An Gréasán Gaeilge

GG

© 1999

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 H

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. . 

*habán, Ardán??, bhí a baint féar corrán ar habán dheas ar áit uasal.418 233. 

*habhalt, Greim, fuair hoult uirthí lena cháir. 311 54.  Fuair fear..hoult ar an eiteóig.. 311 81. 

*hair, Hair níos fhearr, (a dhath níos fearr), Fear gan bean níl hair níos fhearr díleachtaidhe asala. 420 270. (<B. "hair").

*hata, Batáil tuí (le lasadh ar mhullach aird mar chomhartha), hata a lasadh ar a leithid seo a dh'árd a deánamh comharthadh -san.. 472 561. 

*haspa, Stiall miotail a chuirtear thar stápla agus a dhaingnítear le glas, chuaidh 'un dorais agus chá rabh air ach an haspa - chá rabh glas rud ar bith air. 1184 349.  Bata a bhí i gcúl a' dorais. rabh haspa bolt air. 1184 367.  Ba ghrách le heaspannaí a bheith ar na doirse uilig go léir an t-am sin.. 1184 367.

*haincearsan, 1. Ciarsúr póca, naipcín, Tharraing sise a haincearsan amach as a póca agus thriomuigh suas a dhá súil.. 1185 272.  scaoil haincearsan a bhí léithe agus thug amach péire sean-bhróg.. 1185 358.  spréigh ar an haincearsan é.. 472 497.  Sin sruth alluis anuas leat..ag tarraingt hainciuirsin amach as a póca.. 311 459.  brí mhór a bhaint amach as na aincearsaineacha.. 1791 98.  2. Éadach cinn mná, an haincearsan a bhí ar a cionn a thabhairt .. 1185 382.  Scaoil an bhean an haincearsan dhá cionn.. 1185 382. 

*heapnálann, 1. Tarlaíonn, happenáil a' scéal sin 'sa tír áit éicint.. 311 262.  creidim gurb é fa Dhondubhain a happenáileas a' seórt seo ar réir mar bhíonn siad ag cainnt.. 311 272.  ar réir mar deireann siad happenáileann rudaí iontach ann ar feudh a saoil. 311 279.  thall in áit a rabh Greenlaw air a happenáil seo.. 1791 210.  2. Tarlaíonn do, fiacháilt an bhfeicfead sise goidé happenáil an préataí fuar-bhruithte.. 311 371. 

*heartaíáilte, Go h., (go fonnmhar <"heartily"), mo chuid a dheánamh go heartaigheáilte anocht.. 472 545. 

*híombúnbó, Focal raiméise sa véarsaíocht:, Hímbúnbó chuir dúil ann do dhá shúil a ba bhréaghaichte astoigh / 'S mailileó chuir dúil ann do dhá raibh (?) a bhí fás ar d'ucht / Hímbúnbo chuir dhúl ann do chúl uilig ó bhárr go bun, / S mailileó croidhe brúightí damh-sa mas duit. 310 257.  (=faraor?).

*hí-ró-hó, (Focal chun leanbh a bhréagadh i suantraí), hee ro ho agus codail a mhacaidín, / Na girrfhiadhacha sléibhte 'na ba bainne agam.. 311 13. 

*heat : *feacht

*, , (corraí, meabhar ar bith), Níor dhubhairt na léithe.. 1185 559.  cha rabh ann, agus é 'na luighe.. 1791 230.  bhí ag gabháil do'n síothmhaor sin isteach san aghaidh go dtí nár fhág ins a' síothmhaor sin.. 1791 257.  cha rabh an ábalta bogadh - Cha rabh na ann. 1835 304. 

*hú-háil, Béiceach, chuir bunadh Chorr na gCoileán ulig ar meisce, 's 'a staggeráil 's a' hooháil 's a reachtáil. 311 601. 

*hullach hallach, , ruaille buaille, chá rabh ann ach é go rabh siad sínte ins na leabthacha gus éirigh an hullach-hallach amuigh arís. 1185 374.