An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 T

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus cuir réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc

 *tá, (Mar threisiú deimhnitheach ag tús fhreagra), "Goidé deánfá leis an fhear a rinn sin leat?".. "Tá bhéarfainn punnta dó.. " 472 690.  "Goidé 'n t-acht sin nach bpósann tú mé?".. "Tá lá ar bit a dtuitfidh muid amach.." 472 721.  chuir sé ceist ar Fheidhlimidh Cham caidé rud sin. "Tá", ar'seisean, "sin bonnóg aráin choirce." 1538 74.

*tábhachtach, 1.Cuí, creidiúnach etc. Shíl mé nach rabh a'n nduine i n-Eirinn a bhí comh tábhachtach liom nuair a fuair mé an chulaith úr. 1185 164.  2. Éifeachtach, cúramach etc. Bhí siad 'na gcailíní íontach deas, maith ag obair, tábhachtach fán teach.. 1578 18.  Is tú is críonna agus is tábhachtaighe atá le fágáil fá'n bhaile. Tá agam-sa le ghabhail amach .. fá choinne gléas faire.. 1185 264.

*tabhairtiste, Tugtha, ..nuair a bhéas na fir tóirtiste ar shiubhal ag an chogadh. 311 37.

*taca, I dtaca le, (maidir le), .. i dtaca le dorais agus galantacht eile de chá rabh tús nó deireadh air. 1170 454.  i taca liom-sa dó, mise an bás agus cuirfidh mé órdóg ar 'ach uile nidh. 1538 121.  I dtaca le talamh do, "as regards land". 420 237.

*tachrán, Leanbh, bhí bean na suidhe i gcois na teineadha agus tachrán ar a glún.. 1184 256. Tá mé pósta uirthí anois thaire bhliadhain agus seo an chéad tachrán. 1184 365.  do bhean ar bith a bhfuil tachrán ag gabháil a bheith aici.. 1791 94.

*tacúil, Gustalach, ní rabh siad ró-sháidhbhir nó ró-thacamhail. 472 221.

*tagall, Trócaire, go mbfhéidir go gcuirfead sé 'un báis é gan ceathracha anama ná tagall. 1184 295.  muirbhfidh siad thú gan ceathrú anama ná tagall a thabhairt duit. 1538 132.

*tagann:*tarann, 1. Tagann de, (tuirlingeann de), Tháinic Murchadh daoithe (pónaí) agus chraith sí í fhéin go maith. 1184 405.  2.Tarann le, (aontaíonn, réitíonn le, bíonn sásta le), Ba chuma caidé adéarfadh an rí, chaithfí a theacht leis.. 1185 17.  rinn sé amach nach rabh an t-athair agus an mháthair a teacht le chéile. 1185 294.  ach go bé mise bhéadh deireadh caillte agat ar scor ar bith, agus tar le a bhfuil agat anois. 1170 10.  Sfh: Labhair focal nó dhó is mar dtaitnigh leat tar leo. 1184 68.  chan fhuigheá a dhath de sin ach do sciar agus nuair a gheobha do sciar dó chaitheá 'theacht leis. 1835 202.  3. Tagann go dtí é, (cinneann air), cuireadh goiste ortha i Lonndúin, agus sé'n rud a dtáinic an goiste go dtí é costas an "Wasp" a chuir ar Chonndae Dhúin na nGall. 472 460.  4. Tagann.. fríd, (ritheann (smaoineamh) chuige), Tháinic sé fríd a smaichtín fhághail agus a mharbha, ach smaoitigh sé ar a chomhairle. 472 704.  5. Tagann isteach ar.. (faigheann.. (áit) i rás, Tháinic beáthadhach an rí isteach ar an darna ceann.. 1538 113.  Chuaidh Ó Domhnaill amach mar marcach ar bheáthadhach an rí, agus tháinic sí isteach ar an chéad cheann. 1538 113.  6. Tagann aníos le, (solathraíonn, cuireann ar fáil), .. dhá phunnta feóla a gheárradh amach as a dhá thaoibh mur mbéad sé ábalta a theacht aníos leis an ór. 1538 129.  féach *tarann. 7. Thiocfadh leis, (d'fhéadfadh sé), ..sneachta na Féil Bríde a dtiocfad sé anocht, thiocfadh leis a bheith ar shiúl ins an oíche amárach. 1835 220.  8.Tagann isteachfíor, (tarlaíonn mar a tuaradh), Bhí daoine leagtha amach nuair a rachadh na coinnle seo faoi n-gcionn go rabh siad ábalta tionntó thart agus an bhroinglóideach a rinn siad.. bhí sí a gabháil a theacht isteach fíor. 1835 293/4.  

*taighim, Tabhair dom, "Taighim", adeir sé, "le do thoil an maide briste". 1185 465.  Taighim stiall de'n fheóil sin.. 1538 137.

*táille, Luach, praghas a ghearrtar ar rud, chuir sé ceist uirthí caidé'n táille agus táille an bhricfeasta ar maidin, agus dhíol sé ar son na beirte. 1538 37

*táimhirlín, Táimhín fgb, Taidhbhirlín, "Duine a bhéadh a snámh thart ó áit go h-áit agus nach mbéadh fhios ag duine ar bith caidé a bhéadh faoi". 1184 181.

*tais, Taibhse, Shílfeá gur tais a chonnaic tú.. tá tú comh snoighte bán sin. 1170 399.  bhí siad a deánamh gur a thais a bhí a' teacht arais.. 1791 326.  Chonnaic siad an tais s'aicí ag imeacht chionnus go rabh bean úr a teacht isteach ina háit. 1835 300.

*taiséadach, Éadach ornáideach a chuirtí ar chónra, chuirthí cumhdach brass thart ar na cóirneáil agus ansin chuirthí éadach buí uirthi, agus bhéarfad sian an tais-éadach ar sin agus sin a rabh ag gabháil ar na comhanracha an t-am sin. 1791 68.

*taisme, Timpist, mí-ádh, le é shábháil ar gach fuile nidh agus ar gach fuile urchóid agus ar gach fuile thaisme.. 1835 289.

*taismeach, Mí-ámharach, truamhéileach, Mo Sheán bocht.. nach taismeach a d'éirigh dó. 1185 270.

*tairbhe, De thairbhe, (a), ó thaobh, maidir le, Bhail, dhe thairbhe díolaidheachta.. níl díolaidheacht ar bith le fághail agam-sa.. 1185 481.  deir siad 'e thairbhe am mhurdaróir, nach bhfuil na súile druite in am ar bith ag an mhurdaróir.. 1791 234.  (b), de bharr, de dheasca), Shiubhal bean dona Fianna an fhairrge uilig go dtainic sí go Horn Head agus báitheadh ansin í do thairbhe doimhneacht. 311 40.  Stop sé i dteach na comhursana dhe thairbhe an ólacháin,agus d'fhan sé go maidin. 1170 53.  cuireadh 'na phríosúin iad 'e thairbhe gan iad a bheith ábalta an cháin a dhíol. 1791 81.

*tairgthean, 1. Tairscint, char mhaith liom iad a thairgthean do'n mhuintir atá ag gabháil thart anois. 1791 26.  2. Cuireadh, chuir an bhean seo scéala aníos fhad le fear d'a cuid deártharacha a dhul síos chuicí a chuartaidheacht. ar ndóiche bhí luthgháir ar an deárthair an tairgthean a fhághail.. 418 266.  

*tairngire, Duine cabanta seanchríonna. Tárngaire, "Duine sean-aimseardha críonna; páisde a bhéadh ró-shean-aimseardha d'a aois". 1184 181.

*taitbheal, Taitneamh, sástacht, In mo thaitmheal , "pleasing to me".

*talamh, 1. Talamh a sheasamh, (an fód a sheasamh; gan teicheadh),, Smaoitigh é nach rabh a dhath dhe mhaith domh teicheadh go mbfheárr domh mo chuid talaimh a sheasamh. 1184 414.  2. (Fad) talaimh, (fad) slí, bhí agams-sa le ghabhail 'na bhaile míle talaimh fá choinne ceann de na dulacha seo le cur i mbéal an phoill.. 1185 76.  é mórán de leath-mhíle talaimh amach rompú. 1185 194.  thug siad míle talaimh é. 1579 213.  3. Baile talaimh, (a) (baile fearann) tá baile talaimh annseo 'sa chomhursantacht agam ar b'ainm dó Leitir Fada. 1185 431.  tá fhios agam an baile talaimh a bhfuil sé 'na comhnaidhe ann.. 1185 274.  (b), Feirm talún, chonnaic sé go rabh baile talaimh le díol agus smaoitigh sé gur cheart dó an baile seo a cheannacht. 1185 437.  go mbfeárr domha ghabhail agus an baile talaimh seo a roinn. 1185 465. (:*baile) 4, Cré, clocha etc., thoisigh siad a stripeáil agus a bhaint a' talaimh amach, agus bhí an chlaidhimh sin a fuair siad. 1791 308.

*tamall, Tréimhse níos lú ná gnáth-lá oibre, fuair mé fir thall is i bhfos tamalltannaí agus rith lae i n-ammannaí.. 1185 146.  

*tamhach, Támhach táisc, (gleo, fotharaga)., thoisigh an trup agus an tormán agus an támhach táisc agus nuair a d'éirigh siad uilig ar maidin bhí an caisleán deánta réidh.. 1184 573.  mhothuigh sé an callán agus an támhach táisc.. 472 291.  Éireochaidh an támhach-táisc fríotha agus toiseochaidh an caoineadh aca.. 472 464.

*tanaíocha, Níos tanaíochta, níos tanaí, níos éadoimhne, 'áréir mar bhéas siad a deánamh an chaoráin níos tanaíocha béidh sé (im portaigh) síos agus beithear á chastáil air go leor go fóill.. 1791 317.

*tanaíste, Tanaithe

*taobh, 1. Taobh tíre, (ceantar, lucht an cheantair), d'iomparuighead siad leó an fiabhras ó theach go teach go mbéadh taobh tíre cragtha. 1074 8.  2. Fá dtaobh de, (a),(timpeall air, thart faoina chorp), bhí seithí leis an fháthach ann a chas sé fá dtaobh de fhéin. 1185 567.  an cóta a bhí air a thabhairt daoithe go gcuachad sé an cóta thart fá dtaoibh daoithe fhéin 472 88  braithlíneacha fa dtaobh do mar ba chóir do chorp a bheith. 311 459.  (b), Mórthimpeall, maguaird, D'amharc sé fá dtaobh de go bhfeicfead sé a bhfuighead sé arm.. 1185 563.  Chruinnigh na cómharsanaigh fa dtaobh dó.. 311 459.  d'áirmhigheadh an seanbhunadh ariamh anall go rabh sé uasal, agus go mbíodh na daoine beaga fá dtaobh de. 1170 59.  ( c), ( Mar gheall air, maidir le), Thug sé do cá bith a d'iarr sé agus chá rabh an darna focal fá dtaobh de. 1184 497.  go n-amharcaighidh tú fá dtaobh díot fhéin. 1184 517. . Char iarr mise ar bhuachaill a dhath a dheánamh go ndeánad sé a scríste agus go n-amharcaigheadh sé fá dtaobh de fhéin. 1184 498.  dúirt sí lena muinntir go mbéad sé arais chuig an dinneár agus gan iad amharc amach fa dtaobh duithi. 311 202.  Caidé a rabh mé a brionglóidí fá dtaobh de? 1538 9.  

*taobhán, 1.Ceann de na maidí as a ndéantar an chliath faoi dhíon an tí, Smaoitigh an fear seo dá ngeárrad sé an crann go mbainfead sé oiread taobhán as agus a chuirfeadh cleith ar an bhóitheach. 1185 373.  oiread ádhmaid aige agus a chuirfeadh taobháin agus creataí ar an bhóitheach. 1185 373.  Chá rabh an bóitheach mór agus chá rabh cúpla ar bith de dhith air -- rachadh na taobháin ó bhinn go binn. 1185 374.  2. Taobhán mullaigh, (an taobhán is airde sa díon, bata buaice?), is beag nár scoilt sé a cheann ar an taobhán mullaigh. 1578 66.

*taoiseach, Fear ceannais, maor (ar chuid d'fhoireann loinge), an taoiseach a bhí ar locht na h-oidhche.. 472 455.

*tap, Coca, sconna, thionntochthaí an "tap" mar adeiread siad héin leis an rud ar a' bhairille agus líonthaí an buideál.. 1791 214.

*tapa, (Cc. tapaíocha), sin an gearrfhiadh is tapaidheacha 'na rith a chonnaic mise ariamh. 1184 532.  Shíl mé.. nach bhfeicfinn go bráthach tú, agus nach mór an t-uabhas nach dtáinic tú níos tapaíocha. 1791 394.  

*tapú, Tapú na mna ar an charraig. Rinn sí tapú na mrá ar a charraig. " Rinn sí graihe maih". 420 214.

*tarann, Tagann, Tarann amannaí i saol cuid mhór daoine.. 1578 66.  Má tharann sé, "if he comes". 420 247.  féach *tagann.

*tarbh, 1. Putógaí an tairbh mhaoil, (rud gan mhaith), Ní bhfuair sé (san uacht) ach pútógaí  an tairbh mhaoil. 1184 91.  2. Ag díol an tairbh.. A díol an tairbh ar maidin agus a bhleaghan tráthnóna.. "a dhíolfadh rud ínteacht go saor ar maidin agus a mbainfidh airgead mór as roimh an oidhche. Chualaidh mé ..ag tagairt dó na cleamairí a thig eadar thoighthe a cheannacht eallaigh ar luach bheag agus nuair a bhéarfad siad 'un aonaigh iad , iad a fágháil an-luach ortha.." 1184 16.

*tarfach, Gleo, "tarrbhach?", Thainic a' scotmhach agus a' tárfach agus a' gárda tréun-lámhach.. 311 72.

*tarraingíonn, 1. Baineann tréith, mianach shainiúil amach as. Fuair sé an tae. Chuir ar an tae-pot é, agus d'fhág sé i dtaobh na eineadh é go dtí go dtarraingead sé. 1185 266. 2. Triallann, béidh mé ann amárach arís agus má bhíonn tú a' tarraingt an bealach tar chugam. 1184 503.  3. Tarraingíonn(ar), (a) Tagann, téann (faoi dhéin)), Chonnaic mé teacht na h-oidhche solas beag i gcoillidh bheag agus tharraing mé air. 1184 252. tharraing 'ach aonduine acú ar an bhaile.. 1184 504.  nuair a chonnaic sé nach rabh a dhath siosmaide 'san fhear ar tharraing sé air d'imthigh sé.. 1185 58.  .. d'iarr sé ar dhuine acú tarraingt air le tobaca.. 1185 558.  cá bhfuil do thriall a tarraingt? 472 112.  tharrain sé ar theach an choiteara go dtug sé an diabhal dó. 1578 46.  (b)Faigheann, arraingíonn chuig, chuir sé síos a ciotal agus nuair a bhí sé ag goil tharraing sí uirthí an taepot. 1185 265.  D'fhág sé síos an léinidh.. agus tharraing sé air an t-iarann smúdála a gabhail á smúdáil. 1185 287.  b'fhéidir go bhfuil do chosgadh annseo agham-sa—a' tarraingt air na bonnóige agus dhá síneadh chuige. 1185 594.  ( c), Baineann leas as, Géibheann ar bith a bhíodh ar dhaoiní ná rud ar bith a mbíodh dhe dhith orthú b'air a chaitead siad tarraingt i gcomhnuidhe. 1185 362.  (d), Tarraingíonn isteach (líne iascaireachta), an cheád uair a thug mé iarraidh tarraingt orm ní thiocfadh liom a fhághaíl liom cá bith a rabh sé greamuigh' ann. 1185 634.  (e), Déanann tagairt do, Tharraing sé'n scéal seo uirthí, "she referred to.." 420 228.  4. Tógann amas (chun buailte), Tharraing achan duine smaileóg agus níor chosain duine ar bith buille. 472 327.  gur tharraing sé an stópa ar an chlaidhe.. 1185 618.  Tharraing sé buille agus bhuail sé an fear a ba neise dó. 472 323.  tharraing sé an tuath agus bhuail sé í.. 472 557.  tharraing sé air a' chlaidheamh agus chaith a' chionn do.. 311 382.  sé 'n dóigh a n-oibreochad siad a' bata sin bhéadh sé ag gabháil acu agus chan á tharraint a bhéad siad ach á oibriú  .. 1791 241.  5. Tarraingíonn suas, (cuireann dlí, cúirt ar), athair agus máthair na mrá a bhí aige a tharraint suas as dúnmharbhadh a dheánamh ar a nighean. 1538 126.  Bhí caiftín soithigh á thabhairt 'un dlighe as gealltaí agus bhé cléireach baince á tharraint suas as díolachán. 1538 127. 6. Rámhaíonn, Tharraing siad leó soir.. 472 394.  Tharraing siad anuas ar bhun na n-állt.. 472 395.  

*tarraingiste, Tarraingthe, Dá mbéadh trí fiogh glasa tarraingiste aige faoi na cuid fiacal.. 311 54.  

*tarrnocht, 1. Nocht, gan chlúdach, chaith sé é fhéin síos ar a ghlúine tárnocht ar an talamh ag a chosa.. 1170 432.  2. (Maol) tarrnocht, (fornocht, gan luid ar bith éadaigh), tháinic sé ar thachrán 'na luighe ag bun binne annsin 'n luighe maol tárnocht agus é mar tháinic sé ar an t-saoghal. 1185 222.  Nuair a chonnaic lucht a' tórraidh fear crackáilte, tarnocht a' teacht 'na ndéidh, leig síos a' chómhra agus d'imthigh cruc. 311 461.  >*maol

*tarrnochta, Nochtaithe, an clúdach bainte de, Chuaidh an saighdiúr suas agus an claidheamh tárnochta leis.. 1538 108.

*tasc, 1. Tasc ná tuairisc, (iomrá, rian ar bith), Ní rabh tasc nó tuairisc le fághail air. 418 258.  2. Fá n-a thasc,(faoina bhráid, faoina dhéin), Bhí aithne ag an fhear seo .. ar fhear an tsiopa agus chuaidh sé fá n-a thasc agus d'innis sé dó fá Chonall.. 1538 55.  

*te, 1. Teasaí, achrannach (le chéile), bhí siad 'na gcomhnaidhe go han-te. 1185 294.  2.(Ina shuí, chónaí) go te (téagartha), (go maith as), Bhí buachaill eile sa chomhursain a bhí 'na shuidhe go te téagurtha, agus thit seisean i ngrá leis an darna bean. 1578 19.  Bhí sé seo 'na shuidhe go te agus dúithche mhór thalaimh aige. 1538 122.  bhí siad 'na gcónaí go te: bhí stoc eallaigh agus caorach acu.. 1791 86.

*teach, Na toighte, (bunadh na dtithe, na comharsain), Líon na toighthe isteach, " chruinnigh na cómharsanaigh uiligh." 420 216.  

*teacht, 1. Teacht thart, (cor, casadh), chan é amháin breith air chá rabh siad ábalta teacht thart a bhaint as (goirria). 1184 530.  2. Teacht an lae, (breacadh an lae), d'imthigh sé a'n mhaidin amháin le teacht a' lae ceanntárnocht costárnocht, agus 'na throscadh.. 472 458.  

*teachtaire, 1. Dúil a bheireann nuacht ón saol eile, tchí sé an teachtaire beag geal 'na sheasamh ar an talamh ghlas. 1185 488.  adeir an teachtaire beag leis, "níl duine ar bith dá bhfágfaidh an saoghal seo nach gcaithfidh am ínteacht a chaitheam i bPurgadóir.. "1185 490.  2. Freastalaí, seirbhíseach, Bhuail seisean an clog, agus nuair a tháinic an teachtaire isteach d'fhiafruigh seisean daoithe caidé a ba mhaith léithe a ghlacaint. 1185 542.  bhuail sé an doras agus tháinic teachtaire go dtí'n doras.. 472 353.  d'fhiafruigh sé a rabh a leithid seo de fhear ag éileamh. Dubhairt a' teachtaire go rabh, agus má bhí nach rabh léigheas air. 472 377.  d'iarr sé ar theachtaire an lamp gul agus na presents a b'fhearr a ba deise.. a thóirt chuigesan.. 311 298.

*teaghlach, 1. Leanbh nua-bheirthe, Goidé casadh ann ach teaglach  óg ag bean a' toigh.. 472 273.  .. bhí teaglach beag eile aca 472 714.  Chuadhach siadsan suas é, agus d'fhág siad amuigh sin a' ghárradh é i bhfolach.. D'innis siad annsin do'n rí nach rabh teaglach ar bith a'chor ar bith aicí.. 1170 176.  2. Clann, Bhí fear acu pósta agus bhí mac amháin aige mar theaglach. 1578 26.  Tá sé comh maith le teaglach pháisdí fán teach.. 1578 53.  

*teallachán, Prátaí rósta sa ghríosach, dheánfaimid teallachán.. Tá mé a meas go bhfuil oiread acu (prátaí) ar a lasóid i gcionn a' toighe agus a dheánfas groithe.. 1170 396.

*téamh, Stileáil poitín, téiteán, Bhí téigheadh 'á dheánamh.. agus bhí iomrádh mór go rabh spíodóireacht deánta orthú. 1185 336.  toisigh an téaghadh i dtratha am dinneára agus is cosúil go bhfuair na gárdái an cogar. 1791 75.  ba ghrách leofa a bheith a deánamh téaghadh, agus bhí beirt i gcónaí ar gárda agus an chuid eile ag an téaghadh. 1791 77.

*teanánta, Tionónta, chuir sé na teanántaí isteach a bhaint mhónadh air.. 1185 116.

*teanga, A theanga a choinneáilt, (a bhéal a choimeád dúnta), cha dtiocfadh leófa a dteangaidh a choinneáilt, chaithfead siad fios fhághailt.. 311 320.

*teann, Pras, tapa, Cómh teann agus thig leat, "Cómh gasta agus thig leat." 420 236.

*teannann, Teannann air, (a), cuireann air (éadaí), ní rabh seisean i bhfad 'sa leabaidh agus theann air na sean-bhratogaí arais.. 1170 9.  (b), fáisceann, daingníonn air (éadaí), tháinic an ghaoth air agus b'éigean dá an hata a theannadh air agus an chasóg .. a theannadh .. 1791 451.

*téann, 1. Caidé 'n bealach a deachaidh sí (bó) ? 1185 498.  (..cé cheannaigh í?) 2. Má théid agat air.. , más féidir leat (? féach 4 thios), na leig crámh ar bith do mo chuid-se ar siubhal má théid agat air. 472 100.  3. Téann ar, (a),(teipeann ar), chuaidh ortha dhul fá dtaobh daoithe agus greim a fhághail arais oirthí. 472 557.  (b),(tagann.. i bhfeidhm ar), Ní dheachaidh stad air, "He dedn't cease" 420 260.  4. Téann ag, (éiríonn le), .. mur rachadh aige dall na mullóg a chur arís air ar dhóigh ínteacht.. 1578 55.  5. Téann faoi, (téann isteach mar bhall i), Chuaigh siad faoi Órd Beannuigh' i gcuideachta a chéile. 1578 27.  6. Téann thart, (tarlaíonn), rinneadh dearmad de achan rud dá dteachaidh thart. 1578 63.  7. Téann fá chéile, (tugann faoi, ionsaíonna chéile), Tá siad ag 'ul fá chéile thuas.. féachaigidh mo bhata damh, buailfear fear ínteach! 418 226. ,(..tugaigí mo bhata dom..).

*teannta, Teann, daingin, Cheangal Brian an sreangán go teannta ar bhéal an tsaic.. 1578 61.  chuir sé'n corc isteach ann arrais ach is cosamhail nár chuir sé isteach an-teannta é.. 310 335.

*teanntán, Gáirtéar, sé'n dóigh a rabh an máirtín deánta chá rabh a dhath síos ann ach liopa a bhí síos i mullach na gcos. Ní rabh dhath ar bith ar bhonnaí na gcos a chor a' bith..agus bhí an lúbóg seo ag gabháil isteach ar a ladhar—ná tá cúig ladhra ar do chos agus bhí in lúbóg seo ar gabháil isteach ar an cheann láir.. bhí na stocaí seo ag gabháil suas go dtí n-a nglúine agus .. bhí teanntáin orthu ag na glúine.. 1835 356.  

*teanónta, Tionónta, bhuin sé barraidheacht riaraiste dona teanóntaí.. 311 516.  

*téaradh, Eolas, faisnéis, D'imthigh sé ar an téaradh sin. Rinn sé amach an áit.. 1185 298.  (téarma?)

*teicheadh, Teicheadh sa bhuailidh (bhuaileadh?), (bealach chun (buaileadh) a sheachaint?), go rabh siad a tarraingt comh neas do'n t-solas nach rabh teicheadh sa bhuailidh aca air ach a theacht ar aghaidhe.. 472 457.

*teilgeann, Daorann, d'innis sí astoigh gur dhubhairt sé léithe-se gur mharbh sé é, agus teilgeadh é 'na chrochta annsin.. 310 254.

*teisteanú, Taispeánadh, tráth maith bidh a dheánú réidh duithi agus a' seómra a theisteanú duithi.. 311 60.

*teithe, <te =teo? Grámhaire?, bhí mé thíos i nGaoth Dobhair, agus creidim.. gur sin an áit.. a ba teithe daoine dá chéile.. a mhothaigh mise ariamh. Bhí siad an-mhaith domhsa.. 1791 291.

*thaire, 1. Thar, Caidé mar phioc tú í sin thaire an bheirt eile? 1185 654.  2. Téann thaire (ina chodladh), (déanann cur isteach air (a bhaineann dá chodladh, bhí Conall a' smaoitiú ar an am a bhí caithtí agus ar an am a bhí roimhe agus chuaidh sé a bheagán nó a mórán thaire n-a chodladh, agus .. d'éirigh sé amach as an leabaidh.. 1538 52.  3. Thaire n-a chiall,(as a mheabhair), Thara na chiall, "insane". 420 250.

*thall, Déanach, Thall tráthnóna tháinic scairt orthu 'un dinneára.. 1184 587.

*thart, 1. Titeann thart, titeann síos - chun suain, gan aithne)..thit sí síos agus thart 'na codladh. 1184 334. (thit dianchodladh uirthi ar an dtoirt). ní luaithe a bhí sé sínte na thuit sé thart 'na chrap codlata. 1184 434.  thuit tú thart 'do chodladh.. 1184 474.  nuair a d'ólfad sé an deoch go dtuitfead sé thart agus nuair a thuitfeadh go rachad seisean isteach.. 1184 582.  go dtí gur ith siad an bharraidheacht do'n eórna agus thuit siad thart. 472 501.  2. Cragtha thart, (leagtha síos gan aithne gan urlabhra), Nuair a mheas an gaduidhe go rabh faill acú lucht óil, a bhí (bheith) cragtha thart d'éirigh sé agus isteach 'na stábla leis gur ghoid sé an stail. 1170 411.  3. Bhí sé thar obair, "he was off work". 420 235.

*theistean, "Theistean" in áit "taisbean". 420 269.

*thíos, 1.(Beireann) thíos agus thuas air, (tógann duine ó thalamh le lámh faoin chom agus lámh faoi na hioscaidí, rug sé greim thíos agus thuas uirthí agus d'fhág thiar ar a chúlaibh agus siud ar shiubhal leis.. 1185 559.  Rug sé thíos agus thuas ar Bhrian bhocht agus.. chuir sé isteach i mála mhór a bhí leis é.. 1578 60.  bheir siad thíos is thuas air agus chuir siad ós cionn na teineadh é, agus ní rabh mórán caill déanta air.. 1032 5.  2. Thíos ná thuas, (in áit ar bith), cuirfidh muid é, agus ní bhéidh lá iomráidh thíos nó thuas air. 472 84.  d'imthigh sí mar bhéadh ceo an chruic agus chá rabh amharc le féiceáil uirthí thíos nó thuas. 1170 399.  3.Thíos leis, (milleánach, cionntach ann),bhí'n gealachán uilig ar shiubhal agus ní rabh fhios acu.. cé d'fhágfad siad thíos leis. 311 77.  bhí an fear sin ag gabháil a bheith thíos le sin uilig go léir goib é ba chionntaigh nach rabh bárr agat.. 1835 411.

*tiaradh, Tuairisc, iarratas, char smaoitigh sé ariamh tiaradh ar bith a chur ar an bhó s'aige fhéin. 1185 513.

*tiarna, Tiarna coille, (ropaire coille, "highwayman"), léim dhá thighearna coilleadh eile amach agus d'iarr siad air an méid a bhí aige a thabhairt suas. 472 357.  nuair abhí na tighearnaí coilleadh' ag gul fairsing.. 311 336.  Tugtar "tighearna-coilleadha" ar "Ceatharnach-coilleadha" i dTírchonaill.. 311 336.  bhí'n tighearna coilleadh'i nGap a Bheárnais i gcómhnuí agus a' buint an airgid d'achan duine.. 311 337.

*tigh, *toigh, Toigh.. , (teach tabhairne.. ), fuaidh an bheirt acu siar toighe Bhella an oiche seo. 311 281.

*tile, Tile buaca, (maide mullaigh? saghas cliath? cf.tilleadh), ..sa dóigh nach rabh an toit ábalta a ghabháil amach, agus an áit a mbéadh an tile buaca ag gabháil suas ar a teach leis an scraith a bhaint den tsimiléir. 1835 335.

*tilleadh, Tilleadh teannaidh, (cróchar, sínteán déanta as tuíchun corp a iompar ar ghuaillí dhaoine, cf. tile ), sé'n gléas iompar a bhí aca ortha rud a dtabharad siad tuilleadh teannuigh air. Bhí'n tuilleadh teannuigh deánta amach as cothán. Rachad sé isteach ar ghuailainn fir thall agus ar ghualainn fir i bhfos agus bhéadh an corp i lár báire.. 472 397.  bhéarfad sé leis an tuilleadh teannuigh ná bhaile agus choinneochad sé é go bhfághadh corp eile bás agus nuair a gheobhad fear eile bás chuirfidhe fá n-a choinne. 472 398.  

*timire, Cúntóir, freastalaí, Bhí timthíre beag giorrsaighe ann (teach ósta). 1184 380.  

*timireacht, Déanamh mion-obair tí etc., nuair a bhí mí a timthíreacht dón táilliúr. 1185 54.  'sé n-iarrfaidh mé ort a dhéanamh mo shuipeár agus trifle timthíreachta fán teach. 1185 528.  rinn sé timthíreacht bheag oibre fán tseamra.. 1578 24.

*tincléir, "Duine gan mheas, a tinker". 1184 181.

*tine, 1. Loinnir, adhaint, Tháinic tine ar a shúile.. 1185 601.  2. Tine chreasa, (cloch adhainte, fliont), thóg sé sponc is teinidh chneasa as a phóca agus chuir sé teinidh sa chárnán.. 1184 558.  3. Tine Dhia, (ruachtach), Bhí cupla léigheas acú .. ar an tine dhiadh. An páisde a mbeadh an teind dhiadh air .agus a rachadh trí maidineacha.. 1185 406.  4. Bhéadh dhá shaighdiúir dearg ar dheireadh an chóiste.. Bhí siad mionnuighiste gan stopú le teineadh nó uisce. 311 29.  (..ar choiníoll ar bith).

*tineannaí, Iol. tine (?), aithinní(? <Bl. "tins"?) an chailleach a marcaidheacht ar a t-searrach, agus na tineannaí ag éirighe i n-áirde agus a trup agus a tormán. 472 165.  

*tinneas, 1. Tinneas cloinne, (tinneas mná seoil), isteach na leabtha faoi chionn mrá a bhéadh i dtinneas cloinne. 1185 345.  2 Tinneas beannaithe, tinneas-taobh-amuigh-do-theach;(titeamas), ..éadaigh an t-é a mbéadh tinneas beannuigh' air a chur faoi'n talamh.. 1185 356.  Droch-thinneas, Tinneas taobh amuigh do theach, Tinneas beannuighthe—"Epilepsy". 311 37.  3. Tinneas ná tromas, (pian ná aicíd de chineálar bith), tharraineochthaí giota beag de ruball na bó agus chaithí i mullach na haibhleoige sin é.. agus bhí sin comh dúchasach acu agus nach rabh siad fá coinne a dhath tinnis na tromais .. a theacht ar a gcuid eallaigh.. 1835 404.  

*tíolacadh, Brí, buntáiste, Bhí tiodhlacaí cinnte a baint leis. Dá mbéadh faithní ort.. chumaileochtha sin isteach ann.. 1835 425.

*tiomna, Uacht, Imigh thusa leat ansin chuig a leithéid seo 'e dhlitheóir agus tabhair anseo é, agus dhéanfaidh mise mo thiomna. 1578 42.  thainic a' lawyer agus thoisigh sé sgríobh síos an tiomna.. 311 551.  .. a dteárn an t-athair tiomna ar bith. 1170 9.

*tiomnaíonn, Tiomnaíonn do, (fágann le huacht ag), choinnigh an táilliuir an méid a tiomnadh dó.. 311 551.

*tiompar, Claonadh chun feirge, .. go raibh an-droch-temper aige agus leóga ba mór an trua gear a bhí comh maith leis.. 1184 551.

*tiompaíonn:iompaíonn, Ag tiompú, "turning". 420 236.  D'fheudfadh go dtiompochadh sé. 420 248.  

*tiomsáil, Réabadh, scrios, ins a tiomsáil a bhí air caidé a rinn sé, ach an stócach a bhí faoi 'n urlár a chur aníos. 1185 564.

*tiontach, Iompó, thainic tionntach ar a goile agus chuir sí'n t-earc sléibhe amach arais. 311 438.

*tiontaíonn, 1. (a), (Casann), thionntoigh sí suas a fabhra.. 1791 27. thionntochthaí an "tap" mar adeiread siad héin leis an rud ar a' bhairille.. 1791 214.  (b), filleann, ní rabh siad ábalta tionntó ar an áit ar fhág siad é.. 1791 317.  ( c), athraíonn (i ndath)..caidé bhí faoi'n fhabhra ach giota de ribe beathaigh agus ceann beo fabhraíste air—tionntó dearg. 1791 27.  2. Tiontaíonn anall fhad le, (bronnann ar ais ar), thionntaigh sé anall leath-choráin fhad le Dómhnall. 310 368.  3.(a), Tiontaíonn isteach i.. (cuireann crot, cló.. air, thú thionntó isteach in aon dhath a chor a' bith an dóigh cheanna ar tionntoigeadh isteach Clann Lir an t-am udaí 'na n-ealaí. 1791 101.  (b), Tiontaíonn amach i.. (tagann crot, cló.. air, a' méid óir a bhí i bpóca an fhir sin thionntó sé amach 'na dhiosta. 1791 195.  4. Tiontaíonn thart agus.. (cromann, tosaíonn láithreach (ar thasc éigin obann, neamhchoitianta etc.), bhí cuid acu fiú a bhí ábalta tionntó thart agus amhrán a chumadh.. 1791 45.  bhí daoine eile a bhí ábalta tionntó thart agus a gcuid cís agus rátaí a dhíol.. 1791 59.  ní rabh an t-athair ná an mhathair sásta dona mac tionntó thart agus a leithéid seo 'e bhean a phósadh.1791 265.  Bhí daoine leagtha amach nuair a rachadh na coinnle seo faoi n-gcionn go rabh siad ábalta tionntó thart agus an bhroinglóideach a rinn siad.. bhí sí a gabháil a theacht isteach fíor. 1835 293/4.

*tíoránta, Crua, neamhghéilliúil, bhí daoine ann a bhí iontach tíreánta a d'oibreochadh leo. Ní rabh siad a tabhairt isteach do aon dath ar aon dóigh.. 1834 86.

*tír, 1. (Báinín tíre, (báinín pléineáilte, gan dathú?), Ba ghráthach leis i gcomhnuidhe báinín tíre a fhágháil deánta fá dhéin culaith éadaigh. 1185 476.  2. Ag cur i dtírthe, (ar fíoch le buile), béidh an buisteoir  ann agus béidh siad uilig mo dhéidh agus béidh mise (tarbh) ag cur i dtírthe agus abair thusa go dtórfa tú isteach 'na yard mé fhéin thú. 311 374.  3. Tagann i dtír, déanann cúis, Dá mbeitheá saillte i Sasanaigh thiocfainn-se i dtír. "Is cuma cá mbeitheá dheánfainn-se cúis bhréagh gan thú. Thiocfainn i dtír dá mbéadh scraith ghlas buailte ort. 1184 51.  4. Tagann i dtír air, (brathann air), nuair a thigeadh dubhlaidheacht an Gheimhridh gur b'uirthí (min) a chaithfead siad a theacht i dtír ar fad. 1150 394.  Srothaidhe, "Duine siúbhalach a bhios a gcuid mhór áiteacha, ná cheart dó a bheith, agus a thig i dtír bunadhas an ama ar dhaoiní eile." 1184 177.  

*tirim, Istigh tirim, (slán isteach ón bhfarraige), tugadh aníos ansin é nuair a fuair siad astoigh tirm é (planc) agus an lán mara síos.. 1835 448.

*titeamas, Ciall? Bimbileáir, "duine gan titeamas gan mórán céille". 1184 105.  Bonnsach, "Duine uascanta gan mórán titeamais". 1184 107.  Dailtín, "Fear óg dána gan tuiteamas gan mhúnadh (uallach fosta i gCloichcheannfaola)." 1184 123.  

*titeann, 1. Titeann crann ar, (cuirtear oibligeáid ar de bharr chrannchuir), ..go bhfeicfidhe cé h-air a dtuiteadh an crann dona. 472 427. ..thuit a crann dona ar a phobal seo. 472 427.  2.Titeann thart, (titeann as a sheasamh, i bhfanntas, ina chodladh), leig sé air fhéin a bheith ar mire ar meisge, agus thuit sé thart má bfhíor dó fhéin. 1170 411.  ní luaithe a bhí sé sínte na thuit sé thart 'na chrap codlata. 1184 434.  thuit tú thart 'do chodladh.. 1184 474. nuair a d'ólfad sé an deoch go dtuitfead sé thart agus nuair a thuitfeadh go rachad seisean isteach.. 1184 582.  go dtí gur ith siad an bharraidheacht do'n eórna agus thuit siad thart. 472 501.  3. Titeann isteach i, le (a), (tagann a fhad le), Shiubhal siad leofa ar feadh an lae, agus fá dheireadh thuit siad isteach i mbaile mhór. 1538 225.  Shiubhal an bheirt leofa go dtí..agus tuit siad isteach leis an teach seo. 1343 256.  (b), (faigheann mar oidhreacht, le huacht?), Thuit sé isteach ina a' dúithche, agus tá a bhunadh i n-Iubhar Chinn Trágha ó'n lá sin.. 1538 98. ( c) faigheann (aicíd etc.), Thit sé isteach i dtinneas mhór.. 1791 482.  4. Titeann chun.. (tosaíonn ar), Thuit sé 'un seanchuisc léithe.. 418 256.  Thuit an bheirt 'un cómhraidh le chéile.. 418 272.  Thuit sé 'un dobhráin uirthi, "he forgot her." 420 235.  

*tiubh Ain., Tiubh na ndaoine, (cuid mhór, slua na ndaoine), nuair a thig am an bhidh, íosfaidh tiugh  na ndaoine mórán de. 1184 31.

*tiúin, Tiúin an bhara rotha air, (greithealán mór siúil faoi), Tá sé ar shiubhal anois agus tiúin an bhara rotha air! .."fuadach mór siubhail faoi; geatar mór siubhail faoi. 1184 49.  

*tleigint, Tleigint cinn, "intelligence". 420 261. (<ligean,teilgean?).

*tobar, 1. Foinse uisce ag brúchtaíl aníos as an talamh, go rabh uisce óir ag éirighe suas as tobar beag a bhí ar mhullach an chroic. 1170 178.  2. Linn, poll uisce (in abhainn), Bhí oiread dóchais acu as stopallán an uisce sin agus gur mhothaigh siad agus go rabh fhios acu go rabh an t-uisce seo, má mhothaigh tú iomrá air an áit ar nigh Ár Slánaitheior é héin chóir a bheith go rabh siadsan ag cur síos an rud chéanna dón stopallán a'n uair amhain a bhfuighead siad an tobar mór seo cruinnigh'.. 1835 399.  

*tochlaíonn, Romharann, taighdeann (sa talamh), thochail sé thart fá dtaobh daoithe (leac).. 1185 363.  

*tógáil, Ar tógáil, (téann) chun tógála, (..ar lár de bharr staidlagachair a choscann éirí agus a dhéanann tógáil riachtanach), chonnaic tú fhéin .. go deachaidh sí (bó) ar tógáil agus bhí trioblóid mhór againn fhéin agus ag na fir dá tógailt 'ach fuile lá.. 1185 496.  Má mhaireann an aimsir seo rachaidh an t-eallach 'un seachbhóige. "ní bhéidh ionntú ach an croiceann agus crámha má mhaireann an droch-aimsir, rachaidh siad 'un tógála le díoghbhail fodair." 1791 16.

*tógálach, Cliste, maith chun foghlama, Cuireadh 'na scoile é agus bhí sé an-tógálach agus ba ghoirid.. go deachaidh sé fhéin a dh'fhoghluim a chuid leas-dheárarthacha. 1185 561.

*tógann, 1. Tógann boladh, (a),(glacann, aimsíonn, faigheann boladh, chá dtiocfadh liom (madra) a boladh a thógáil .. 1184 417.  Thoisigh an smúrthacht aige.. Thóg sé a bholadh. 1185 567.  (b), (cuireann boladh uaidh), Thógfadh an fionnadh sin boladh mór a'n uair amháin a gcuirfead siar ar an aibhleog é. 1835 405.  2. Tógann fuil, (ardaíonn fearg), do chuid fola a thógáil.. 1184 421.  3. Méadaionn (airde chostais), Shíl seisean nach dtógthaí an cíos ná an geárradh air.. 1185 115.  Bhí sé a tógáil an tuarasdáil. 1185 127.  4. Bailíonn (airgead) Nuair a chuaidh siad annsin tógadh an othráil. 1185 70. go tí'n lá inniú táthar a tógail othrala i nGaoith Dobhair. 472 339.  chruinneochad siad thart agus thógfad siad raicnín.. go dtí go dtógad siad luach deoch..472 398. bhí fear a tógail geárrtha as Milford.. 472 429.  5. Foghlaimíonn, piocann suas, Char thóg mé a'n dath den teangaidh—Char thóg mé a dhath den gcuid teangaidh. 1791 369.  Nuair a bhí sin ráite ag an diabhal seacht nó ocht a iarratacha bhí sé tógtha ag an fhear.. 1791 458.  

*tógtha, 1. Misniúil?, Bhí sé comh tógthaí, ná bhí sé íontach laghdasach, agus thóg sé cloch a tabhairt iarraidh uirthi. 1791 479 .  2. Tógtha le, (ceanúil ar, i ngrá le), Tá tusa tógtha le stócach eile,, ach má tá héin.. níl tú ag gabháil a fháil an stócaigh sin.. 1791 466.  

*toibinneacht, I dtoibinneacht, (go tapa, go héasca), Amharc a bhí ann nach ndeánfadh na súile dearmad de i dtoibinneacht. 1184 74.  

*toicí, Duine gustalach, chá rabh a'n bheirt thoicidhe i nGaoth Dobhair ó'n lá sin go lá a mbáis a ba mhó nó 'a bheirt. Cheannaigh siad stoc ar an airgead.. 1170 408.  Toicidhe, "duine a bhfuil maoin aige—talamh, airgead nó stoc. A person of means". 1184 181.

*toimidín, "Duine an-bheag gan toirt gan tairbhe, agus go minic gan lúth gan láthair" 1184 183.

*tóin, 1. An focal deireannach ar thóin a ghoile, (an rún is dlúithe a bhí sé ag coimeád), bhí siad ag gabhail dón fhear sin go dtí gur bhain siad an focal deirionnach a bhí thíos ar thóin a ghaile aníos ar fad.. 1791 227.  2 Bairrle dhá thóin,(..iata ag an dá cheann), D'iarr sé air bairille dhá thóin a fhághailt.. 1184 447.  3. Téann ar a thóin, (titeann ar lár, cliseann), Shíl mé go deachaidh na madaidh 'sa roinn. "Shíl mé gur briseadh suas an margadh. Lanamhain a bhéadh le pósadh agus a rachadh duine acú ar a dtóin ins na groithe." 1184 43.  4. Lorg a thóna, (i ndiaidh a chúil, Rinn sé pilleadh an ghliomaigh, "Phill sé lorg a thóna, cold feet mar a deirtear sa Bhéarla." 1184 44.  5. As tóin a chéile, (in alt a chéile, curtha le chéile), Bhí an t-abhrán i gcionn a chéile go maith.. as tóin a chéile adeirtear i gCloich Cheannfhaola. 1184 71.

*tointe, Luid, snáithe, ní bhiodh toinnt éadaigh ar aon duine acu nach mbeadh stróchthaí stialltaí achan uile dhóigh. 1791 186.  gan a' toinnt éadaigh ar a chréatúr.. 1791 189.

*toghann, A thoghadh préataí, ag piocadh prátaí ón iomaire, bhí sí a thoghadh phréataí agus labhair sé léithe.. 1170 49.  Ag toghadh préataí, "ag cruinniú préataí". 420 238.  Chaithfeá a ghabháil a thoghadh phréataí agus gan agat ach scilling bheag scallta. 1791 62.

*tóirneach, Tóirneachaí, (plimpeanna tóirní), má thoisíonn sé ar thóirneachaí tá tú súireáilte leis na tóirneachaí a mhoitheáilt rith na hAoine.. 1791 92.  Tháinic lá mór tóirneachaí seo i bhfad i bhfad ar gcúl.. 1791 147.  bhí sé acu in éadan toirneachaí ná in éadan soillseachaí.. 1835 318.  

*toirt, toirt+tairbhe, "Duine an-bheag gan toirt gan tairbhe, agus go minic gan lúth gan láthair" 1184 183.  

*toirteach, 1. Toirtiúil, fairsing, ce gur thoirteach ar mealldar an lá a tháinic sé as an mhuileann is furast á cruinniú indiu. Chan mó nó go bhfuil ádhbhar brachan na h-oidhche seo ann. 1170 395.  2. Ramhar, "Cailín óg anasta atá toirteach roimpí agus 'na diaidh.". 1184 151.  

*toirtín, Císte, gabh fhad le cóthra na mine agus deán toirtín mine coirce.. 1185 463.  D'fhág sí an toirtín ar an chladach agus chuach sí suas na h-aibhleogaí sa' mhullach air. 1185 463.  Nuair a bhí na toirtíní rósta ar an aibhleóig.. 1538 132.  

*toisc, Oiread agus is féidir a dhéanamh in aon chuairt amháin, nuair a bhéadh an toisc (lín) sin brúighte rachadh toisc úr isteach go mbéadh an t-iomlán brúighte. 1185 193.  d'iarr sí ar Dhómhnall a ghabhail amach agus toisc fíor-uisce a thabhairt isteach. 1185 317.

*toiseacht, Tosach, cuid chun tosaigh, Bhí droim córdoroigh ins a veiste seo agus bhí an toiseacht 'na bháinín. 1791 269.  

*toit, 1. Gal tobac, shuidh siad síos go gcaithead siad toit. 1184 264. líon a' píopa agus caith toit.. 1184 363.  Chaith sé toit.. 1185 75.  .. nach bhfuair muid (iascairí) a'n toit ó mhaidin.. leis an uthairt a bhí orainn.. 472 395.  go mbéadh toit thobaca againn agus bolgam tae. 1170 33.  Shf: Is beo sinn indiaidh ar ndaoiní, ach ní beo sinn gan toit de'n phíopa. 1184 54.  2. Deatach as tine, cuirigidh teinidh i lár a' toighe agus nuair a béidheas neart toite sa teach.. 472 332.  3. Smúit, deannach - de bharr bualadh, Bainfidh mise toit as do chuid eásnacha! 1185 474. (bainfidh me pramsach asat! Tabharfaidh mé pleancadh duit. ). 4. Baineann toit as (bóthar), (imíonn ar chos in airde) Bhí sí sin (capall) ag baint toite as an bhealach mór.. 1185 581.  

*tólamh, I dtólamh, (de shíor), "Duine bratógach cifleógach atá i dtólamh i ngéibheann agus i dtrioblóid.." 1184 103.  

*tollaire, 1. Duine scafánta, stollaire, Bhí me mo thollaire san am, "Bhí me m'fhear mhaith san am." 420 212.  2. Pearsa sa bhFiannaíocht, Ná deán taobhadh le Tollaire.. "an rud adeirtear dá dhuine a bhfágfaidhe cúram air nach ndeánfad sé a choimhlíonadh." 1184 31.

*tomhaiseann, 1. Meánn, Thomhais sé í agus thug sé a trom óir dón bhuachaill.. 472 565.  d'imthigh chuig cléireach baince agus d'iarr sé air an t-ór a thomhas.. 1538 122.  Thomhais an cléireach an t-ór dó agus bhí sé dhá phunnta meádhachain gann. 1538 123.  2.Tugann buille faoi thuairim (ceart) faoi, Thomhais sé.. an rud a bhí a rathaidh ar m'intinn aréir agus tá sé comh dóiche le n'athrú go ndeánfaidh sé an rud céanna ar maidin.. 1538 9.  

*tomóg, Tortóg, d'éirigh .. geárrfhiadh amach as cúl tomóige. 1185 40.  thóg sé rud eighinteacht amach as tumóg mhór chiaplaighe agus fraoigh. 311 80.

*tonacán, "Duine beag suidhte íseal daingean, a stout low-sized person". 1184 181.  <tonóg?

*tónlach, Tónlach Samhraidh, (ainm ar shórt éingin bacaigh), Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21.  

*tonn, 1. Tonn bhaiste, (uisce, searmanas an bhaiste), .. ach d'a páiste fhéin nach dteachaidh a'n tonn bhaiste air ariamh. 472 157.  ar eagla nach dteachaidh an tonn bhaiste ar cheana féin, bhaist sé an seanduine. 1578 79.  2. Ar (an) toinn, (ar snámh ar an bhfarraige), le luighe gréine chuaidh siad síos agus chuir siad bád ar an toinn.. 1538 72.  go dtí go rabh an soitheach deántaí acú a b'fheárr agus a ba deise a leagadh ar toinn. 1538 84.  Ní luaithe croiceann an caorach ar an toinn (mar chraicinn churraigh?) nó croiceann an uain.. "..go bhfuil oiread daoiní óga a fágháil bháis.. le daoine aosta. 1184 29.  3. Tonn bháite, (tonn láidir a bhriseann isteach ar thrá), thig trí thonna báite i gcónaí le tús a' líonta.. 1791 153.  

*tonnógaí, Anfaí gaoithe?, ach tháinic an brú—na tonnogaí  ar a' teach agus .. leag sé é go talamh. 1791 340.

*tonóg, "Bean bheag íseal ramhar a mbeadh cuid mhaith daoithe i n-aice an talaimh! (Teilionn)". 1184 183.

*tor, Tarathar, uirlis pollta adhmaid, chuir sé poll an toir síos ins a' bhéim go dtí gur chuir sé amach an tor fríd an taobh eile de. 1185 582.  na toir mhóra amuigh is astoigh ar órdlach ar achan ndóigh, agus chasad siad thart sin to dtí go ndeánad siad áit na gcos ins a' stól.. 1791 61.  fuair siad ceann dena torannaí sin agus agus chuir siad poll ins an ucsoid  .. 1791 78.  

*toradh, 1. Aird, Ná tór toradh ar bith ar na daoine sin. 420 249.  2. Ar thoradh, ((a), i ndiaidh, tar éis tamaill mhaith..), Ar thoradh moille tháinic Mac Loingsighe agus Eigeartaigh amach as faoi'n asair. 1185 506.  ghlac siad a suipeár agus ar thoradh moille chuaidh siad a luighe. 1185 507.  (b), ar thóir, i muinín, Chuaidh sé ar thoradh leabhair go maidin agus ar maidin ní rabh scolb nó scéal aige.. 472 105.  3. Toradh Chrainn Chríost, "An t-ainm ar na Cumaoineacha Naomhtha ar na Cruacha." 1184 61.

*tóraí, Seachránaí, duine ag siúl roimhe ag (lorg a fhortúin), caidé atá do thabhairt an bealach seo 'do thóiridhe bocht leat fhéin? 1185 231.  Tóiridhe, "Duine uaigneach a bhíos ag imtheacht leis féin i dtólamh (Teilionn). 1184 181.

*tormán, 1. Clipeadh, aighneas, Chan fear mé ar mhaith liom tormán ar bith a thógailt ariamh ná trioblóid a thabhairt do dhuine ar bith dá mbéadh léigheas air. 1185 157.  2. Tormán fliuch,(fothram beag), Tormán fliuch, "a slight sound". 420 226.

*torpa, Scéal bréagach, "Eachtaire, duine a mbíonn mórán seanchais aige—go minic duine a bhíos ag innse siológ agus tórpaí  bréagacha." 1184 125.  Siamsálaidhe, "Duine rascánta atá i dtólamh ag innse tórpaí agus scéalta gan dath. (Teilionn)". 1184 165.  

*torpán, Tarpán, "Crapán ramhar de dhuine gan sásamh. (Teilionn)". 1184 181.

*tórramh, Sochraid, mhairfead sin go bhfágadh an tórramh an teach.. 1185 181.  Cha deachaidh sé i bhfad ar aghaidh uilig gur casadh tórramh air. 1185 340.

*tordán, Batáil, mas cruaidh dúinn buailfidh mé turdán de chuid (choirce) na bliana seo agus gheobhaidh mé meilte é. 1170 395.

*tortóg : túrtóg

*tosach, 1. Ag 'ul chun tosaigh, (ag titim amach, ag tarlú), a coimhead.. goidé bhí ag 'ul 'un tosuigh. 472 557.  " dar prísce!" adeir sé, " a bhfuil a leithid sin ag 'ul 'un tosuigh annseo.." 310 317.  2. Toisiacha, (leathbhoinn bróga), Toisigheacha "half-soles". 420 215.

*tosálann, Caitheann, buaileann, tugadh ar gcúl araist é agus bhí sé tosáilte 'ach fuile bhealach acu. Nuair a bhí sé tosáilte 'ach fuile bhealach acu agus gan é ábalta a ghabháil ar aghaidhe.. 1791 478. A bhligh an bhó a rabh an adharc chrom uirthí / A thosáil an madaidh.. 1184 58.  bhí sé á thosáil ó chloch go cloch agus ó dhíog go díog.. 1835 228.

*trá, 1. Ar aon tráigh amháin, (in aon stáir amháin, tráth?), rath sé naoi dtráigh ar an tráigh amháin go dtí gur bhain sé an Cealla Beaga amach. 472 410.  2. Caillfidh tú tráigh 's timcheall. 420 221.  Gach rud?. 3. Mallmhuir, Tháinic trághadh roimhe agus líonadh 'na dhiaidh go rabh sé sa Ghréig. 1343 455.

*traet, Deoch (mar adhnua), Rug sé greim láimhe uithí agus rinn crathadh láimh léithe le n-a dhá láimh agus d'ól an bheirt a' traet. 1185 545.

*traetáil, Tabhairt deoch (mar adhnua) in aisce, gloine de a thabhairt dó agus a rádh leis go rabh sí ag gabhail á thraetáil.. 1184 582.  

*traidhfil, 1. Roinnt, Dubhairt sé trifle focla a d'iarr sé

air.. 1184 236. fuair sí trifle cearc.. 1184 303.  Choinnigh an bhean trifle bliantaí iad.. 1184 316.  bhí nóta dheich bpunnta leis agus trifle briste. 1184 322.  (roinnt mion-airgid). tá cruach choirce amuigh.. tig leat trifle a bhuaileadh.. 1184 343.  le trifle oibre a dheánamh dúinn. 1185 334.  Bhí rudaí triple maith ní ba saoire 'san am sin.. 1185 440.  2. Ainsil, suim airgid, go rabh sé 'na ghrás ag achan nduine trifle beag a thabhairt dó ar shon gearrfhiadh a chur 'na shuidhe. 1184 529.  bhí an-droch-bheartaidheacht ann agus thug sé trifle do chuid dona fir abhí fa'n bhaile agus d'imthigh siad agus chuir siad a' rí 'un báis.. 311 263.  

*tráill, "Duine a oibrigheas go h-an-chruaidh, a drudge". 1184 183.  

*tramp, 1. Bacach déirce, duine suarach, Fear coimhthigheach a bhí ann nach rabh mórán níos feárr na tramp. 1185 143.  a coinneáil cuideachta le 'ach fuile cineál tramp a bhfuil fá chionn an bhaile.. 1185 525.  2. Ar tramp, (ag siúl na mbóithre), Dubhairt sí leis an lá amháin go n-imtheochadh an bheirt ar tramp agus go bhfágfad sian an sean-táilliúr. 1184 337.  

*trampáil, Pasáil, Bhí sise ag trampáil éudaigh ag Taobh a' Mhuilinn agus chonnaic sí í agus d'aithin sé gurb is a chonnaic sé ina bhrionglóideach.. 311 366.  le linn níocháin is dócha.

trap, Gaiste, Deir siad go mbíonn droch-bholadh ar an trap ná an dul a rachaidh easóg ann. 1185 77.  e

*trapán, Gaiste?, tá trapán beag mar bhéadh uibh liomsa in mo phóca agus nuair a thiocfas seisean comh comhgarach dúinn agus go mbéidh a chraos foscailte.. 1185 615.

*tráth, 1. Béile, "Chá dtáinic mo bhean-sa amach ariamh le dhath ach le tráthannaí", arsa'n maighistir. 1184 351.  Rinn sé réidh tráth maith de ainmhidhtí fiadhain dó.. 1184 463.  tráth a ithe.. 1184 536.  tráth maith bidh a dheánú réidh duithi agus a' seómra a theisteanú duithi.. 311 60.  dórnán préataí a thabhairt isteach as an sgiobal agus dheánfaidh mé tráth maith brúitíní. 1170 396.  2. I dtráthaibh.. (maidir le), bhí sé fhéin agus é fhéin cosamhail le chéile i dtrathaibh  méid agus deánadh, agus smigín beag féasoige ar achan nduine acú. 1170 5.  3. I dtráthaibh (an).., thart faoi (am), D'éirigh Seán i dtráthaibh an h-ocht a' chlog. 1184 499. nuair a d'éireochtha ar maidin i dtráthaibh an cúig a' chlog..1185 125. chuaidh an bheirt go teach a'phobail i dtratha' ghabhail ó sholas dó. 1185 274.  Shiubhail a' bheirt leo go rabh sé i dtráthaibh am dinneara.. 1170 447.  4. Ní tráth mór.. ní am cuí (chun..), Ní tráth mór suidhe damh é, "It is not the time for me to be sitting". 420 231.  

*treabhair, Talamh cuir, barraí, cha ndeánfad siad (caoirigh) oiread damaiste leis an eallach agus dá mbéad siad frid an treabhair. 1835 264.

*treabhtóir, Treabhadóir ní raibh treabhteóir ar bith cosamhail leis.. 1184 495.  an treabhtóir .. a bfheárr a chonnaic sé astoigh i gcuibhreann ariamh. 1184 351.  

*treabhann, Gabhann tríd, sracamm le, fulgaingíonn, indiaidh ar threabhuigh muid beirfidh sé orainn agus muirbhfidh sé muid. 1185 614.  á thréineacht a dtreabhfaidh sibh-se an saol socróchaidh an saol sibh-se. 1538 121.

*tréan, Cuid mhór, thug siad tréan le h-ithe agus le h-ól dóbhtha.. 1184 533.  Bhí tréan airgid acú fosta agus stoc agus achan seórt. 1184 586.  Bhéarfainn-se mé fhéin tréan oibre duit.. 1185 8.  tá tréan leathair annsin.. 1170 40.  béidh tréan cuideachta agat.. 1791 348.

*tréanas, Troscadh tréanais, (rial staontha ó fheoil agus ó bhia), Bhí troscadh treidhinis ann cinnte ach b'iad na trí lá dheirionnacha de'n tseachtain a ba mhó a dheánfad siad an trosgadh sin.. 1835 353.  cha bhéadh acu ar a trosgadh tréidhinis trí lá den tseachtain.. agus bhí sé deánta acu sin a dhéanamh le dhá bhia. 1835 354.

*tréarthra, Gníomhartha, tréithe(?), Bhí achan fhear aca ag éisteacht le tréartha an fhir eile ar feadh fada go leor.. 472 349.  Char thréartha liomsa thall nó i bhfus gurb é do chionn-sa fhéin a ghéur-loit. 311 51.

*tréarthach, Spórtúil, croíléiseach (?), Fil: cuirim go maidin Dhómhnach Cásg orm i deach na táidhbhirne agus nach mblaisim an bhraon / Siúd a t-am is feárr agus is tréarthaí dá mbíom ins a' bhliadhain / Nuair a ólaim-sa mo sháith bíom a' gártha 's a scairtighe ar Dhia.. 472 138.

*tréasúil,(Focal as ortha leighis a bhaineann le Lá Bealtaine,<treisiúil? féach *crann Bealtaine), bhéarfad siad an sugh dón tachrán ná fríd chuid bó, agus déarfad siad naoi n-uaire bhí naoi bhfocal acu lena rá naoi n-uaire má chollan tú má léigheastar thú béidh muid inne go tréasúil go trócaireach agus go loinniúr duit go bliain ó inniú. 1835 380.

*tréigthe, Teach tréighte, "haunted house". 1184 94.

*treis, 1. Coimhlint, ..gur sin cómhartha go gcaillfeadh na Gaill a treis. 311 164.  Nuair a bhí Ó Dómhnaill i dtreis mhór·i nDún na nGall.. 418 270.  2. Éiríonn chun treis, (fásann suas níos láidre), nuair a bhí sé a fás aníos na bhuachaill mór mhór.. bha mhaith leóbhtha rud ínteacht a dheánamh leis ar eagla go n-éireochad sé 'un treis agus go ndeánfad sé ar shiubhal leóbhtha. 418 277.  3.Spórt treise,(comórtas nirt, scile), bhí spórt treise annseo aca..(rásidir marcaigh ag iompar gloiní biotáille) 472 692. 4.Babhtasuirí (sa leaba)), D'fhiafruigh bean aca dá goidé luach a seol. Dubhairt sé gur cúig phunnta gus treis. 418 222.  Is iomaidh duine nach dtuigfeadh goidé 'n míniughadh atá leis an treis ach sé'n míniughadh atá leis go mbéigean dó fághail i luighe na leabtha leis an uile bhean aca. 418 224.  

*trí, Treisiú:, Níor mhoithigh mé a thrí leihéid ariamh. 420 238.

*trí-gó, Trí leathghloine (biotáille); an measúr a thógfadh é, Adharc a bhíodh acu i n-ionad gloine trí-gó -- sin trí leath-cinn. 472 692.  Líonthaidhe na trí-gó agus bhéarfaidh amach iad.. 472 692.

*trioc, Troscán, gréithre, Nuair a bhí an suipéar caithtí acú ghlan sí suas an trioc, agus d'fhág sí réidh iad fá choinne an bhricfeasta.. 1538 119.  

 

*triomlach, Triomach, bhí sé lá amháin i dtriomlach mór

samhraidh amuigh ag cur uisce ar a chuid bláthannaí.. 1170 430.  ..agus an triomlach ann b'fhéidir go dtiocfadh tuilleadh gaoithe móire. 1835 285.

*triostálann, *trustálann, Cuachann (suas), thrustáil sé suas a léinidh go dtí n-a bhunrigheadh. 472 556.  Bhainead siad díofa na bróga agus thriostálfad siad aníos na brístí.. 1791 56.  na sciortaí a thriostáil suas, agus mar deir siad héin le pionna ceangail.. 1835 412.

*tripeálann, Baineann barrthuisle as, Thripeáil bradán é ins an abhainn.. ní thripeáilfidh a'n bhradán a'n fhear to deó arís.. 472 60.

*triúr, Trí chinn (rudaí), Fear a dhíolfadh pighinn, 's fear a dhíolfadh beirt agus fear a dhíolfadh triúr agus fear a dhíolfadh seisear.. 472 398.  

*triús, Ta droch-triubhas éadaigh air. "níl sé déagh éadaigh; tá a chuid éadaigh cifleogach." 1184 48.

*troch, Toirt, trí rópa i ndiaidh a' bháid agus bhí troch de rud mhillteanach 'na dhiaidh sin.. ucsóid a bhí ann agus naoi bfonnsa uirthí. 1791 78.  

*troideog, <Druideog?, é comh luthmhar le troideóig, agus trí bliadhna agus fiche d'aois a bhí sé.. 1185 89.

*trom, 1. Comhmheáchain, Cuireadh duais amach annsin go rabh trom a chinn de ór le fághail ag fear ar bhith a bhainfeadh an ceann de. 472 559.  Thomhais sé í agus thug sé a trom óir dón bhuachaill.. 472 565.  go gcaithfead sé a trom héin óir a thabhairt uirthí mar spré.. 1538 122.  2. Tromas (qv), ba ghrách leo cineál de ribeogaí dearga a bheith acu ar na caoirí fadó shin .. le í shábháil ar throm ná ar thinneas ná i bháitheadh ná mharbha le madaidh ná aon dhath eile 1835 406.

*tromán, Dromán?, 'Sé'n dóigh a gcuiread siad an tromán ar an tinidh a Sheáin 'áréir mar mhothaigh mise, ba ghrách leo, má chonnaic tú srathar asail ariamh—ba ghrách leo táirgní a thabhairt leo agus cineál de dhrománach a bhuaileadh isteach in éadan a chéile. Chuiread siad sin ar a' tinidh.. 1835 153.

*tromas, Tinneas ná tromas, (pian ná gearán de chineál ar bith, tharraineochthaí giota beag de ruball na bó agus chaithí i mullach na haibhleoige sin é.. agus bhí sin comh dúchasach acu agus nach rabh siad fá coinne a dhath tinnis na tromais .. a theacht ar a gcuid eallaigh.. 1835 404.  

*tromleicneach, Le pluca ramhra, Plobaire, "Fear nó bean trom-leicneach.." 1184 149.  

*trosc, Iasc, Gadus morhua, lán na mbád de achan chineál éisc leo: troisc agus langaí agus deargógaí agus glasáin.. 1834 271.  

*truacanta, Truamhéileach, Bhí scéal an truaghcanta aige.. 1184 543.  ..an seórt grágaoil a gnidheas an íosagan san oidhche, ach má tá a dhath ann go bhfuil sé níos truaghcanta. 1185 51.  Bhí an caoineadh truaghcanta seo le cluinstin achan oidhche.. 1185 52. thoisighead siad ar an chaoineadh a ba truaghcanta a mhothuigh duine ar bith ariamh.. 1185 181.  "níl leitphighinn ruadh faoi chreataí mo thoighe", arsa seiseann go truaghcanta.. 1170 407.  

*truaill, Cumhdach le haghaidh chlaímh, .. a tarraingt aníos as a thruaill a lann ladarach líonmhar. 1184 298.  

*truaillithe, Stiocaire, "Duine truailligh aindeiseach, ceathardha". 1184 177.  

*truic, Cleas, ní rabh fhios acu goidé'n trick a bhuailfead siad uirthi.. 311 362.  rinn siad amach cé bith bean a b'fheárr acu a bhuailfeadh trick ar a fear í bheith saor do'n raiclín. 311 459.

*truip, Babhta, iarracht, An tríomhadh trip tháinic sé, agus thug sé na spuir dó'n bheáthadhach.. 310 362.

*truisle, Truisle nó taisme, (mí-ádh, timpist éigin), go dtiocfadh le truisle nó taisme a theacht ina bhealach.. 1835 143.

*truisneach, Fothram, bhí deártháir duith' 'shaveál 'sa room agus mhoithigh sé'n truisneach i bhfus agus nuair a thainic sé aníos, bhí sí 'na seasamh ag an dreisiúir.. 311 53. nuair a d'eirigh'n truisneach acu go rabh'n beathach fiadhain 'a teacht agus mhusgail siad Jack suas.. 311 391.

*trumpaire, "Duine a bhfuil tuile liag chainnte amach as a chorp ar fad. A prattler". 1184 183.

*trup, 1. Gleo, torann, mhothuigh sí an trup.. 1184 415.  .. go dtáinic an trup, agus d'fhoscail an doras mar bhéadh crap tóirní ann.. 1184 478.  mhothuigh siad an tormán agus an trup.. 1185 374.  má mhothaigheann siad trup nó tormán ar bith.. 1578 35.  nuair a chuir sé síos a sleán arais a bhí ag geárradh na mónadh mhothaigh sé trup an iarainn. 1791 308.  2. Trup trap, (gleo, torann), mhothuigh sé an callán a tarraingt ar a' teach agus an trup-trap. 472 555.  

*trustálann:*triostálann, Cuachann (suas), thrustáil sé suas a léinidh go dtí n-a bhunrigheadh. 472 556.  Bhainead siad díofa na bróga agus thriostálfad siad aníos na brístí.. 1791 56.

*tuafaiste, Tuaifisc fgb, "Duine uascanta nach dtig leis rud ar bith a dheánamh mar dhuine eile". 1184 183.

*tuaim, 1. Casadh, fuaim, fonn, Ba doiligh iad a thuigbheáil.. Bhí tuaim acusan ar an chainnt nach rabh agatsa ná agamsa ar ár gcanúint. 1791 36.  Bhí an snáithe caol a bualadh géar agus bhí an tuaim ní ba troime agus ní ba láidre ag an tsnáithe reamhar. 1791 48.  bh'siad ábalta an port a choradh géar air go dtí go dtarad siad fhad leis an tsnáithe throm arais. 1791 48.  Bhí na sidheógaí ar shiúl leis an ghaoith seo, agus mhoitheochtha an ceol aici agus an tuaim a ba deise a mhothaigh tú ariamh agus dá moitheochtha thusa an tuaim seo bhí fhios agat—bhí tú ag 'eisteacht leat a déanamh go rabh tuaim eile a teacht.. 1791 91.  2. Buille, Thoisigh an cath ag an bheirt agus an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a tabhairt achan uile tuaim dó achan uil áit ach an áit a rabh an scaball. 1791 480.  ins a' dóigh nuair a bhuailfeá tuaim air (druma) go dtiocfadh an tuaim (i.e. ceol an bhuille) amach ar gach fuile thaobh. 1835 246.

*tuairgnín, Slis, Bhéarfaidh mé an tuairgnín dó anocht. 1184 367.  (.. maróidh mé é). Thug sé léithe amach an tuairgnín agus tharraing sí buille ar an ghamháin.. 1835 451.

*tuairgníneacht, Bualadh mar a dhéanfaí le tuairgnín, thúsaigh sé a tuairníneacht agus a bhriseadh leis an mhaide bhriste.. 1185 466.

*tuaith, tá plé agus damhsa i gcionn acú, agus níl a dhath dhe túaith sa chionn eile. 1184 426.  (a dhath ar bith).

*tuaithlis, Brí, tuairim? bhí na seandaoine ábalta tuaithlis a bhaint as an am 'e thairbhe na háite a mbeadh na réultogái ins a' spéir.. 1791 121.  

*tuam1, Suan, suaimhneas, cf. tuaim cfat, tá mise ag cur tuam Dé.. isteach.. in do anam inniu agus in do cholainn inniu.. agus tá súileas  agam.. nach mbíonn aon dhath.. ag gabháil ar aghaidh níos mó. 1791 454.  

*tuam2, Suaimhneach, Fil:, Bhí an ceol seo go binn agus go tuam.. 1791 453.

*tuar, Tuar cheatha, (bogha ildathach sa spéir ar uairibh má mheasctar solas na gréine agus cith báistí, solas na gréine á bhriseadh síos ina bhundhathanna, bogha báistí), ribíní glasa agus buí agus dearg agus achan ndath dá bhfuil ins a' tuar-ceatha. 1835 272.

*tuaragán, Torann, buaileadh, thosuigh an tormán agus an tuaragán fríd an teach acú. 1170 25.  chuaidh an tuaragán agus an callán amach de'n bhealach mhór.. 1170 30.

*tuarasdal, Airgead a éilítear go tráthúil chun sagart a chothú, níor chualaidh seisean iomrádh ar bith ariamh ar an t-sagart a bheith acú le bheith a fuagar tuarasdail ar bith ortha.. 1170 63.  Níor dhíol Paidí nó Peadar a'n phighinn tuarasdail ariamh an dá lá 'shaoghal a bhí acú.. 1170 63.

*tuatúil, Tuatach, ciotach, Tuthartán, "Duine tuatamhail anasta". 1184 185.  Uthartán, "Duine a ghníos a ghroithe go tuatamhail". (Teilionn). 1184 185.  

*tubán, 1. Árthach chruinn adhmaid mar bheadh leath-bharraille (lán de bhia), Thug sé neart le h-ithe daoithe (bó) agus neart de thubáin mhaithe.. 1185 496.  2. Duine beag téagartha, Tobán, "Duine beag íseal daingean —o minic bean bhean an-ramhar." 1184 181.

*tuga,Cuid d'úim chapaill a cheanglaítear leis an ualach; cábla, rópa, thug leis páirt de'n úim ach.. gur fhág sé na tugaí 'na dhiaidh. 1185 143.  fuair sé tuga iarainn agus ghreamuigh sé in a bheirt é go dteárn sé súiste de. 418 68.  Ghearr sé dhá chrann.. agus chuir sé tuga iarainn ionnta gus rinn sé súiste díobhtha. 418 68.

*tugann, 1. Tugann thart, (casann thart), nuair a thug sé thart é féin bhí an sruthán 'na chuan fairrge. 1184 306.  2. bhí a bhás chóir a bheith tugtha leis an ocras. 1185 201.(bhí sé gairid don bhás de bharr ocrais). 3.(a), Tugann isteach (do),(géilleann do), Bheirim isteach duit anois.. agus dheánfaidh mise an oifige duit.. 1835 24.  Ní thug mé isteach ariamh do phisreógaí nó do thaidhbhsidhe. 472 226.  Ní stadad siad achan lá ach ag 'ul do'n mhathair ag iarraidh.. agus ní thabharfad siad isteach dó. 472 421.  ní rabh sé tóirt isteach dó go rabh a leihéid a rud ann a' chóir a' bith.. 311 501.  má thabharann tú isteach dom go ndeáfaidh tú achan chineál.. 1791 485.  bhí sé comh sgannraith' ag an diabhal agus go dtug sé isteach dón tsagart.. 1791 491.  (b),(toilíonn), ní thabharfadh an buachaill óg isteach í phósadh nó dubhairt sé go mbéadh an saoghal mór a cainnt ortha.. 310 384.  ( c), (admhaíonn), thug sé isteach sa deireadh daofa gur eisean a mharbhaigh an fear.. 1791 227.  cha rabh seisean a tabhairt isteach gurb é a mharbhaidh an ghiorrsach seo a chor a' bith. 1791 234.  4. Tugann ar,(cuireann d'iachall ar), Tugadh air éirigh arais agus a chuid éadaigh a chuir air.. 310 271.  4...a dtabharfá 'na í. (..an dtabharfá ar ais í??), níor cheannuigh siad sin a'n bheáthadhach ariamh nach mbéad siad ag amharc roimhe sheachtmhain féachailt a dtabharfá 'na í. 1185 496.   5. Tugann as, tógann ar shiúl (ag na síóga), Cailín a tugadh as Oíche Shamhna.. 311 53.  Tugadh as an cholpach. 311 165.  6. Tugann leis, (cuireann faoina réim, faoina smacht), chaitheadh beirt a ghabháil isteach ar achan uile iomaire.. agus chaitheá-sa a'n slat déag a thabhairt leat agus do chomrádaí a'n slat déag eile. 1791 212.  nach millteanach an tonn.. a theacht isteach sa dóigh go bhfuil sé ábalta deich slata do'n talam a thabhairt léithe achan uile am.. 1791 153.  7. Bheir..(ainm), (luann..), tá go leor a bheir ainm a' diabhail i bhfad níos miniceacha ná bheir siad ainm Dé ar scar a' bith. 1791 466.  8. Bheir.. (guí etc), (ofrálann suas, achnaíonn), bhéarfa' tú na hachuinneacha sin. Bhéarfaid tú in ainm Dé iad ná bhéarfaidh tú in ainm a' diabhail iad.. 1791 468.  9. Sfh: Caithfidh tú tabhairt uait mar bhéarfar chugat. "..fá chommóradh a dheánfaidhe do dhuine marbh, gur cheart an commóradh a dheánamh dó a rinn sé fhéin duit bíod sin maith nó olc." 1184 69.  

*tuighe, Cúis, tuige; (cf. cad chuighe 1835 221 = cad chuige), shiubhail sé suas go dtí é agus d'fhiafruigh sí dó cad tuighe a rabh sé daoithe. 472 721.  (.i. cé'n gnó a bhí aige léithi). sé an tuighe agus an fáth a bhí acu le sin, bhí diad a deánamh 'e thairbhe daoine a bhí ar shiúl, bhí siad a deánamh go rabh an luaith a cuidiú leis na hanamnacha.. 1835 156.  Mhothaigh mé iad a tabhairt blatha isteach in toighe Lá Beáltaine ach sé'n tuighe a rabh an bláth sin acu.. 1835 157.  

*tuile, 1. Tuilidh in áit "tuile". 420 268.  2. Tuile liag, (sruth mór gan stad), "..Bean a mbíonn tuile liag de chainnt gan stuaim aistí ar fad, a contemptious prattler." 1184 109.  Trumpaire, "Duine a bhfuil tuile liag chainnte amach as a chorp ar fad. A prattler". 1184 183.  

*túitín, "Duine dúrúnta gan sásamh nach bhfuil dadaidh le rádh ige". 1184 183.

*tulthartán, "Duine toirteach anasta; fear a mbéadh maróg mhór air agus nach mbéadh coiscéim siubhal aige." 1184 183.

*túmalach, Bruíon, argóint? A' túmalaigh, "not getting on". 420 270.

*tur, 1. (Deoch) gan bhia, D'ól mé braon de tae thur; tae 'na dheoch gan arán ar bith. 1184 69.  2. (Bia) gan anlann, iad ag ithe cupla préata tur.. 1835 418.

*turadh, 1. Tirmiú tar éis fearthainne, a' fanacht leis turadh a dheánamh.. 1185 503. nuair a bhí cuma air go rabh sé ag gabhail a dheánamh turaidh.. 1185 503.  2. Ina thuradh,(tirm, gan a bheith ag fearthainn), ar cuma leis ceocú atá sé ag cur nó 'na thuradh. (Teilionn). 1184 159.  bhí sé chóir a bheith 'na thuradh.. 1185 503.  go bhfuil an ghaoth anoir agus an fhearthainn aniar agus gan é a cur nó 'na thuradh. 472 715.  ..an fhearthainn aniar agus níl sé cur nó 'na thurú. 311 117.  3. Turadh an duine choimhthigh, "..Turadh nó uaineadh nach maireann i bhfad.." 1184 47.

*turas, 1. Nath: Turas a' phota ort! .."rud adeirtear, ach ní go feargach sin le duine nó le h-ainmhidhe nó le rud ar bith eile a chuirfeas mí-shasamh ar dhuine." 1184 70.  2. Bhí turas an t-sionnaigh orm, "bhí turas i n-asgaidh orm." 1184 73.

*turcach1, Turcaí, dheánfaidh sé dhá thurcach déag dúinn.. agus craithfidh mise cleite ann mo ruball.. 472 492.  ó chrámh bárdail ná ó chrámh gé ná turcach .. 1835 317.  

*turcach2, Aid. Turcaí, Shílfeá gur coileach turcach é! "go magamhail.. fá dhuine a bhfuil aghaidh fhuileatach dhearg air - fear anonn go measardha i n-aois.". 1184 41.

*turn, 1. Stróc oibre, .. nach ndeánfadh a'n fhear againn a'n turn faoi.. 472 719.  (nach bhfaighimís aon obair uaidh). 2. Turn fórn na fóinte, (stróc ar bith), bhí seisean a' cuidiú léithe achan rud a dhéanamh agus ní rabh fiachadh uirthí turn fórn na fóinte a dhéanamh a chor ar bith. 1538 19.

*túrtóg, 1. Sail, píosa de shean-adhmad, stumpa, Thochluigheadh sé corr ghráig giumhais , agus 'á réir mar gheibhead sé túrtóg tirm bheiread sé leis ceann.. ar a ghualainn abhaile. 1185 283.  2. Ardán beag féarach, tom, praip, sháith sé an bata a rabh sé a' buachailleacht leis ins an túrtóig.. 1538 29.  an chroich chéasta a gheárradh ar an túrtóig a mbéad sé 'na sheasamh uirthí.. 1538 30.  3. Scraith, Ba ghrách leo a ghabháil in áirde ar a teach agus túrtóg a chur in áirde ar a tsimileáir agus nuair a bhéadh an túrtóg ar an tsimiléir acu thiocfadh siad anuas.. 1835 333.

*túslóg, Truslóg. Chuaidh sé míle agus fiche le túslóig. 1185 237.  

*tútachán, "Duine gan sásamh nach bhfuil an chainnt fhéin aige". 1184 185.

*tuthartán, "Duine tuatamhail anasta". 1184 185. cf uthartán.