An Gréasán Gaeilge

GG

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 A

 Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

foinse

*a, (a do?), Chuaidh siad a dh'éad léithe sa bhomaite chionnus go rabh sise 'na suidhe ní b'fheárr ná bhí siad héin. 1538 45. 

*a, (< ar), go rabh an scuab ag gabháil a bheith suas le dhó ná trí throighí ar airde a scar  a' bith. 1791 42. 

*abar, 1. (a), Pluda, marla, chuir mé síos ins an abar í (ladhar) 310 374.  A Chiot, a bhodaigh nuair a fhágfas tú thíos cliabh an aoiligh, bíodh cliabh abair aníos leat! .i. Abairt a mbaintear féidhm aistí nuair a bíthear ag iarraidh ar dhuine cupla rud a dhéanamh le chéile. 1184 21. "..(diabhal) ag gabhail a bheith comh dubh," adeir Sé, "leis an abar." 1791 421.  (b), (mar bhunábhar leasú goirt), Ag géurú abair—"Bheirfidhe isteach portach nó abair  agus caithfidhe 'sa mhúnlach 'sa charn-aoiligh agus d'fhágfaidhe fannsin le géurú é leis an aoileach a dheánú fairsing" 311 33.  bhí poll mór abair amach os coinne an bhalla agus casán beag aige, -- acu le siubhal thart fa'n teach an áit a rabh siad -- ní rabh'n stoc acu—a' souráil abair ann, a géurú abair ann.. 311 594.  2. Bogach, tonn-ar-bogadh, d'imthigh Jack leis na ba agus chuir isteach agus bhí abair  mhór acu le gul fríd.. 311 379.  Fuair greimdhá chois air annsin agus tharraing leis 'na dhéidh é go rabh sé san abair seo.. 311 380.  3. In abar, (i bhfastó, á bhascadh), bhí seascan mór ann.. agus na bollógaí .. go dteachaidh siad i n-abar sa t-seascain.. 472 31.  Bó atá i n-abar i gcúl a' chruic aige.. 472 46.  Bhí beathach eallaigh dá cuid in eabair. 311 177.  Sfh: Cha deachaidh fhobair  (dóbair) ariamh in abair. 420 247.  4.Ina abar, (clúdaithe le pluda, lathach), bhí sí na h-abar suas fhad le n-a glúine agus goidé rinn sí ach a cosa a sháthadh isteach ins an tobar go nighead sí iad. 418 259. 

*abhaile, 1. Níos deise abhaile, "at a later date". 420 235.  2. Tagann chun a' bhaile dó, (oireann dó), Thainic sin 'na bhaile do'n phort, "that suited the tune". 420 234.  (..sin abhaile??)

*abhaill, Úllóird, ghread leis leis na ba go deacha sé.. isteach 'un abhaill abhí acu le gul agus bhí droch-obair acu le gul fríd isteach un abhaill.. bhí lot crann ubhlaí ann.. 311 368.  shíl sé nach mbéadh crann ins an abhaill nach mbéadh rootáilte amach as.. 311 383.  astoigh ins a' choillidh seo bhí abhaill ubhlaí ann.. Nuair a d'fhiach sé le theach amach as an abhaill ní rabh sé ábalta.. 1343 452 .

*ábhar1, Cúis, innseochaid mé an t-ábhbhar duit.. níl duine ar bith.. 1185 253.  Sin a' t-ádhbhar a bhfuil Croc Leitreach ainmníste as Leitir Mhic a' Bhaírd ó'n lán sin.. 1185 635. 

*ábhar2,Píosa, mant (bainte as rud, cf. ábhar na bró.) Béidh ádhbhar ar an ghealaigh i dtrathaibh an Domhnaigh. .i. Béidh maith na gealaighe thart i dtrathaibh an Domhnaigh. 1184 15. "Fabhra adeirtear i dTeilionn", 1185 15. (focal eile ar fad?)

*abhus, 1. Lonnaithe, suite,(tar éis teacht go dtí áit), tháinic sé aníos go Clydebank a dh'amharc ar lucht comhursan a bhí i bhfos annsin. 1185 132.  Chuir sé scéala síos fá choinne a chuid éadaigh agus d'fhan sé fhéin i bhfos.. 1185 42.  .. líon mála óir thíos agus scairt leis a' ghréasaidh é tharraingt aníos.. nuair a bhí sé i bhfos leag sé na sclátaí arais. 472 332.  Ní rabh a'n fhear uasal ó sin go h-uachtar na Sasana nach rabh cruinn annsin i bhfos a seilg. 472 355.  bhí an dinnear réidh shuidh an cat (sic sagart) thuas ar chionn an tábla agus shuidh an cat anonn fósta. Chuir an sagart a lámh leis agus chaith sé anuas de'n tábla é, ach níor luaithe i bhfos é ná chuaidh sé suas arais. 1170 427.  Nuair a fuair sé (sagart) i bhfos ag íochtar a bhuilg é chuir sé rud ar a diabhal é agus d'iarr sé air léimeadh amach as a bhean.. 1791 486.  2.In aice leis an ainmní, murab ionann agus in áit eile, bhí deártháir duith' 'shaveál 'sa room agus mhoithigh sé'n truisneach i bhfus agus nuair a thainic sé aníos, bhí sí 'na seasamh ag an dreisiúir.. 311 53.  3. Anuas, Bhí crap luathcha ar 'ach taobh annsin a chuir sé suas ar na h-aibhleógaí.. nuair a tháinic sé arais bhí an chéad chuid a chuir sé suas i bhfos arís.. 1185 534.  thoisigh an leabaidh a léimnigh suas go dtí na creataí agus a bualadh i bhfos ar an taobh balla.. 1578 8.  níl a'n phioctúir a rabh crochtaí ar a' bhalla thuas ins a tseamra de phioctúireacha naofa uileg go léir nár buaileadh i bhfos ar a' talamh. 1791 152.  4...thall agus.. abhus,(ar an dá thaobh (de rud), Rachad sé (cróchar) isteach ar ghuailainn fir thall agus ar ghualainn fir i bhfos agus bhéadh an corp i lár báire.. 472 397.  5.,Chun tosaigh, bhí an scaball aniar ar a dhá ghualainn, giota de thiar agus giota de i bhfos.. 1791 480. 

*ach, 1. Go dtí, Theann na ribí a bhí fá mhuinéal an chú air ach gur chuir siad a theangaidh amach fad bata agus thacht siad é. 1185 42.  Ach go rabh'n lá ann, "go dí go rabh'n lá ann". 420 246.  "Ach go bhfágh mise" in áit "Go dí.." 420 267.  2. Chá rabh ann ach é.. (is ar éigin a bhí.. ), chá rabh ann ach é go rabh siad sínte ins na leabthacha gur.. 1185 374. 

*achainí, achainne, achainneacha, 1. Iarratas, guí, d'iarr sé athchuingne agus sé'n athchuingne a d'iarr sé.. 472 291.  Sin an achuinne  a bhí seisean a dh'iarraidh.. 1791 50.  .. achuinneacha a d'iarrfá uirthe nuair a bhéad sé ag gabháil a uí go bhfuightheá na hachainneacha sin. 1791 114.  Tá tusa ' deánamh achuinneacha (au.) anois.. níl tú ag gabháil á fáil.1791 469.  2. A.bh. achainneacha: Is iomaidh rud earfas tú 'e thairbhe an diabhal thu thabhairt leis. Tá usa ag achuinneacha ansin—tusa.. mise na duine éiginteacht ag achuinneacha ansin.. 1791 468. 

*achan, Gach aon, Tá measardhacht ar achan seórt agus gan a bheith ag ithe bracháin le graep! 1184 70. go dtiocfadh leis achan rud dá rabh na h-éanacha a' cainnt air a innse. 1184 410.  goideadh achan nduine ariamh acú.. 1184 414.  Thoisigh an cath ag an bheirt agus an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a tabhairt achan uile tuaim dó achan uile áit ach an áit a rabh an scaball. 1791 480. 

*achasán, Íde béil, tháinic Colm Cille isteach go dtugad sé achmhusán do'n chailín fá'n taos fhéin a thabhairt dó (bacach).. 1170 431.

*achmhainneach:ardacmhainneach, Go hardacmhainneach,ar ardluas, Theich sé go h-árd acmhuineach agus an mac 'na dhiaidh, ach ní rabh an mac baol air comh gasta leis an athair. 1538 72. 

 *achomair, 1. Sciobtha, tapa, Dá dtigeadh am aimsir mhaith ar mhuin gheárrfhiadh ní thiocfad sé achmair go leór. 1184 12. Mur bhfágaidh tú amach mo theach go h-achmair.. scairtfidh mise isteach ar na péas.. 1185 444.  2. Aclaí Ní a mháirtíní síos leis. .i. Níl sé fabhartha; níl creapall ar bith air; tá sé cruaidh achmair. 1184 38. Fuair mé ar siubhal orthu an dóigh a rabh mé achmair. 1184 254. Ronnsach, "Duine caol árd, cruaidh achmair go maith". 1184 157. 

*achrann, In achrann, (i bhfastó), Nuair a chuaigh an beáthach isteach sin an rud bhog, chuaigh sí in achrann.. 1578 21. 

*achrannach, Deacair, anróiteach, an bhealach cham achrannach a bhí 'na bhFlaitheas.. 1184 386. 

*acht, Coiníoll, go gcuirfead sinad 'un báis é mur n-innseochas sé.. "Inseochaidh," arsa seisean, "ar acht agus ar acht eile chá n-innsighim. " 472 438.  Dubhairt sí ar acht go bpósfadh agus ar acht eile nach bpósfadh, "Goidé 'n t-acht sin nach bpósann tú mé?".. "Tá lá ar bit a dtuitfidh muid amach.." 472 721.  thoilig mac na baintreabhaigh a bheith leis. Dubhairt mac na baintreabhaigh go rachad sé leis ar acht é a bheith umhal dó go bpillead sé aríst. 1538 63.  cf. *reacht.

*acra, Áis, uirlis, Chruinnigh sé (ceardaí) suas na h-acaraí beag a bhí a dhíoghbhail air.. 1170 447.  ba ghrách le athair Thaidhg a bheith a deánamh na n-acaraí seo fosta. 1791 34.  dá dtéighead siad a cheannacht acara ar bith uaitse fán teach agus iad ag cainnt eatorru héin .. labhairfead siad an teangaidh seo.. 1791 36.  Go maram go mbéadh cúig nó sé fhonnsaí thart ar seo, agus dá mbeitheá ag gabháil do shin ó shin chá dtiocfadh leat an acara sin a bhriseadh. 1791 43.  bhí sé caite astoigh i mbocsa na n-acaraí a bhí aige fá choinne gréasaidheacht.. 1791 310.  Bhí acaraí eile acu a rabh scríobáin orthú.. 1835 360. 

*acra, acaire, Aonad talaimh, 4840 slat chearnach, bhí dhá fhicheadh acaire le baint aige seo leis an corráin.. 1791 217. 

*ad, Úd, A' caisleán-ad thuas.. 420 269. 

*adaradh Eadra? Adaradh árd agus bleaghan oidhche, / Ní raibh sé ariamh gan bhainne. 1184 11.

*adartha:eadra Ciabhach adartha, (staicín áiféise), Ná déan ciabhach adartha díom annseo! .i. Ná coinnigh mó sheasamh i bhfad gan 'ghroithe mé annseo… Rinn tú ciabhach adartha de. .i. Mar adeirtear i dTeilionn: rinn tú seóin sincín de! 1184 44. Bhí sé na chiabhach eadara aici. " bhí sí ag magú air." 420 214. 

*adhaltánach, "Duine gan mhothughadh nó i n-amannaí duine atá bodhar". 1184 101.

*ádh, ní fhacaidh mé na caoirigh sin anois le cupla lá agus ag an ádh atá fhios cé'n áit a bhfuil na caoirigh. 1185 276. (..ag an diabhal atá 'fhios, maolú ar áibhirseoir?; ..ní fios).

*adharc, 1.(Scéalaíocht: rud mar adharc ainmhí ar cheann duine), tháinic bean isteach a rabh dhá adharc déag oirthí. 472 300.  2. Soitheach i gcruth adhairce, D'fhoscail siad a bhéal agus chuir siad béal na h-adhairce le n-a bhéal agus d'fholmhuigh siad an adharc síos ina chorp go dtí nár fhág siad deór inntí. 1185 628.  Adharc a bhíodh acu i n-ionad gloine trí-gó -- sin trí leath-cinn. 472 692.  3.Cuireann adharc ann, (déanann caimléaracht air), caidé 'n dóigh a gcuirfeadh sé an adharc ann. 1578 55.Cf. deác DD. 4.Chuirfí adharca air, (dhéanfaí amach gur sórt diabhail é), Bhí sin ag gabhail go coitchiannta in mo chuimhne fhéin, agus chuirfí adharcaí ort dá n-abrochtha le daoiní nach rabh a leithéid 'e rud ann. 1170 195.  5. Ag adharc?, (bruíon?, d'iarr sé maitheamhnas air ar shon a rud a bhí déanta aige fána mhraoi, ná bhí sé héin agus a mhraoi ag amhoirc  le chéile le trí bliana roimhe sin. 1791 455.  6.(Mar ghléas rabhaidh, séidte), Thoiseochadh gach fuile dhuine a shéidiú agus bhí siad uilig ábalta innse leis na h-adharcanna seo go rabh rud ínteacht ag gabháil ar aghaidh.. 1835 331.  a mbéadh gaoth in éadan na h-adhairce ní mhothochtha í ró-mhaith. 1835 332. 

*adhastar, 1. Ceangal, rópa, chuir sé cineal de aostar air agus cheangail sé do'n chrann é. 742 272.  2.Adhastar an anró, (cuing an phósta), Cuireadh adhastar an ánroigh ar an chréatúr. .i. An dóigh a n-abruigheann bunadh na gCruach gur pósadh duine ínteacht. 1184 46. 3.Ar adhastar, (faoi chinnireacht ag rópa, bó capall nó ainmhidhe ar bith.. a bhéadh ar adhastar le duine. 1184 75.

*adhlacann, Cuireann (corp), Fuair an t-uncal bás agus rinneadh é a fhaire agus a adhlacadh. 1578 27. 

*adhmad, ádhmad,Maide, adhmad an chaoráin, an phortaigh, (giúis phortaigh), Tá na maidí portaigh sin.. Cha dtig leis go bhful an t-ádhmad céanna ins an ádhmad cheart. Níl sé cosúil le maide an chaoráin ná níl an caorán ag gabháil a dheánamh dochar ar bith do ádhmad a' phortaigh.. 1791 312. 

*admháil, Admháil a láimhe, (admháil scríofa), bhí easbhuigh sé scillingne air, agus ní thabharfadh an tighearna aidbhéil a láimhe dó go dtí go ndíolad sé na sé scillingne. 472 206.  caithfidh tú aidbhéil láimhe m'athar a fhághail ar shon a' rud a dubhairt tú. 472 207.  scríobh sé síos aidbhéil a láimhe agus mhaithidh sé an dá chíos dó. 472 210. 

*admhaíonn, 1. Géilleann, aontaíonn, Chá rabh an táilliúr sásta a ghabhail ach bhí Seán ag gabhail dó agus ag gabhail dó agus fá dheireadh thiar thall d'aidmhigh sé go rachadh sé. 1184 523.  d'aidmhigh sí go rabh sé ceart.. 1538 10 . Ní rabh acú ach a'n mhac amháin agus níor mhaith leofa géibheann a theacht air ach mar sin héin d'aidmhigh sia a chomhairle héin a thabhairt dó. 1538 114.  2.Fógraíonn, cuireann in iúl, Fil:, Mur ndeánaidh tú gríomharthaí níos feárr.. Aidmhighim do'n t-saoghal é go mbainfead / Damhsa gan píoba le caola bhata díreach / Amach as do thaobh a chailín. 472 430.  3. Cuireann i gcéill, Go n-aidmheochad siad do'n ghroom, "that they would make it appear to the groom. 420 230. 

*adhúil, Dea-chinniúnach, d'imigh an fear eile, agus go hádhmhail bhí curach 'na luí ansin i mbéal na toinne acu.. 1791 71.  go h-ádhmhail le Dia go dtáinic mé go dtí'n teach seo.. 1835 230.  tá tú íontach ádhúil ar fad nach rabh tú leis an bhean sin an oíche sin.. 1835 434. 

*aer, 1. Éan aeir, (éan eitilte, éan a thagann ar an aer)., d'fhág éan aeir, d'fhág sin pór 'na dhiaidh agus d'fhás crann.. 1184 423. 2. Spéir, Caithfidh tú innse domh amárach cá méad réaltóg atá ar an aer. 1185 13.  tháinic cuid mhór réulta amach ar an aer. 1538 109.  Má tá an ghealach ann anois, déarfa mé, is ceart daoithe mairstin trí hoíche ar an aer—an rud a dtabharann siad gealach na gconnlach air. 1835 186.  3. Ón aer anuas, ó airde mhaith (os a chionn), Bhuail sé trí nó ceathair 'e bhuillí (de shúiste) ó'n aer anuas ar an t-sráideóig. 1185 474.  4.Faoi'n aer, ón aer anuas, (ar chor ar bith), Níl fhios agam-sa ó'n aer anuas caidé atá a' teacht ar na daoine.. 1185 280.  chá rabh fhios aige faoi'n aer caidé a bhí cearr. 1184 239. níl fhios agam faoi'n aer caidé a tháinic ar mo chuid eallaigh. 1184 543.  chá rabh fhios aige faoi'n aer anuas caidé mar gheobhad sé an t-airgead. 1185 70. 5.Dá n-ithfeadh sé an t-aer is an talamh ní.. (Dá ndéanfadh sé a lándhícheall ní fhéadfadh sé..), Dá n-ithfead siad a' t-aér agus a' talamh, ní thiocfadh leófa í fhágháil, "..nó matter how they tried". 420 228.  6.Aer fionnmhachta, (..feanntachta?), bhí siad a ráit an t-aer a bhéadh ann Oíche Shamhna gur aer fionnmhachta a bhí ann, agus níor mhaith leo é theacht ar cheann ar bith dá gcuid poill phréataí..1835 10. 

*afraicean, Afraiceánach, Chualaidh an t-African iomrádh ar seo agus bhí 'n lamp i gcómhnuí ag Alladin.. 311 299.  goidé bhí sa bhoc ach a' sean-African.. 311 300. 

*ag, 1.S'aige, aige, etc. (a), (chun seilbh, únaeireacht a chur in iúl) .. na fir dhubha a bhí ar an oileán s'aige. 1184 482.  chuaidh a'bhean s'aige isteach.. 310 254.  go rabh sé a dhith go cruaidh oirthí.. for nach rabh'n coirce s'aca fhéin i n-innibh a chur 'na mhuilinn.. 310 329.  (b), (chun baint, coibhneas (idir rudaí, daoine) a chur in iúl), thug sí anuas a léinidh agus d'fhuaigh sé na bónaí aicí agus d'fhuaigh sé an coileár.. 472 521.  tchím bárra na n-adharc acu astoigh in lár na cuiscrighe. 1578 63.  nuair a tharlóchadh rud ínteacht nach rabh 'a réir an dlí s'acu.. 1579 204.  ..níos mó ná an luach s'acúsan a bhaint de dhuine ar bith. 1579 217, (..an luach a shocraíodar san). Chuaidh sé suas ansin fhad le teach athair an bhean s'aige.. 1791 73. (teach athar a mhná). Bhí sé ábalta a scáile s'aicí a fheiceáil taobh amuigh den fhuinneog.. bhí sé ábalta an scáile s'aici a fheiceáil ag éirí in áirde ar na ballaí.. 1791 231.  (ag cur in iúl gur céile duine atá i gceist), Thoisigh sé á buaileadh s'aici-se, agus nuair a bhí sé tamall maith á buaileadh d'imigh sí fhad leis a tsaghart.. 1791 454.  2.Níl aige ach.. (a),(níl le déanamh aige ach.. ), tá sé ladhar ar do mhac tá fhios agat fhéin agus níl agat ach na ladhra a chunntas. 472 406.  ní rabh dhath ar bith aige ach na clocha a tharraint amach. 1578 15.  Bhí sé seo comh beag agus nach rabh oiread do dhoirn ann, agus nuair a bhíodh a mháthair ag gabhail amach a dhéanamh dhath ar bith chá rabh aicí ach á chur isteach i bpoll a' bhac.. 1170 477.  (b), (níl de ghaolta aige ach..), Bhí seanbhean bheag a tarraint orainn fosta nach rabh aici ach í héin. 1791 28.  3. Bíonn aige le.. (bíonn (d'iachall) air.. ), bhí aige le dhul amach 's isteach ar speancacha agus ar chreagacha nach mbéadh éanachacha an aeir ábalta dhul air.. 472 458.  Shíl sé cinnte gur ar airteagal a bhí aige le ghabhail. 1170 197.  4. Nuair a bhí'n tráthnóna aige, "when it was evening". 420 243. (ag tagairt do dhuine? e.g. "nuair a tháinig an tráthnóna air?). 5. Agam, agat..(ag trácht go neamhphearsanta), (ag duine), bhí ball amuigh agatsa agus bhí ball amuigh agamsa chuirfeá sin ort.. 1835 409.  dheánthaí parla na mine coirce sin, agus má bhí im agat chuirthí gráinín maith ime air. 1791 55.  6.("Aige" le rud baineannach a bhfuil a hainm firinscneach), bearach a béadh a breith a mbéadh ugh chruaidh aige  chuimileochad siad sin isteach ins an ugh.. 1791 313.  7. Aige féin, (ina shláinte cheart), thug siad chuige héin é, agus nuair a bhí sé aige héin agus é teach ins a' dóigh cheart ina shláinte.. 1791 458. 

*ágh (Calmacht, misneach) , Ní luaith rachainn ar tuinn go sgarainn bhur gcuirp le bhur gcinn.. mur bhághaidh mé mo chéil' ag Fionn an áidh. 310 89.  Trí fichid a thuit le lámh Ghoill an Áigh.. 311 476. 

*aghaidh, 1. Ina aghaidh, (ina choinne (mar fhiacha), fágaim céad punnta eile in d'aghaidhe ó'n am sin.. 1185 445.  2. Treo imeachta , Tá aghaidhe na gcearc ar an aradh. 1184 9. 3. Tugann aghaidh air, (téann ina threo), thug siad a n-aghaidhe ar Thoraigh. 1538 72.  D'imthigh Maolmuire agus thug sé a aghaidhe ar a' bhaile.. 1538 74.  4. Taobh (cnoic), chuirfead sé aghaidh óir ar Bhinn Bhulbáin.. ach go spé ("munab é") go bhfuil aghaidh ó thuaidh. 310 358.  5.Roimhe ar aghaidh, (roimh ré), théidheadh na daoini siar go dí na cuibhrinn sin thiar agus spádaí leófa agus gheibhead siad préataí 'sa talamh agus iad buinte roimhe ar aghaidh. Bhí Dia a gcur chuca. 311 41.  6. Fhad ar aghaidh le, (oiread chun chinn le), dá gcastaí sin uilig agam-sa bhéinn fhad ar aghaidhe leis an rí. 1170 178.  ..a' mhuintir nach n-oibreochadh a dhath nuair a bhéadh an bhliain astoigh bhéad siad fhad ar aghaidh leis an té a bhí ag obair. 1835 86.  7. Faigheann, tagann ar aghaidh le.. (tarraingíonn le, réitíonn le chéile), Bhí Mac a'Bháird agus Ó Dómhnaill a fághail ar aghaidh go bréagh.. 418 275.  go rabh fear agus bean thuas.. a teacht ar aghaidhe go ró-mhaith le chéile.. 1791 414.  8.Iompraíonn ar aghaidh, (a), (maireann, ("carries on"), is fearr duit i bhfad a bheith réití.. ná ar an dóigh a rabh tú ag iompar ar aghaidhe. 1791 419.  d'innis sé dó fána mhraoi caidé mar bhí sí ag iompar ar aghaidhe—ná dtiocfadh sé isteach san oíche.. 1791 483.  Diabhail a bhí i rud ar bith a bhí ag iompar ar aghaidhe mar bhí siad.. 1791 507.  (b), déanann tairbhe dó, tugann chun chinn, níl an mhaidin chiúin an-mhaith ar fad, ná níl an mhaidin chiúin ag gabháil a iompar an lae ar aghaidh duit..1835 221.  (c.) leanann de, Chuirthí síos an chéad léar de sin ar thóin an chroc agus .. chuirthí cumhdach de shalann gharbh ar sin. Chuirthí isteach an darna léar ansin agus chuirthí salann araist air ar an dóigh chéanna agus bhéad siad á iompar sin ar aghaidh go dtí go dtiocfad an corc comhthrom lena bhéal.. 1835 345.  9. Iompraíonn amach, ar aghaidh, (comhlíonann ("carry out, proceed with")), ní thug mise a'n órdú ariamh.. nach gcaithfí a bheith iomparaí' amach.. caithfidh tusa an nidh seo atá mé a innse duit.. a iompar ar aghaidh fosta. 1791 389.  agaibh héin atá na gnaithe seo le h-iompar amach. 1791 390.  má tá tusa ag gabháil a iompar ar aghaidhe oibreacha an diabhail béidh tú caillte. 1791 420.  10,Faigheann ar aghaidh, (éiríonn le, tárlaíonn do), Cuireadh ceist air caidé mar fuair sé ar aghaidhe? (.."how he got on" i.e. what happened to him). 'Sé dóigh a bhfuair mé ar aghaidhe go dtáinic an diabhal orm.. 1791 429.  11. Aghaidh na ndaoine, (cion, meas na ndaoine), Thóg Dia aghaidh na ndaoine daofa, "God caused them to be unpopular". 420 226.  bfhéidir go moitheochtha ailleóg anois agus arais aige le aghaidh na ndaoine a thabhairt dó fá choinne deoch.. 1791 25.  12.(Luíonn) ar aghaidh na gréine, (?), chuaidh sé síos a chois na farraige agus luigh sé ar aghaidhe na gréine. Ar ndóiche bhí sé a deánamh nach rachadh na gárdaí síos ach chuaidh siad síos.. 1791 72. ,(luigh sé síos fén ngréin?). 13. Tugann ar aghaidh, (cuireann ar fáil), siad na Lochannaigh a thug an t-im (portaigh) ar aghaidh. 1791 312. siad a d'fhág ann a chéaduair é. 14.,(Mar aid.) tosaigh), bhí 'n maighistreas a teacht isteach ar a' doras aghaidhe agus bhí 'n cailín a tarraingt ar a'doras cúil. 472 47.  Bhíodh doras aghaidh agus doras cúil.. 311 25. 

*agraíonn, Guíonn, impíonn, Fil:, Nó nár agair tú an t-Árd Righ spás beag eile a thabhairt dúinn.. 472 284.  Ghuidh sí agus d'agair sí an sagart cead na coise a leigean leo.. 1578 80.  Dá agrú, "imploring him". 420 262. 

*agus, (Ag ceangal athrá ar fhocal chun treisiú le béim na habairte), tháinic an bhó anuas agus anuas agus níor stad sí go dtáinic sí go cúl a toighe. 1170 170.  Deir siad a dtiocfad ceann acu ort go scoiltfead sé an chlaigeann agat, ach tá sin giota agus giota ar gcúl. 1791 109.  ..tamall an- fhada ó shin. Bhí sé a teacht thart agus thart agus thart léithe agus nuair a bhí sé tamallt fada a theacht thart air chaill sé í.. 1835 29.  bhí siad ag gabhail ar chúl a gcinn agus ar chúl a gcinn leo go dtí gur thit siad isteach i gcineál de lag.. 1835 30.  bhí sí na seasamh ansin am agus am agus am fada.. 1835 78.  Chan cuimhneach liomsa é—Bhí sé tamallt agus tamallt agus tamallt maith roimh m'am-sa.. 835 300.  gur oibir sé laethe agus laethe i gcionn achan seórt oibre 1074 10. 

*aibhéis, Farraige, Sheól siad leóbhtha amach ins an áibhéis mhór. 1184 233.

*aibhirseoir, Aidhbheirseóir Duine a bhfuil an diabhal 'na sheasamh ann! 1184 101.

*aibhleog, 1. Spré de thine (caorán nó a leithéid ); gríosach, Nuair a bhí na toirtíní rósta ar an aibhleóig.. 1538 132.  2. Geataire, tóirse, Cha rabh Sábha le fáil. Chuaidh na haibhleógaí amach á cuartú—na beodhaí tineadh mar deir siad héin. Ní rabh leithéid na lasán seo eile ann—na flashannaí na leithéid sin le fáil.. 1791 186.  "Chá bhfuil uibhleóg ar bith linn (iascairí).".. " Tá neart splaighcí (lasáin) agam-sa.." 472 395.  Chaith seisean an uibhleóg 'na dhiaidh agus d'éirigh an teinidh. 472 518. 

*aibí, Foirfe, réidh chun bainte, Ubhlaí mór apaidh a rabh taobh amháin daofa comh dearg le rósa, agus an taobh eile comh geal le sneachta. 1343 250. 

*aibíd, 1. Culaith (draíochta), fuair sí (murúch) 'n aibid  a bhíodh uirthi ins an fhairrge agus shín léithi. 311 449.  2. Aibíd dhearg, (ball éadaigh traidisiúnta), Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun builg air/ Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian. 1170 433. 

*aice, In aice le, (beagnach), .. go dtí gur éirigh sé suas i n-aice le h-ocht mbliadhna déag.. 472 468. 

*aicearra, Bealach níos cóngaraí ná an gnáthbhealach (e.g. bóthar); an fad taistil a shábháltar trína ghabháil, tá bealach annseo a bhéarfas míle go leith de aithghiorra tú, agus bhéarfaidh an aithghiorra seo amach ar an bhealach seo a bhfuil tú air thú. 1184 364.  go dtáinic sé fhad le páirc dheas thalaimh .. agus dar leis fhéin go rachad sé aithghiorra na páirce. 1185 40.  'Sé monuar mhillidh 's mo chrádh nach bhfeicim do scáile a triall / Anuas le Mallaigh 'n t-Sliabh Bán nó aithghiorra an mhám seo thiar. 472 488.  chuaidh sé a gheárradh aithghiorracha a teacht 'na bhaile agus chaill sé a bhealach.. 472 552.  cam díreach a ród..sé 'n bealach mór bith, gabh fríd an bóthar. 472 700 

*aicearrach,Go haicearrach.. (go gearrthreimhseach, go gairid), Go h-aithghiorrach 'na dhéidh sin, "shortly after that". 420 344. 

*aicíd, 1. Galar, tinneas, chá rachadh aon duine a chómhair teach ar bith an t-am sin ná bhí an-eagla orthu roimh an an aicíd seo. 1791 51.  tá siad ábalta aicíd ínteacht a léas. 1791 172.  2.Aicíd na gCrúb, (tinneas a thagadh ar chrúba ainmhithe), Bhí sin (eag i gcluais) á shábháil ar aicíd na gcrúb, bhí á shábháil ar aicídeacha a thiocfadh in aice an chroí leis.. mar deir siad héin ainmhí a bhí caite bhí sé ag gabhail a dhéanamh maith dó. 1835 288.  3.An aicíd dhubh, (an dubh), Scab an aicíd dhubh seo soir agus siar annsin, agus char fhág sí gas glas 'n sheasamh os cionn an talaimh. 1074 18. 

*aicíneacht, Bruíon, aighneas, Tá cupla bean fán teach agam-sa fosta agus níl lá sa bhliain nach mbíonn siad ag aicíneacht le chéile..1578 57. 

*aicme, Cineál (neacha neamhshaolta? dathanna spéire?), Bhí seacht n-aicme ins a' spéir Lá Beáltaine Úr.. thiocfad sé 'n ghlas in a' spéir, ná thiocfad sé 'na dhorchadas ins a' spéir.. 1835 138. 

*aicsean, Gníomhú, iompar (gnéasach), Tá sé a cuartughadh an graepe go bpollaidh sé thusa indiaidh an "action" a rinn tú fhéin agus maighistir. 472 47. 

*aicteáil, 1. (Mí-)iompar, Tá a cruinniughadh na gcloch fá choinne thusa a mharbha indiaidh an "actáil" a bhí agat fhéin agus ag n-a bhean lá aonaigh an t-Sráth Bán. 472 46.  2. (A.bh.), gníomhú, D'innis Padaí .. dó'n t-sagart goidé mas  bhí sé ag "actáil" leis a' scilling (dhraíochta), agus d'iarr an sagart air an scilling a thabhairt dó fhéin. 418 235. 

*aifealtas?, Mothú náire faitíosach, bhí cineál de uaibhíaltas air. Ní rabh oiread uchtaigh aige agus a shíl sé. 1835 432. 

*aifridh, arú, Aifridh anuraidh, "the year before last". 420 217. 

*aigeantach,Sonasach etc., Chuaidh mach Dhómhnaill Mháoir abhaile go luthmhar éadtrom, aigeantach.. 472 222. (tar éis do'n chruit a bheith bainte de) D'imthigh sé leis go lúthmhar éadtrom aigeantach go rabh sé ins a' bhaile. 472 224.  Fil: Mé go h-óg 's aigeantach mar bhí mé ann mo shaoghal.. 472 344.  'S ag geaftaí Bhaile Buidh'a rinn mise an gríomh / A bhí aigeantach buidh éadtrom, / 'Ealodh le mraoi.. 310 247. 

*aigne, Misneach, spiorad, "Fear scafanta criodheamhail lán misnigh agus aignidh. A hearty man a spruce fellow". ¦1184 158. 

*áille, Áille na gréine, ga gréine (ag teacht anuas trí fhuinneog) chaith sé'n frock ar áille na gréine agus choinnigh sé suas é.. 311 236.  Áille na gréine,"sunbeam",420 250. 

*ailleagán, (Ainm ceana? stór, cuid etc.?), "Mo dhoireagán, mo dhoireagán / Mo chró mhaol agus m'ailleagán / Gur do Ghaill a ba dual a bheith i lár mo Dhoire" 311 163.  (<Colm Cille de réir bhéaloideasa). fáilleagán buachalla 420 221. (gan míniú).

*ailleog, Scol amhráin, bfheidir braon beag ólta aige agus bfhéidir go moitheochtha ailleóg anois agus arais aige le aghaidh na ndaoine a thabhairt dó fá choinne deoch.. 1791 25.

*ailse,Galar cloíteach éigin a mbeadh othras nó tréigint feola ag baint leis; cancar nó rud cosúil leis, daoine deárfa mé go sábhálaidh Dia muid a mbéadh aillse orthu bhéar siad leo é (luaith Fhéile na Marbh) astoigh idir dhá ghiota éadaigh agus dfhúigfead siad i mullaigh an aillse é. 1835 65. 

*ailteán, Fil:, Shiubhailfead sé liom-sa fríd ailteáin, / Ó sin go bárra na mbeann.. 472 253. Clais, sruthán?

*aiméar, Faill, caoi, Nuair a fuair an gioll an aiméar sháith sé an biorán suain ina dhruim.. 1185 94. 

*aimhréidh, Míchothrom, corraiceach, ní rabh an bealach seo ar fad comh haimhréidh leis a' bhealach a rabh beirt na bhfear astoigh air. 1791 386. 

*aimhréidteach, Trí-na-chéile, in aimhréidh, Fann thusa arais.. nó tá teach aimhreidhteach  istuigh annseo.. Go réidhteocha mise é sul a dtéidh tú isteach.. 311 599. 

*aimlíocht, Ainnise, Práiseach, "Cosamhail le práiseóg ach amháin go bhfuil aois agus aimlidheacht a bain le mraoi a ngoirtear seo dí." ¦1184 149. 

*aimlithe, Ainnis, Tá cumadh na Nodlag ort! .i. tá cumadh aimlighthe ort—dorcha gruamdha srl. 1184 28. Tá'n gasúr leat is feárr ar a' bhaile agus ach mur spé (murab é?) an dóigh a rabh sé aimlighthe bhéarfainn fhéin liom é. 472 40. 

*ain, Is áin le, (is áil le, is toil le), Fil:, Tiocfaidh mo rún-searc le bánughadh an lae / Agus béidh mé leobhtha mas áin liom é. 472 185.  Fil: Triall 'n a bhaile mas áin leat agus gheobhaid tú n a táinte 'n t-saoghail.. 472 487. 

*ainchríostaí, Ainchríost? Chluininn iad a rádh gur as an áird anoir a thiocfadh an t-an-Chríostaidhe a bhí ag gabhail a chur deireadh leis an t-saoghal. 1185 320. 

*ainciall, "Duine ramhar garbh gan tuairm. (Gort a'Choirce). " 1184 101.

*ainéide, Gioblach, Cuma ocrach, an-éudaigh, "hungry tagged appearance". 420 226. 

*aingeal "Duine atá mar is cóir dó a bheith ar 'ach uile dhóigh. An angel." 1184 101.

*ainm, 1. Ainm baiste, sloinneadh (i gceist faoi aitheantas), "C'ainm thú?" "De Chloinn Uí Eigeartaigh mé. C'ainm tú fhéin?" "De Chloinn 'Ic Loingsighe mise."1185 500.  2.(Ag léiriú an difríocht idir "ainm" agus "sloinneadh"), "Tá mise 'mo shuidhe ar m' ainm.. agus tá mo shloinneadh fá mo ghuallneacha."… "Do chéad míle fáilte.. a Chathaoir Uí Chába!" 1185 624.  chuir sé míle fáilte roimhe in' ainm agus ina shloinneadh. 472 208.  Chuir na péas ceist ar Chonall c'ainm é agus cá shloinneadh é.. 1538 53.  3, Clú, Bhéarfad siad duit achan fuile chineál agus mur rabh ainm maith agat ní rabh tú ag gabhail a fháil dhath ar bith. 1791 68.  4.Ainm fholuithe, (ainm faoi rún chun an rud atá á phlé a cheilt ó chuid de lucht éisteachta), Bhí fhios aige go rabh an ghamhnach i bhfos. ..Bhí sé de nós acú ainmneacha fholaighthe a thabhairt ar phóitín agus ar na gléasarthaí a bhaineas dó. 1184 65. 

*ainmníonn, 1. Luann as ainm, ..go deachaidh sé chuig an árdán a d'ainmnigh an fear beag.. 1185 369.  las seisean bataill chotháin ar an árd seo a bhí ainmnigh aca.. 472 562  tá mé thíos ina leithéid seo 'e theach ó tháinig an óiche—ag ainmniú an toighe a rabh sé ann. 1578 38.  ní fhóirfead sé á n-ainmniú siocair daoine muinteardha daofa a bheith 'na gcónaí san áit go fóill. 1791 86.  2.Ainmníonn as, (ainmníonn i ndiaidh), Sin a' t-ádhbhar a bhfuil Croc Leitreach ainmníste as Leitir Mhic a' Bhaírd ó'n lán sin.. 1185 635.  caisleán Chúl Áine agus caisleán Cúl Mhúine, mar bhí siad ainmníste as dhá bhaintreabhach.. 310 359.  Ainmneochaidh mé mo mhac as an ubhla.. 1343 251.  3.Ainmníste (an-mhaith etc.), (clú (an-mhaith) air, bhí sé ainmníste an-mhaith, nach rabh a'n saor cloiche ariamh i n-Éirinn a bfhearr ná é. 310 83. 

*ainniseach Sprionlaithe. Ní raibh croidhe aicí mórán a thabhairt uaiche; bhí sé aindeiseach i gceart. 1184 22.

*ainniseoir, Aindeiseóir Duine gan mhaith nach bhfuil fial nó fearamhail. 1184 101.

*ainspiorad, Diabhal, drochspiorad, Bhí'n fathach annsin agus budh an-spiorad abhí ina seo , Thiocfadh leis fhéin a chur in achan chuma. 311 287.  baist sinne, agus tabhair amach as crúba an an-spioraid seo sinn. 1170 428. 

*airbhir, Arbhar, Iad a' buain an airbhir. 420 234. 

*airc, Airc sléibhe, (airc luachra), Da mbeithea do chodladh amuigh thiocfadh airc sléibhe ort! 311 57. 

*airc, An t-árthach a bhí ag Nóa de réir an Bhíobla, Níor fhág a chuid magaidh 'san áirc! . Tá sé an-tugtha do'n mhagadh. Dá réir an t-seanchais ar na Cruacha is ins an áirc a rinneadh an chéad mhagadh. 1184 41.

*aircín, Duine beag nach bhfásfadh agus nach mbéadh teacht amach ar bith ann—Go minic an duine deirionnach de mhuirighin mhóir. 1184 101.

*aird, 1. Suim, Ní rabh a'n áird mhór againn ar an Aifreann.. nó b'fheárr linn.. iasgaireacht ar na locha.. 418 262.  2. Toradh, éisteacht, Thug Sé áird ar m'urnaí-sa.. 1791 50.  3. Treo, bhí siad ábalta amharc ins an áird aniar agus amharc ins an áird anoir.. 1791 97. 

*airde, 1. Tá an doras foscailte béal 'un áirde .i. Tá an doras foscailte siar (wide open) agus gan duine ar bith astoigh. 1184 64. 2. In airde, (i dtaisce), bhí céad punnta aige a chur sé i n-áirde i stoca fá choinne na coise tinne. 1184 438.

*aireamh, (Toradh) achainí?, tá trí áireamh ar luí na gréine. Tá daoine ábalta rud ar bith a iarrfas siad a fháil. Tá siad ábalta sláinte, airgead agus subhailce a fháil ó luí na gréine.. 1791 114. 

*airgead, Airgead bán, geal, (silver), comh luath 'sa a scaoileadh an t-airgead geal léithe chuir sé deireadh léithe agus le n-a cuid pisreóg. 1184 560.  Fil:, Cúig phunnta do'n airgead bhán 's cead codladh le bláth na gcraobh.. 472 487. 

*airí, 1. Díolaíocht chóir, an rud atá tuillte, Léigheas mé achan chineal ariamh go dtí seo.. ach tá mé gaibhte sa deireadh, agus má tá fhéin sé m'airigh é. 472 381.  ..nach bhfuigheann a'n duine acu isteach agus é a n-airidh uilig go léir é nuair a dhíol a' t-áthair a' mac. 311 308.  2. Is maith an airí air, (is maith atá sé tuillte aige), bhéarfaidh mé cead daoithe agus is maith an airigh uirthí cead a fhágháil.. 1185 542.  3. Comhairle, socrú, plean,nuair a chuaidh scéala chuig muinntir Thoraigh roimhe sin go rabh 'n "Wasp" a tarraingt ortha.. dubhairt siad gur mhaith an airigh Cloch thoraigh a thionntodh ina n-éadan. 472 458. 

*airíoch, Uiséir? coimeádaí? scairt sé ar an airigheach a bhí i dteach na cúirte an buachaill a thabhairt 'un tosuigh.. 310 255.  Bhí Paidi 'na airidheach ag m'athair tá deich mblian' is daichead ó shoin.. 311 79. 

*airíonn, Déanann amach, tagann ar ar an tuairim (faoi), d'áimhighead siad go b'iad (éin) a b'fhearr a bhí cothaoiste ag a ba troime.. 1185 654.  d'áirmhigheadh an seanbhunadh ariamh anall go rabh sé uasal, agus go mbíodh na daoine beaga fá dtaobh de. 1170 59.  bhí sé áiríste gur bh'é an saor cloiche é a bfheárr i n-Éirinn.. 1170 446.  d'áiríod siad an té a n-amarcochadh an daol air idir an dá shúil d'áiríod siad nach mbéadh saol an duine sin fada. 1791 280. 

*airne, Caor draighní, tháinic sí aníos agus cárta crodhannaí léithe agus cárta áirní. 1170 66. 

*airneál, Airneán, chá dtáinic a'n duine isteach a chuartaidheacht chugam ná dh'áirneál.. 1184 463.  Bhí mac dó fhear a' toige astoigh nuair a tháinic sé a dh'áirneal.. 472 564.  Bhainead siad an-áirneál aistí i n-amannaí, agus annsin bíod siad ag iarraidh uirthí fanacht go maidin.. 1170 17. 

*airnéis : urnais, 1. Angraeis, treallamh, Chruinnigh siad (lucht poitín), a gcuid urnais agus chuir siad i bhfolach é. 472 391.  2. Maoin, airgead?, Fil:, I gcuid agus i gcostas, i maoin agus i n-eárnais.. 1170 20.  *áirnéis?. 3.,Míola, dreancaidí, bhíodh seandaoine bochta an-deacair a choinneáil glan, ach dá dtugad siad fá dear an earnáis  seo a bhfágáil, ba léar leo gur chomhartha báis é. 1791 280. 

*airteagal, 1. Rud, earra, seo airteagal (claíomh) a bhéas liom-sa. 1184 270. tá dhá airteagal liom-sa nach bhfacaidh tú go fóill.. 1184 403.  fá choinne airteagal ínteacht a chóiriú ag an choibleáir.1185 530.  airteagal beag atá agam anseo, agus tá sé an-luachmhar.. 1343 230.  2. Glaoch ola, "An bhfuil an sagart astóigh?".. "Tá ..acht tá sé ag gabhail a luighe. An airteagal atá air?".. "Airteagal go leor.." 1170 197.  Shíl sé cinnte gur ar airteagal a bhí aige le ghabhail. 1170 197. 

*ais, 1. Ar ais, (Arís), Fá dheireadh fuair a bhean bás, agus pósadh an Rí arais. 1184 245. Tar arais agus chá ndeánam a choidhche arais é! 1184 515.  rinn sé a sheacht sáith gáiridhe arais. 1184 317.  Pósadh arais é ar bhean eile.. 472 96.  fuair sé a pháighe agus.. chaith sé uilig é, agus ar maidin Dé Luain arais chuaidh sé a dh'iarraidh tuilleadh airgid.. 472 96.  Chunntais siad arais é agus bhí siad cupla scilling goirid. 310 368.  Thosuigh na comhursanaigh a sgannrú agus shlíoc duine amach anois agus duine arais go dtí gur fágadh an dá shagart.. 1170 25.  2.Gabhann ar ais i.. (téann siar air, séanann), Chá dtigh liom a ghabhail arais ina rud ar bith dar innis mé duit". 1184 260. 3.Ina dhiaidh ar ais, (ar a chúlaibh, taobh thiar do), D'iarr sé air amharc 'na dhéidh ar ais.. 311 164.  4.Cuireann ar ais, (a),(cuireann siar, ar an méir fhada), Bhí sé dá chur arais ó lá go lá nó go dtáinic sé an bhliadhain seo fhad le h-am bhaint na bpréataí. 1170 49.  (b), (cuireann dá threoir, ..faoi chois), Thóg sé cloch a tabhairt iarraidh uirthí ná bhí inntinn an-domhain aige agus ba doiligh é chur arais.. 1791 95.  5.Téann ar ais, (téann as feidhm, gnás), Fuaidh sin arais, "that died out". 420 235.  6.,Tagann ar ais, (filleann ón saol eile), bhí siad a deánamh gur a thais a bhí a' teacht arais.. 1791 326. 

*aisfhreagra, Ais-fhreagar, "back-answer". 420 265. 

*aisíoc, Íocaíocht ar ais, mur rabh tú ábalta aisíoc a dheánamh liom-sa roimh bliain gearrfar dhá punnta feóla amach as do dhá thaoibh.. 1538 123. 

*aislingeacht, Taidhreamh, fuaidh sí i luighe an oiche agus bí sí ag aisneacht i rith na h-oiche ar a' diúlach.. 311 202.  a'darna h-oiche bhí sé ag aisneacht arais ar a' dóigh chéana.. 311 202.  bhí ag aisneacht ar an fhear chéana.. 311 202. (* "ceartaithe" go dtí "aislingeacht" ag scríobhnóir). goidé mar bhí sé ag aislingeacht air le trí h-oiche.. 311 203. 

*aisneach, Ag aisneach, "ag brionglóidigh". 420 235. 

*aiste, Éirí (éisc) ar bhaoite, broideadh, gheobhaidh muid ..aiste bhréagh 'na dhiaidh.. 472 394. 

*áit, 1. Spás oiriúnach le haghaidh.., bain áit a' gasúir amach as a' chrann mór.. 472 111.  2. An áit, (an toisc,), tá d'fhear-sa ag gabhail a mharbhadh an fhir seo eile an áit a bhfaca sé é a tabhairt póige duit-se indé.. 1184 353.  "Clocha le thusa a mharbhadh.. an áit a bhfaca sé thusa a pógadh a mhrá.. " 1184 353.  D'fhág tinneas mo mhathara ise gan a ghabhail agus sin an áit ar chaill sise é.. 1185 140.  chuir siad aníos giota an adhmaid seo, agus chuaidh fear fána choinne agus beáthach leis agus cárr an áit a rabh sé .. fá coinne poirlín a chur isteach faoi sclátaí a bhí sé leis. 1835 448.  3. Ócáid, Tá mé sa chéad áit ar chuala mé iomrá ar a leithéid 'e racht ariamh. 1579 214.  4.In áit na garaíochta, (sa tslí gur féidir acra a dhéanamh), Má mheasann tú go bhfuil maith ar bith duit ins a deannach atá fágtha tá sé le fagháil agat agus fáilte ó's mise atá i n-áit na garaidheachta. 1170 398.  5. In áit na mbonn, (láithreach), Bhí athair an ghaduidhe ag obair ag an rí agus chuir sé fá n-a choinne i n-áit na mbonn. 1170 410.  .. thuit sí i ngrádh leis i n-áit na mbonn. 1170 467.  chuimil sé braon de íocshláinte seo ar an bhall a bhí frithir aicí agus léigheas sé í i n-áit na mbonn. 1538 5.  6.Áit na fírinne, ..na bréige, (an saol eile, an saol seo), cha phósann tú an stócach sin go brách. Tá sé sin.. ar áit na fírinne.. agus tá mise agus tusa.. ar áit na bréige.. 1835 76. 

*aiteann, 1.Tor deilgneach bláthbhuí, coitianta ar thalamh bocht, ..áit a bhí uilig cumhdaighthe le dreasogaí agus aiteann. 1170 418.  2. Juniper? "aiteall", Tá blas dorgúltaar shugh caoraitinn. 1184 71.

*aiteannach, b., Aiteann, toir bheaga íseala aiteanaigh.. 1184 530.  as tor aiteanadh.. 1185 438.  ..ar na driseógaí agus ar an aiteanach.. 1185 479.  thug siad air seasamh ar an aiteanach seo, agus fear ar achan taobh dá bhrú síos fríd chrap na haiteanadh sin. 1791 222. 

*aithche, Áith. Bhí áithche mhór aoil ann, agus chuaidh sé isteach i n-áithche an aoil. 1184 345.  bhainfead sé cupa sleabhaic agus bhriuthead sé cupa an tsleabhaic ar aíche  na ceilpe.. 1791 64.  nuair a bhíodh an cheilp seo bruite acu bhí an rud ann a dtabharad siad an aíche  air. 1791 160.  chaitheadh an maide seo a ghabháil ar thinidh leis an áiche  a choinneáil ag gabháil.. 1791 166.  bhí an áiche, maram, ceithre troigh ar fad agus bhí sé dhá throigh ar leitheadh, agus bhí sí sin deánta 'na poll síos ins a talamh acu agus í tógthaí suas acu go galanta.. 1835 136. 

*aithne, 1. Aithne an lae, (breacadh an lae), Léigh an sneachta uilig ar shiubhal le h-aithne an lae. 1185 642.  rinn mé amach go bhfanochainn annseo go dtí aithne an lae. 1185 528.  2. Tabhair leat an mhéid atá ar aithne do shúl. .i. An dóigh a n-abruightear ar na Cruacha—tabhair leat an mhéid(níor críochnuíodh an míniú). 1184 51. 3.Aithne ghloine, (rian ólacháin), ní ólfaidh sé cupla  lán an t-soithigh.. go dtí go rabh aithne gloine air. Is goirid go rabh sé ar meisce. 1185 626.  4.Ligeann a aithne leis, fhad leis, (cuireann é féinin aithne dó),gan a'n fhear aca a aithne a leigean fhad leis an fhear eile. 472 349.  níor leig sé a aithne leofa. 1538 95.  5.,In aithne, (in iúl), bhain siad teach a h-athar amach agus chuir siad a ngraithe in aithne dó. 1835 174.  6.(Mar a.bh.), aithint), ní rabh a'n fhear acu ábalta aithne cén crann sa choillidh ar gheárr sé an teach amach as.. 1538 84.  B'fhurast damh aithne nach leigfeadh mo chroidhe damh do bhuaileadh.. 418 22.  an áit a bhfuil an chaora thíos faoi'n tsneachta tá tú ábalta é aithne. 1791 104. Cha rabh sé deacair aithne.. nuair a bhéadh buaidhreadh ínteach ag cur as dóna mrá. 1835 371. 

*aithreach, Aithríoch, Dheánfaidh tú sáimhín aithreach ort fhéin. .i. Dheánfaidh tú geárradh ort fhéin a bhéasnimhneach; nó dheánfaidh tú rud ínteacht a mbéidh tú buaidheartha fá dtaobh de. 1184 52.

*aithriseacha, Aithris, ag éisteacht leobhtha ag aithriseacha orainn agus a rádh le chéile: Éist na lacháin. 1185 172, 

*aivé, go dtí go n-abraighidh mé cúig paidreacha agus cúig abé  maria.. 472 506.  abair cúig paidreacha agus cúig Abé  Maria i n-onóir na naomh.. 418 257.  bhí daoine adeárfadh na cúig abhé maria suas in onóir na Maighdeana Muire.. 1835 292. 

*aladh, Iarracht tapa (chun breith ar), Thug sé áladh uirthí (éan) agus thóg sé í.. 1185 654.  Thug an uile duine astoigh áladh ar an fhear a thuit agus nuair a thóg siad eisean.. 310 320. 

*alarm, Gléas rabhaidh, bhí clog againn ach cá rabh "alarm" air. 1185 134. 

*albanach, Alabnach. Preisbitéireach?, D'imthigh an sagart agus rinn sé oifige do'n bhodach—siud agus gur Albanach a bhí ann! 1184 544.  char leig an eagla do dhuine ar bith—Albanach ná Caitliceach.. 1579 217.  Dúirt sé go bhfuigheadh Alabnach bás a leihéid seo lá. 311 143.  Bhí bean Alabnaigh ar a' Lagán agus fuair sí bás.. 311 143.  Tá cuid alluis na nGaedheal goirt agus níl allus na n-Alabnach mar go dtéidheann salann ar an uisce nuair a bhaistear na Gaedhil. 311 156. 

*allas, 1. Ina chuid allais, (é) ag cur allais), É ina chuid alluis, "he sweating". 420 228.  2.Allas a mhallacha, (allas a choirp, saothar a chnámh), chan tú inné go mbfheárr leat scilling a shaothrochad fear le h-allus a mhalacha ná céad punnta a gheobhtha ar dhóigh ar bith eile.. 1343 224.  3. Allas an diabhail, (cnéamhaire righin), Allus a' diabhail, "Duine righin atá lán mion-chreamhaireacht agus diabhlaidheachta." 1184 101.

*allta, Fiain .. beáthadhach-allta a bhí thuas ins a choillidh.. 472 272.  Bhíodh beithigh állta ann.. 311 57.  chuaidh sé a' troid leis agus mharbh sé'n madadh allta ach má mharbhuigh fhéin, bhí a ghraith' ag Diarmuid bocht fosta nó i ndeas do.. 311 325. 

*aloigh, ".i. an focal atá ar drill préataí ar na Cruacha."

1184 95.

*alp, Píosa maith mór, ..pandaí lán poitín, ..ar an teinidh, agus gnidhead siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus sláman  siucra síos air.. 418 230. 

*alpartha, Scafánta, Buachaill íontach breá a bhí ann. D'éirigh sé aníos mór alpardha, ach bí rud amhaín contráilte leis—ní rabh sé in am ar bith mar ba chóir dá a bheith..1578 1.  "Bean mór láidir alpardha nach ngoillfead sé uirthí obair fir a dheánamh". ¦1184 111. 

*alraight, Ceart go leor, .. shíl sé go rabh siad i gcómhnuí alright. 311 248.  bhí Jack ag gul thart a'feadalaigh agus é alright.. 311 371.  nuair a bhí a bhean alright agus a nighean pósta.. 311 563. 

*alt, 1. Thóg sé an maide briste agus bhuail sé isteach ins na h-ailt é. 1184 345.  (?). 2. Bhí an t-abhrán sin i n-alt a chéile go maith. .i. Bhí an t-abhrán i gcionn a chéile go maith.. 1184 71. 3. Aill, Chuir siad an currach ar an uisce agus d'imir leó anonn ag bun na n-állt agus .. 472 393  ..gur beáthadhach duine ínteacht a chuaidh leis an ált. 1170 60. 

*altaíonn, Abraíonn paidir buíochais roimh (bia), sa tír seo althann siad uilig a gcuid sula mblaisidh siad an biadh.. 1185 216.  d'fhág sé uaidh an coileadh go n-altochad sé a chuid. 1185 216. 

*altán, Aill bheag, Shiubhal siad leófa go deacha siad fhad le altán beag a rabh stream, a' teacht as.. 311 376.  bhí sé ná luighe istuigh ina gcineál altán bheag agus tí sé an tarbh beag riabhach a' teacht anuas.. 311 377. 

*altú, Altú Dhia! (buíochas le Dia!), "Altughadh Dhia, " arsa seisean, "tá mé sábhailte". 472 436. 

*amach, 1.Amach ar a chéile, (amuigh, in earraid lena chéile), dar leis go ndeánfad sé míreann eatorrú agus go gcuirfead sé amach ar a chéile iad. 1185 219.  2.Amach ná isteach, (As ord, trí na chéile), Ní bhfuair sé na caoirigh ariamh comh cruinn i gcuideachta a chéile. Ní rabh a'n cheann amach nó isteach acú. 1185 282.  3.(Treisiú: (a)..ar fad, as cuimse), bhí sean-chailleach 'na suidhe thuas ins á chlúdaigh.. agus droch-shreang amach uirthí. 1184 560.  chárdáil siad an craiceann anuas de agus thug siad droch bhail amach air. 1579 211.  Amach as mhiosúir, "wonderful". 420 238.  Mothaighim.. go bhfuil droch-chéird amach agaibh-se.. Tá tusa ar shiúl le mrá eile.. 1791 381.  (b), (ar fad, go dtí an deireadh, go hiomlán), iomlán díreach an stoc leóbhtha, agus iad ag úl a dhíol amach an iomláin. 418 97.  d'ól siad amach é.. agus chonnaic mise iad sin .. gan scraith ós a gcionn i ndeireadh a saoil. 1791 86.  tharrain Neart Mhac Neart an chlaidheamh seo air le n-a mharbhadh amach. 1343 262.  (c ), Díolann amach as, (íocann fiacha iomlán (le duine) caidé atá tú ag gabhail a dheánamh anois ná an bhfuil tú ag gabhail mo dhíol amach as? 1185 444.  4.Téann amach ar (cos), (déanann coiscéim falsa, tuislíonn), chuaidh an beáthadhach amach ar a cois agus thuit sí síos 'na talaimh. 1185 381.  5. (Focal treisithe diúltach), "sin í do bhean fhéin", arsa seisean. "Chan í amach!" arsa'n fármer, "nach measann tú go n-aithneochainn mo bhean fhéin." 1184 351.  chá rabh smál ghaoithe ann amach as an aer. 1185 74.  6. Déanann amach as (cúigleálann as), nár chuir tusa cunntas ar bith chugam fán airgead sin a deárn tú mé amach as.. 1185 444.  7. Amach ó.. (a), (cé is moite de.. ), Níl aon spíce air nach bhfuil cloigeann rí air amach ó cheann ná beirt.. 1185 465.  a baint de a chuid éadaigh—a mbunadhas de amach ó na brístí.. 1185 533.  b'annamh a tharadh duine ar bith an bealach amach ó chorr heat a bheadh fear fán chroc ag cuartú caorach. 1578 65.  ..nach dtiocfadh leisean í chur i gcumartas le seórt ar bith 'mach ó aingeal.. 311 203.  thug sí seórt eighinteacht do díon dófa agus thuit siad uilig 'na chodhladh amach ó Diarmuid. 311 323.  (b), (ar fad..), Bhain sé an dá chluas de amach ó'n leiceann.. 472 38.  bhí an bhróg fitáilte amach fa choinne Jack.. 311 393. (..dob é a thoise cheart chruinn í). A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a bheith a baint as amach agus a ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49.  (c ), (den),.. sciobtha scuabtha go dtiocfadh leis an rí a dhinneár a dhéanamh amach ón urlár.. 472 191.  8.Amach ó go.. (murach go..), Amach ó go dtionntochad siad, "unless they turned. 420 222.  9.Baineann (as).. amach, (cromann, tosaíonn ar imeacht), Bhuin sí ar shiubhal amach, "she went away". 420 248.  Bhuin sé na ndéidh amach, "he followed them". 420 261.  A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a bheith a baint as amach agus a ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49.  10.Cuireann (é féin) amach mar..(foilsíonn, taispeánann é féin mar..), "Buachaill óg a chuireas é fhéin amach mar fhear, agus gan innibh ann an smug a bhaint de fhéin". 1184 169. 

*amaideach, Baoth, ar díth céille, Ní rabh a'n áird mhór againn ar an Aifreann.. mar bhí muid amaideach ins an am.. 418 262. 

*amaidí, Súgradh, chuaidh an tachrán a dheánamh cuideachta agus a dh'amaidighe leis an chlaidhimh.. 1538 109. 

*amháin, 1. Aon uair amháin.. (chomh luath is..), A'n uair amháin ar thoisigh seisean ar an damhsa chá dtiocfadh leis stad.. 1185 342.  a'n uair amháin ar ól sí é thuit sí síos.. 1184 334. a'n uair amháin a bhfuighthí an chloch íochtarach amach as an dubhshraithe thiteadh an teach.. 1791 59.  2. Chan, ní é amháin, (gan trácht ar), char bhog sí ribe chan é amháin á leagan.. 1185 104.(níor bhog an capall ribe leis gan trácht ar é a chaitheamh dá droim). gan dóigh air stópa amháin de a thógáil ní h-é amháin an tobair a bheith taomtha tirm.. 1185 606.  Chonnaic mé dó dhá glúin ní h-é amháin athrughadh. 472 42.  dubhairt Fionn.. nár scaoil Fianna Éireann ariamh beathadhach éanlaithe ná beáthadhach brúideamhail chan é amháin duine saolta.. 1538 102.  3.A dhath amháin, (a dhath ar bith, dada), chá rabh dhath amháin dhe mhaith ann. 1185 190. 

*amharc, Amharc súl, (duine, rud dathúil), Bhí siad a' ráit nach amharc súl mór ar bith eisean. 311 133.  dá rachtha-sa ansin agus gan an nighean sin a bheith 'na h-amharc súl bhéadh an scéal níos measa. 1538 63.  t'eagla orm.. nach bhfuil sé 'n amharc súl maith go leór fá n-a coinne. 1538 67. Ní amharc súl mór ar bith eisean. 420 260. 

*amharcaíonn, 1. Féachann, Na trí neithe is grinne a nuair a amharcochaidh duine ortha. 1184 8. D'amharcaighead sí.. amach ar an fhuinneóig.. 1185 266.  radhad siad amach agus d'amharchóchad siar ar a' ghrian..1791 124. 2.Lorgaíonn, iarrann.. níor cheannuigh siad sin a'n bheáthadhach ariamh nach mbéad siad ag amharc roimhe sheachtmhain féachailt a dtabharfá 'na í. 1185 496.  3.Amharcaíonn fá dtaobh de, i ndiaidh, (tugann aire do). Fuair se buachaillí a .. d'amharcochadh indiaidh a ghroithe.. 1184 253. .. go ndeánad sé a scríste agus go n-amharcaigheadh sé fá dtaobh de fhéin. 1184 498.  gan rud ínteacht a thabhairt duit le deánamh go n-amharcaighidh tú fá dtaobh díot fhéin. 1184 517. . thig le do nighean amharc indiaidh an toighe.. 1185 8.  4. (a),Go n-amharcaí an Rí..(go bhfóire Dia..) go n-amharcaighidh an rí ar an t-é a rachas isteach ann. 1184 522.  (b), ..bhí Diaféin ag amharc air.. (is é Dia amháin a d'fhóireadh air i.e.,ba bhocht an scéal do é), bhéarfad siad 'na cúirte thú agus bhí Dia héin ag amharc ar an té a mbeirfead siad sin air. 1791 86.  5. A dh'amharc air.. (ar chuairt go dtí..), go rabh sé a' teacht isteach tráthnóna lá thar na bhárach a dh'amharc uirthí fhéin agus air san. 1184 555.  phill sé arais chuig na mháthair a dh'amharc oirthí agus smaoitigh sé go rachad sé go Sasain. 472 468.  6.Ag amharc uaidh, (ag féachaint thart go díomhaoin), Níl tú ag gabhail a dheánamh a dhath.. ach ag amharc uait.. 1184 343. 'na sheasamh i ndoras a' cheárdta agus é ag amharc uadh… 472 366.  7.Ag amharc faoi, (ag féachaint i ndiaidh, ag lorg), thainic sé isteach ag amharc fa diocán mine.. 311 398. 

*amhas, Duine fiain, nuair a fuaidh siad go dtighidhn doras, bhí sé lán abhais agus thoisigh siad uilig ag gáiridh agus a' fosglú a mbéal ag gul a strócú as a chéile.. 311 217.  Amhthas, "duine atá i bhfiadhain; fear mire". 1184 103. 

*amhlánta, Dúr, Cliobog, "Duine amhlanta uascanta". 1184 117. 

*amhlóir, Focal amhlóra. 1184 7. Amhlóir, "Duine ramhar 'sa ghráinín nach n-aontuigheann leis an rud adéarfas nó a dheánfas duine ar bith, agus a shíleas go bhfuil fhios aige fhéin achan seórt". 1184 103. 

*amhoirc?, Bruíon?, d'iarr sé maitheamhnas air ar shon a rud a bhí déanta aige fána mhraoi, ná bhí sé héin agus a mhraoi ag amhoirc le chéile le trí bliana roimhe sin. 1791 455. 

*amhra ? Bruighin amhra—Troid a scabfadh agus a mbéadh daoiní suaithte astoigh inntí nach mbéadh baint ar bith acú. 1184 95.

*ampla, Ocras, gorta, char mhaith liom go gcaithfeadh an t-aos óg a theacht fríd an ampla agus an anais a dtáinic mise agus achan nduine dá m'aois fríd. 1185 209. 

*amscaí, As ord , trí-na-chéile, Char fhág mise mo shráideóg ariamh.. ar dhóigh ar bith amscaoith mó dhiaidh.. 1185 469.  Cifleachán, "Duine amsgaidhthe. One who dresses in tattered clothing". 1184 113. 

*amú, (Curtha) ó mhaith, ar shiúl, Chá dtáinic léithe a dhath a fhágáilt amach as a láimh nach rabh amudha ag na luchógaí.. 1185 331.  ní bhfuigh tú an bhean is óige uam-sa ar an tséala gur mhór an truaighe do leithéid 'e bhuachaill achur amudha léithe. 1578 20.  .. go mbéadh an dá éilín amudha. 310 334.  a mbéadh scoilteáin cibealta dá rachadh an t-eallach fríd sin chuiread siad amudha é.. chuirfead siad aníos na scoilteáin, agus bheadh a giota beag préataí sin amudha ansin. 1835 264.  chuir sí amudha an giota báinínachuir sí an seol as eagar comh maith. 1835 451.  + : dul

*amuigh, 1. Curtha suas (mar dhuais), bhí cúig chéad punnta de dhuais amuigh ar chloigeann Sir Réamonn. 472 356.  2.(An méid a bhíonn) amuigh agus istigh.., (gach uile rud), chaith sé am méid a bhí amuigh agus astoigh aige. 472 187.  3.Amuigh is istigh ar.. (tuairim is, thart faoi), Bhí an t-iarann seo amuigh 's astoigh ar dheich n-órdlaigh ar leathad.. Bhí amuigh 's astoigh ar cheithre slatacha beaga iarann anuas ann.. 1791 42.  tá sin amuigh is astoigh ar dhá mhíle suas ó seo. 1791 59.  amuigh 's astoigh ar dhá mhí.. 1791 289.  ní rabh mé ach amuigh is astoigh le céad bean uilig! 1791 383.  rinn sé an fhastodh.. ar amuigh agus astoigh ar cheithre phunnt agus a' deich.. 1343 215.  4. Ar an saol, d'fhiafruigh sé díobhtha goidé 'n nidh a ba sine amuigh.. 472 717.  Ní a'n chleas amuigh nach rabh ag an bhean seo.. 1791 483.  5.I bhfad amuigh, (..ó shin), An bhfuil sé i bhfad amuigh, "is it long since?" 420 234.  6. I gcéin, as baile, .. -ar shiúl i Meireceá ná ar shiúl in áit ar bith eile—agus bhéarfad sé amach an té sin go dtí go gcuirthí amuigh é. 1791 53.  7. Ag coimhéad amuigh fána gcoinne, (ag faire amach dó), ba doiligh iad a mhothailt ach san am chéanna go mbéadh duine ag coimhead amuigh fána gcoinne.. 1835 189. 

*an, 1. I dtráthaibh an.., (thart faoi (am)), D'éirighSeán i dtráthaibh an h-ocht a' chlog. 1184 499. nuair a d'éireochtha ar maidin i dtráthaibh an cúig a' chlog..1185 2. Aon, thug má a'n léim amháin.. 1184 418.  D'imthigh mé a'n oidhche amháin..1184 419. 

*anaibí, Anabaidhe, "Duine a bhéadh ar chiall na bpáisdí." (Teilionn) 1184 103. 

*anáil, Dé, beatha, bhí an anáil ann agus ní mó ná go rabh. 1791 458. 

*anairt, Lín-éadach, Fil:, Guna dón fhaisiún agus bucla bróig / Dubh 's a'dearg agus an anairt abhí caol go leor. 311 369. 

*anall, 1. Ain. An taobh seo (den mhuir), cé bith mar fuair sé oiread cruinn suas agus thug 'na bhaile é bain sé anall amach. 472 258.  2. Ar ais (go duine eile), thionntaigh sé anall leath-choráin fhad le Dómhnall. 310 368. 

*anall, Ariamh anall, (as sin amach), bhí an t-airgead uilig ag an bhean fána choinne agus bhí sé a rachtáil ariamh anall air. Ní rabh fiachadh air ariamh an tír a fhágáil.1579 200. 

*anam, (Treisiú le bréag a chasadh le duine), Tá d'anam bréagach! 1185 567.  "Tá d'anam bréagach!" arsa'n rí. "Sin rud nach bhfaca tú.. " 1170 466.  cf.*diasán

*anás, 1. Donas, Chá deachaidh rudaí 'un anais  ariamh go dtí sin. 1185 364.  Tá anas níos meas nó sin air.. tá na caoithireacha greamuighthe.. 310 23.  2.Cruatan, fulaingt, bhí cuid aca nár éirigh go bhfuair siad bás..Fuair siad barraidheach anais  fríd na portaigh. 310 327.  dá mbeádh anas na rud eile ort.. 1791 422,  3.Duine ainnis, Anas, "Duine bratógach cifleógach atá i dtólamh i ngéibheann agus i dtrioblóid.." 1184 103. 

*anásta, Dearóil, ainnis, ciotach, tháinic siad innseair chró beag toighe a bhí comh h-anasta  leis an bheirt eile. 1185 594.  bhí an-droch fhomhar ann, agus bhí an cochán go hanasta.. 1578 69.  Ciomachán, "duine anasta a mbíonn a chuid éadaigh cifleogach bratógach." 1184 115.  "..duine liobasta a bhfuil mórán d'fheóil bhog air agus é comh h-anasta agus nach bhfuil ann ach é go bhfuil sé ábalta siubhal." 1184 133. 

*anbhainneacht, Laige, anbhainne, Thug sé fá dear go rabh anbhfuinneacht de chineál ínteacht a teacht uirthí.. 1170 399. 

*anchlaoi, Claochló, anchaoi (?), a coimhead go bhfeicead siad an corp a dtiocfadh cineál de anchlaoidh ar bith air, ná go dtabhardad sé aon bharúil daofa an té rinn an marbhfach. 1791 220. 

*anchuma, Drochchuma, Bhí an dobharchú seo amuigh ins an fharraige agus bhí cuid mhór bádaí 'á fheiceáilt .. Ach dúirt siad go rabh seal ina a' bhliain agus go dtiocfadh an-chumadh air é seo.. 1791 176.  thoisigh an corp a chur fola as a ghaothsán, agus tháinic an-chuma amach ar an chorp. 1791 220. 

*anduine, "Fear fiadhanta láidir a bhéadh ar mire agus ar chuma leis caidé a dheánfadh sé." 1184 103. 

*angadh,(Mo léan is) mo angadh, (mo chreach, angar?), Fil:, Sé mo léan géar agus m'angadh go rabh clann agam fhéin leat. 311 207. 

*aníos, 1. Suas (go dtí an príomhchathair, an méid (cíosa), a tógadh le seacht mbliadhna ní thainic a'n leithphingin de aníos. 472 360.  2. Suas (go dtí toirt níos mó), tógadh aníos na uascan mhaith é. 472 722.  d'éirigh an searrach aníos go rabh sé an chliobóg.. 472 722.  3.Tagann aníos le, (solathraíonn, cuireann ar fáil), .. dhá phunnta feóla a gheárradh amach as a dhá thaoibh mur mbéad sé ábalta a theacht aníos leis an ór. 1538 129.  4.Suas (go céim níos airde sa tsaol), ..ní fhacaidh mé mórán gnóite ar fhear ar bith a tháinic aníos mar mhaithe le cnudh (crodh) mór. 1343 219.  5. Teacht aníos ná anuas air, (cur isteach air i slí ar bith), ..agus mé a sílstean nach rabh aon nduine le theacht aníos ná anuas ort.. 1343 253. 

*anlann,Rud sobhlasta a itear (go háirithe in fhochair prátaí) bhí ánlann do dhinneára lá thar na bhárach agus lá thar na bhárach eile.. 472 415.  Bhí mé ag iascaireacht iné.. Fá choinne annlann do dhinneár'agus goidé d'eirigh ar a' dubháin agam ach bradán.. 311 462. 

*ann, 1. Ní raibh ann ach go.. (is ar éigin a bhí..), Chuaidh mé amach ansin go curr a toighe agus ní rabh ann ach go rabh mé ábalta seasamh ar mo chosa ag curr a toighe bhí an stoirm comh mór.. 1835 195.  2. "Tá tú ann", nó "An bhfuil tú ann?", (said when meeting a person). 420 235. 

*anois, ..anois agus .. arís, ((rud) i ndiaidh (rud) eile). Béigean díobhtha a ceann a choradh a leath-taoibh agus adharc a chur isteach anois agus adharc arís. 472 556. 

*anonn, 1. Déanach, anonn i n-am ínteacht ins an oidhche.. 472 188.  anonn go maith sa lá.. 1170 47.  2.Ag gabháil anonn, (ag éirí déanach), Bhí sé ag gabhail anonn tamall maith ins an oidhche.. 1185 510.  Do réir mar bhí an dodhche ag gabhail anonn.. 1170 192.  3. Sean, bhí 'n sagart anonn go maith i n-aois.. 310 336.  4.Lá níos fuide anonn ná inniú, (uair éigin sa tochaí) is doiligh innse caidé mar tharlochadh duit-se inniú, ná lá níos fuide anonn ná inniú. 1343 245.  5. (Rud a rá) anonn is anall, (go cinnte, diongbhálta), Dúirt sí anonn 's anall leis a t-sagart, "she declared emphatically to the priest". 420 242.  6.Isteach sa tsíoraíocht, an saol eile, ..gur mhaith é fháil socraí leis an rud a bhí idir an bheirt agaibh sulma dteachaidh seisean anonn. 1835 77. 

*anórthear,An oíche, lá thar na n-órthaoir, (an oíche, lá tar éis an lá dar gceann), Bhí fhios acú an oidhche thar na n-órthaoir arís go mbeithí sa tóir orthú, agus an oidhche thar na n-órthaoir thug siad leofa mála fraoich ón tsliabh.. 1538 103.  Lahar na n-órthaidh, "the day after the following day". 420 219.  Thill sé 'na bhaile agus lá thar na bhárach ná i n-órthaoir, d'innis sé d'á nighin í.. 1343 248. 

*aniar, 1. (Atá) ag teacht ón iarthar, Caidé atá an fear aniar a thógáil de'n talamh? 1184 353.  2.(Feistithe) ón chúl go dtí an tosach, bhí an scaball aniar ar a dhá ghualainn, giota de thiar agus giota de i bhfos.. 1791 480.  3. Amach, chun tosaigh (as cúl ionaid cheilte)), .. a breith ar na seacht gcloigne agus a gcaitheamh aniar as faoin'n leabaidh. 1343 489. 

*anró, 1., Cruatan, fulaingt, Is iomaidh masla agus ánrógh a thug sibh daoithe nach rabh tuillte aicí.. 1538 121.  2. Bealach an anró, (bealach an aimhleasa), An mhuintir sin atá ag ól.. cuirfidh sé (diabhal) ar bhealach an ánróigh iad. 1791 469. 

*anróiteach, 1. Achrannach, corraiceach, tá bealach ánróiteach  romhainn.. 1791 386.  nuair a bhí sé ag gabháil suas an bealach anróiteach agus uaigneach seo.. 1791 417.  2.Garbh, gaofar, indiaidh a bheith fuar go leor héin níl sí comh hánróiteach leis na míeannaí a bhí roimpi..1835 220. 

*ansacht, Grá geal, Fil:, In aimsir a' cleamhnais, ná bí sanntach / Ag guidhe le d'annsacht ag iarraidh spré.. 311 64.

*ansamhail, Anshóúil?? Fuair sé seo bás an-samhail aréir. Níor ligeadh siteach 'un tseamra muid ' inne.. Chuaidh na solais as orainn.. 1791·74. 

*antoil, Ainmhian, Fil:, 'Sé dó chomhrádh a bhí mailíseach a d'fhag an an-toil fríd lár mo chléibh. 310 256. 

*antrách, -thach 1. Déanach, Bhí fear a'siubhal amuigh go h-antrach 'san oidhche.. 1184 58. Bhíodh gcuid cruinníocha acu .. antráthach san oíche..1579 198.  thainic sé an oiche seo an-trath  go maith san oiche.. 311 545.  2.Aerachtúil, tá bealach an-antráthach ar fad ann.. Scairteadh amach leis as na carraigeacha seo pilleadh arais.. 1791 94. 

*anuas, 1. Tagtha anuas, thíos, bhí'n Dálach anuas i gcois na h-abhna ag iasgaireacht. 472 722.  2.Anuas agus anuas, (chun leanúnachas na gluaiseachta a chur in iúl), tháinic an bhó anuas agus anuas agus níor stad sí go dtáinic sí go cúl a toighe. 1170 170.  3. Anuas air, (ina choinne), Bhí na saghairt anuas ar a' damhsa sa Chorgas.. 1835 359. 

*aoi, Aoidhe, "Duine a bhfuil fios agus eolas aige". 1184 103. 

*aoibheall, Sodar, aistíocht, Each-uisce a bhí ann agus bhí sé amuigh ag aoibheall nuair a fuair sé suaimhneas na h-oidhche.. 1185 69. 

*aoine,Na Naoi nAoine, (Cúrsa spioradálta eaglaise ina nglactaí Comaoin ar ar chéad Aoine de gach mhí go ceann naoi mí, Bhí sise a deánamh na Naoi nAoine.. 1835 340. 

*aol,Bánú bunaithe ar aolchloch, sligeáin mheilte agus uisce a chuirtí ar bhallaí, ní rabh a dhath eile acu an t-am sin ach an t-aol, agus an seórt aoil héin a bhí acu .. aol sligeán. 1835 57. 

*aon,Aon a Hairt, (an céad cárta sa chulaith Hairt i bpaca cártaí, má theisteanann tusa an haon a hairt.. 1791 417.  thóg seisean in áirde an taon a hairt.. 1791 418. 

*aosta, An Bunadh Aosta, (na seandaoine), Is léar leis an bhunadh aosta nuair a deir siad na h-uanuighthe atá órduighthe ag an tobar.. 418 260. 

*ar, 1. Ar.. (mar oibleagáid ar.. ), ciocú ar fhear a' toighe nó ar an strainnseóir an chéad scéal? 472 312.  2. Ar a rith, (le linn reatha dó), ag innse dó fá an dóigh a dtáinic sé air (sionnach) agus an ghaisgeamhlacht a rinn sé nuair a scaoil sé ar a rith é. 1185 27.  3. Orm, agam, agus níl gléas orm biadh ar bith a fhagháil, agus dá bhfághainn giota aráin.. 1185 295.  4. Trí, bhí gath gréine isteach ar an fhuinneóig. Chaith sé a frock ar ghath na gréine.. 472 542.  bhí dá adhairc air comh spéighte agus nach dtiocfad léobhtha a fhághail isteach ar a' doras. 472 556.  5. (I gcomórtas, troid) i gcoinne, Tá sé mí-ionnraice beirt a bheith ar a'n fhear amháin. 1578 10.  6,Air, (tuartha, le teacht), má tá an fáinne sin ró dheas daoithe tá aimsir mhaith air ach má tá sé giota maith uaiche tá aimsir olc air. 1791 117.  Scairt tuaim ínteacht ag an uaigh leo go rabh é thíos anois agus nach rabh aníos go brách air. 1791 475. 

*aradh, áraidh, 1. Fara, cf. áradh fgb, Tá aghaidhe na gcearc ar an aradh. 1184 9. D'imthigh sé léithe chuig cró na gcearc agus thug sí léithe an salachar a bhí ar an aradh..1185 346.  a' méid a gheobhad siad ar arradh na gcearc.. 311 59.  gráinín mine a chathamh chuig na cearca sula dtéigheadh siad ar an aradh. 1170 402.  2. Cleitheanna an tí, Bheir an fáthach ar chasúr a bhí thuas ins an áraidh  agus bhuail sé an gabhar.. 1538 43.  dfhúigthí iad sin in áirde ar an áraidh—a fhadacht a mbéad siad 'n luighe thart sin mar a bfheárr iad—ba sin mar a bfheárr an buailtín.. 1791 40. 

*aragáil, Argóint, Bhí aragail  mhór agam fhéin agus ag an teaglach fá dtaobh de'n chás seo, adeir sé "bhí siadsan ag iarraidh an corp a dhóghadh.. agus bhí mise ag iarraidh á chur .." 1184 383. sheas mé ag éisteacht leóbhtha ag aragáil fá thalamh nó rud ínteacht. 472 543.  Chaith an bheirt seal fada ag aragáil fán adharc.. 1578 58.  Thoisigh an aragáil eadar an bheirt.. 1578 78. 

*araíocht, Neart, cumas, "Fear mór liobasta, a bhfuil urradh agus áraidheacht ann, ach athá ró-fhallsa le h-obair ar bith a dheánamh." 1184 169. 

*arasbarr:farasbarr, Farasbarr, Bhí i bhfad níos mó ná sháith fhéin ann, agus rann sí an tarras bárr ar na comhursanaigh.. 1170 170. 

*arc, " fear beag." 420 213. 

*arcais : *aircis,(Téann) ina arcais, déanann arcais air, (Téann ina choinne (sa bhóthar)), Shiubhail sí léithe ina n-aircis.. agus d'fhiafruigh sé de caidé a.. thug ortha pilleadh. 1170 448.  nuair a bhí sé a' a' teacht isteach ón tseilg chuaidh a bhean amach in aircis. 1538 49.  Rinn sé airicis orthu, "he went to meet them". 420 223. 

*arc:tarc, Abhac, chonnaic sí gur tarc beag mrá a bhí inntí, a rabh soc caol cabanach uirthí a bhéarfadh bolgam dó cuiteoig.. 1170 397. 

*ariamh, 1. Ariamh ariamh, (de shíor, go leanúnach) : Bhí an bairille ag imtheacht leis agus ag imtheacht leis ariamh ariamh go deachaidh sé.. 1184 447.  bhí mé a' tarraingt ariamh ariamh gur tharraing mé ceann na láimhe de. 1184 415.  2. (Mar threisiú), I bhfad ariamh ó shoin nuair abhí .. 311 280.  (I bhfad i bhfad ó shin..).

*ard1, 1. Cúrach (ar bharr phionta). Tá cubhar maith air nó mar abruigheas lucht na droch-Ghadhilge "Tá sé árd." 1184 66. 2. Ard (sa tsaol), (saibhir, go maith as), an mhuinntir a bhí árd sa tsaol thiar againne bhí siad an-mhaith dóna bochta. 1791 68.  ba ghrách le dorsa beag a bheith síos as an chistineach—Bhí sin íontach mall ann, agus daoine íontach árd a rabh sin acu.. 1791 337.  3.Chomh hard le, (chomh fada le), má bhí báltaí ar bith.. ag gabháil b'fhéidir go siúlfadh daoine comh hárd le deich míle fhad le cionn acu sin. 1834 252. 

ard2, 1. Cnoc, Bhí sé le suip a lasadh ar an árd.. 472 562.  2. Ar bharr achan aird, (i ngach áit, go furasta), Ní rabh airgead le fáil ar bhárr achan áird.. agus ba doiligh an t-airgead a fháil.. 1791 54. 

*ardacmhainneach, Go hardacmhainneach, (ar ardluas), Theich sé go h-árd acmhuineach agus an mac 'na dhiaidh, ach ní rabh an mac baol air comh gasta leis an athair. 1538 72. 

*ardcheannach, Ardnósmhar, Streabhóg, "Cailín árd-cheannach uaibhreach. A proud damsel " 1184 177. 

*ardchéimíocht, Ardghradam, Bhí Fionn Mac Cumhail i n-árd chéimidheacht sa tír.. agus shíl íseal agus uasal mórán dó. 1538 99. 

*ard-doras:fardoras

*ardmháistir, Fear ceannais, ab, Seo litir duit.. agus tabhair don árd-mhaighistir i Loch Dearg í. 1791 389. 

*ardshagart, Príomhshagart, ab, Chuaidh sé fhad leis an árd-saghart a bhí ann agus thug sé an litir seo dó. 1791 385. 

*ardtráthnóna, Go luath sa tráthnóna, i lár an iarnóin, Ard tráthnóna mór nuair a bhí a ghroithe deánta.. 1185 497. 

*ardú, Dul suas (cnoc), Ag áirdiú an Mhalaidh Bhuidhe. 420 240. 

*arm, Uirlis, Gearradh, Dheánfaid tú geárrach ort fhéin a bhéas nimhneach.. "ag cainnt le páisde a bhéadh ag utamáil le h-arm géar de chineál ar bith". 1184 52. 

*armhach, Sléacht, dubhairt sé leis gur mhór an náire dó a bheith a' deánamh ármaigh  annseo.. 1184 454.  .. go bhfeicthear domh gur bocht an t-ármach  atá tú a dheánammh annseo.. 1184 455.  Fil: A gcualaidh sibh-se an t-ármhach a rin bó Mhín an Fhiadh.. 1170 51. 

*arsa, Ar (seisean etc.), "Hóigh ghranaí! arsa seisean. 1184 539.  "Ó go Paiteagó leat fheín agus le do chuid madadh! arsa sise. 1184 539.  "Gabhaigidh go h-Ifreann!" arsa sise. 472 150.  "Ó bó! bó!", arsa seisean, "goidé 'tá deánta.. ?" 472 152.  " Mise an diabhal.. " , arsa seisean.. 472 337.  "Tiocfaidh", arsa'n gasúr, arsa seisean. 472 542. 

*arthach:atharach, níl ann ach port beag cumhang, agus ní thig a dhul isteach ann ach atharach amháin.. 472 408. (cf. freisin "achar" Co. Mhuigheo).

*arú, Arú inné, (an lá roimh inné), Bhí tú annseo indé agus

arbhú indé.. 472 720. 

*as, 1.As a dhéanamh.. (slí sa tsaol, maireachtan a dhéanamh) Nach bhfuil fhios agat nach bhfuil réasún ar bith le seo.. agus go gcaithfidh tú as a dheánamh duit féin. 1185 271.  Caidé mar thig liom-sa as a dheánamh domh fhéin.. nuair atá Seán ar shiubhal. 1185 271.  2.As faoi.. (ó (bheith) faoi bhun), tháinic Mac Loingsighe agus Eigeartaigh amach as faoi'n asair. 1185 506.  tháinic sé aniar as faoi'n leabtha.. 472 33.  bhí an fear seo a coimhead amach as faoi na croicne.. 472 557.  chuaigh sé amach 'na stábla agus chuaigh sé a ghlanadh amach as faoin tsean-ghearrán. 1578 49.  tharrain fear acu cárda olna aniar as faoi n'eascaill. 1579 213.  thigeadh caofrán beag mónadh aníos anois agus ceann eile arís as faoi'n staighre.. 1170 58.  .. a bheith ábalta uibh na circe a thabhairt amach as faoi an phréachán agus gan an préachán tú a mhothachtáil. 1536 82.  3. Níorbh as duit é, (ní thiocfaidh tú slán as, beidh tú réidh), Tá sé ráidhte ariamh is cuma goidé thiocfadh nó goidé nach dtiocfadh dá dtionntodhfaidhe Cloch Thoraigh ann d'éadan nár bh'as duit é. 472 466.  na bain an dara mealladh asam-sa, má bhaineann níor bhas duit é. 472 473. 

*ascaill, An uille a dhéanann an lámh leis an gcabhail, An dara fásgadh chuir sé go poll a dhá easgall é.. 1184 297.  bhí deireadh scríobhtha ag an aturnae, agus chuir a mhála faoi n-a easgaill agus ar shiúbhal leis.. 1170 9. 

*ascallán, Oiread (féir etc.) is a iomprófaí faoin ascaill, d'fhág sí eascallán i gcois na tineadh.. 1835 390.  eascallán de chochán a chaithead siad i gcois na tineadh dóna daoine bachta a bhíod ag gabháil thart.. mar a deireadh siad héin leis a' tsráideog. 1835 391. 

*ascar, Titim, Thiocfadh eascar air, "a fall". 420 221.  Is minic a bhain astar (sic) de mharcach mhaith / Agus rachadh arís ar dhruim each / Ma chuir mise cor do'n t-slighe / A Mhic a' Ríogh tug do bhreith. 310 349. 

*ath, 1. Áit éadomhain intrasnaithe in abhainn, nuair a chuaidh sé fhad leis an abhainn bhí ath  an-deas ann a dtiocfadh leis a ghabhail treasna ann. 1185 488.  nuair a bhí siad ag gabhail thart ag an áth thainic an tsiofróg amach rompú.. 1538 99.  2.(Seanfhocal a chiallaíonn is dóigh liom "Más camdíreach an ród sé an bóthar mór an t-aicearra", ach tá sé dháúsáid anso mar choinbhinsean chun scéal a chríochnú). .. chuaidh mis an t-ath,  iadsan an clochán, báidhtheadh iadsan agus tháinic mise. 472 248.  Cha rabh mé ariamh gan scéal úr… Fuaidh siadsan an t-áth agus mise an bothar; báitheadh dadsan agus thainic mise. 311 271. 

*athair, 1. Athair mór, (sean-athair, athair athar?).. go rabh sé (cat) ag mo shean-athair, agus mo ghar-athair agus ag m'athair mór agus tá sé agam fhéin anois. 472 56. (cé'n deifir anseo idir a. mór agus sean-a. ? ). Tá mé annseo, " adeir sé , "ó am mo ghar-athair." "Cá bhfuil do ghar-athair?" "Tá sé agam-sa." "Cá bhfuil d'athair mór?" "Tá sé agam-sa." "Cá bhfuil d'athair fhéin?.." 472 58.  Tá aithreacha agus maithreacha, agus aithreacha móra agus gar-aithreach na ndaoiní seo agam-sa (diabhal), agus tá mé a dúil go mbéidh siad seo agam fosta. 1170 428.  an áit a rabh an Saghart Ó Dónaill, athair an tsaghairt Ó Dónaill agus Athair mór an tSaghairt Ó Dónaill agus a ghar-athair. 1791 53.  mhothaigh mé mo ghar-athair a innse do m'athair mór agus m'athair mór á innse do m'athair-sa.. 1835 132.  2. Aithreacha Naofa, (sagairt oird, misiúnaithe), bhíod misiúin mhór againn.. agus thógadh na hAthaireacha Naofa callán mór ar dhuine ar bith a mbéadh baint aige leis a phoitín.. 1791 82. 

*atharna, Gach re, bhain sé na cosa díobhtha uilig, agus chuir sé atharna cheann aca treasna ar a chéile go dteárn sé casan treasna ortha. 472 271. 

*athraíonn, 1. Aistríonn áit chónaithe, Ba ghrathach leobhtha athrach anois is arís.. 1185 381.  2.Aistríonn (rud) go dtí áit eile, "A thaiscidhe," arsan bhó(a bhí ceangailte ar théad), "nár chóir duit mé athrughadh agus a bhlighe. " 472 147.  d'athraigh siad an ucsóid. Rouláil siad soir í agus chuir siad rópa uirthi.. 1791 80.  3. Claochlaíonn cló, bhí siad ábalta iad fhéin a áthrach agus cumraidheacht gearrfhiadh agus ainmhidhtí eile a chur orthú fheín. 1184 529.  Bhí an baile áraoiste go mór.. 1185 159. 4. Malartaíonn (ar rud eile), Ní dheánfa mé d'áthrú, "I will have none but you". 420 228. 

*athrach, Codarsna, malairt, Shíl mé go rabh tú ar bhean comh stuamdha céillidhe is a bhí astoigh 'sa tír ach tcím a athrach anois. 1185 20.  mar nach rabh athrach céille agam.. 1185 123.  shílfeadh duine gur mar sin a ba chortha daoithe cuideadh leis an t-é a bhí i n-anas, ach chan mar sin a bhí ach a athrach. 1185 382.  Bhí siad bocht agus a mbeirtí orthu cha rabh a áthrach  le deánamh acu. 1791 82. 

*athraíonn,Putóga ag athrú, (geoin sa bholg de bharr ocrais? Fil: Bhí do putógaí ag athrughadh agus bhí gáir ann do chluadar / Agus thú feitheamh mar a' bás cén áit a bhfuightheá ruacán. 472 531. 

*athrú, 1. Rud difriúil, as an ngnáth, adhnua, Bidh nuaidheacht ins na h-athruigheacha mur bhfághtha ach dearnad 'sa bhrachán! 1184 66. An rud a ghníos an saoghal chomh daor - Na h-athruigheacha. 1184 64. "a bhfaca tú dadaidh?". "Chonnaic cinnte.. chonnaic mé dó (cailín) dhá glúin ní h-é amháin athrughadh." 472 42.  (tar éis di a bheith ag luí le fear) Fil:, Nár fháigh mé fhéin athrughadh ó Mháthair na Trocaire / nó go siubhalainn fhéinn Eire le h-asal / Sula mbéinn pósta le mac an fhir dhóighte.. 2.Chomh dóiche lena athrú, (chomh dóchúil lena mhalairt, "as like as not"), Bhíodh gcuid cruinníocha acu .. antráthach san oíche, agus comh dóiche len athrú gur i dteach nach mbead comhnaí ar bith ann a bhíod sé acu. 1579 198.  Thomhais sé.. an rud a bhí a rathaidh ar m'intinn aréir agus tá sé comh dóiche le n'athrú go ndeánfaidh sé an rud céanna ar maidin.. 1538 9.

*aturnae, Dlíadóir, bhí deireadh scríobhtha ag an aturnae, agus chuir a mhála faoi n-a easgaill agus ar shiúbhal leis.. 1170 9. 

Diarmaid Ó hAirt , PhD.

Updated:Meán Fómhair/September 18, 2000

Foinsí: Láimhscríbhinní i Roinn béaloidis Éireann agus uimhreacha na leathanach.

Ls. 311 (lgh 1-603 )

Ls. 472 (lgh 1-168; 183-575)

Ls. 310 (lgh 1-28, 42-53, 78-93, 246-386)

Ls. 418 (lgh 1-280)

Ls. 420 (lgh 208-270, liosta focal & abairtí anseo.)

Ls. 1032 (lgh 1-576)

Ls. 1033 (lgh 1-569)

Ls. 1170 (lgh 5-63; 169-199; 298-482)

Ls. 1184 (lgh. 6-185, Liosta focal agus abairtí as naCruacha)

Ls. 1343 (lgh. 424-544).

Ls. 1538 (lgh 1-129)

Ls. 1578 (lgh 1-81).

Ls. 1579 (lgh 196-232).

Ls. 1791 (lgh 24-434; 442-509).

Ls. 1835 (1-89; 110-449).

Noda: DD Díolaim Dhéiseach.

CU Cúplán Uamach (e.g. gan toirt gan tairbhe).

Tús Aibítre

A

*a, (a do?), Chuaidh siad a dh'éad léithe sa bhomaite chionnus go rabh sise 'na suidhe ní b'fheárr ná bhí siad héin. 1538 45. 

*a, (< ar), go rabh an scuab ag gabháil a bheith suas le dhó ná trí throighí ar airde a scar  a' bith. 1791 42. 

*abar, 1. (a), Pluda, marla, chuir mé síos ins an abar í (ladhar) 310 374.  A Chiot, a bhodaigh nuair a fhágfas tú thíos cliabh an aoiligh, bíodh cliabh abair aníos leat! .i. Abairt a mbaintear féidhm aistí nuair a bíthear ag iarraidh ar dhuine cupla rud a dhéanamh le chéile. 1184 21. "..tá sé (diabhal) ag gabhail a bheith comh dubh," adeir Sé, "leis an abar." 1791 421.  (b), (mar bhunábhar leasú goirt), Ag géurú abair—"Bheirfidhe isteach portach nó abair  agus caithfidhe 'sa mhúnlach 'sa charn-aoiligh agus d'fhágfaidhe fannsin le géurú é leis an aoileach a dheánú fairsing" 311 33.  bhí poll mór abair amach os coinne an bhalla agus casán beag aige, -- acu le siubhal thart fa'n teach an áit a rabh siad -- ní rabh'n stoc acu—a' souráil abair ann, a géurú abair ann.. 311 594.  2.Bogach, tonn-ar-bogadh, d'imthigh Jack leis na ba agus chuir isteach agus bhí abair  mhór acu le gul fríd.. 311 379.  Fuair greimdhá chois air annsin agus tharraing leis 'na dhéidh é go rabh sé san abair seo.. 311 380.  3.In abar, (i bhfastó, á bhascadh), bhí seascan mór ann.. agus na bollógaí .. go dteachaidh siad i n-abar sa t-seascain.. 472 31.  Bó atá i n-abar i gcúl a' chruic aige.. 472 46.  Bhí beathach eallaigh dá cuid in eabair. 311 177.  Sfh: Cha deachaidh fhobair  (dóbair) ariamh in abair. 420 247.  4.Ina abar, (clúdaithe le pluda, lathach), bhí sí na h-abar suas fhad le n-a glúine agus goidé rinn sí ach a cosa a sháthadh isteach ins an tobar go nighead sí iad. 418 259. 

*abhaile, 1. Níos deise abhaile, "at a later date". 420 235.  2. Tagann chun a' bhaile dó, (oireann dó), Thainic sin 'na bhaile do'n phort, "that suited the tune". 420 234.  (..sin abhaile??)

*abhaill, Úllóird, ghread leis leis na ba go deacha sé.. isteach 'un abhaill abhí acu le gul agus bhí droch-obair acu le gul fríd isteach un abhaill.. bhí lot crann ubhlaí ann.. 311 368.  shíl sé nach mbéadh crann ins an abhaill nach mbéadh rootáilte amach as.. 311 383.  astoigh ins a' choillidh seo bhí abhaill ubhlaí ann.. Nuair a d'fhiach sé le theach amach as an abhaill ní rabh sé ábalta.. 1343 452 .

*ábhar1, Cúis, innseochaid mé an t-ábhbhar duit.. níl duine ar bith.. 1185 253.  Sin a' t-ádhbhar a bhfuil Croc Leitreach ainmníste as Leitir Mhic a' Bhaírd ó'n lán sin.. 1185 635. 

*ábhar2,Píosa, mant (bainte as rud, cf. ábhar na bró.) Béidh ádhbhar ar an ghealaigh i dtrathaibh an Domhnaigh. .i. Béidh maith na gealaighe thart i dtrathaibh an Domhnaigh. 1184 15. "Fabhra adeirtear i dTeilionn", 1185 15. (focal eile ar fad?)

*abhus, 1. Lonnaithe, suite,(tar éis teacht go dtí áit), tháinic sé aníos go Clydebank a dh'amharc ar lucht comhursan a bhí i bhfos annsin. 1185 132.  Chuir sé scéala síos fá choinne a chuid éadaigh agus d'fhan sé fhéin i bhfos.. 1185 42.  .. líon mála óir thíos agus scairt leis a' ghréasaidh é tharraingt aníos.. nuair a bhí sé i bhfos leag sé na sclátaí arais. 472 332.  Ní rabh a'n fhear uasal ó sin go h-uachtar na Sasana nach rabh cruinn annsin i bhfos a seilg. 472 355.  bhí an dinnear réidh shuidh an cat (sic sagart) thuas ar chionn an tábla agus shuidh an cat anonn fósta. Chuir an sagart a lámh leis agus chaith sé anuas de'n tábla é, ach níor luaithe i bhfos é ná chuaidh sé suas arais. 1170 427.  Nuair a fuair sé (sagart) i bhfos ag íochtar a bhuilg é chuir sé rud ar a diabhal é agus d'iarr sé air léimeadh amach as a bhean.. 1791 486.  2.In aice leis an ainmní, murab ionann agus in áit eile, bhí deártháir duith' 'shaveál 'sa room agus mhoithigh sé'n truisneach i bhfus agus nuair a thainic sé aníos, bhí sí 'na seasamh ag an dreisiúir.. 311 53.  3. Anuas, Bhí crap luathcha ar 'ach taobh annsin a chuir sé suas ar na h-aibhleógaí.. nuair a tháinic sé arais bhí an chéad chuid a chuir sé suas i bhfos arís.. 1185 534.  thoisigh an leabaidh a léimnigh suas go dtí na creataí agus a bualadh i bhfos ar an taobh balla.. 1578 8.  níl a'n phioctúir a rabh crochtaí ar a' bhalla thuas ins a tseamra de phioctúireacha naofa uileg go léir nár buaileadh i bhfos ar a' talamh. 1791 152.  4...thall agus.. abhus,(ar an dá thaobh (de rud), Rachad sé (cróchar) isteach ar ghuailainn fir thall agus ar ghualainn fir i bhfos agus bhéadh an corp i lár báire.. 472 397.  5.,Chun tosaigh, bhí an scaball aniar ar a dhá ghualainn, giota de thiar agus giota de i bhfos.. 1791 480. 

*ach, 1. Go dtí, Theann na ribí a bhí fá mhuinéal an chú air ach gur chuir siad a theangaidh amach fad bata agus thacht siad é. 1185 42.  Ach go rabh'n lá ann, "go dí go rabh'n lá ann". 420 246.  "Ach go bhfágh mise" in áit "Go dí.." 420 267.  2. Chá rabh ann ach é.. (is ar éigin a bhí.. ), chá rabh ann ach é go rabh siad sínte ins na leabthacha gur.. 1185 374. 

*achainí, achainne, achainneacha, 1. Iarratas, guí, d'iarr sé athchuingne agus sé'n athchuingne a d'iarr sé.. 472 291.  Sin an achuinne  a bhí seisean a dh'iarraidh.. 1791 50.  .. achuinneacha a d'iarrfá uirthe nuair a bhéad sé ag gabháil a uí go bhfuightheá na hachainneacha sin. 1791 114.  Tá tusa ' deánamh achuinneacha (au.) anois.. níl tú ag gabháil á fáil.1791 469.  2. A.bh. achainneacha: Is iomaidh rud earfas tú 'e thairbhe an diabhal thu thabhairt leis. Tá usa ag achuinneacha ansin—tusa.. ná mise na duine éiginteacht ag achuinneacha ansin.. 1791 468. 

*achan, Gach aon, Tá measardhacht ar achan seórt agus gan a bheith ag ithe bracháin le graep! 1184 70. go dtiocfadh leis achan rud dá rabh na h-éanacha a' cainnt air a innse. 1184 410.  goideadh achan nduine ariamh acú.. 1184 414.  Thoisigh an cath ag an bheirt agus an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a tabhairt achan uile tuaim dó achan uile áit ach an áit a rabh an scaball. 1791 480. 

*achasán, Íde béil, tháinic Colm Cille isteach go dtugad sé achmhusán do'n chailín fá'n taos fhéin a thabhairt dó (bacach).. 1170 431.

*achmhainneach:ardacmhainneach,Go hardacmhainneach,ar ardluas, Theich sé go h-árd acmhuineach agus an mac 'na dhiaidh, ach ní rabh an mac baol air comh gasta leis an athair. 1538 72. 

*achomair, 1. Sciobtha, tapa, Dá dtigeadh am aimsir mhaith ar mhuin gheárrfhiadh ní thiocfad sé achmair go leór. 1184 12. Mur bhfágaidh tú amach mo theach go h-achmair.. scairtfidh mise isteach ar na péas.. 1185 444.  2. Aclaí Ní a mháirtíní síos leis. .i. Níl sé fabhartha; níl creapall ar bith air; tá sé cruaidh achmair. 1184 38. Fuair mé ar siubhal orthu an dóigh a rabh mé achmair. 1184 254. Ronnsach, "Duine caol árd, cruaidh achmair go maith". 1184 157. 

*achrann, In achrann, (i bhfastó), Nuair a chuaigh an beáthach isteach sin an rud bhog, chuaigh sí in achrann.. 1578 21. 

*achrannach, Deacair, anróiteach, an bhealach cham achrannach a bhí 'na bhFlaitheas.. 1184 386. 

*acht, Coiníoll, go gcuirfead sinad 'un báis é mur n-innseochas sé.. "Inseochaidh," arsa seisean, "ar acht agus ar acht eile chá n-innsighim. " 472 438.  Dubhairt sí ar acht go bpósfadh agus ar acht eile nach bpósfadh, "Goidé 'n t-acht sin nach bpósann tú mé?".. "Tá lá ar bit a dtuitfidh muid amach.." 472 721.  thoilig mac na baintreabhaigh a bheith leis. Dubhairt mac na baintreabhaigh go rachad sé leis ar acht é a bheith umhal dó go bpillead sé aríst. 1538 63.  cf. *reacht.

*acra, Áis, uirlis, Chruinnigh sé (ceardaí) suas na h-acaraí beag a bhí a dhíoghbhail air.. 1170 447.  ba ghrách le athair Thaighg  a bheith a deánamh na n-acaraí seo fosta. 1791 34.  dá dtéighead siad a cheannacht acara ar bith uaitse fán teach agus iad ag cainnt eatorru héin .. labhairfead siad an teangaidh seo.. 1791 36.  Go maram go mbéadh cúig nó sé fhonnsaí thart ar seo, agus dá mbeitheá ag gabháil do shin ó shin chá dtiocfadh leat an acara sin a bhriseadh. 1791 43.  bhí sé caite astoigh i mbocsa na n-acaraí a bhí aige fá choinne gréasaidheacht.. 1791 310.  Bhí acaraí eile acu a rabh scríobáin orthú.. 1835 360. 