An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

J

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

*jabaire, Fear a théadh timpeall ag ceannach agus ag díol ainmhithe chun praifíd a dheanamh, Casadh jabaire air agus chuaidh siad 'un margaidh fá'n bhearach.. 1184 304.  díol an bhó riadhach le fear ar bith de na jabairí sin.. 1185 496. Deir siad gur fíor-bheagán jabairí atá ins na flaithis! 1578 60.

*jear, Árthach, próca, Fuair jar uisce bheatha agus fuaidh isteach.. 311 113.  fuaidh Domhnall fhad leis a' jar 's thug leis cuid do'n jar 's chumail ar a bhean é.. 311 416.  ..an jar a rabh an póitín ann.. 1791 73.  dúirt leis go rabh na jarthaí istigh. 1791 73.  chuir na járthaí isteach faoi agus a' miosúr. 1791 73. cineál de jarthaí gloine.. 1835 297.

*jig, Port rince a dhéantar i dtiún le port ceoil den ainm céanna "jig", bhí siad ábalta jigeannaí na n-Éireannaigh uilig a dhéanamh. 1791 49.

*jin, Biotáille déanta as aitill, Fuair ceig "Jin" 'un toigh.. 310 333.  braon de rud a dtabharad sian fíor-Jin air.. 1791 257. 

*jiúlaraí, Seodóir, d'iarr air a ghabhail go siopa an "jewelfhearaí".. 1184 319.  tharraing díreach ar an "jewel-fhearaí" agus cheannuigh luach chúig bpunnta uaidh. 1184 322. 

*jiurnaí, Turas, A' dóigh a dear a' fear journey mór fada.. 311 434.

*jug, Crúiscín, fuair jug mór bainne. 311 315.