An Gréasán Gaeilge

GG

©

“A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

U

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus cuir réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc

, (Gan) ú ná á, (gan) anam, gan dé, cf. , Bhí sé gan ugh  ádh agus é marbh.. 1791 411.

*ua, Mac mic, Ua do mhic do dhéidh.. 311 181.

*uachtar, 1. Ábhar ar snámh ar bharr uisce ,Bhéarfad siad leofa an t-uachtar de'n tobar..bhéarfad siad leofa é le rud mar bhéadh cíor ann agus rud ar bith a thiocfadh roimh an chíor de dhiosta ná de aon dhath eile bhí siad ábalta sin a thógáil aníos.. 1835 396.  2. An chuid den bhróig fá dhroim na troighe, Is feárr duit péire bonn nó dhá phéire uachtar. "an rud adeirtear ag cur síos ar rásaidheacht". 1184 32. 

*uachtarán, 1. Duine i gceannas, Shf:, Ní h-ionann ciall do achan dís mac agus ní dual do theughlach a bith gan uachtaran a bheith orthu. 420 215.  h-ionann ciall dó dhís mac, ach is dual do achan teaghlach uachtarán a bheith ortha. 1184 25.  2.Uachtarán an tsoithigh, (caiptín na loinge) , dubhairt sé le uachtarán an t-soithigh go rabh siad ag 'ul i gconntabhairt.. 472 456. 

*uafás, *uabhas, Nach mór an t-uabhas.. nach iontach, ait.. Shíl mé.. nach bhfeicfinn go bráthach tú, agus nach mór an t-uabhas nach dtáinic tú níos tapaíocha. 1791 394.

*uaill, Éirí-in-airde, giodam?, Stualaire, "Cailín a mbéadh uaill inntí agus nach mbéadh comh géar le duine eile (Teilionn)". 1791 179. 

*uaineadh, Tirimiú tar éis fearthainne, Turadh an duine choimhthigh, "..Turadh nó uaineadh nach maireann i bhfad.." 1184 47. 

*uaigneas, Ar an uaigneas, (in áit iargúlta), Nuair a d'éirigh leofa fáil ar an uaigneas.. 1579 213.

*uaisc:fóisc, Caora bhliana, bhí uaisc chaorach ceanglaigh' thios i gcionn a toighe i gcúl a dorais.. 1538 118.

*uaisneachán:fuaisneachán, "Duine atá furast a sgannradh agus a chur fríd a chéile". 1184 185.

*uaithne, Cloch uaithne, (gallán cloiche), rinn Colm Cille teach pobail agus d'fhág sé cloch uaithne astoigh ins an t-sean-roilig agus tá cloch uaithne eile os cionn na circe ann.. 472 463. 

*uallach, Giodamach?, Dailtín, "Fear óg dána gan tuiteamas gan mhúnadh (uallach fosta i gCloichcheannfaola)." 1184 123.  Uaill, "Cailín amaideach a bhéadh uallach ina cuid bealaigh" 1184 185. 

*ualtach, Ualach, caithfidh tú trí ualtach ar bith a iarrfas mé le tabhairt liom a thabhairt domh. 1185 15.  trí h-ualtaigh ar bith dá n-iarrfaidh mise.. 1185 19.  thuit na trí h-ualtaigh chláraí anuas ar an urlár annsin.. 1185 361.  bhí ualtach ann an méid a bhí sé ábalta a iompar.. 1185 369.  ualtaigh fheamnaigh 1185 396. is mór an truagh ualtach mar seo (cruit) a bheith dá iompar ag fear comh cineálta leis. 1185 413.  Dar liom héin nach rabh lá dochair domh ualtach den fhodar a thabhairt liom.. 1578 71.  béidh mise faoin ualtach sin anois fada go leor.. 1578 71.  thug siad leófa an chruit a bhuin siad do'n fhear eile agus chuir siad i mullach a' chruit abhí air é agus thainic sé sin 'na bhaile agus ultach air.. 311 292.  ..indéidh an fhear a d'imthigh leis a' chapall 's leis an ultach.. 311 548.  (Ach tá "ualach" ann freisin; ualtach < "Ceartú" iomrallach ó "ual(th)ach"?, cf. ordlach).

*uamhach, Uaimh, pasáiste faoi thalamh; poll, rinn sé uaghach aníos faoi'n talamh a mbéad sé ábalta a theacht aníos fríthe ún teampaill Dé Domhnaigh. 1578 32.  Tá na sparáin astoigh.. i n-úigh.. 472 358.  .. go rabh siad astoigh ins an úigh. 472 358.  d'iarr sé ar Alladin a gul síos annseo ins an pholl—san uagh seo.. 311 295.  Rinn siad uaghach ins an ghainnimh.. agus cumhdaigheadh suas í (clog). 1538 87.  Thóg siad na leacacha amach as urlár an t-seamra agus rinn siad uaghach i lár an urláir, agus cuireadh an clog isteach inntí. 1538 88.  raibh a dhath fá'n uigh ach na banafáin..418 279.

*uasal1, 1. An dream uasal, lucht rachmais agus cumhachta, shíl íseal agus uasal mórán dó. 1538 99.  2. Síóg, Bhí an donas ar fad ar an mhí-shuaimhneas a thabhuigheadh na h-uaisle bheaga seo .. 1185 371.  char chuir na h-uaisle bheaga buaidhreadh ar bith air. 1185 377.  Tá na h-uaisle bheaga ar a gcois anocht.. 1170 401. 

*uasal2, Ag baint le síóga, Bhí árdán uasal 'san áit a dtáinic siad air-san agus bhí sé a smaoitiú .. gur cóisde sidhe a bhí 'sa bhoc. 1185 63. thochail sé thart fá dtaobh daoithe (leac) ach char bhain sé léithe mar go rabh ainm an-uasal ag an áit. 1185 363.  Chualaidh mé an t-sean-mhuinntir a rádh i dtólamh go rabh an crann seo uasal.. 1185 376.  Dá mbeitheá ag tógáil cloch i gclochair nó rud a' bith agus thú sílsteán nach rabh sé ceart deánta nó go rabh sé uasal.. 311 17  Ait a' bith a bhfiul na crainn ag cromú anuas go dí'n talamh arais.. an áit uasal. 311 18. 

*uascán, 1. Caora óg gan bearradh, .. go gceannuighead sé uascán reithe. 1185 257.  caoirigh bána agus uascáin.. 310 365.  2. Stócach, rugadh mac óg do'n lánamhain agus tógadh aníos na uascán mhaith é. 472 722.  3. Duine cineál dúr, amaideach,"Duine a bhfuil giota de'n chaora ann. A sheepish person". 1184 185.

*uascánta, Glas, simplí, Bodhmán, "fear uascanta ". 1184 107.  Cliobog, "Duine amhlanta uascanta". 1184 117.  Tuafaiste, "Duine uascanta nach dtig leis rud ar bith a dheánamh mar dhuine eile". 1184 183. 

*uchtach, Misneach, Bhí uchtach maith ag an fhear a tháinic anall ar an loch agus na caoirí leis.. 1791 102.  ..nach rabh uchtach aig a theacht leis héin. 1791 445.

*uchtán, Gabháil, bheireadh Diarmuid leis uchtán fraoigh anuas do'n chruc agus luigheadh thíos ar a' traigh.. 311 324.  ag iomchar uchtán cáil amach as a' ghárrthú  .. 311 504.  fuair sé uchtán de na duilleógaí a bhí ar na crainn. 481 40.

*ucsóid, Bairrle mór, trí rópa i ndiaidh a' bháid agus bhí troch de rud mhillteanach 'na dhiaidh sin.. ucsóid a bhí ann agus naoi bfonnsa uirthí. 1791 78. 

*udaí, 1. (Mar chuid de bheannacha:), cóir, maith, le teisbeaint duit-se a bhean udaí.. 472 65.  leóga maise a ghioll' udaí ní locht mór sin.. 472 66.  "is deas do léim a ghaiscidhe." "Is beag a' dochar damh sin a bhean udaí, .. " 472 294.  2.(Le treo), ...-údaí, má leigean gasur na mbó tairbh atá thoir-adai leat, thig leat.. 311 440.

*údar, Cúis, chuir bean a' toighe ceist uirthí caidé ughdar a cuid caointe. 1538 21.

*uibh, Ubh, luigh sé anuas ar an nead i n-áit imtheacht, agus thug sé leis an uibh amach as faoi. 1538 82.  .. an bhlaosc a chathú den uibh agus gan an buidheagán ná an dealagán a bhriseadh. 1538 82.

*uilig, 1.(Gan a bheith) uilig ann, (gan a bheith) ceart sa cheann), Bhí náire air a rádh go mbéadh bean aige-san a bhéadh ag iascaireacht ar an talamh tirm agus go sílfeadh siad nach rabh sí uilig ann. 1185 18,  2. Dáiríre, san iomlán;(focal deimhnithe ar ráiteas faoi fhad, gairide, méid etc.),ba ghoirid uilig ó'n bhaile a bhí sé gur casadh an bhean seo air.. 1185 381.  chá bhéad sé i bhfad uilig go mbéadh an bonn bhualadh léigheasta. 1185 385.  Bhí room mór ann agus bhí sé lán óir uilig go léir.. 472 243.  níl sé íontach fada uilig ó shoin.. 472 244.  is goirid a' t-am uilig é.. 472 390.  bhí sí ar shiubhal amach as a chuid lámha uilig go barr a rubaill.. 311 54.  mise a deánamh cibe a bhí siad a dheánamh go rabh siad á ól uilig go léir. 1791 43.

*úim, Feisteas déanta as leathar a chuirtear ar ainmhithe chuniad a cheangal le hualaigh, chuir siad úim ar dhá bheáthadhach agus chuir siad isteach i gcóiste iad. 1538 101.  .. an úim a chur ar a' bheáthach, agus chuir siad héin na cléibh uirthe. 1791 113.

*úimléideach, Tabhachtach, substaintiúil, Tá cumadh úimléideach ort-sa. 1184 34.

*uisce, 1. Uisce a chinn, (frasa deor), Nuair a bhí uisce a chinn caointe aige.. 1185 588.  2. . .nach bhfeiceann sé mise a choidhche fhad is atá uisce 'na rith ná féar a' fás. 1185 98. 

*úll, Úll na scórnaí, (cnapán i dtosach an mhuinéil), an tríomhadh fásgadh go h-ubhall a scórnaigh.. 1184 297. 

*umhal, 1. Lúfar, furasta a oibriú, nuair a chaithfead daoiní siubhal achan bhealach bhí na crámha umhall acú, agus thiocfadh le daoiní óga sníom a chur ar a gcorp. 1185 175.  2. Géilliúil (do thoil), thoilig mac na baintreabhaigh a bheith leis. Dubhairt mac na baintreabhaigh go rachad sé leis ar acht é a bheith umhal dó go bpillead sé aríst. 1538 63. 

*umhlaíocht, Géillsine, bhí Rí an uair sin ar Thoraigh agus bhí na deamhain faoi umhlaíocht do. 1791 505.

*umhlú, Solúbthacht,geilleadh, preab (in urlár le haghaidh damhsa), Nuair a shiocadh an t-urlár sin bhíod siad a' leagan amach go rabh umhlú ann ní bfheárr ná bhí ariamh i n-urlár cláraí. 1170 15.

*umlatach, Míshocair, "Duine diabhalta atá tugtha do mhion-chreamhaireacht; páisde umlatach nach bhfuil maith bruithleadh nó bagar a chur air." 1184 119.

*úmú, Cur úim air (capall etc.), bhí siad ag ughamú le himtheacht.. bhí lánúin dá bpósú thuas i gConnachta. Bhí siad a' gul suas.. 311 414.

*unfairt:*uthairt, Suaitheadh, ionramháil, Thoisigh sé a dh'uthairt le n-a cheann agus thuit sé a chodladh.. 472 192.  Chuaidh sí(cailleach phisreogach)síos na t-seamra uthairt a bhí oirthí thíos.. 472 284.(claonthagairt d'oibriú geise). .. nach bhfuair muid (iascairí) a'n toit ó mhaidin..leis an uthairt a bhí orainn.. 472 395.  tháinic cat mór bán.. agus cé bith uthairt a bhí oirthí tharraing sí 'n corc..310 335.  Bhí Peigí astoigh agus í ag uthairt léithe i gcionn a groithe fhéin. 1170 396.

*úr1, Úr na coille, (crann uasal na coille), "..ní rabh fhios agam ariamh cé'n crann a bhí 'na rí ar a' choill." .."abair le d'athair go bhfuil úr na coilleadh ag d'iarraidh bheannacht." D'imthig an mac.. arsa seisean, "tá úr na coilleadh ag iarraidh do bheannacht." "Fágaim-as mo bheannacht", arsa seisean, "ag an chuileann chaoin". 472 707. 

*úr2, Aid. De réir an fhéilire nua), dá gcuiread sé Oíche Shean-Samhna ná Oíche Samhna Úr ná sneachta ná sioc ná gaoth ná aon dhath a bheith ann.. 1835 87.  maidin Lá Bealtaine Úr.. 1835 109.

*urchar, 1. Rud a chaitear, scaoiltear, e.g. cloch, piléar as gunna, Bhlocáil a casúr a bhí ag cur ar shiúl na n-urchar. 1791 198.  2. Urchar cloiche, (cluiche a imrítí ag caitheamh clocha meáchan), ag imirt bál poill agus ag caitheamh urchar cloiche.. 1185 350.  3. Píosa de phléascán (le haghaidh bhleaisteála), Chuir siad trí pholl sa chreig agus chuir siad trí urchair ann. 472 200.

*urchóid, Díobháil, le é shábháil ar gach fuile nidh agus ar gach fuile urchóid agus ar gach fuile thaisme.. 1835 289.

*urla, Cleitín, sháith mise scian mhór na muc suas i n-urla an toighe.. 472 134.  chaithfeá trí sifín a tharraingt as urla an toighe.. 311 161. 

*urnais : áirnéis, Angraeis, treallamh, Chruinnigh iad(lucht poitín), a gcuid urnais agus chuir siad i bhfolach é. 472 391.

*urra, 1. Neart coirp, Tá ar sáith urraidh agus óige againn go fóill, buidheachas do Dhia..1185 38. Bhí Goll in áirde ar theach ag dochtúirí a leigheas agus chuir sé scéala amach ag Buaidh i gCath ag iarraidh air spás a thóirt dó ach go dtiocfadh rud beag urradh ann.. 311 50.  bhí sé ábalta breith ar mhála sé clocha déag mine agus é chur ar dhroim a' bheathaigh—nár mhillteanach an t-urradh a bhí ins na daoine.. 1791 54.  2. Ceann urra, (tiarna, uachtarán), Bhí Rí na Sasan na cheann urraidh ins an am sin ar Albain.. 472 360.  3. Ceann urra an tí, (fear an tí), choisreachochadh ceann urraidh an toighe agus déarfad sé an paidrín..1835 191. 

*urramach, (I gcaint fhoirmeálta:), Bhail a bhreithimh urramaigh..1538 128.

*urrúnta, Láidir, toirtiúil, Siolpach.. "..bean urrúnta fosta a bhéadh ramhar go maith 'sa reasún". 1184 167. 

*ursain, Post an dorais, ag gabháil amach dó ar a' doras bhí na hursannacha leis as taobh a' dorais ag gabháil amach dó.. 1791 486.

*úsáid, Cóiriú, fáiltiú, cha dtainic a'n duine do mhuinntir na Glebe trasna ariamh air nach dtug sé úsáid dhóiúil dófa. 311 317.

*usóid, Fonsa, fráma?, ba ghrách leo craiceann na gcaorach a thriomú.. agus dheánfad siad mar deir siad héin cineál de usóid—dheánfad siad cineál de fháinne chruinn agus ghreamochad siad craiceann na caorach don usóid seo... ba ghrách leo a bheith ar shiúl a' dóigh chéanna agus iad a ceol ceathrúnach ceóil, agus seo crochta síos ar a mbrollach..1835 167. 

*útamálaí, Útamalaidhe, "Duine a gníos obair éadtrom fá theach; duine nach gcuir slacht nó gné bhláthmhar ar a ghroithe cosamhail le dhaoiní eile.". 1184 185. 

*úth, An t-orgán, féithleog, ina choimeadann an bhó a cuid bainne. Bhí umh bhréagh bhainne fúiche, agus bhí sé mar bhéadh bó nach mblighfí ar chor ar bith ar maidin.. 1170 170.  bearach a béadh a breith a mbéadh ugh chruaidh aige  chuimileochad siad sin isteach ins an ugh.. 1791 313. 

*uthartán, =Unfartálaí fgb, "Duine a ghníos a ghroithe go tuatamhail". (Teilionn). 1184 185.