criodheamhail lán misnigh agus aignidh. A hearty man a spruce fellow". 1184 158. 

*scafóg:*scothóg, 1. Tonn bhriste, d'éirigh an ghaoth agus scafogái millteanacha ins an fhairrge, ó scafóg go scafóg to dtí gur líonadh an currach air. 472 216.  2. Píosa, slat a ghearrtar de chrann, Chuir sé ceithre scafogaí slaite 'na seasamh ins an áit a rabh súil aige an teach a dheánamh agus d'oibir sé lá ann. 1170 36.  geárr sceafóg bheag de'n chrann, agus fág an chuid eile do'n chrann 'do dhiaidh.. 1170 181.  tá scafóg de'n chrann liom.. 1170 183.

*scaif, Éadach cinn, Bhí blousannaí  déanta dó, agus bhí scarafaí  cinn deánta dó.. 1791 260.

*scaifte, Slua, d'fhiafruigh sé ce'n áit ins a' scaifte a rabh Alaidín. 1184 554.  Tháinic scaifte mór fir uaisle 'na chaisleáin chuige.. 1184 577.

*scáile, Samhailt, taibhse, 'Sé monuar mhillidh 's mo chrádh nach bhfeicim do scáile a triall / Anuas le Mallaigh 'n t-Sliabh Bán nó aithghiorra an mhám seo thiar. 472 488.  Bhí sé ábalta a scáile s'aicí a fheiceáil taobh amuigh den fhuinneog.. bhí sé ábalta an scáile s'aici a fheiceáil ag éirí in áirde ar na ballaí.. 1791 231.

*scailleagánta, Ard, tanaí?, Cailín.. Scailliogánta fada buidhe / Cuislí ina súile, béim leathtaoibh ar a ladhra / Agus geárradh bróige ar a gurrún.. 1170 21. 

*scaileog, Galóg. Gailleog, ruainne, lán béil, Dúil mhór i dteinidh is i dtochas aicí / Agus i scailleogaí tobaca, / Geárr ruball uirthí mar bhéadh ar fhigheadóir.. 1170 21. 

*scailtín, Poitín te le im agus siúcra, ..pandaí lán poitín, ..ar an teinidh, agus gnidhead siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus sláman  siucra síos air.. 418 230.

*scailp, Clais carraige, Tá scealpaí  mhór thíos ins a' chladach..mur rabh sé ábalta an léim a thabhairt trasna.. agus á tabhairt arais ar chúl a chinn, nach gaisgidheach ar bith é. 1343 457. 

*scáineachán "Duine caol ard an-mheaithte; duine mar adeirtear ar beag nach bhfeicfeá an solas fríd." 1184 159.

*scaird, Sruth, buinne, sháith sé an scian inntí agus chuir sí sgáird fhola amach ar an doras. 1578 59.

*scairdeán, théighead sé amach fhad le scárdán uisce.. go dtí go nighead sé an t-allus de fhéin. 1343 221.

*scairdeann, Tagann ina shruth, thoisigh an t-uisce óir a scáirdiú in áirde 'sa spéir.

*scairt, Glór choiligh, .. agus an coileach scairt a dhéanamh agus an cat mí-ádh. 1185 34.

*scairteach, Glaoch, fógairt (deasghnách), A'n uair amháin a mbeadh an scairteach thart chraithí an t-uisce coisreacadh orthú.. 1835 190.

*scairteann, 1. Glaonn, chaithí sin a scairtí trí huaire amuigh i gcúl a' toigheagus chaitheamh an mhuintir a bhí astoigh freagar a thabhairt.. 1835 190.  2. Tugann cuaird, Scairtfidh mé isteach annsin, agus.. iarrfaidh mé lóistín.. 1185 455.  Ní rabh aon lá ná oidhche ar scairt sé bealach an toighe nach rabh an sean-fhear comh maith.. 1185 475.  scairtfidh mé síos.. agus buailfidh mé fuinneóg do sheamra-sa ..tig leatsa an fhuinneóg a thógáil suas.. agus scairtfidh mé isteach. 1185 506.  Ní rabh macasamhailt siopa ná dadaidh ann a scairtfeadh fear isteach ann. 1343 226.  3. Fógraíonn (cogadh), Sgairt sé cogadh ar an bhomaithe ar dhá thaoibh an oileáin. 310 49.  4. Scairteann air, (brathann air), is iomaidh mála a scairtigh orm / .. Mála an t-slinneáin, mála an bhuinneáin.. 1170 22. 

*scairtint, A.bh., Scairteadh, glaoch, Nuair a tháinic a' t-am ag an choileach scairtint. 420 230. 

*scaitheadh, Imeacht-ó-chéile, maidhm, Bhí sgaithteacha bochta faoi'n dream a bhí astoigh nuair a chonnaic siad an marbhánach ag éirghe aniar 'sa leabaidh. 1170 408. 

*scaitheann:*scoitheann, 1. Scoilteann, baineann ó chéile, fuair sé greim adhairce ar a' tarbh agus fuair Goll Mac Moirne greim ar a' taobh eile.. agus tharraing siad a' bheirt—scaith sia a'tarbh ó lár a' dá adhairc go dí bun a rubaill. 311 440.  2. Scarann, Bhí an bheirt ag scathú le chéile, "parting from each other". 420 261.  3. Baineann de dhiúl na máthar, d'éirigh an searrach aníos go rabh sé na chliobóg agus nuair a scaitheadh ó'n mháthair é d'imthigh sé.. 472 722.  Bheadh na páisdí seo scaithte ar feadh tamaill agus annsin leigeadh a máthair daobhtha á ndiúl aríst. 1185 379.  Duine a' bith a scaithtear do'n chioch agus a théidheas a' diúl arais bíonn droch-amharc aige. 311 144. 

*scaite:*scoite, 1. (Gearrtha (go néata)) , tuairim ar dheich bpionainneacha agus fiche.. de chothán dheas scaithte. 1185 200.  2. Iargúlta, Bhí sé comh sgaite agus gur b'annamh a tharadh duine ar bith an bealach.. 1578 65.  Bhíodh a gcuid cruinníocha thall is i bhfos in áiteach scaite.. 1579 203.  Bhí sinne ár gcomhnaidhe annseo i n-áit sgaithte.. 1170 189.  Bhí siad 'na gcomhnai i n-áit scaite—trí mhíle ó theach na scoile. 1343 424.  3. Aonaránach, Duine beag sgaithte a bhí inntí ach má seadh fhéin bhí módh agus meas oirthí.. 418 255.  Bhí eagla orthú go mbéad siad scaithte i ndeireadh a saoghail agus nach mbéadh duine ar bith á gcómhair.. 1185 221. 

*scála, Soitheach cosúil le báisín, Rinn sí réidh é (dinnéar) agus chuir sí ar scála dó é. 472 297. Chuir Séimín an scála ar mhullach a chinn.. 472 298.  Ní scálaí bracháin nó méisigh cáthbhruith / A chleacht mo cháirde-sa i dtús a saoghail.. 310 321.  Amharc..Faoi'n scála sin thíos.. Go bhfeice tú an bhfuidh muid a dhath le ghlacaint leis a' bhrochán. 311 260.  bhí fowl mór faoi'n scála.. 311 260.  d'imthigh sé chuig scála bainne agus thug sí braon do.. 311 319.

*scallachán, Gearrcach, fuaidh'n t-éan isteach ar nead agus bhí dhá scallachán marbh uirthí.. 311 230.

*scalladh, 1. Adhaint (sa chraiceann), an sugh a chumailt leis an scalladh. 1185 394.  2. Ar scallaidh, (an-te ar fad), É ar scallaidh, "it is scaulding hot." 420 227. 

*scalladóir, *scallaire, "Duine bearrtha ina theanga". 1184 159.

*scallann, 1. Tíorann, bácálann, má bhíonn sé(císte sa ghríosach) leath-scallta ar dhóigh ar bith dheánfaidh mé cúis bhréagh leis. 1185 463.  2. Faigheann adhaint (sa chraiceann) as gairbhe nó le ró-chimilt, Bíonn an croiceann bog orthú (capaill).. agus scallann siad agus milleann na coileáir iad. 1185 394.  ..do bheathadhaigh óga a scallfadh na guailneacha acú indiaidh tosú a threabhadh leobhtha. 1185 394. 3. Aorann, cáineann, Níor mhaith leóbhtha a eiteadh ar eagla go scalfad sé sa cheól iad.. 310 52.

*scallóid, Scollaid, "Bean atá tugtha do bhualadh teangtha agus fosta a scapegrace girl". 1184 161.

*scallta, Suarach, Chaithfeá a ghabháil a thoghadh phréataí agus gan agat ach scilling bheag scallta. 1791 62. 

*scamhláil, 1. Scamhailéireacht, bhíod sé a sgamhláil ar stócaigh an bhaile a' deánamh gur b'iad a bhí ag caitheamh uirthí.. 1185 363.  bhí Brian agus a bhean a sgamhláil, agus cha dteárn Brian ach breith ar a scian.. 1578 56.  bhí siad a' troid agus a' sgamhláil ar a chéile.. 311 118.  2. Bagairt, bhí tú a sgamhláil ar maidin agus 'ach fuile lá go ndeánfá ar shiubhal leis na coiníní agus tarraing an spád anois ortha sin. 1170 47.

*scansáil, Achrann, d'innis sé dó fá'n bhunadh a bhí ag coinneáil troda agus scannsala leis.. 1170 30.

*scaob, Taoscán cré, nuair a bhí an scaob dheirionnach ar an uaigh.. 1538 107.

*scaoileann, 1. Caitheann faoi le hurchar; maraíonn le urchar, go rabh eagla air go scaoilfidhe é indiaidh na h-oidhche mar mhaithe le n-a chuid saidhbhris.. 1184 323.  .. go rachad seisean amach .. leis an bhonara agus go scaoilfeadh sé an gaduidhe. 1184 425.  léim sé amach agus scaoil sé bean aca..472 291.  ..go dtí gur mhothuigh siad Carey scaoilte ar bhórd luinge ag 'ul amach go dtí'n t-Africa. 472 428.  2. Cromann ar rith, Scaoil Neart Mhac Neart agus Cluas ar Éisteacht indiaidh an mhadadh uisce go dtí go bhfuair sé griem air.. 1343 262.  3. Ní bheadh sé le scaoileadh ná le ceangal.. (ní bheadh sé sásta le rud ar bhith ach.., Thuit Fionn.. i ngrádh léithe agus ní bhéad sé le scaoileadh ná le ceangal mar rachthaidhe agus an bhean a iarraidh dó. 1538 99.

*scaoilte, Lúfar, fonnmhar??, Fleascach, "diúlach óg scaoilte a bhéadh leigthe le rud ar bith a d'iarrfaidhe air a dheánamh." 1184 127.

*scaoilteog, Veist báinín, Bhí scaoilteóg ar achan fhear.. Bhí an scaoilteóg seo deánta mar bhéadh éideadh mrá ann. Dhá mhuinchille fhada air agus gan aon chnaipe air agus sníom ar an toiseach aige agus é uilig go léir bán. 1185 196.  Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun builg air / Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian. 1170 433.  Cha rabh dhathaair ach scaoilteóg bháinín—rud a dtabharad siad veiste air gan muinchillí. 1791 269.  scaoilteóg mhór bháinín síos chomhair a bheith go dtí a nglúine, agus péire drás de'n éadach cheádna. 1074 3.

*scaoth, Scata, Thainic scaoidh de fhir bheaga air.. 472 435.  bhí'n scaoidh thart ar Shéamus. 472 436.  chuaidh an scaoith fhear thart agus Maolmuire leo. 1538 72.

*scar, Ar scar ar bith, (pé scéal é), tá go leor a bheir ainm a' diabhail i bhfad níos miniceacha ná bheir siad ainm Dé ar scar a' bith. 1791 466.

*scarann, (An t-am) a bheadh lá agus oíche ag scaradh le chéile, (uair an mheáin oíche), go dtí go dtiocfadh an dó dhéag a' chlog an oíche sin—nuair a bhéadh an lá agus an oíche a scaradh le chéile. 1835 379.  go dtí go dtiocfadh an dó dhéag a' chlog an oíche sin.. Bhí an oíche agus an lá a scaradh le chéile an uair sin. 1835 428.

*scártha, Feannadach, stoirmiúil? Ní ligthí duine ar bith amach an t-am sin. Bhí sé scártha á ligean amach. 1791 28.  Scarthach , "stormy". 420 245.  Seo í an Aoine scárthach bhrónach / 'Sí seo an Aoine a shiltear na deora.. 1791 277.

*scarthacht, "storm". 420 245.

*scárthaíste, Scártha (cf.Dinn), drochlabhartha le buile, Tá an tinneas daoithe anois.. agus í scáraoiste, agus má tá a dhath contráilte siad na péas a dhíolfas ar a shon. 1185 61. 

*scarthannach?, Cailín a bhithear a phósadh Dia Luain, agus ní rabh sí sasta de'n lá. Seo mar dubhairt sé é: An Luan cingéiseach , an Mháirt Scathrannach, an Cheadaoine Choimseach, Diardaoin Dálach, agus fanfaimid go dtí amarach—Dia hAoine. (Sean-chaint). 1184 22. 

*scáth, Ar scáth.., ((má tá) i muinín..), Tá siad 'na dtroscú ar scath  ar ith siad, "They are fasting (I may say) for all they ate". 240 226.

*scáthlán, Both dídin le aghaidh oscailte, Bhíonn aghaidh na sgathlán uilig soir. Is cosúil gur anoir a thigeadh an námhaid. 311 17.  Bhí sagairt ar a seachradh agus iad a' léigheamh Aifrinn ag scathláin  bheaga in áiteacha uaigneacha. 311 79. 

*scáthrúil, -thúil, Dorrga, gruama. Fil:, Bhí an spéir go scáthrúil agus an ghaoth ag séidiú. 1791 164.  "Tá cumadh," adeir sé, íontach scáthúil ortsa!" "Agus .. ar mhaith leat mé fheiceáil mín?" 1791 499. 

*sceadamán, Scórnach, mar bhéad sí ag gábhail á buaileadh suas ar a sceadamán.. 1184 404.  bhuail sí buille fill air sa sceadamán.. 1184 467.  thug gearrfhiadh léim agus greim sceadamáin ag easóig air.. 1185 73.  nuair a fuair seisean í ag ithe leis na circe.. sháith sé síos ina sceadamán í.. 472 82. 

*scailp:*sceilp

*scéaltóir, Scéalaí, mise an scéaltóir.. is feárr a d'innis scéal ariamh.. 472 320.  Ba é an scéaltóir fir é a b'fheárr.. 472 412.

*scealb, Scealb na bhfiach, (rian feola a phiocfadh fiach de chnámh), Ní raibh scealb na bhfiach orthu, "they were very emaciated". 420 226.  Ní fhágfadh barraidheacht tae scealb na bhfiadh ort. 1184 26.

*scealpaire, "Duine a itheas go craosach; Duine atá tugtha de rudaí a sciobadh gan bhuidheachas as do láimh. Deirtear: Ná déan scealpaire duit fhéin!" 1184 159.

*sceamhlaí, Meamhlach, go gcualaidh siad písín a sceamhlaighe amuigh ag an doras. 1185 331.

*scéardálann, Scairdeann, scéardáil an fhuil amach.. 1184 265.

*sceidín, 1. Rúta, bun gais (phrátaí), Bhí préataí bréugh ar na scidíní an darna bliain. 311 21.  2. Práta suarach, creachán, thug sé dornán beag scidíní fuara dó agus braon do bhláith lóbhtha.. 311 353.

*sceilit, Samhailt duine tanaí lom, sgeilid do mhac a samhailt comraidheadht duine.. 311 450.  níl rud ar bith ábalta an t-sainnt a chur síos.. ach a' bás agus sé'n sceilid a' bás. 311 451.

*sceilp, Aill, áit a rabh sceilp an eallaigh air thíos ar bhárr na Rannacha Ruaidhe, agus maram go rabh an sceilp sin.. amuigh is astoigh ar cheathair ná cúid 'e chéadtaí troigh ar airde,agus.. an fharraige a teacht isteach ag bun.. 1835 326.

*sceilpín, Giota beag, Gheobhadh gach fuile dhuine sceilpín beag den fhuil sin.. 1835 85.

*sceitheann, Titeann, maidhmeann, D'oibir an t-uisce faoi'n talamh gur sceith a' talamh, agus tháinic a' talamh uilig go léir isteach ins a' lag a bhí faoi.. 1791 306.  Chuala mé an tsean-mhuinntir a rá go rabh iarraidh eile fadó shin ar sceith stiall mhór amach as taobh an Earagail.. 1791 307. 

*scian, (cf. séideóg), " Mise an diabhal.. " , arsa seisean, ag cur scian ins na builg, "Agus is mé a chuidigh leis.. " 472 337. 

*sciar, Cuid, roinn, chan fhuigheá a dhath de sin ach do sciar agus nuair a gheobha do sciar dó chaitheá 'theacht leis. 1835 202.  Níl a dhath bidh á bhfuil anseo nach bhfuil tusa ag gabháil a fháil do sciar do.. 1835 245.

*sciath, Cliath, cuid acú ins na toighthe gan fuinneóig nó doras ach croiceann na caorach agus sgiath saileóige. 1074 14.

*sciathán, 1. Géag na láimhe (ón ngualainn anuas go rosta), Caithfidh tú fhéin síneadh orthú tá do chuid sciathán fada.. 1184 374.  leis an chraitheamh láimhe a rinn sé leis ní rabh ann ach é nár tharraing sé an sciathán amach as.. 1185 593.  Tá sé thuas ins a chórtha mhór.. gabh thusa suas is tú is fuide sciathán, crup síos agus tóg aníos é. 472 713.  dá dtabharad sí an lámh dó an oíche sin bhéadh an lámh leis go dtí an sciathán. 1835 316.  2.(Go drochmheastúil), géag láimhe bhasctha mhíchumtha, go rabh an sciathán s'aige anois chomh mór le n-a chorp. 1184 419.  Bí an fáthach mór seo 'na luighe i gcionn a'toighe agus bhí sciathán millteanach air.. 1184 420.  3. Sciathán de'n fharraige, (góilín), Lean a seabhac an lach go dtí go rabh siad ós cionn sciathán den fhairrge.. 1343 262. 

*scil, Sligeán?, I mbéal na scile. 420 231.

*scileágó lú, Anlann d'uisce agus salann a chuirtí ar phrátaí um Charghais, ba ghrách leo an rud a dhéanamh a dtabharad siad an skilágó-lú air agus shuigheadh 'ach fuile dhuine acu thart fán phota.. Salann agus uisce a bhí ar a' phota! Salann agus uisce a bhí ar a' phláta agus ba sin an rud a dtabharad siad an skilagó-lú air. 1835 343.

*scineálann, Creachann, baineann deireadh airgid de, nuair a ba ghráth leis na gasraí a bheith pitcháil craipí móra, bhí baicle acu ar bhaile amháin agus bhí siad a' pitcháil leófa ach skináileadh fear acu. 311 328. 

*scínteachán, "Duine beag caol tanaidh nach mbéadh ann ach na súile." 1184 161.

*sciob, Fuair sé sciob air, "he managed to snatch it". 420 266.

*scioball, Scioból, shuidh sé ins a scioball.. 472 304. ..chuir siad isteach thuas ins a scioball í agus ghlasáil siad an scioball. 1791 80. 

*sciobann, Preabann, éalaíonn go tapa, Chaith sé dó na croicne, sciob sé amach .. 472 557.  Nuair a mheas an gaduidhe go rabh an rí giota maith ar shiubhal ó'n teach sciob sé isteach ar an doras agus suas an staighre leis. 1170 413.  Sciob sí amach go formhothuighthe agus chuaidh sí síos go dtí teach an ghárrantóir.. 1538 97. 

*sciobtha, Sciobtha scuabtha, (néata, gan timheal), bhí'n scioball mór glan amach sciobtha scuabtha go dtiocfadh leis an rí a dhinneár a dhéanamh amach ón urlár.. 472 191.  teach sciobtha scuabtha aca agus craos bhréagh theineadha thíos. 472 553.

*scioll, Gan scioll, (gan pioc feola, meathlaithe), d'fhágfadh barraidheacht tae duine gan scioll. 1187 26.  "Duine caol ard nach mbéadh scioll ar bith ar a chrámha". 1184 111. 

*sciorta, Píosa deireannach (e.g. eireaball), sé'n t-amharc deireannach a chonnaic siad ar a (capall agus marcach) sciorta ag 'ul thart ag coradh bealaigh mhóir. 472 363.

*sciúradh, An-ghlanadh, ní le huisce etc., Bhí obair leis an bháinín fhéin indiaidh é a bheith deánta le n-a sgiúrú. 1185 187.  Char mhaith le daoiní snáth gan sgiúrú a thabhairt amach.. 1185 190. 

*sciúrann, Lascann, d'imthigh sé 'na coilleadh a bhaint slaite a sciúrfadh tóin Murchaidh Bhig. 472 535.

*scláta, Slinn, chá rabh ar an bhaile ar tógadh ann mé ach dhá theach sclátaí.. 1185 199.  chá rabh teach astoigh 'san áit nach rabh sclátaí air. 1185 199.  Tóg  siad cuid de na sclátaí go bhfach sé go rabh bealach isteach aige ann. 472 332.

*scodaí:*scútaí

*scodaíocht, Scodaidheacht, "galavanting, running around". 420 245.

*scoil, Scoil cártaí, (gasra ag imirt cártaí), ag imirt cúig fichead thall is i bhfos i n-áit ar bith a mbéadh scoil chárdaí. 1170 394. 

*scoilteann, Scoilteann bia, (blaiseann bia, caitheann béile), Rinn bean a' toighe réidh greim bidh dó, agus bhí sé dhe dhith go cruaidh air de bhrigh nár scoilt sé an biadh ó am luighe an oidhche roimhe sin. 1170 423. 

*scoinn, Scaoinse fgb?, "Bean chaol thanaidh cliste agus achmair ar a cosa—rascanta ina bealaigh fosta". 1184 161.

*scoith:*scoth

*scoith- : *scaith-

*scolb, 1. "Fear cruaidh nach ngoillfeadh anrogh nó obair air." 1184 161.  2. Scolb ná scéal, (tuairisc ar bith), ní raibh scolb nó scéal aicí goidé 'n dóigh.. 472 103.  cha gcualaidh an t-athair scolb ná scéala fá dtaobh daoithe.. 1343 252.

*scolbáilte,Gearrtha timpeall ar an bhfáithim i bpátrún eangach isteach is amach, péire brístí air a bhí scolbáilte ins an íochtar.. 472 40.

*scolbaire, "Duine caol árd bréagh feiceálach." 1184 161.

*scor, Ar scor ar bith, (ar aon chuma), go rabh an scuab ag gabháil a bheith suas le dhó ná trí throighí ar airde a scar  a' bith. 1791 42. 

*scór, 1. Cúis, "Caidé 'n scór, " adeir sé, "a n-innseochtha domh-sa gur b'í seo an tachrán. 1184 258. ní rabh dúil acu an bainne ná na huibheach a thabhairt uatha ar aon scór. 1835 401.  2. Ar scór, (ar chúis, d'fhonn), fuair sé léine úr.. dó ar scór é imtheacht ar maidin.. 1184 319.  tá a súil ag an chailín sin ar an rí óg ar scór á thabhairt ar shiubhal.. 1185 93.  Chuaidh sé amach ar scór a ghabhail treasna.. 1185 488.  chuaidh sé a chur, agus ar a' scór sin b'éigean domh stad.. 1170 32. 

*scoth, 1. An chuid is fearr, tús a' phota, Bhí'n sgaith againne an uair sin.. ní rabh agaibh-se ach a' chramhóg. 310 19.  2.Scoth an chlú, (dea-ainm, deatheist), má bh í tusa go maith do'n té a bhí bocht bhéarthaí scoith a chliú duit.. 1791 63.  3. Scoith bhuí, (scoth bhuí fgb), Thiocfadh an ghaoth san am sin agus an géarmhach ar an fharraige agus chuiread sí isteach an rud a dtabharad siad an scoith bhuí air—leathach mór garbh.. 1791 55.  ..go dtógad siad an chréafóg a bhí 'na luí i mbun na díge.. agus chuirthí seo in áirde ar an iomaire ar mhullach an scoith bhuí seo.. 1791 56.  a bhaint duibhleathaigh agus scoith bhuí fá choinne an talamh a leasadh.. 1791 335. 

*scothóg:*scafóg

*scotbhach, "Guffaw" fgb, Thainic a' scotmhach agus a' tárfach agus a' gárda tréun-lámhach.. 311 72.  a' scotmhach, "a' magadh". 420 245.

*scraith, 1. Píosa d'fhód bairr agus féar air, Bhainthí giota de scraith agus leagthaí ar a dhrom a chéad uair í. 1791 161.  2. An scraith ghlas, (scraith na huaighe),Thiocfainn i dtír dá mbéadh scraith ghlas buailte ort. 1184 51. (..dá mbeifeáfaoin bhfód). 3. Bochtanas Scraithe Glaise, Níl bochtanas ar bith is measa nó bochtanas scraithe glaise. "..fá dhuine a bhéadh an-bhocht agus nach leigfeadh an náire dá a dhath a iarraidh nó a chruinniú le fiúntas. 1184 87.  4. Scraithloinge. (tonn-ar-bogadh), They came to a scraith-luing.. 311 87.  5. Gan scraith os a chionn, (gan teach), d'ól siad amach é.. agus chonnaic mise iad sin .. gan scraith ós a gcionn i ndeireadh a saoil. 1791 86.  6. Scraith dhearg,(grís dhearg), .. tiocfaidh sin (ionglaid) amach mar bhéadh bruth ann—Tiocfaidh sé amach ina scraith .. má mhothaigh tú iomrá ariamh ar an scraith dhearg.. 1835 161. 

*scramaí, Scramaire, "Duine árd anasta, a tall awkward person".(Teilionn) 1184 161. 

*scrataí, Scrataidhe, "Fear fallsa atá i dtólamh saithte 'sa bhealach ag duine ínteacht. Fear a gheobhtha sínte ar a shleas-luighe 'sa chlúid." 1184 163.

*scrathóg, Lamhnán, Bhí scrathóg muice in áit ínteacht fa'n teach agus dhóirt sé an fhuil isteach inntí.. 1578 55.

*scréachán, "Duine a bhfuil glór árd géar aige". 1184 163.

*screamh, Crústa, gearb (ar chraicinn), cineál de screabh a teacht amach ar na daoine, agus bhí an screabh seo ag ithe leis go dtí go rabh giotaí dena gcuid feola ag titim amach.. 1791 140.

*screamhlachán, "Páiste a bhéadh i gcomhnuidhe a caoineadh; duine a bhéadh i dtólamh a casaoid. 1184 161.

*scroglachán, Sgroglachán, "Duine a bhfuil mhuineál mór fada air, agus atá deánfasach go maith ina chuid dóigheannaí." 1184 165.

*scruth, Screamh craicinn, ..ní raibh sé (páiste) comh láidir leis an chuid éile. Tháinic scruth amach ar a chroiceann.. 418 255.  thuit an scruth anuas 'na bhocsaí dó'n pháiste, agus ó'n lá sin .. ní tháinic a'n dath scruth air. 418 257.

*scuaid, Scata, Scuaid mhór acu, "scaifte mór acu". 420 237. Scuaid páisde. 420 240.

*scuimhearannaí, Bleaigeardaí, cf. scuimhearaí, cfat, tá scuimhearannaí a teach anoise le briseadh isteach.. 310 327. 

*scuimhearacht, Bleaigeardaíocht, .. ar a scuimhearacht atá tú dheánamh.. cuirfidh mise as a diallaid thú.. 310 363.

*scuiriam, (Cineál éigin fir?), tháinic scuiriam fada buídhe thart, agus chraith sé an féar faoi chloigeann an bheathadhaigh.. 1538 17.

*scúirle, Scúille, cailín aimsire (is dócha, ach féach "sciuirse, duine lúfar láidir), Bhí scuirle de chailín óg dhóigheamhail nn..472 41.

*scuitseálann, Scothann, glanann, bhainead siad anuas le taobh a chrainn- scuitseálfad siad anuas é le corrán na le scian ná le rud éigin eile. 1835 381.

*scútaí, Scútaidhe, "Cailín caol árd a bhéadh ar bhárr na gaoithe agus ar mhaith léithe a bheith 'ach uile áit a mbéadh beirt cruinn." 1184 163.

*sclábaí, Sclábhaí, "Duine atá i gcomhnuidhe ag obair go cruaidh agus atá faoi ualach go síor, a slave, a wretch". 1184 161.

*scodaí, Scodaidhe, "Cailín beag dána dí-múinte". 1184 161.

*screig, "*creig" fgb, Bhí Colm Cille a'n am amháin a teacht trasna ar abhainn ag taobh sgreige. 472 60.  ba ghoirid go dtáinic siad fhad le sgreig mhór. D'fhoscail doras ar an sgreig.. 1170 193.

*scríobadach, Rian scríobtha, tochailte, chonnaic sé sgríobadach ann san úr agus fuair ceig cúig galún ann.. 311 320.

*scríobán, Clár agus poill tríd chum bia a bhriseadh mion, Bhí an boxty deánta le scríobán ná ba ghrách le cuid acu na lámha a scríobadh daofa héin. Ní rabh a dhath ins a scríobán ach poill uilig go léir.. 1835 319.  Ba ghrách leo scríobán a thabhairt leo agus rachad siad a scríobadh an bhoxtín.. 1835 360.

*scríobann, Bearrann, 'na bhuachaill bhréagh ruadh agus é scríobtha glan suas. 472 127.  Thug sé leis a rásúr agus scríob sé a leiceann anuas.. 472 560. 

*scríodán, Scairdeán, ruaig reatha, Thainic sé ar scríodán a chorp ar an rotha. 1184 45.

*scrios, Craiceann, clúdach, Thainic sé fhad leis a' mhraoi a thainic isteach ón'n fhairrge agus fuair sé greim ar a scrios abhí fa dtaobh duithe a coinneáilt tirim ó uisce nó go dtéidheadh sí ins an fhairrge, bean do chuid na fairrge. 311 448.

*scriosán, Scriosán éadaigh, (culaith éadrom), Chruinnigh sé scriosán éadaigh i gcionn a chéile agus d'fhág sé slán ag an athair agus ag an mháthair.. 1538 94. 

*scríste, Scíth, sos, Char iarr mise ar bhuachaill a dhath a dheánamh go ndeánad sé a scríste.. 1184 498.  Glac do scríste agus gabh a luighe.. 1184 508.  d'fhág sé síos an cliabh go ndeánad sé an scríste deirionnach. 1185 25  nach dtabharfad siad cead dó suídhe ar carraic go ndeánfad sé a scríste. 1538 30.

*sé, Sé pingne, (réal - an bonn), d'fhágadh sé an croiceann comh geal glan 'na dhiaidh le sé pighne úr. 1185 391.  Gheobhad sé cuid mhór i gceart ar na trí agus sé pighne. 1185 441.

*sea, Cainéal, deán, bhí sea mór uisce ann—dán mór uisce.. D'imthigh sí síos ins an uisce agus thainic sí aníos agus bradán in achan láimh léihi. 311 361.

*seá, Sábh, Thug sé seagh leis agus chuaidh sé amach 'na coilleadh agus gheárr sé buailtín.. 1184 344.  Chonnaic sé seagh crochta in áirde ann.. 1184 500.  tuaghannaí agus seághannaí a fhágháil.. 1185 519.  thug sé isteach an seágh.. agus gheárr sé na ceithre cosa do'n chliobóg. 472 368. .. sé'n dóigh a rabh an iog seo deánta amach acu, bhí sí deánta amach acu mar tchífeá béal seágh ann. 1835 288. 

*seabhait, Seo dhuit.., Seamhait an stáca seo.. bhris maide faoi'n chómhnair thiar udaí.. 472 247.  Seamhait anois iad, agus pioc do chara 's Críost amach astú sin! 472 274.  Seamhait a Róise, a chailleach agus caith do sháith dó'n phíopa sin.. 472 484. 

*seachbhóg, Chun seachbhóige, (chun donais, lagachair), Má mhaireann an aimsir seo rachaidh an t-eallach 'un seachbhóige. "ní bhéidh ionntú ach an croiceann agus crámha má mhaireann an droch-aimsir, rachaidh siad 'un tógála le díoghbhail fodair." 1791 16. 

*seachnadh, *seachaint, Ar a sheachnadh, (ar a choimeád), Bhí sagairt ar a seachnadh agus iad a' léigheamh Aifrinn ag scathláin bheag in áiteacha uaigneacha. 311 79.  D'imigh m'uncal-sa ansin ar a sheachnú fríd a' tír.·1791 238.  bhí sé sin ar shiúl ar a sheachaint.. ó theach go teach.. 1791 244. 

*seachrán,(Gan) seachrán sa chás, (gan) dabht, ceist ar bithmaidir le.., Bhail ná bhíodh seachrán sa chás ort.. is mé tá sásta do ghlachadh mar chéile.. 1538 100.

*seachránaí, "A wanderer, a rover". 1184 163.

*seacht, (Mar uimhir treise), Bhail a chiacais o! .. tá sé ag cur na seacht n-íontas orm..1184 556.  bhí a sheacht n-oiread eagla air.. 1185 12.  rinn sé a sheacht sáith gáiridhe arais. 1184 317. 

*seádaí, Seádaidhe, "Duine a bhíos a siúbhal leis féin ó áit go h-áit go h-uaigneach, a rambler. (Teilionn)". 1184 163.

*seadaire, "Duine gan mhaith nach fiú trácht air." 1184 163.

*seadú, Locadh, Tá caoirigh Ghlinne doilig a sheadú. "tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit amháin".1184 95.

*seal, Turn, sea, bhíodh fir agus mrá a portaidheacht ar a seal.. 1185 174.  bhé 'n luí ins a' phríosún agus bhí duine i gconaí ar a sheal á choimhead. 1791 234.

*séala, 1. Comhartha, fianaise, níl mórán séala ar d'aghaidhe go bhfuil tú a biseadh.. 472 474.  dfhúigfinnse séala ort.. nach dtiochaidh bhaint duit go brách.. 1791 473.  2. Ar an séala, (ar an chúis), ní bhfuigh tú an bhean is óige uam-sa ar an tséala gur mhór an truaighe do leithéid 'e bhuachaill a chur amudha léithe. 1578 20.  teach maith comhnaí a mbéad sé ábalta strainseáir ar bith a thiocfadh an bealach a choinneáil.. agus ar an t-séala sin níor mhaith leis an áit a bhí aige a chailleadh. 1538 94. 

*sealaíocht, Déanamh uainíocht ar a chéile, D'iompar siad an clog aníos go dtí teach Dhónaill Boyd, agus iad a sealaidheacht ná bhí meádhachán  trom inntí. 1538 88.

*sealbhán, Scata (le chéile), " an focal coitchiannta sa cheanntair seo ar scaifte daoine. " 420 290.

*sealgaire, "Duine sean-chríonda eolach a n-éireochadh leis rud ínteacht a fhághaíl nuair a shárochadh sé ar 'ach uile dhuine eile. " 1184 163. 

*seamaide, Rud lag gan bhrí, nach rabh aicí ach naoi seamaidí gamhna / Agus naoi ngamhna baineanna a diúl ortha.. 1170 20.

*seamair Luibh an t-Seamair Muire agus is léar le daoiní go snámhann sí i n-éadan an t-srotha. 1184 91.  + > *snámh.

*seamróg, An tseamróg a fhliuchadh, (an Pota Padraig a ól), ..nár cheart do fhear ar·bith an lá a ligean thart gan an tseamróg a fhliuchadh. 1835 266.

*sean-, 1. An (rud, gníomh) is fearr, Níor chaith mise a'n urchar ariamh nár mhaith liom mo shean-urchar a chathamh.. 472 27.  ..mur nach dtug mé a'n uallach ariamh liom nár mhaith liom mo shean-uallach a bheith liom..472 28.  nuair a thig ar a' t-sean-chailligh gnidh sí sean-rith! 472 226.  Ní scálaí bracháin nó méisigh cáthbhruith / A chleacht mo cháirde-sa i dtús a saoghail / Ach sroite aráin agus sean-im láidir.. 310 321.  Scairt sé leofa sean-árd a chinn déanamh ar a son héin. 1538 102. 2. De réir áirimh an tseanfhéilire (12 lá níos déanaí ná féilire na linne seo), Déarfa mé tá Oíche Shamhna anocht ann. Bhail seachtain ón oíche sin araist bhéarfa siad Sean-Oíche Shamhna air.. 1835 72.  dá gcuiread sé Oíche Shean-Samhna ná Oíche Samhna Úr ná sneachta ná sioc ná gaoth ná aon dhath a bheith ann.. 1835 87.  ..go rabh níos mó draoidheachta agus pisreógaí ag gabháil Lá Beáltaine Úr..ná bhí ag lá Sean-Bheáltaine. 1835 123.  Ba ghrách leo an dóú lá déag a dheánamh do Lá Sean-Bheáltaine.. 1835 123.  448.

*séanaí, Píosaí briste gloine, deilfe etc., a mbíodh leanaí ag sugradh leothu, Shílfeá mar adeiread siad héin gur séanái a bhí ionntu (luibheanna seo). 1835 122.

*sean-aimseartha, 1. Seanchríonna, ciallmhar dá aois, bhí sí bréagh sean-aimseardha .. agus d'fhiafruigh sí de caidé ádhbhar a gháire.. 1184 317.  Blagadán, "fear óg sean-aimseardha.. 1184 105.  "Duine sean-aimseardha críonna; páisde a bhéadh ró-shean-aimseardha d'a aois". 1184 181.  2. Ró-ghlic, cabanta, "Cabánach, cabadán, "Duine cainnteach sean-aimseardha a mbíonn a shoc sáithte aig i seanchas 'ach uile dhuine—oireadh le rádh aige agus go bhfuil fuath ag daoiní air dá bharr." 1184 111. 3. Stuacach, ceanndána, neamhspleách, tá sé 'na bhuachaill mhaith ionnraice agus 'na oibrigh mhaith, ach bhí sé íontach sean-aimseardha agus chá ndeánfad sé a dhath dá n-iarrfainn air. 1184 503.  Bhí an buachaill eile a bhé iom-sa go measardha sean-aimseardha.. agus d'innis sé dom go rabh sé ag gabhail 'na bhaile. 1185 118.  nach sean-aimseartha an mhaise do chrochaire dó do mhacasamhail a leithéid sin a rádh liom-sa. 1538 130 

*seanbhaile, An bhfuil sibh a gabhail a dheánamh sean bhaile don scéal..? 1184 72.  (i.e. paidir chapaill, rud a bheifí de shíor ag gabháilt do).

*seanbhuachaill Seanbhaitsiléar, : seanchailín

*seanchailín, Seanmhaighdin, bean gan phósadh, bhí sean-bhuachaill agus cupla sean-chailín 'na gcónaí thuas anseo .. Bhí na sean-chailíní an chráibheach.. ach bhí an deárthair.. ar nós na ré. 1578 68.  Ar ghrách leofa diabhlaidheacht a dheáamh ar shean-bhaitsileoirí agus ar shean-chailíní Oíche Inide? 1835 324.

*seanchasc, 1. Comhrá, Thuit sé 'un seanchuisc léithe.. 418 256.  2. Béaloideas, Tobar Shorcha a beirtear ar seo, agus tá móran seanchuisc ins an cheanntar ag baint leis. 418 254.  3. Ag cur seanchaisc, (ag cur eolais, tuairisc),bfhéidir nach n-aithneochainn do theach caidé d'ainm dá mbéinn ag cur seanchaisc fá dtaobh díot? 1185 641.  Chuir sé annsin seanchasc fa dtaobh do Gholl.. 311 49.  tá mise ag cur seanchais agus a'cuartú duine ar bith a gheobhadh dadaidh de'n t-seórt. 1343 231.  4. Teanga, níor bh'uallach dó dhuine dá mbéad sé i n-innibh an dá seancusc(Gaeilge agus Béarla) a chanamhaint. 418 228.

*seanfhód, Na seanfhóide, (sean-áitreabh), go rabh sé comh maith agat fanacht ins na sean-fhóide a rabh tú ann go mbéadh an Corgas thart. 1835 358.

*seanfhondúir, Sean-áitritheoir, Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172. 

*seangán, "Duine beag éadtrom gan mhaith a bhéadh righin go maith ar bhealaigh." 1184 163.

*seanlá, Seanlá aonaigh, an dara lá aonaigh, lá aonaigh níos fearr[?] Roimhe seo bhíodh lá aonaigh aca, agus bhíodh sean-lá aonaigh aca lá thar na bhárach.. 472 262.

*seanlámh, Duine seanchleachtaithe, bhí John thall bliantaí i roimhe—sean-lámh thall—eolach go breá ar achan áit. 1791 376.

*seanleasú, Leasú ná beadh úr ná friseáilte? (Ní hé an leasú is fearr atá i gceist), sean-leasú agus canthúr  go leór a chur amach rith a' Gheimhridh, ach bhí an talamh chomh marbh amach ag an obair seo agus nach rabh sé ábalta bárr ar bith a thabhairt.. 1074 6.

*seanléim, Ar a sheanléim, (ar ais i mbarr a shláinte), nuair a bhéad sé óltaí acu naoi maidin go rabh siad a deánamh go rabh siad ar a sean-léim. 1835 158.  comh lua agus d'íosfad siad an t-arán seo.. bhí siad ar a sean-léim. 1835 202.

*sean-oíche : *seanShamhain

*seantalamh, Talamh a bhfuil an mhaith bainte as le húsáid agus ceal leasaithe, chá rabh an sean-talamh a bhí acu ábalta bárr ar bith a thabhairt. 1074 5.

*searachán, "Searracháin " córdaí ceangailt faoi na glúna." 420 212.

*seargann, Críoníonn (maide), Scoilteadh sé dá gcuirfeá a dh'obair ró ghasta é (buailtín) agus dá fhad a ligfeá dó sin mar a bhfheárr a shearacfad sé. 1791 40.  Nuair a sheargochad sé bhí sé comh casta agus é lán cránraí beaga agus bhí sin an-doiligh bhriseadh. 1791 41.

*searrach, Searrach gorm, (sórt taibhse farraige?), Chonnaic mé searraigh gorma amuigh annsin.. ins an Mhaol Ruaidh. Tig siad ar fhis (ar ais?) agus seóltaí thuas acu mar bhéadh bádaí ann. 311 39. 

*seasamh .. go gtiocfadh leisean Éire a chur 'na seasamh i gceithre uaire fichid. 311 161. ,(..éirí amach a spreagadh in Eirinn).

*seascair, Compordach, léinidh mhaith sheascair the a fháil dó agus péire drás.. 1343 242. 

*seascán, Áit bhog, riasc, bhí seascan mór ann.. agus na bollógaí .. go dteachaidh siad i n-abar sa t-seascain.. 472 31.  tá seascan mhór bhog ann agus caithfidh tú bealach a dheánamh treasna.. 472 271.  Both-Chruithneachta atá ar seascán i nDruim na h-Átha. 311 15.  448.

*seasta, Sásta, seasmhach, An té a mbéadh an mhin agus gráinín préataí aige shilfead sé a bheith seasta. 1170 394. 

*séibheáil, Bearradh le rásúr, bhí deártháir duith' 'shaveál 'sa room agus mhoithigh sé'n truisneach i bhfus agus nuair a thainic sé aníos, bhí sí 'na seasamh ag an dreisiúir.. 311 53. 

*séideán, Séideán sí, (gaoth obann láidir a mheastaí síóga a bheith innti; < séideán sithidh?, "A séideán sídhe is the fairies shifting from place to place. You should throw clods after it". 311 153.  tháinic an séideán sí seo a ba mhó a tháinic agus thóg sí an méid tuighe agus rópaí a bhí ar a' teach seo.. 1791 91.  glórthái an tséideáin sí. Bhí na sidheógaí ar shiúl leis an ghaoith seo, agus mhoitheochtha an ceol aici agus an tuaim a ba deise a mhothaigh tú ariamh.. 1791 91.  tháinic rud air mar bhéadh séideán sídhe ann agus chaill sé an bearad.. 1835 432. 

*séideann, Shéid an greadadh aige, (d'éirigh, thosaigh..), shéid an greadú aige a' bualadh an arbhair. 1343 221.

*séideog, 1. Puth anála, gaoithe, d'fhág sé dorchadas í le séideog a chuir sé ar an choineall. 1184 505.  bhí 'ach fuil fhear acú a' cur séideóige as agus ní thiocfadh leat comórtas ar bith a thabhairt dhó ach go díreach mar bhéadh tarbh bóird! 1185 572.  Bhí bugle beag 'na shuidhe ar a' tábla agus rug a' fear.. air agus chuir sé séideog ann.. 311 443.  chuirfead sé naoi séideogaí isteach i mbeál an tachráin sin.. 1791 172.  2. Gaoth i mbolg (chun tine a shéideadh) Cuirfidh mise séideóg ins na builg agus déarfaidh mé gur mé an diabhal as Ifreann.. 472 337.  3. Rois cainte, .. dá mbéinn gan aon scéal, chumfainn fhéin scéal agus is bréugh an séideog é sin. 311 282. 

*séidte, Séidte sotalach, (lán d'uabhar, d'éirí in airde), "Giodróg, "cailín beag séidhte sotalach; cailín a béadh ar bharr an gaoithe" 1184 131. 

*seiftíonn, Solathraíonn, cuir triple airgid amach faoi'n doras, agus cead aige a ghabhail agus seifteadh dó fhéin. 1185 81.

*seilbh, (Stoc, únaeireacht), Choinnigheadh Seán seilbh caorach.. 1185 257.

*seilg, Cuardach, Ar sheilg slatacha, "on the lookout for rods". 420 233.

*seirbheálann, Seachadann fógra (go dtí), ..iad a fhágáilt i dteach eiginteach nach rabh serváilte. 311 161.

*seisear, Sé chinn (rudaí), Fear a dhíolfadh pighinn, 's fear a dhíolfadh beirt agus fear a dhíolfadh triúr agus fear a dhíolfadh seisear.. 472 398. 

*seisreach, 1. Céacht, fearas treafa, bhuail sé rap dó'n phosta ar na sean-chaiple, agus chuir sé isteach ins an t-seisreach iad.. 418 71. chuir sé isteach ins a' tseisreach í (ollphiast).. 418 72.  Ní rabh ag gabháil san am ach seisreachaidh beathaigh. 1791 373. (céachtaí capaill). 2. Camchéachta, is cuimhneach liom fhéin é, ar na Cearbaigh, ar a' t-seisreach, agus ar slat an cheannaidhe agus an dá réalt a éirigheas ó dheas. 472 696.  tá'n tseisreach orthú-san ná tá siad íontach cosúil le seisreach nuair a amharcochas tú orthú a scar a bith. 1791 118. 

*seileog, Seile, chuir sé sileóg ar a choineall agus chuir sé an choineall as. 472 57.  Thainic a' diabhal agus chaith sé sileóg 'sa dabhach.. 311 42.

*seo, Úd, áirithe (drochmheastúil), tháinic an bhean seo ar mo chúl.. 1184 415.  an cailín maith seo.. 1184 417. 

*seod, Cloch luachmhar, caidé a bhí ann ach an t-séod a ba deise ar leag a'n nduine ariamh dúil air. ní bhéadh aon chur ag an chuid a ba dheise den ór leis. 1343 228.

*seol, 1. Seál, nuair a chuiread siad sin na seoltaí amach ar a gcionn thoisighead siad ar an chaoineadh a ba truaghcanta a mhothuigh duine ar bith ariamh.. 1185 181.  Bhíthear a' siabadh an t-seóil de'n leanbh agus chá rabh pionna brollaigh ar bith aicí a choinneochadh an seól ceangailte. 1185 353.  2. Ar sheol na braiche, (go sona sásta, gan díth ar bith), Chuaidh sé suas an staighre an áit a rabh córtha mór a bhí lán óir, agus d'imthigh sise ar sheól na brath  agus d'fhág sí slán acú. 1538 51.  3. In aon seol mara, (in aon réim reatha), Chuaidh an bheirt acu (marcaigh) trasna naoi dtráigheannaí in aon seol mara, agus nuair a chuaidh siad trasna ar an naoieamh tráigh ghlac Maolmuire na páirceannaí chuige héin.. 1538 75.  4. Deaghiúmar, sonas, Bhfuil seol maith ort? "Bhfuil tú go maith?" 420 212.  Ní rabh seól ar bith orm, "ní rabh sreang ar bith orm". 1184 46. 

*seoladh, Aistear, bealach (go dtí), d'fhág mise.. agus tá mé ar an t-seóladh agus tá luthghaír mhór orm gur chas tusa domh.. 1185 260.

 

*seoltóir, Mairnéalach, an seórt bean a bhí aigesean, bhí seoltóirí agus 'ach fuile chineál—tá mise a deánamh go n-imeochad sé le seoltóirí agus go n-imeochad sí le 'ach fuile chineal.. 1791 486.

*seon, Seon na Fírinne, (pluma, Prunus domestica), Seón na firinne  , " plum". 420 215.

*setáilte, Suite, Bhí teach an ministre settáilte ar árd mhór bhán.. 472 45.

*sí, (Ag tagairt d'ain. fir.), bhuail siad an clog amach as an ceangaltán a rabh sí ann.. 1538 87. 

*siabann, Séideann, teilgeann, chuaid a t-aer isteach agus shiab sé sa spéir stiall de thaobh a' chroic. 1791 307.  Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172.  448.

*siabán, Tógann siabán air, (déanann argóint leis, tugann foláireamh dó?), Bhí na mrá agu imeacht 'un Aifrinn ar maidin ach thóg Seonaigh siabán orthú agus dúirt go mbfhéarr daofa fanacht sa bhaile.. 1578 69.

*siabhrán, Seachrán aigne, díth meabhrach, Shaoil siad annsin gur siabhrán a bhí air agus d'imthigh siad leóbhtha agus níor éiligh siad síos mó é. 310 339.  "Chaill sé a chiall; tháinic siabhrán nó mearbh air." 1184 42.

*siabhránach, "Duine a bhfuil buaidhreadh inntinne air". 1184 165.

*siamsálaí, Siamsálaidhe, "Duine rascánta atá i dtólamh ag innse tórpaí agus scéalta gan dath. (Teilionn)". 1184 165.

*síleann, 1. Síleann (mórán) do, (bíonn (meas mór) aige air), ..go rabh an t-athair a sílstean níos mó dón cheád níon a bhí aige.. 1835 243.  bhí sé a sílstean rud millteanach dó ná is cosúil go rabh cuid carrannaí Dhoire deánta ní bfheárr.. 1184 325.  2. Char shíl sé a dhath de, ba bheag leis é (mar obair), Bhí mé óg agus char shíl mé dhath de. 1791 369. 

*sile, Sile Seáin, céislín(teas)?, sine seáin, cf. dinn), bhí leas aige a dtabharad siad sile seáin air. 1791 174.  go dtí go mbéadh do bhéal fosclaí, aige agus go dtabharad sé an sile seáin aníos as do sceadamán é. 1791 174. 

*sínteálach, "Duine caol ard i n-amannaí fallsa agus rughin go maith ina chuid bealaigh." 1184 165.

*síobadh, Séideadh, cáitheadh, thainic siabú shneachta uirthi agu luighe sí istuigh 'sa stábla.. 311 411.

*siobalach, Siobarnach, Ag gul 'un siobalaugh, "going to loss". 420 234. 

*siocair, 1. Toisc, de bharr, d'fhág siad Oisín 'na ndiaidh siocair grubh é an fear a ba láidre..418 53.  ní fhóirfead sé á n-ainmniú siocair daoine muinteardha daofa a bheith 'na gcónaí san áit go fóill. 1791 86.  2. Cúis, mur bhfuil siocair mhaith leis ní tú ag gabháil á fáil. Tá an diabhal ag gabháil á tabhairt duit ceocu atá siocair agat nó nach bhfuil. Casfaidh sé thart thú.. 1791 469.  Ní bhfuair mé siocair ná ádhbhar ar bith eile ar an oileán seo.. 1343 251.

*siocán, 1. Sioc, reo, ná fág an áit a bhfuil tú go n-imthighidh an siocán. Bhí siocán an-trom ann san am. 1185 153.  ..go mbíodh an siocán comh domhain ar na lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307.  2. Préata siocáin, (práta a bhfuil an sioc imitheisteach ann agus é lotaithe), thug fear préataí siocáin dúinn.. 1185 207.  3. Leac oighre, bhí sé h-órdlaigh ar dómhain ins an t-siocán ar an loich. 418 263.

*siocann, 1. Reonn, An oidhce shioc an íosagan agus an eascon.. 310 373.  a bhfaca sé a'n oidhche ariamh a shioc comh mór leis an oidhche a shioc sise agus an eascon.. 310 374.  ar thuitim anuas damh bhí 'n fhaoileóg siocuighthe ar a pholl fúm. 310 378.  Bhí sé sin 'na chrap amháin siocáin uilig go léir agus é siocaithe. 1791 103.  shioc an t-uisce.. 1791 307.  2. Cruann, táthaíonn, téachtann, Nuair a shiocadh an t-urlár sin bhíod siad a' leagan amach go rabh umhlú ann ní bfheárr ná bhí ariamh i n-urlár cláraí. 1170 15.  an fhuil sin a bhainead siad as coileach ná déarfa mé anois as caora ná as molt .. cha ligthí daoithe siocadh.. 1835 84.

*síofróg, Bean de'n tslua sí, síofra, thainic an tsiofróg  amach rompú agus dúbhairt sí leofa.. 1538 99.  Síofróg (Síobhróg), "Bean tharrantach—a bewitching woman" 1184 165.

*síog,Coca, stáca, Bhí síog le déanamh de (lín) annsin.. 1185 193.

*síóg, Neach den slua sí, Tá na sidheógaí, tá siad sin, ráite ariamh, go bhfuil sidheógaí ar shiúl ag Samhain.. 1791 93.

*síogaí, "Duine a bhíos ag imtheach leis fhéin, go h-áirid páisde a bhéadh ag imtheacht agus gan fios ag duine ar bith cá mbéad sé". 1184 169.

*síogán, 1. Coca beag, dheánthaí síogán dó ná dhéanthaí coca do.. 1835 287.  2. Leaba féir de shórt, bfheídir go ndeánthaí síogán beag daofa i gcois na tineadh agus choinneochthaí go maidin iad. 585 31. 

*síogaí, Síóg, Thosuigh Séamus a dh'innse fá'n dá shíogaí a tháinic isteach chuige.. 472 486.

*siolastrach, Feilistram, siolastrach i.e. wild-iris. 311 87.

*siolla, Placaí siollaí, (caint gan dealramh?), Béal bán,(plámás), Ní a' deánamh béil bháin nó placaí siollaí atá mé. "Tá mé dá ríribh.." 1184 53. 

*siollaire, "Bean bhreagh, ábalta dóigheamhail". 1184 165.

*siollóg, Scéal gan dealramh, "Eachtaire, duine a mbíonn mórán seanchais aige—go minic duine a bhíos ag innse siológ agus tórpaí bréagacha." 1184 125. 

*siolpach, 1. Scafaire, stócach, Bhí gasúr beag .. agus chuaidh sé 'un Aifrinn.. nuair a bhí sé 'na shiolpach mhaith mhór. 1184 385.  nuair a bhí seisean a fás suas 'na shiolpach mhaith gasúir.. 1185 225.  Cé bhfuair sibh an siolpach bréagh fir seo? 472 557.  "Gasúr mór toirteach.." 1184 167. 2. "..bean urrúnta fosta a bhéadh ramhar go maith 'sa reasún". 1184 167.

*sionnach, "Duine glic ealadhanta nár bhfurast an cluiche a chur air." 1184 167.  448.

*síoraí, Iontach síoraí.. (Treisiú: an-), Chonnaic mé héin a troid iad ach bhí mé íontach síorruí óg nuair a chonnaic mé iad.. 1791 44.  s'iomaidh bean bhocht a cuireadh ar shiúl i mbéal a cinn an t-am sin nach rabh sásta agus.. bhí sé íontach síorraí éagchorach deánta ag aithreachaí agus ag maithreachaí... 1835 299.

*siorradh, "gaoth mhór". 420 212.  a siorradh a bhí fríd na boithigh cha dtiocfad leat é sheasamh. 1791 29.

*siortú, Ransú, póirseáil, Rannsuightheóir, "Duine a bhíos a siortughadh go síor". 1184 155. 

*siosanach,(Ainm ar phearsa sa scéalaíocht, "fear beag ribeach rua " air freisin anseo), D'imthigh An Siosanach  go Machaire Gáthlain agus shuigh sé ar chloch a bhac 'toigh Sheáin.. 472 308.  Tháinic Ó Baoghaill siteach innseair an t-Siosanach. 310 17.

*siosaire, "Bean atá tugtha dó'n chogarnach agus a bain an chroicinn dá comhursa!" 1184 167.

*siosarnach, 1. Duine a bhíonn ag éagaoin de shíor, "Duine atá i dtólamh breoite, a weakling". 1184 167.  2. Fothram ait, dar leis go gcualaidh sé siosarnach greannmhar astoigh i mbolg an tairbh. 1170 480. 

*siosmaide, Ciall, tuiscint, nuair a chonnaic sé nach rabh a dhath siosmaide 'san fhear at tharraing sé air d'imthigh sé.. 1185 58.  siosmuid, "sense". 420 269.  Cuaille, "Buachaill nó cailín caol árd—go minic gan siosmaid" 1184 121. 

*siota, "Peata de dhuine mhillte, go h-áirid páisde millte a chaoinfeadh mur bhfághad sé 'ach uile chineál a mbéadh de dhíth air, (Teilionn)". 1184 167.

*síothlaíonn, Faigheann bás, Níor fhág sé an teach gur shiothlóidh sí. 1185 299.  Chá rabh an paidrín críochnuigh'acú gur shiothloidh sí.. 1185 340.  bhí sé indiaidh síothlí.. 1791 451.

*síothmhaor, Póilín, tháinic na síodhmhair  orthu—sin a' Ghaelic a chuirim-sa ar a phéas, an síodhmhar. 1791 59.  go beairic na bpéas áit ar bith a rabh na siothmhaoir seo. 1791 59.  cé casadh orthu ach síothmhaor.. 1791 237.

*síothnaí, Síothnaidhe, "Duine sligheánta a dhíolfadh an lá ar dhuine. A mean or perverse person." 1184 167.

*síneann, 1. Sroicheann (le lámh), Caithfidh tú fhéin síneadh orthú tá do chuid sciathán fada.. 1184 374.  2. Síneann leis, (imíonn leis), fuair sí (murúch) 'n aibid  a bhíodh uirthi ins an fhairrge agus shín léithi. 311 449.  Stop sé an oidhche sin ann, agus ar maidin lá thar na bhárach shín leis a' tarraint ar Iubhar Chinn Trágha. 1538 95.  Shín sé leis, "he proceeded onwards". 420 225.  3. Éiríonn níos faide, bhí an lá a síniú agus an oíche a crupú.. 1835 268. 

*singilte, Neamhphósta, singil, ceocu a bhéad siad singilte bliain ó'n lá sin.. 1835 430.

*singleáil, An chéad rith, scaradh sa stileáil, D'imthigh na stillfhearaí agus ní rabh ann ach go rabh 'n singláil anuas. 472 391.

*sínteanas, Sínteanas láimhe, (síntiús airgid), Sínteanas láimhe, "tip". 420 219.

*sifín, 1. Sop, tráithnín, bhí an chruach buailte aige—ní rabh sifín amháin daoithe fágtha aige.. 1184 501.  chaithfeá trí sifín a tharraingt as urla an toighe.. 311 161.  dá mbeadh faithní ort ná leithéid sin, gheobhainn-se giota de shifín siogail, agus bhéinn ag gabhail do sin go ndeánainn marbh in mo lámh é. 1791 98.  2. Lá na Sifín, (bealoideas:), In am Domhnall Ua Conaill, bhí bille dá reachtáil s a Pharliament leis na h-Éireannaigh a mharbhú. Dúirt sé nach rabh gair ann; go dtiocfad leisean Éire a chur 'na seasamh i gceithre uaire fichid. Well chaithfeá trí sifín a tharraingt as urla an toighe agus iad a fhágáilt i dteach eiginteacht nach rabh serváilte. Chaithfeá a innse go rabh'n pláigh a' teach as Dhoire agus go dtiocfad an pláigh orthu mur mbéadh teach eiginteacht eile serváilte acu. 311 161.  3. Cuiseog, bláth? ..ar shiubhal ins na diogacha le plátaí ag cruinniú meala dona sifíní. 311 32. 

*sifteáil, Imeacht, bogadh, ach a'n uair amháin a gcoisriceochaidh an saghart an chailís caithfidh an diabhal shifteáil. 1835 34.

*sirriam, Oifigeach a ghabhann seilbh ar shealbhas mar dhíolíocht ar fhiacha, tháinic c(l?)úilidhe soirriam agus thóg sé an t-aon bhó a bhí agam.. go dtí an punnta. 1538 124. 

*siúl, 1. Taisteal, aistear, Chuaidh sé a mharcaidheadht ar an each chaol dubh agus ba bheag le rádh an siubhal a rinn sé an cheád lá le taobh an t-siubhail a rinn sí an lá seo. 1185 594.  d'innis sé dó'n t-seanduine goidé brigh shiubhail. 310 352.  2. Teachtaireacht, toisc, cúis aistir, 'Sé'n siubhal a bhfuil mé ann anois féachailt a ndeánfad sibh-se oifige domh.. 1170 197.  Caidé an siubhal sidhe ná seachráin a thug an bealach seo thú? 1185 593.  (Cad é an gnó..) Bhí fearadh na fáilte ag bean a' Ghobáin rompu siud is go raibh íontas uirthí caidé'n siubhal a rabh siad ann. 1170 452.  3. Siúl na hamaidí, (turas in aisce, gnó gan tairbhe), tá—creidim—siubhal na h-amaidighe.. 1185 593.  4. Gnáthú, tarraingt, plódú (na threo)), Bhí siubhal mór daoini ar a' teach, "many frequented the house". 420 231.  Ní rabh siúl na ndaoine ann, "it was not frequinted by people". 420 242.  5. Ar shiúl, (a), achar i gcéin, amach (ó áit), Ní rabh sé sínte ar dóigh ins a' t-sráideóig go dtí go gcluinfeá é fada go leór ar shiubhal a srannfaighe. 1185 462.  Tá mise ag iarraidh ortsa coinneáil ar shiúl as a' teach seo.. 1791 229.  (b),ina chónaí i gcéin, as baile, mur rabh duine ínteacht dá dteaghlach ar shiúl in áit ar bith.. -ar shiúl i Meireceá ná ar shiúl in áit ar bith eile—agus bhéarfad sé amach an té sin go dtí go gcuirthí amuigh é. 1791 53.  ( c), ag sleamhnú, imeacht, rinn siad easconn duithi agus bhí sí ar shiubhal amach as a chuid lámha uilig go barr a rubaill.. 311 54.  (d), amuigh, ag gabháil thart, Tá na sidheógaí, tá siad sin, ráite ariamh, go bhfuil sidheógaí ar shiúl ag Samhain..1791 93.  (e) (le r.ch.), curtha ar neamhní, caite, imithe, Bhí sé léite ar shiúl agus nach saoithiúil nach maireann an t-ádhmad ins a' chaorán. 1791 312.  lobhthaí sé ar shiúl ach ní lobhthí maide an phortaigh. 1791 312.  an t-iomlán.. bruite ar shiúl uilig go léir.. 1791 336.  (f), ag gabháil, suirí, Mothaighim.. go bhfuil droch-chéird amach agaibh-se.. Tá tusa ar shiúl le mrá eile.. agus tá sise ar shiúl le fir eile 1791 381.  (g), imithe, ar shlua na marbh, . sé an tuighe agus an fáth a bhí acu le sin, bhí diad a deánamh 'e thairbhe daoine a bhí ar shiúl, bhí siad a deánamh go rabh an luaith a cuidiú leis na hanamnacha.. 1835 156.  (h), ar shiúl in diaidh, (ag tóraíocht, ag cur dúil i), bhí sí ar shiúl indiaidh fir eile. 1791 483.  6. Caitheann, cuireann ar shiúl, (caitheann uaidh, scarann le), Chaith siad ar shiúbhal an mhiadal mór. 472 298.  Mhothuigh sé an glór astoigh ins a' bhocsa agus chaith sé ar shiubhal é. 472 299.  glacfaidh tú í (grian) fheiceáilt go dtí go gcuiridh sé an rann deirionnach ar shiúl dena cuid solais. 1791 114.  7. Ag siúl, (ag imeacht á phósadh), phósfaí iad, agus b'fhéidir go mbéadh dhá lánamhain déag eile leóbhtha gus iad uilig a'siubhal. 1185 202.  8. A' shiúl an turais, (ag déanamh turais (ag tobar beannaithe), deir siad nach bhfuil sé ceart agat a dhul go Tobar a' Dúin mur bhfuil tú ag úl a shiubhal a' turais. 472 422.  9. Fuadar, aigne, Dá mbéadh fhios ag an fhear a' siubhal a bhí air, tá mé do'n notion go muirfead sé é.. 311 261.  10. Ar shiúl leis, (as go brách leis), chuir a mhála faoi n-a easgaill agus ar shiúbhal leis.. 1170 9.  11. Déanann ar shiúl le, (maraíonn), bhí tú a sgamhláil ar maidin agus 'ach fuile lá go ndeánfá ar shiubhal leis na coiníní agus tarraing an spád anois ortha sin. 1170 47.  ..gur chóir dó á cur isteach 'na phríosúin, nó deánamh ar shiubhal léithe ar dhóigh ínteacht eile. 1170 177.  ba seo oidhche mhaith le deánamh ar shiubhal le fear a' toighe. Tá fear siubhail a stopadh againn agus thiocfadh linn eisean a fhágáil cionntach ins an dúnmharbhadh. 1538 37.  nuair a bhí siad an oiread seo blianta pósta go dteárn sé ar siubhal léithe.. 1538 128.  ar eagla go n-éireochad sé 'un treis agus go ndeánfad sé ar shiubhal leóbhtha. 418 277.  12. Tugannar shiúl, sceitheann (rún), D'innis seisean an t-iomlán agus thug sé ar shiúl a' t-iomlán, agus ansin indiaidh é sin héin a thabhairt ar shiúl chaith sé naoi mí i bpríosún. 1791 262.  448.

*siúlach, Taithíoch, ..Ná bidh siubhalach go toigh an óil / Is na bidh daorach ar a' deoch. 1184 63.

*siúlann, 1. Taistilíonn, Shiubhail mise na réagúin uilig.. 1185 593.  2. Ag siúl lena chéile, (comhthreormhar lena chéile), A' siúl lena chéile, "applied to ridges running alongside each other". 420 261. 

*siúd, Siúd agus.. (in ainneoin), rinn sé oifige do'n bhodach - siud agus gur Albanach a bhí ann! 1184 544.  bhí sé geal liath fosta siud is nach rabh sé ach óg. 1185 56.

*siúráilte, Cómh siúráilte 's tá cloch i gclaidhe. 420 269.

*slabhac:*sleabhac

*slachtar, Sléacht, Bhí slachtar bocht ann. 1791 145.

*slachtráil, Ármhach, .. mar bhí siad sin ag gabháil ar aghaidh ag marbhadh agus a slachtráil.. 1791 317.

*sladaí, "Sladaidhe, "Duine a níos rudaí as bealach; duine a bhfuil mion-chreamhaireacht agus diabhlaidheacht ag cur as dó." 1184 167.

*sláinte, Sfh:, Sláinte an bhradáin: béal fluich agus croidhe tirm! 1184 69.

*slais, 1. Cleath, maide, thug sé leis an tslais a bhí ag an tiomanaídhe.. 1578 29.  2. Steall, taoscán, mur rabh muicfheoil ar bith fán teach sé'n rud a chuirthí anuas air slais de bhainne mhilis.. 1835 71.

*slámán, Taoscán maith, ..pandaí lán poitín, ..ar an teinidh, agus gnidhead siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus sláman  siucra síos air.. 418 230.  sé 'n rud a bhí ag gabháil ar chroí an cháil seo slámán de mhin choirce.. 1835 307.  Ní rabh bfhéidir ós cionn trí nó ceathair 'e shlámáin astoigh aige ins a' cheann amhaín de'n áiche.. 1835 437.

*slámóg, Dornán, píosa, bhainfead sé cupla slámóg sleabhaic.. 1791 66.

*slán, Slán Dé muid, (Le cúnamh Dé), béidh muid ar obair go luath ar maidin amárach, slán Dé muid. 1170 183.

*slaodaí, Slaodaidhe, "Duine a bhéadh a tarraingt na gcos 'na dhiaidh le fallsacht." 1184 169. 

*slaoiste, "Fear fallsa a chaitheas a am sínte sa chlúid". 1184 168.

*slaparnach, Plobarnach (mar a dhéanfadh uisce), Fil: Tá an t-uisce a sluparnaighe thart fá n-a dtaobha.. 472 347.

*slat, 1. Clár uachtar loinge, gunail, go rabh sí (long) lastáilte go dtí an t-slait. 1184 327.  2. Slat an Cheannaí, ..an Rí, (Crois Óiríon fgb), is cuimhneach liom fhéin é, ar na Cearbaigh, ar a' t-seisreach, agus ar slat an cheannaidhe agus an dá réalt a éirigheas ó dheas. 472 696.  tá ainmneacha agam ar na trí réulta a bhfuil Slat a' Ríogh orthu. 1791 118.  Gheobhaidh tusa Slat a' Ríogh anuas díreach as a' spéir anocht, gheobhaidh tú oíche eile trasna í.. 1791 119.  3. Ar shlait chúl a chinn, (ar fhleasc a dhroma),luighe sé ar shlait chúl a chinn agus bhí sé ag coimheád suas ins an aér.. 311 548.  a' péas a ba neise dó chuir sé ar shlait chúl a chinn é. 1791 257. 

*slatach, Déanta as slata, tuigithe, tá sé (éan) in áirde i gcliabh beag slatach.. 1184 430.

*slatóir, Stócach? rabh ionnam ach an slatóir nuair a chuaidh Séamus go Meiriceá.

*sleabhac, 1. Cineál feamainne inite, Porphyra, bhainfead sé cupa sleabhaic agus bhriuthead sé cupa an tsleabhaic ar aíche  na ceilpe.. 1791 64.  d'íosfadh sé an sleabhac agus a' brachán agus nár dhoiligh a bheith beo ar sin héin.. 1791 64.  2. Sleabhac sleamhain, (= 1. ?), Tá bia trá atá íontach maith ag an Fhéil Pádraig. Tá an slabhac mar deir siad héin le slabhac sleamhain.. 1835 239.  3., Sleabhac sligeán, (?), Chan fhiú mórán an slabhac sligeán ach oiread, ach tá an slabhac sleamhain an-mhaith Féil Pádraig. Tá slabhac sligeán ann ar mhothaigh tú iomrá ariamh air. Chan a chreathnach atá ann ach slabhac sligeán. 1835 239. 

*sleamhain, Mín, cothram, an éanlaithe a mbíodh cluimhreach deas smúdáilte orthú agus iad sleamhain.. 1185 654. 

*sleamhnán, "Duine slíocaigh suaimhneach nach mbíonn comh glas agus a chuirfeá fá n-a chosa." 1184 169.

*sleán, Spád chun móin a bhaint, nuair a chuir sé síos a sleán arais a bhí ag geárradh na mónadh mhothaigh sé trup an iarainn. 1791 308. 

*sleasluí : leasluí

*slíánta, Glic, cam, Néaladóir, "Duine sligheánta  nach gcuirfeá fá n-a chosa go léighfeadh an t-im ina bhéal!" 1184 145.  Síothnaidhe, "Duine sligheánta a dhíolfadh an lá ar dhuine. A mean or perverse person." 1184 167.  Snámhaí, "Duine sligheánta nach dtabharfadh fios a bhaoite do dhuine ar bith; Sneak; Duine fuar-bhruithte fosta". 1184 171. 

*slig, Spúnóg déanta de shligeán, Tabhair an spáin dó'n t-é chóir / Cutaí domh fhéin / Ith fhéin leis an t-slig / Agus íosfaidh an t-é bhig le n-a láimh. 1184 67.  An t-slig, "spanóg deánta de shligeán. 1184 67.

*sligeán, 1. Plaosc crua aolmhar a fhásann ar chrústaigh agusar fheithidí áirithe, ní rabh a dhath eile acu an t-am sin ach an t-aol, agus an seórt aoil héin a bhí acu .. aol sligeán. 1835 57.  .. aol déanta as sligeáin meilte. 2. Sligeán dubh,(sligiasc dúsligeánach, iascán?), nár mhillteanach na bonnaí cos a bhí ar an fhear sin nuair a rachad sé síos a dheánamh pionúis thíos fríd na sligeáin dhubha a bhí a fás ar na carraigeacha. Anois níl muid ábalta siúl ar a bhealach mhór indiaidh a bheith plánailte. 1835 357. 448.

*slíocaí, Slíocaí suaimhneach, a) (duine a éalaíonn leis go ciúin), tháinic sé abhaile 'na slíocaigh shuaimhneach, agus ón lá sin go dtí'n lá a chuaidh sé i dtalamh chá gcualaidh a'n nduine a cainnt ar a chuid urraidh é. 1170 476.  (b) (Aid., éalaitheach, ciúin), "Duine slíocaigh suaimhneach nach mbíonn comh glas agus a chuirfeá fá n-a chosa." 1184 169. 

*slíocann, Éalaíonn i ngan fhios, Thosuigh na comhursanaigh a sgannrú agus shlíoc duine amach anois agus duine arais go dtí gur fágadh an dá shagart.. 1170 25.  Shlíoc sé amach—"shleamhnuigh sé amach go formhothuighthe". 1184 46.

*sliocht, Droch-chonách, bhí shliocht ar an bhean a d'eitigh í fá'n bhainne, bí sí .. marbh .. roimh bhliadhain.. 1185 329.

*slíodóir, Sligheadóir, "Duine sleamhain glic casta." 1184 169.

*sliomach, "Fear mór liobasta, a bhfuil urradh agus áraidheacht ann, ach athá ró-fhallsa le h-obair ar bith a dheánamh." 1184 169.

*sliopadán, "Duine nach bhfuil lámh aige ar rud ar bith a dhéanamh.". 1184 169.

*slip, Sort léine le haghaidh gharsúin óig, Cheannochthaí "slip" úr domh-sa annsin .. agus cúpla pionna inntí thiar ar chúl mo chinn.. 1184 115,

*sliseog, 1. Slis bheag, giota adhmaid, chuiread siad sliseog de sin (crann) ins na creataí.. 1835 381.  2. Gearrchaile ghiodamach, "Cailín óg ar bhárr na gaoithe". 1184 169. 

*slodán, Lochán beag uisce, an chéad sludán uisce a casadh air nigh sé an haincearsan ann. 1185 382.

*slogaide, Muineál, Ar ghreim slogaide. "ar ghreim mhuinéil". 420 231.

*slogaire, "Duine a itheann níos mó nó an mheasardhacht. A glutton". 1184 162.

*sluaistríonn, Caitheann cré air le sluaiste, go mbéadh na préataí seo uilig go léir réidh le sluaistriú.. 1835 125.  préata ar bith nach mbéadh sluaistrí' ag deireadh Mhí na Beáltaine.. 1835 132.

*slupairt, Slaparnach, Ghearr an tíarna a léim isteach, agus bhí sé a slapairt leis ach ba ghairid go dteachaidh sé go tóin. 1578 64.

*smachtín, Bata trom láimhe, cleith ailpín, baineadh achan fhear smachtín agus .. buaileadh achan fhear smaileóg ar an fhear eile. 472 326.  Tháinic sé fríd a smaichtín fhághail agus a mharbha, ach smaoitigh sé ar a chomhairle. 472 704.

*smaiseálta, Ina smidiríní, lig siad síos a dá rotha úra seo, agus nuair a buaileadh thíos iad indiaidh comh maith is bhí siad deánta bhí ceann dena rothaí smashálta ar maidin.. 1835 326. 

*smál, An chuid is lú, chá rabh smál ghaoithe ann amach as an aer. 1185 74.

*smalcáil, Smailceadh, Bhí Niall é fhéin caithte ar a shleas-luighe 'sa chludaigh  agus é a smalcáil thabaca.. 1170 393. 

*smaileog, Buille, casadh cloigean sean-bheathadhaigh ins a' casan air agus bhuail sé smaileóg le n-a bhróig air.. 472 307.  baineadh achan fhear smachtín agus .. buaileadh achan fhear smaileóg ar an fhear eile. 472 326.  Thoisigh sé blighe'n bhó, bhuail a' bhó smaileóg air isteach eadar a' dá shúil.. 311 312.

*smaoiteadh, Smaoineamh, B'fhéidir go mbéadh an cnaipe ag an té is lugh a mbéadh smaoiteadh aige air. 1185 180.  a' smaoitiú go rabh an bunadh a bhí a teacht 'n ndiaidh.. 1180 194.

*smeach, 1. Puth anála, dé, Thacht sé an bheirt.. go dtí nár fhág sé smeach ionnta. 472 357.  bhí sé sínte ansin ar an urlár agus gan smeach inntí. 1578 56.  2. Ins na smeachanna déanacha,(ins an dé deiridh), Síneadh Caoithir ins a' leabaidh agus bí sé chóir a bheith ins na smeachannaí déidheanacha ins an am sin.. 472 14. 

*smeachaire, "Duine beag gan sásamh nach mbíonn an chainnt fhéin aige do na daoiní; duine aindeiseach fosta." 1184 169

*smeadar, Braon beag (dí), D'ól siad smeadar. 420 260.

*smid, Focal, dubhairt sé nach rabh smid bhréige ann. 1185 27.

*smideog, Púirín cloiche, Mur staduigh sibh a chathamh smideógaí orm-sa.. éireochaidh mé amach as an abhainn agus cuirfidh mé múnadh orraibh. 418 70.

*smigead, 1. Smig, ba ghrách leis na mrá iad (seamróga) a bheith astoigh ina mbrollach acu astoigh faoi n-a smigead. 1835 249.  2. Smigead féasóige, (meigeall), bhí cuid dena seandaoine an t-am sin a rabh smigead mór féasóig orthu.. 1835 365.

*smigín, Meigeall, bhí sé fhéin agus é fhéin cosamhail le chéile.. agus smigín beag féasoige ar achan nduine acú. 1170 5. 

*smiricín, Stairricín?, píopa de na píopaí fada seo a mbíonn lámh ar a cheann agus smiricín ar a thóin. 472 482. 

*smitín, Bata, buail smitín air (capall), agus cha ndeán sé dochar ar bith dó. 1578 50.

*smól:*smaol, Iarsma dóite, Tharraing siad ar na teinteacha, agus nuair a chuaidh siad a chuartú a gcuid ban chá rabh le fagháil acu ach na smaolacha. 1170 471. 448.

*smólachán, Éan óg, "fledgling" fgb, goidé casadh air ach spideóg—smólachán spideóige. Thóg sé an smólachán ina láimh.. 472 342.  shín seisean an smólachán chuig an leanbh. 472 342.

*smúdálann, Iarnálann, léinidh úr nighte smúdáilte.. 1184 319.  D'fhág sé síos an léinidh ar taobh an chruic agus tharraing sé air an t-iarann smúdála a gabhail á smúdáil. 1185 287. 

*smúdáilte, Mín, cothram, an éanlaithe a mbíodh cluimhreach deas smúdáilte orthú agus iad sleamhain.. 1185 654.  bhain sé an fhéasóg de go dtí gur fhág sé croiceann a leicinn comh smúdáilte leis an ghiota síoda a b'fhínáilte a chonnaic tú ariamh. 1343 242.

*smudracha, Ábhar smúdrach, smúit, Tá sí (grian) ábalta a ghabháil síos ar an dath chéanna ach má tá smudracha ar bith eadar tú héin agus ise tá sin a teisteaint go bhfuil gaoth roimpí.. 1791 116.

*smug, 1. Sileadh na sróine, Níl dochar i slaghdán na smug. 1184 71.  .. gan innibh ann an smug a bhaint de fhéin". 1184 169.  2. Seile, achan bhean aca ag amharc ar an bhean eile, agus achan bhean aca corr uair a cathamh smug ar an bhean eile. 472 372.  (Meaf. "ag caitheamh asachán?"). b'fhéidir go gcaithead sé sin amach smug ag bárr na bróige aige.. 1835 339.  Thoisigh an cat a chaitheamh smug air isteach eadar an dá shúil agus bhí obair mhór aige é fhéin a shábháil ortha.. 1170 441. 

*smugach, *smuigirlín, "Buachaill óg a chuireas é fhéin amach mar fhear, agus gan innibh ann an smug a bhaint de fhéin". 1184 169.

*smúidghealach, Gealach ghlan shoilseach, Oidhche smúid gealaigh a bhí inntí nach rabh ró-gheal nó ró-dhorcha. 1185 68.  Bhí smúid-ghealach ann agus an spéir breá glan—comh glan agus go bhfeiceá duine a bheadh a' tarraint ort dá mbéad sé dhá ná trí cheádtaí slat uait. 1578 36.  Bhí oidhche smúid-ghealaighe ann ..1538 53.

*smuigirlín:*smugach

*smuilc, Cnoc beag, Ar bharr na smuilce, "on top of the knoll". 420 261.

*smuilcín, "Gasúr dána dí-múinte". 1184 171.

*smúrtacht, Bolaíocht, Thoisigh an smúrthacht aige.. Thóg sé a bholadh. 1185 567.

*smúrthannach, Smúrthánach, "Bás de dhuine nach bhfuil olc ná mairg ann, agus ar b'annamh a tcídhthear i gcuideachta é. (Teilionn)". 1184 171.

*snag Fail, Bhí léigh maith ag daoiní ar an t-snag. 1185 408.  Comh luath is a mhoitheóchad siad an snag ar dhaoiní bhainfead siad sgannradh maith as dhuine. 1185 409.

*snagaire, "Duine nach dtig an chainnt leis go réidhtigh'. A stutterer". 1184 171.

*snaidhm, 1. Nasc, achrannaí ar snáith, rópa etc; ceangal idirdhá rud, Chonnaic mé iad ag cur snaidhimteacha ar chórdaí.. 1791 98.  2. Casadh, lúbadh aclaí, nuair a chaithfead daoiní siubhal achan bhealach bhí na crámha umhall acú, agus thiocfadh le daoiní óga sníom a chur ar a gcorp. 1185 175. 

*snaidhmeann, 1. Casann, lúbann, d'éirigh eascon mhór aníos as an pholl agus sníom sí í fhéin thart ar chorp na mrá.. 1185 220.  Shníom sé a dhá chois thart ar an bhéim.. 1185 583.  bhí coileach crochta ar gheafta ann agus a chosa sníomtha agus é a' scairtighe.. 1185 32.  (s. ar a chéile is dócha)bhí sé i lár na beárnadh, agus bhí a dhá lámh sníomta  aige.. 1791 149. (fillte ar a chéile). 2. Ceanglaíonn le snaidhm, shníom siad 'ach uile dhá phléata le chéile agus cheangail siad ceann Oisín dó'n staighre. 418 53.  3. Snaidhmeann ina chéile, (beireann barróg isteach ar a chéile), d'aithin sé gurbh í a bhéan héin a bhí ann. Shníom an bheirt ina chéile. 1538 129. 

*snáithe, 1. Gábháil de réir snáithe, iompar de réir acmhainn, Ba cheart do dhaoiní a ghabhail 'a réir a snáithe. "..iad féin a chur thaire n-a n-acmhuinn; gan rud ar bith a dhéanamh a mhaslochadh iad". 1184 33.  2. Luid, píosa, Bhain siad de achan snáithe éadaigh isteach go craiceann.. 1579 208.  Thug siad air achan snáithe éadaigh a chaitheamh de.. 1579 211.  gan snáithe bróg orthu.. 1835 369. 

*snámh, 1. Snámh an tSeamair Muire, (snámh calma le tréan-iarracht), Tá snámh an t-seamair Muire 'á dheánamh aige! .."a tagairt dó dhuine a mbéadh obair mhór aige ag iarraidh an beo a choinneáil ós cionn an mhuirbh. Fear a mbéadh muirghín mhór aige agus streachailt an t-saoghail aige.. Luibh an t-Seamair Muire, agus is léir le daoiní go snámhann sí i n-éadan an t-srotha." 1184 91. (="Keeping one's head above water") 2. Ag snámh thart, (ag sleamhnú, éalú thart), Taidhbhirlín, "Duine a bhéadh a snámh thart ó áit go h-áit agus nach mbéadh fhios ag duine ar bith caidé a bhéadh faoi". 1184 181.

*snámhaí, Snámhaidhe, "Duine sligheánta nach dtabharfadh fios a bhaoite do dhuine ar bith; Sneak; Duine fuar-bhruithte fosta". 1184 171.

*snamhaire, "Duine gan mhisneach". 1184 171.

*snámhú, Ar an tsnámhú, (ar snámh ar an bhfarraige), Nuair a tháinic a' lán mara fhad leis a churrach chuir sé ar a t-snámhadh í, agus chuaidh sé fhéin .. a céaslughadh .. 472 215.  Fil: 'S Neilí a bheith amuigh ar a' t-srámhadh nó go gcuirinn-se an bád 'na diaidh .. 472 487.  Gur ghile liom do lámh nó an cubhar a bhí ar a' t-srámhadh.. 472 489.  448.

*snáthadán, "Duine tanaidh caol fá'n choim..1184 171.

*sníomhuiste, Sníofa, Bean a rabh gréasán le sníomh aici agus cha rabh fhios aici goidí mar gheobhad sí sníomhuiste é. 311 417. 

*sníomhtóir, Sníomhaí, Ní fhágfaidh seisean a'n sníomhtóir ariamh ní bfheárr na í, ná ba deise a bhí ábalta snáth a dheánamh na'í. 1185 530.

*snoite, Mílítheach, dearóil, Shílfeá gur tais a chonnaic tú..tá tú comh snoighte bán sin. 1170 399. 

*soc, 1. Caincín, gob, bhuail sé a shoc thóis ar an talamh agus chuir sé a theangaidh amach fad bata. 1185 576.  chonnaic sí gur tarc beag mrá a bhí inntí, a rabh soc caol cabanach uirthí a bhéarfadh bolgam dó cuiteoig.. 1170 397.  2.,Sánn a shoc i.. déanann cúram de (rud nach mbaineann leis), "Cabánach, cabadán, "Duine cainnteach sean-aimseardha a mbíonn a shoc sáithte aig i seanchas 'ach uile dhuine.." 1184 111. ..duine gan mhúnadh a sháithfeas a shoc i gcomhrádh, agus go minic i ngroithe daoiní eile. 1184 171. 

*socadán, "Duine a bhfuil sé furast droch-shreang a chur air; duine gan mhúnadh a sháithfeas a shoc i gcomhrádh, agus go minic i ngroithe daoiní eile." 1184 171.

*socraíocht, Síochán, réiteach, Ní rabh socraidheacht ar bith ann. 'Á réir mar bhé an t-am ag gabhail bhí rudaí ag éirghe ní ba mheasa. 1185 295.  le socruigheacht a dheánamh annsin d'imthigh mé agus rinn mé trí leith de'n talamh.. 1185 466.

*socraíonn, Tugann chun chríche, treascrann, á thréineacht a dtreabhfaidh sibh-se an saol socróchaidh an saol sibh-se. 1538 121. 

*sócúlach, Gan stró, fuair mise an teach seo go sócmhalach.. 1184 338.  Bhí áit mhaith aige, obair shócmhalach, páighe mhaith.. 1533 93.

*sodaire, "Duine a bhfuil deifre air i dtólamh i gcionn rud ar bith dá rachaidh sé a dheánamh, agus é a bog-rathaidh i n-áit ar bith a mbéadh sé ag gabhail." 1184 171.

*sodar, Piseog: Ceann de thrí focal draíochta le gaoth a thógáil, Bhí cumhacht ag daoine fán ghaoth a thógáil.. Bhí gaoth le rá acu, bhí sodar le rá acu agus bhí gionneá le rá acú. 1791 97. 

*sodramán, "Duine beag ramhar feólmhar; duine anasta. A clumsy person." 1184 173.

*soibealtán, *sobaltán, "An impudent person". 1184 173.

*soileáir, Siléar, Soileáir foscailte, (ól dhá roinnt in aisce) Bhí soileáir foscailte 'san áit agus bhí an t-ólachán ag gabhail ar aghaidhe.. 1185 517.  Bhí soileáir fhoscailte ann ar feadh seachtmhaine.. 1185 545. 

*soilseach, Tintreach, Bhí sé crom síos ins a' tobar seo nuair a tháinic an tsoilseach—bhí siad a deánamh gur a' tsoilseach a rinn é. 1791 148.  Thaínic soillseach a'n am amháin agus bhuail sí taobh a' chroic seo.. 1791 306.

*soineann, Dea-aimsir, Ní bhéidh soineann ar bith léithe a chor a' bith ach go bhfuil sí idir a' dá chás idir socrú agus garbhadas. 1791 179.

*soineanta, Simplí, aisteach (san aigne), Bhí sí ag éirghe soineannta leis an aois agus bhí sí comh géar le dibheas. 1185 156.  Bhí na daoiní soineannta go maith in an am sin a' smaoitiú go rabh an bunadh a bhí a teacht 'na ndiaidh ag gabhail a chailleadh na scine agus é mórán de leathmhíle talaimh amach rompú! 1185 194.  Sodhantachán, "Duine soineannta simplidhe bog gan choir." 1184 173.

*solas, 1. Soillseachaí, (caoir thintrí), bhí sé acu in éadan toirneachaí ná in éadan soillseachaí.. 1835 318.  2. Bhéarfadh sé solas do Neamh, "ag tagairt do bhean a bhéadh an-dóigheamhail dathamhail agus a mbéadh a nádúir agus a tréithe uilig ag cur le chéile." 1184 20. 

*solasda, Geal, solasmhar, Bhéarfaidh mé Claidheamh Solusta duit nár fhag ariamh fuigheall buille.. 1184 298. 

*soláthraí, Solathraidhe, "Duine atá maith a saothrú; duine a d'oibreochadh go cruaidh le solathar a dheánamh d'á chuid páisdí.. " 1174 173.

*somachán, "Páiste ionmhuin a mbéadh dúil ag 'ach uile dhuine ann." 1184 173.

*sómasach, Compordach, Tá cumadh íontach sómasach, sócmhalach ort do shuidhe ins a chaoithir sin. 472 211.

*sómasán, "Duine neamh-mbuaidheartha ar chuma leis cá n-éireochadh an ghrian air." 1184 173.

*sona, Ádhúil, Ní rudaí sona iad (easóga) le feiceáil ach oiread. 1185 78.  ..go mbéadh droch-dheireadh orthu nuair nach rabh siad agat ó Dhia, ach má fuair tusa ó'n diabhal iad níl siad sona. 1791 467. 

*sonas, Sonas an ghabhair, comhartha (éigin) sa spéir tráthnóna a chiallaíonn báisteach ar an lá na dhiaidh, nuair a tcidhfeá sonas a ghabhair ins a spéir tráthnóna go bhféadtha a bheith ag amharc amach lá thar na bhárach fá choinne lá fearthanna; agus a bhfeictheá breacadh na circe tá athrughadh air. 472 696.

*sonn, Sonn mhná, Sonn mrá, "Bean mhór láidir shultmhar fheiceálach. 1184 173.

*sonraíoch, Inspéise, ina dhíol aitheantais, tá sé sonnruigheach a rádh go bhfuil neadacha.. in achan chrann.. ach thart fá'n áit a rabh teach an t-saghairt. 1170 13.  448.

*sonraíonn, Tugann faoi ndear, bhí an chomhnair 'na luighe ansin agus níor shonnruigh duine ar bith é.. 1538 32.

*sonrú, Tabhairt faoi ndear, bhé sé ag cur sonnrú in a' darna solas.. agus níor chuir sé a dhath síos dó.. 1791 197. 

*sóntach, Saonta, símplí, Bhí an duine bocht sin comh soghantach  agus bhí sé a deánamh indiaidh fios a bheith aige gur leis iad go rabh sé ag gabháil a dheánamh oiread de pheacadh agus dá rachad sé a mhionnadh agus gan é bheith ceart.. 1791 182.  Glasóg, "duine soineannta sodhantach  bog a mbíonn 'ach uile dhuine a magadh air agus a breith buntaiste air" 1184 133.

*sóntachán, Duine saonta simplí, Sodhantachán, "Duine soineannta simplidhe bog gan choir." 1184 173. 

*sop, Sa tsoip, (sa leaba), D'fhan sé i bhfad sa t-suip " níor éirigh sé go moch". 420 213.

*sópa, Galúnach, bhí buachaill 'na shuidhe amuigh agus crap sópa aige, agus gloine agus rásúr.. 472 127.  fuair sé punta sopa  le cuidiú leis, agus buair sé brush agus nig sé agus ghlan sé é. 1343 242.

*sopachán, Tuí mar leaba ar an urlár, cuid eile a dheánfadh soipeachán cocháin daoithe (muc).. 1835 408.

*sopóg, 1. Beart beag tuí, arbhair, roinnt sifíní le chéile, Bhí na sopógaí le fagháil fríd an chruc.. 311 27.  gheobhad siad gloine ar bhucáid phréataí nó ar sopóg chocháin nó ar stoc cháil.. 311 280.  dúirt sé nach rachad sé síos ó'n lafta seo go dtí go gcuiread sé an tsopóg dheirionnach den chochán thairis. 1791 240.  bhéarthaí naoi sifín den tsopóg sin dó.. 1835 8.  bhainfheadh sé sopóg dona fiogacha seo.. 1835 190.

*sothaí, "Duine salach nach bhfuil innealtas ar bith a baint leis fhéin nó le rud ar bith dá ndeán sé. (Teilionn)". 1184 173.

*spadaí, Leisceoir, "Fear fallsa spadanta". 1184 173.

*spadánta, Spadaí, "fear fallsa spadanta" 1184 173.

*spágaí, Spágaidhe, "Duine a bhfuil cosa mór air a shiubhaileas go h-anasta" 1184 175.

*spailleog, Slisne de chloich, cf. speallóg cfat. Shf:, Is de'n charraic an spilleac  "cloch caol fada..chip of the one block". 1184 45.

*spailpín, "A young scamp; a bumptious person". 1184 175.

*spáin, Spúnóg, lán spáine bige 1184 334.  tá spáin bheag.. crochta ar thaobh mo leabtha-sa.. 1184 404.  cupla spáin bhracháin.. 1170 394.  Sfh: Copán is spáin do bhéan ínteacht eile! "..adeirtear nauar a chluintear bean óg ínteacht a bheith marbh.. " 1184 21.  sé'n seórt spáineannaí a bhí acu deánta d'adhmad. 1835 45.

*spáinnéar, Spáinfhear stócaigh, "An rud a tabharann sinne glas stócach air i dTeilionn" 1184 94.  Spáinfhear, "an seórt duine a dtabharfad sinne i dTeilionn glas-stócach air". 1184 175.

*spairn, I gcionn na spairne, (ag troid), Chuaidh an bheirt i gcionn na spáirne.. 472 349.  Tharraing sé claidheamh amach agus chuaidh sé fhéin agus Seónuigh i gcionn na spáirne. 472 689. 

*spalpaire, 1. Spalpaire fir, "fear bréagh láidir graoidheamhail".. Shílidh sé fhéin go bhfuil spalpaire fir aicí, / Ach bhéarfainn-sé an leabhar duit rae fear ar bith aici. " 1184 174.  2. Leath-amadán de dhuine gan mórán tuairim. (Teilionn). 1184 175.

*spás, 1. Seans, fuascailt ama, spásas, nuair a bheirfidh ar stillfhearaí ní thabharfidh spás ar bith díobhtha ach a gcur go Leithbhearr. 472 213.  Ba mhaith liom a dtugtha spás damh go dtéighinn anonn abhaile. 472 505.  tá mé ag iarraidh.. spás cheithre h-uaire fichead a thabhairt damh.. 310 24.  D'iarr Fr. Campbell cúig bhomaite spás air. 310 299.  ag iarraidh air spás a thóirt dó ach go dtiocfadh rud beag urradh ann.. 311 50.  spás thrí mí a iarraidh air.. 1074 10.  2. Gan spás, gan mhoill, Fil: Nó go gceangluighear do chosa le cráibe / Agus bristhear gan spás do dhruim.. 472 252.  'S a Neilí mur bpillidh gan spás / Go mbéidh mé faoi chlár do dhiaidh. 472 488. 

*speanc, 1. Splinc charraige, bhí aige le dhul amach 's isteach ar speancacha agus ar chreagacha nach mbéadh éanachacha an aeir ábalta dhul air.. 472 458.  2. Ga géar solais, má shéid sí (grian) síos agus na speanncannaí ag gabháil síos ins a'spéir roimpí deir siad gur shin aimsir mhaith.. 1791 115.  má tá an dath gorm uirthe agus é roimpí—í cur na speancannaí gorma síos níl sé an-mhaith ach má tá na speancannaí ag gabháil síos aistí agus iad dearg deir siad go bhfuigh tú oíche mhaith an oíche sin.. 1791 115.

*spéir, 1. Scamall, tcídh siad trí spéir dhubha a' teacht isteach ar an uisce. 1185 90.  mur gcaithidh mé fríd spéarthaí an aeir thú, agus thú do mhuineál a bhriseadh ar a theacht anuas duit.. 1184 297.  2. Spéarthaí (geala) an lae, (breacadh an lae), Bhí sin a tarraingt ar spéarthaí an lae agus níor chodluigh sé a'n néall annsin go maidin. 472 241.  ..go rabh spéarthaí geala an lae isteach ar an fhuinneóig..1170 192. 

*spéite, Leata amach óna chéile, bhí dá adhairc air comh spéighte agus nach dtiocfad léobhtha a fhághail isteach ar a' doras. 472 556.

*spíce, Bior rinneach, tá an oiread seo spící iarainn thart ar an bhalla gus níl spíce ar bith acú sin nach bhfuil cloigeann fir air. 1538 7. 448.

*spíd, Gearán, dísbeagadh, locht, is cuma caidé a bhéas le h-ithe ná le h-ol an ar feadh na h-oidhche fágh thusa spíd air. 1185 624.  ..fá choinne spíd a fhágháil ar an bhanais seo. 1185 627. .

*spilleac:*spailleog

*spion, Giúmar, thug mé fhéin fá dear go rabh an-droch-spion uirthí. 1185 128.

*spíonann, Tarraingíonn as a chéile, briseann suas, ba ghrach leo tobaca a spíonadh suas fá choinne é bheith acu.. 1835 402.

*spíontachán, "Buachaill ábalta caol crámhach". 1185 175.

*spíontóg, Cipín, smidirín, chaith sé síos ins na criogacha é (bairrle), agus rinn sé céad míle spíontóg dó.. 1791 257.  bhí oiread power aige-san.. agus go raibh sé ábalta a phioctúir sin a chaitheamh anuas.. agus spíontógaí a dheánamh de ar an talamh.. 1835 40. 

*spíosra, Iol. spíosarthaí, Bhí neart tortha agus 'ach fuile chineál spíosarthaí a' fás ar an oileán seo. 1343 249.

*splaice Lasán, Tharraing fear aca amach bocsa splaicí agus bhuail sé ceann de na splaicí ar a' bhocsa agus dhearg sé phíopa. 472 392.  níl an splaighce a rabh aige nar bhuail sé ar a' chloich.. 472 393. 

*splangadán, "Duine caol árd, léighteach 'san aghaidhe agus cumadh bhreóithte air." 1184 175. 

*spleotán, Píosa, stráice, bhí sé 'na chomhnaí beo bocht ar spleotán beag talaimh. 1538 2.

*spleoitín, ..sé'n spleoitín daor ort é! 310 354.  (is daor acheannaigh tú é!).

*spól, Gléas fíodóra chun snáithe an innigh a sheoladh idir snáithe an dlúith, Bhí achan snáithe 'sa t-seól a briseadh achan am a mbogad sé an spól. 1185 189.

*sponc, Adhann, thóg sé sponc is teinidh chneasa as a phóca agus chuir sé teinidh sa chárnán.. 1184 558.

*spor, Gléas rinneach le sálaibh marcaigh chun ainmhí a ghríosadh, thug sé na spuir dó'n bheáthadhach.. 310 362.  Thug sé iarraidh na spoir a thabhairt do'n bheáthach.. 1791 198.

*spórt, Spórt treise, (comórtas nirt, scile), bhí spórt treise annseo aca.. (rás idir marcaigh ag iompar gloiní biotáille) 472 692.

*spré1, (Mallacht:) "Arú spréaghadh shíorruidhe oraibh!.. nach mór an deifre a bhí oraibh uilig. 1185 286.  "Spréaghadh ort! " adeir sí. "Cad chuige nár ith tú an chuid eile de do shuipeár.. ?" 1185 462.

*spré2, Luach saothair, .. má cuidigheann tusa liom-sa na gealltaí seo a bhaint bhéarfaidh mé spré duit. 1538 124.

*spréann, Leathann, scaipeann amach, bhí scaifte eile fá choinne an líon a spréadhadh.. 1185 192.  tharraineochad siad an chloch mhór seo trí nó ceathair dhe chuarta 'sa mhullach ar an lion seo a bhí spréighte. 1185 193.  .. sluasad fá choinne an fód íochtair a spréaghadh. 1185 420.  spréigh sé ar an haincearsan é agus spréigh sé anuas i mullach a chinn ar an rí é. 472 497.  Nuair a bhéadh an bhraith astoigh aca spréighte agus é triomuighe bhéarfad siad leó 'n mhuilinn é.. 472 687.  spréigh sé'n t-éudach ar a' léuna.. 311 370.  Bhí'n óin spréidhte. 420 221.  thar maoil, faoi thuile.

*spriocáil, Aoireacht, riaradh, Bhíodh cailíní leófa agus iad a' spriggáil agus a coimheád na ba.. 311 21.

*sprionlóir, "Duine cruaidh ceathardha aindeiseach. A miser". 1184 175.

*spruicearlach, Spruiclealac fgb, "Stócach nach mbéadh a chuid fáis deánta go fóill; ach é mór d'á aois". (Teilionn). 1184 175.

*sprúóg, Giota, Spruadhóg talamh. 420 239.

*spuaic, Clog, at, Bhí Cathal a tionntodh na ngéatha agus is cosamhail go dtáinic spuaic bheag ar thaobh gé aca.. 310 333.

*spúnánaí, "Duine a bhéadh a siortú agus a cuartú fríd bhocsaí.. nuair a gheobhad sé ách uile dhuine eile ar shiubhal ó-n teach agus a bhéadh na clúdaigh faoi fhéin." 1184 191.

*sracadh, Neart, misneach Chuir sé luthgháir mhór ar mhac rí na Spáinne agus ar athair nuair a chonnaic siad an spiorad agus an sracadh a bhí in Ó Dómhnaill. 1538 115.

*sráid, Ar an tsráid, (ar an dtalamh os chomhair an tí), Thóg fear acu feadhnóg ar 'ach uile thaobh den bheáthach agus chuir siad síos ar a tsráid í. 1835 22.

*sráideog, Leaba tuí ar an urlár, Chóirigh an seanduine sráideóg dó ar an urlár.. 1185 238.  tug isteach buinnse cotháin agus caith ins a' chlúdaigh annsin é go ndeánaidh an fear siubhail seo sráideóg dó fhéin. 1185 460.  rinn a mháthair sráideóg dó'n t-sagart i gcóirneál a room. 310 336.  Chóirigh sé sráideóg dó'n fhear bhocht.. 1170 192.  eascallán de chochán a chaithead siad i gcois na tineadh dóna daoine bachta a bhíod ag gabháil thart.. mar a deireadh siad héin leis a' tsráideog. 1835 391. 

*sraith, Iol. sraite, (flúirse), Ní scálaí bracháin nó méisigh cáthbhruith / A chleacht mo cháirde-sa i dtús a saoghail / Ach sroite aráin agus sean-im láidir.. 310 321. 

*sramaide, Sreamaide, "Fear a mbéadh cosmhalacht air gur chaith sé bláth a shaoghail 'na chos." 1184 197. 448.

*srannfach, Ní rabh sé sínte ar dóigh ins a' t-sráideóig go dtí go gcluinfeá é fada go leór ar shiubhal a srannfaighe. 1185 462. 

*sraothartach, Sraoth, ..nuair a dheánfadh sí srothfathach  indiaidh pinnse snaoisín. 1184 87.

*srath, Talamh íseal cois taobh na habhann, inse, dá mbéadh an abhainn comh mór agus go mbéad sé amach ar na sratha. 1185 453.  D'fhanochad sé amuigh go dtigeadh an abhainn ar an t-srath—"go bhfluichtaidhe go croiceann é". 1184 39.

*srathair, Srathair an chocháin, srathair bheag éatrom a chuirtí ar dhrom chapaill chun feadhnóga d'iompar, bhain sé srathar  an chocháin daoithe agus na pardógaí.. 1835 22.

*srathnú, 1. Leathadh, ligean amach cothrom, D'fhiafruigh sé díobhtha a dtabharfad siad cead dó a bhrat a shrathnughadh i marc a láin ar a chladach. 472 463.  2. Spré, leathnú, éirí níos leithne, Thosuigh an brath a shrathnughadh.. 472 463.

*sreang, Giúmar, bhí sean-chailleach 'na suidhe thuas ins á chlúdaigh agus í ag cíoradh a cinn, agus bhí an fhuil ag gabhail síos go dtí leac an dorais, agus droch-shreang amach uirthí. 1184 560.  bhí droch-shreang agus dubh-brón mór ar mhac an rí. 1185 96.  bhí íontas mór air fá an t-sreang bhréagh a bhí ar an ghabha.. 1185 370.  Ní rabh seól ar bith orm, "ní rabh sreang ar bith orm". 1184 46.  Dorán, "duine ar furast fearg a chur air, agus ar b'annamh sreang mhaith air." 1184 125.

*sreangán, 1. Córda, Cheangal Brian an sreangán go teannta ar bhéal an tsaic.. 1578 61.  2. Líne, scuaine, d'fhág sé an sreangán agus chuaidh sé suas 'un tosuigh go bfághad seisean a dhéirce roimh an mhuintir eile. 1343 240.

*srince, Giota na Srince, giota feola as brollach ainmhí, éin,chuirtí duilleog cabáiste thart air agus chrochtaí as na rachtaí é, chreideadh go raibh cumhacht ann aicídí a leigheas cf. srince "unbibical cord" fgb), Sé'n t-ainm a mhothaigh mise ar ghiota na feola seo: giota na sraince  -- Bhí sé amach ó'n bhrollach agus is cosúil gur amach ó'n bhrollach a chaithí é bhaint. 1835 (1 as 6 lgh gan uimh idir) 318-319.  cf. feoil na hInide.

*sroicheachtáil, Sroicheadh, (géag) a shíneadh chomh fada le, Chrom sise síos in a chórtha ach leig sí uirthí nach rabh sí ábalta á shroicheachtáil. 1170 453.

*srón, Níor bhain sé méar dá shróin go.. (ní dhearna sé moill ar bith go..), níor bhain muid méar de ar sróin gur shroichidh sin Loch Mhín na Snathaide. 418 263.  Níor bhain sí méar dá sróin gur bhain sí an baile amach.. 418 286. 

 

*sruth, 1. An sruth as a, lena chraiceann, (fluich báite ón mbáistigh), ní sé dea a ghabhail isteach i dteach ar bith agus an sruth le do chroiceann. 1185 503.  Bhí an sruth as mo chroiceann nuair a bhain mé teach an fhir.. 1170 32.  2. Imtheacht an t-srotha 'na mhuilinn leat! "Imtheacht gan philleadh". 1184 35. 

*sruthaí, Srothaidhe, "Duine siúbhalach a bhios a gcuid mhór áiteacha, ná cheart dó a bheith, agus a thig i dtír bunadhas an ama ar dhaoiní eile." 1184 177.

*stabálann, Sánn (le huirlis biorach), nuair a stabáil a forc

brollach a bheathadhaigh thug a beáthadhach léim.. 310 362. 

ní rabh áit a rabh ualtach feamnaigh nár stabáil siad síos uilig. 1791 79.

*stáca, 1. Stacán, maide trom, Seamhait an stáca seo.. bhris maide faoi'n chómhnair thiar udaí.. 472 247.  2. Thuas ar stáca an mhargaidh, os comhair an phobail.. Ba chuma liom mo ghroithe a bheith thuas ar stáca an mhargaidh. "Ba chuma liom cé h-aige a m'béadh fios mo ghroithe" 1184 19.  3. An méid a chuirtear suas i ngeall (<stake), Dubhairt sé leis an fhear eile go ndúbálfad  sé an stáca. Dhúbail. 1032 2.  4. "Bean caol árd". 1184 177.

*stad, Stad mara ná cónaí, (stad ná staonadh, moill ar bith), chá deárn sé stad mara ná comhnaidhe go dtáinic sé fhad le caisleán an fhathaighe. 1185 573.

*stagún, "Duine stubrúnta gan sásamh". 1184 177.

*stáid, Stáid na fola, "track or path of the blood". 420 230.

*staidéar, Machtnamh, nuair a bhí mé 'mo luighe ar mo leabaidh.. rinn mé staidear  ar an dream daoiní a dtáinic an fear thiar díofa.. tháinic sé de dhroch rása daoine. 1538 89.  má chuireann tusa do chroí agus do staidear  ins an éadach seo a bhí ar a bhóthar, bhí ar a ród ná bhí ar a bhealach mhór is cuma caidé tá leat tá sé ag gabháil a do shábháil. 1835 193.

*stan, Suíomh, Fuaidh suas annsin agus seasuigh ina a' stan' céana a rabh sí (colpach) ceangailte roimhe sin. 311 165.

*stangadh, Bogadh, géilleadh, ..gluaisteán ná rud ar bith a chur treasna ar sin leac oighre), chá rabh sé ag gabháil a bhaint stangadh amach as. 1791 102. 

*stangaire, 1. Duine leisciúil, gan mórán fuinnimh, Tá oiread ag an stangaire anois leis an mhangaire .."gur doiligh an diofar a aithne eadar an fear bocht agus an fear saidhbhir.. " 1184 34.  2. Duine teann, ceanndána, míchuíosach, Stangaire, "Duine deánfasach a chaithfeas a dhóigh fhéin a fhágháil". 1184 177.  3. Rinneadh stangaire de, (baineadh siar as,rinneadh staic de), Rinneadh stangaire daoithe i n-áit na mbonn, agus chá rabh sí ábalta labhairt.. 1170 403.  chonnaic sé an dos mór glas a fás amach aistí agus nuair a chonnaic sé sin rinneadh stangaire de.. 1170 432.  448.

*stainnín, Both, cuntar díolacháin (ar aonach), bhí locht na stainíní cruinn agus iad a cur suas a gcuid stainíní.. 472 392. 

*starraiceadán, Stiorcadán  "seems to mean peak". 420 270.

*startálann, Tosaíonn (fostaíocht), Startáil sé ar na "conditions" ceádna.. 472 21. 

*steafóg, 1. Bata láidir, thug leis steafóg de bhata.. 472 296.  bhuailfinn-se buille de'n sticín, de'n bhlitín / De'n steafóig chaol chróin / Nó de'n bhonnsóig fada mhór.. 1170 21.  2. Dos craobhach?, cf. "a branch..(Don.)" Dinn. sv. stafóg, Bhí cat fiadhain a' bith annseo le fada. Bhí neart acu ann roimhe seo, ruball dosach agus strafóg a' fás as a bhárr. 311 57. 

*steagráil, Siúl guagach barrthuisleach, chuir sé bunadh Chorr na gCoileán ulig ar meisce, 's 'a staggeráil 's a' hooháil 's a reachtáil. 311 601.

*steall, Taoscán, thug sí steall uisce beatha domh i gcopa.. 1185 151.  bhíodh soitheach múin aige agus achan chuathramh uaire chaithead sé steall de ar an t-snáth.. 1185 188.  Chuimil sé steall de'n íocshláinte thart air.. 1185 252.  go dteárn siad réidh steall tae.. 472 485.  Achan steall a gcaitheadh sé.. ligeadh an boc a bhí thuas béic as. 1791 433. 

*steallann, 1. Teascann, gearrann, Tharraing Jack an chlaidheamh annsan agus steall sé an ceann de. 1184 274 . chá rabh fear..nach rabh sé a' stealladh an chinn de. 1184 454.  steall sise an ceann de leis an chlaidhimh. 1184 460.  cá deárn sé ach breith ar an t-siosúr agus steall sé bárr na méire de fhéin. 1184 526.  steall seisean an mhéar dó fhéin. 472 335.  bhéarfad sé leis cloch agus steallfad sé na báirní dena creagacha.. 1835 344.  2. Caitheann, Bhuail sé cragán ar an mhadadh a bhí i gcionn a toighe agus steall sé suas 'na tineadh é agus thug sé an darna iarraidh ar chathaoir.. agus steall sé síos 'un dorais í. 1578 66.  chá deárn sí ach greim dhá choise a bhreith air agus steall sí isteach 'sa chórtha é.. 1170 453. 

*steipeálann, Tógann coiscéim, nuair a bhí an cage (ardaitheoir) ag imeacht stepáil siad amach de.. stepáil siad siad amach den chage ag chage, agus chuaidh an cage síos tharstú.. 1835 313.

*stiall, 1. Tamall, deánfaidh mé cleas beag a chuirfeas thart stiall de'n oidhche. 1185 620.  2. Cuid, píosa (bainte as), sceith stiall mhór amach as taobh an Earagail.. 1791 307. 

*stiallann, Réabann, gur stiall sé agus gur stróc sé a chuid feola.. 1791 304.

*stifeáil, Forlíonadh craicne, seithe chun cosúlacht an bheo achruthú, sé an rud a dheánfain leis (corp) á stifeáil, agus d'fhágfainn ins a' teach é.. 1184 384. .

*stifeáilte, Righin (sna cnámha),, dá mbéinn comh stifeáilte agus atá mé anois.. 1184 250.

*stioc, Braon, níl a'n stioc gheal bhainne.. nach bhfuil goidte ar shiúl uilig go léir.. 1835 115.

*stiocaire, "Duine truailligh aindeiseach, ceathardha". 1184 177.

*stíoróip, rinn na stioraip tormán.. 1184 432.

*stil, Gléas chun poitín a dhéanamh, bhí still ag 'ul ar aghaidh thoir.. 472 391.  chuirfeadh sé a lámh thart eadar ceann na stilleadh agus an still.. 472 391.

*stiléar, Duine a dhéanann poitín, nuair a bheirfidh ar stillfhearaí ní thabharfidh spás ar bith díobhtha ach a gcur go Leithbhearr. 472 213.  bhí Dómhnall.. na stillfhear mhór agus beireadh air.. 472 213. 

*stiléireacht, Déanamh poitín, ní rabh a dhath ag 'ul ach stillfhearacht.. 472 213.

*stileoir, Déantóir poitín, Ba ghrách leis an fhear a bheith ar shiú a deánamh an phóitín—ná stileoir millteanach a bhí ann.. 1791 186.

*stiugann, Éagann, siúchann (ainmhí), Scaoil fear acu le geárrfhiadh agus loit sé é, agus chuaigh an gearrfhiadh trasna an bhádhbhúin agus stiug sé ar an taobh eile. 1578 33.  Bhuail siad oiread air agus gur luigh an creatúr síos agus stiug sé. 1578 51.  go rabh beáthadhach eallaigh aige a bhí indiaidh stiugadh agus gur mhaith leis á cur i bpoll.. 1170 33.  chuir sé grainín de'n t-salann ina corp, agus chá rabh ann ach go rabh sé slugtha aicí ghur shín sé amach na ceithre cosa agus gur stiug sí. 1170 198.  a' stioc, "dying". 420 245.  le caora ná ainmhí ar bith eile a stiucfadh amuigh ar an chroc. 1835 418.

*stoc, Stoc cháil, (ceann cabáiste), gheobhad siad gloine ar bhucáid phréataí nó ar sopóg chocháin nó ar stoc cháil.. 311 280. 

*stocaire, Duine a thagann gan chuireadh, slíomadóir ag lorg traet, Caidé atá ann.. ach stocaire. Cuirigidh 'na shuidhe é.. i gcuideachta na mbuachaillí óga. 1185 625.  Fil:, Bhéarfainn díbh (cailíní) comhairle bhur leasa / Gan a bheith ag ól ar na h-aontaigh le stucaire / Nó béidh sibh go brónach ar mur leabaidh. 472 433.  Stucaire, "Duine a rachadh 'un cuirme gan chuireadh agus nach mbéadh fáilte roimhis, an uninvited and unwelcome guest at a party. " 1179 179.

*stodaire, Dodaire fgb, "Duine a bhfuil grinnc mhí-shásta air i dtólamh. A sulky person". 1184 177.  448.

*stoicín,Bata beag, Ach bhuailfinn-se buille de'n sticín, de'n bhlitín / De'n steafóig chaol chróin / Nó de'n bhonnsóig fada mhór.. 1170 21.

*stól, (?) Caithfidh muid (mná sí) fághail isteach agus an stól ar chúl a chinn. Dubhairt sise nach rabh stól ar bith ar chúl a chinn annseo, agu imtheacht agus a thógail(?). 472 302.  (teacs easnamhach ní foláir.. "an stól faoi mhuinéal sagairt?...bhain sí an stól de??.

*stópa, 1.Buicéad adhmaid, Thóg sé lán stópa de'n uisce.. 1185 606.  gan dóigh air stópa amháin de a thógáil ní h-é amháin an tobair a bheith taomtha tirm.. 1185 606.  Bhuail sé an stópa ar thaobh an chlaidhe agus rinn sí cláraí de. 1185 617.  bhí fear nach rabh aige ach lán stópa do scoilteáin.. 311 94.  bhí cailín a' teach anuas a' t-sráid agus stópa uisce léihi.. 311 113.  thug sí léithe amach stópa abh bhligh sí í, agus líon sí an stópa amach go béal. 1170 170.  2. Coimeádán mór adhmaid bhí stópa mór ádhmaid acu agus bhí sé fhonnsa.. agus bhí dhá pholl ins a' stópa seo agus bhí lámh ádhmaid ag gabháil fríd.. chaithead siad isteach na naoi mbucóid uisce ins a stópa seo.. 1835 385.

*stopaithe, Strangual, stopadh fuail ar, Ba ghráthach leobhtha á tabhairt (gairleog) do bha fad ó shoin a bhíodh stopaidh'.. 1185 406.

*stopallán, 1. Gléas stoptha, dama ar béal poill, buidéil, abhann etc., Chuirthí corc ná stopallán ins a bhuideal seo.. 1835 302.  nuair a bhéadh na stopalláin sin deántaí acu chuiread siad ins na haibhneacha iad.. 2. An poll, dama a dhéantar nuair a stoptar an t-uisce, ..agus ansin ba ghrách leo uisce a thabhairt leo as na stopalláin seo agus ba ghrách leo bucóidí uisce a líonadh, agus bhí cuid acu seo a bhí acu le caitheamh ar bhárr talaimh. 1835 398.  Bhí oiread dóchais acu as stopallán an uisce sin agus gur mhothaigh siad agus go rabh fhios acu go rabh an t-uisce seo, má mhothaigh tú iomrá air an áit ar nigh Ár Slánaitheior é héin chóir a bheith go rabh siadsan ag cur síos an rud chéanna dón stopallán a'n uair amhain a bhfuighead siad an tobar mór seo cruinnigh'.. 1835 399.

*stopann, Fanann, cónaíonn (i), chuaidh sé a' stapadh  i dteach coitéire a bhí ag an athair.. 472 156. 

*strácáil, 1. Tarraingt (le dua), bhí sé a strácáil léithi ag iarraidh an sciorta a thabhairt aníos, agus bhí oiread strácála uirthí agus gur thit a cóta beag na luí ar a bhealach. 1791 386.  amharc an strácáil atá aici.. ag iarraidh an sciorta sin a thógáil agus nach iomaidh do do leithéid a rachadh anonn agus a thógfadh an sciorta do'n bhean sin. 1791 387.  2. Strácáil (oibre), (straidhn chun oibre), ".. fá dhuine a mbéadh an-strácail  aige ag obair agus a mbuailfeadh pian nó tinneas nó rud ínteacht é.. " 1184 23. 

*straip, "Bean gan náire, a harlot". (Teilionn). 1184 177.

*strambaí, = Strambánaí fgb, Striombaidhe, "Duine atá i gcomhnuidhe mall ag 'ach sheórt dá bhfuil ag gabhail". 1184 179.

*straoill, "Bean anasta ina cuid éadaigh—cifleógach agus salach go minic fosta". 1184 177.

*straoilleamán, =sraoill fgb, Stríleamán, "Duine caol ár a bhéadh i gcomhnuidhe critheaglach". 1184 179.

*streabhóg, Cailín uaibhreach deiliúsach, "Seanfhocal: Is minic a bhí rath ar raipleachán agus a chuaidh an streabhóg 'sa dul amudha." 1184 153.  "Cailín árd-cheannach uaibhreach. A proud damsel " 1184 177.

*streachailt, Streachailt an tsaoil, (tarraingt le dua ó ghach aoinne), streachailt an t-saoghail aige ag iarraidh greim bidh .. a sholatar daobhtha.1184 91. 

*streachlán, "Fear fada leadránach, a tall lanky person". 1184 179.

*strealltracha, (A.bhr.) stealladh (gáire), má innsigheann tú scéal acú seo daobhtha 'sé'n rud a rachas siad a stealltracha gháiridhe ort. 1185 355.

*streamaid, Buille, bhí bata leis abus bhuail sé a'n streamaid amháin uirthí. 1185 438.  bhuail sé cupla streamaid ar an bhó.. 1185 438.  tharraing sé a'n streamaid amháin de thaobh an gheafta oirthí.. 418 72.

*streancánacht, Streancánacht chaointe, (pusaíl ghoil), Bhí sé iontach cianach, agus é i gcómhnaidhe.. a strioncánacht  chaointe. 418 256. 

*stríoc, Líne, clais éadrom, gheárr sé stríoc rompú ins a pháirc. 472 400.

*striog, Deor beag, chuaidh sí a bhlighe an ghabhair agus dá mbéadh sé faoi ó shoin ní thabharfad sé a'n striog bhainne daoithe. 1538 42.

*strócadh, Stracadh, griothalán fuastrach, tarraingt le dithneas, Thóisigh an t-ól ansin agus thoisigh an strócadh ar shiúl fríd a' bhaile agus canna agus cupa leofa. 1791 79.

*stróic, 1. Buille. Fil:, .. bhuail seisean stróic ar a' mhadadh.. 472 430. 2. Greas, d'imearfainn stróic leóbhtha ar tháipleasc chaoin / Chuirfinn ar na dís iad a h-aon agus a dó aca.. 310 341.

*stróiceann, 1. Stracann, réabann, a gheárradh géaga agus a strócadh chorp an chrainn.. 1185 373.  Sfh: Níl san náire ach clóca, is fada ó strócadh é. 1184 25.  2. Stróctha stiallta, (stractha as a chéile, ina ghiobalacha), Ní rabh snáithe ar bith oirthí nach rabh stróca stiallta daoithe fríd na crainn. 472 88.  ní bhiodh toinnt éadaigh ar aon duine acu nach mbeadh stróchthaí stialltaí achan uile dhóigh. 1791 186. 

*strompán, "Duine beag suidhte, daingean láidir i gcumadh". 1184 177.

*stróinse, "Duine fallsa gan mhaith". 1184 179.

*struipeálann, 1. Nochtann, Ach stripeáil a' bheirt agus rinn a' bheirt a' mhalairt fá dtaobh do chulaith 'n éadaigh. 472 257.  strippáil a' fear abhí leis é agus bhí sé scaoilte trasna fríd.. 311 243.  2. Feannann, Thug sé leis scian mhaith feóla a bhí aige agus stripeáil sé a (bullán) leis agus bhain sé ceathair ná cúig dhe phunntaí mhaith feóla amach aistí.. 1184 519.  3. Baineann díon, cluadach de, d'iarr sé ar an fhear seo.. a gul amach agus cruach airbhir a strippáil.. Bhuin siad a' tuighe do'n chruaich.. 311 395.  nuair a ba ghrách leo a theacht fríd Ghreenlaw agus na corráin stripeáilte leofa.. 1791 217.  thoisigh siad a stripeáil agus a bhaint a' talaimh amach, agus bhí an chlaidhimh sin a fuair siad. 1791 308.

*stuacán, "Duine ar furast fearg a chur air". 1184 179.

*stuaim, Tugann go dtína stuaim é, (baineann meisce, mearbhall, de), má bhí sé ólta héin thug sé go dtí n-a stuaim é. Ach indiaidh a thabhairt go d't n-a stuaim héin agus an t-amhrán a bheith oghlaimnithe aige.. 1791 458. 

*stuaimse, Stuaim, suaimhneas, Ní thiocfadh stuaimse a bith a chur innti, " She couldn't be pacified". 420 219.

*stualaire, "Cailín a mbéadh uaill inntí agus nach mbéadh comh géar le duine eile (Teilionn)". 1791 179. 

*stubálann, Glanann, stoitheann, Bhí an áit s'againne uilig lán tor ins an am sin, agus mise mé fhéin a stubáil amach iad.. 1185 73.  Fil: A' treabh talamh agus a' stubbáil le iarann glas.. 311 47.  cf. stabálann

*stubrúnta, Ceanndána, "Cailín stubrúnta dána dolba." 1184 109.  Stagún, "Duine stubrúnta gan sásamh". 1184 177.

*stucann, Déanann stucaí de, Tá daoine ann a bhéarfadh gealach na gConnlach ar an ghealach a bhéadh ann nuair a bhéadh an fomhar bainte agus é stucaigh  amuigh ach.. 1835 187. 

*stúraí, "Stúraidhe, "Duine dolba gan mhúnadh gan stiúradh". 1184 179.

*sú, 1. Sú craobh, (tor le caora dearga inite a fhástar coitianta i ngarraithe; na caora a fhásann air), bhí gárraidhe súgh craobh ag Murchadh Mór. 472 535.  2. Anraith, deoch a dhéantar nuair a bheirítear nó a scalltar rud ar uisce, Thoisigh siad a dh'ithe na nduilleogaí agus an sugh abhí ar na duilleogaí bhí siad á chaitheamh uatha. 1835 255.  bhruithead siad é agus d'ólad siad an sugh 'na léas ar chuid mhór galar..1835 179.  an béile a bfheárr a bhí acu.. súgh an chathfraith agus an t-arán. 1835 322.  go muirbhthí cearc le braon sugh a dhéanamh dán té a bhí tinn. 1835 440.  3. Is glas a shúgh duit, is beag an mhaith duit, "it is little enough for you (to get that)". 420 265. 

*súáilce, Dea-thréith, cneastacht, cineál de dhuine gan subhailce. Ní rabh an chainnt fhéin aige. 1343 279.

*súáilceach, Mín, cneasta, Bhí sé a deánamh go rabh an tarbh comh suaimhneach agus comh subhailceach agus nach mbainfeadh an tarbh leis. 1791 303.  Bhí cuid acu 'na ndaoini an-subhailceacha thar an chuid eile.. 1343 279.

*suaileáil, ?Ceangal timpeall le córda, B'éigean dona Baoighilligh tionntach isteach agus twine a fhághail ins a' bhaile mhór Chonnachtach go bhfuair siad a' ramha (briste) a sweeláil agus cuaichthe suas. 311 467.

*suaimhneas, Suaimhneas farraige, (ciúnú, calm ar fharraige), Nuair..fuair Mac rí na Gréige suaimhneas fairrge thug sé a aghaidhe ar an bhaile.. 1343 454.

*súch, Súch sách, (sásta, meidhreach de bharr ól agus ithe) D'ith sé agus d'ól sé agus nuair a bhí sé sughach sáthach cuireadh a luighe é. 1185 232.  Nuair a bhí siad go sughach sáthach indiaidh 'ach fuile chineál aráin a rabh ann a ithe.. 1185 450.

*sudairlín, Sort císte, " seórt tuirtín". 420 217.

*súgach, Drabhlásach, thiocfad siad isteach agus chaithead siad oíche shúgach agat, agus dá mbeitheá d'fhear dheánfad sé bean de héin go dtí go ndeánfad sé oíche shúgach ag an fhear.. 1791 504.

*súgán, 1. Rópa tuí, na súgáin fá choinne an tuighe a choinneáil síos.. 1791 92.  2. Sugán  ordóige, " súgan deánta gan chot-shugán." 420 216, (<cochán?). I sop cotháin nó féir a ba ghráthach le bunadh na sliabh a gcuid éisc a thabhairt abhaile .. Ní rabh málaí nó páipeairí farrsaing agus chasad siad súgán órdóige agus cuiread siad an t-iasc isteach ann. 1184 37.

*súgradh, 1. Suirí, Cha rabh.. mé a súgrú léithe a chor a' bith.. ach ise.. a bhí a súgrú liomsa. 1791 227.  sé 'n notion a bhí aige héin agus a bhí in inntinn go rabh fear eile a súgradh lena bhean. 1791 453.  iad ag gáiridh agus a rá caidé dheánfad siad leo, leis na mrá fá choinne a ghabháil a shúgradh leo.. 1835 139.  2. Ag coinneáil súgraí leis, (ag coimeád cuideachta leis), d'fhág sí an fear seo ag coinneáil sugraí  leis. 1791 228. 

*suí, 1. Cuireann ina shuí, (ruaigeann as gnás), bhí siad ar thuairisc áite a dtiocfadh leóbhtha gearrfhiadh a chur 'na shuidhe. 1184 529.  Bheir sé ar chrapán cloiche agus chaith sé isteach 'sa toim í, agus.. bhí an gearrfhiadh 'na shuidhe agus ar shiubhal leis. 1184 530.  chuir na Fianna eile madadh allta mó 'na shuidhe agus iad uilig ar shiubhal 'n dhéidh..311 325.  2. Ina shuí (go maith, go láidir, go te..) (go maithas, i staid chompordach), Nuair a tháinic a'sagart ó amach as a choláiste bhí athair agus a mháthair 'na suidhe go láidir. 472 53. Bhí buachaill eile sa chomhursain a bhí 'na shuidhe go te téagurtha, agus thit seisean i ngrá leis an darna bean. 1578 19.  Chuaidh siad a dh'éad léithe sa bhomaite chionnus go rabh sise 'na suidhe ní b'fheárr ná bhí siad héin. 1538 45.  3. An dara suí sa bhuaile, (an dara rogha), Ní rabh an dara suidhe sa bhuailidh ann ag fear Chúigeadh Uladh an beáthadhach a mharbha.

*súil, 1. Ag cur amach a gcuid súl, "doing their utmost". 420 222.  2. Is mó a shúile ná bholg —"An t-é a shílfeadh go rabh ocras air agus nach mbéadh.. 1184 39.  3. Súil nimhe, drochshúil, tá droch-shúil acu fosta mar deir siad héin le súil nimhe. 1835 120.  Bhí súil nimhe ag Balor. 1835 416.  4. Ar an tsúil aige, (i réim radhairce aige, gairid uaidh), Ó tá Lá Fhéil Pádraig ar a' tsúil againn agus béidh an aimsir a bisiú gan mhoill. 1835 273. 

*súilín, Súilín buí, (Chrysanthemum segetum), nuair a ba cheart dó bárr a theacht air chá dtigeadh a dhath ach moll lustáin  agus súilín buidhe. 1074 6. 

*suim, ní chuirim suim ar bith annsin .. Creidim nach bhfula'n nduine ar an t-saoghal seo nach mbíonn a thrioblóid fhéin air.. 1185 469.  (Ní dhéanaim aon ionadh de sin.. )

*suinc, Lintéir (le haghaidh múnlaigh), bhí an t-eallach .. ceangailte thíos i gcionn a' toighe, agus bhí suinc ag tóin eallaigh.. 1791 253.

*suíochán, Suí comhairle, Bhí suidheachán acu aréir, "They held a council last night." 420 227. 

*suíonn, 1. Fanann na shuí (gan dul a chodladh), ní shuidheann sibh-se go ró-mhall ins an oidhche.. 1185 506.  2. Ligeann ar chíos, fuair sí Conall a mhealladh 'san Earrach an áit a shuidhe agus an bárr a bhí aige a dhíol.. nuair a bhí deireadh díoltaí aige, agus an áit suidhtí aige.. 1538 52.

*suite, 1. Curtha, ligthe, d'fhág mé an teach agus an talamh suidhte ar cíos. 1185 158.  2. Greanta, maisithe, Fil: Bróga árda faoi do shála 's iad suidhte le h-ór.. 311 366.  3. Íseal, téagartha,, Strompán, "Duine beag suidhte, daingean láidir i gcumadh". 1184 177.  Tonacán, "Duine beag suidhte íseal daingean, a stout low-sized person". 1184 181. 

*suirí, Gnéas-shúgradh, cúirtéireacht, Bhí tráthnóna brea suirighe againn.. Bhí mise a' suirighe le bean acú, agus bhí an rí óg seo a suirighe leis an bhean a ba deise acú.. 1185 92.  B'fhéidir go bhfeictheá a suirighe iad (préacháin), .. ach rachaidh siad a chruinniú na mbrosna ar an chéad lá de'n mhí. 1835 270.

*sultmhar, Pléisiúrtha, Sonn mrá, "Bean mhór láidir shultmhar fheiceálach. 1184 173.

*suncáilte, Curtha (faoi thalamh), Tá lán craiceann searraigh do óir sincáilte  ar a mholaidh i Mín a' Dubháin.. 311 169.  fuair siad suncáilte síos ins a' chaorán é.. 1791 316.

*suncálann, Cuireann (faoi thalamh), bhí cuid den im seo.. agus shuncáilthí síos in a chaorán é.. 1791 316.