An Gréasán Gaeilge
©
"A
World-wide Word-Web of the Irish Language"
Cnuasach Conallach
A Computerized Dictionary of Donegal Irish
a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v
N
Chun ceannfhocal ar leith a chuardach
téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín
roimh an fhocail e.g. *ábhar etc.
*na, 'Na.. (chun na, chun a(n)), Chuaidh sé suas díreach
'na clúdach agus shuidh sé
ag cionn an tábla.. 1184 556. Chruinnigh siad na clocha
síos na bhraoich.. 472 408. d'imthigh
siad uilig 'na bhaile.. 472
41. chuaidh a' Goban .. leis a'tórramh na
roilige. 472 706.
*ná, 1. Mar, Gheobhaidh mise lóisdín duit ná
tá mise a' cuartú lóisdín fosta.. 1184
378. greim maith a choinneáil uirthí ná go dtabharfadh an chlaidheamh léim.. 1184 409. Chá deárnadh a dhath domh-sa a' chor ar bith
ná chá rabh
siad fá choinnne
mé a ghabhail.. 1185 135. féadaimid
baint fúinn anseo go maidin.. ná tá sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar
an bhealach.. 1538 41. D'iompar siad an clog aníos go dtí teach Dhónaill Boyd, agus iad a sealaidheacht
ná bhí meádhachán trom inntí. 1538 88. 2.Ná nach.. !(agall
ceisteach ag cur iontais in iúl), "Ní bhfuair mise..
oiread agus greim amháin den mholt", adeir sí. "Ná nach
bhfuair!" adeir an t-athair.
*nachar, Nár, Nachar dhath dona cionntaighe-san é,
"that it was none of her fault". 420 248.
*nádúir, 1. Cineál, saghas, Cá bith comhrádh
a bhí eadar an madadh ruadh
agus an bháirneach thoisigh nádúir magaidh aige ar
an bháirneach. 1185 28. Thoisigh nádúir magaidh aicí fuiche fosta.. 1185 329. 2. Nádúir an lae, (cineál láchana,dónaing), Bhí sé 'na
bhior siocáin go dtáinic nádúir an lae agus go dtáinic
nádúir casgartha. 1185 641. 3. Méin, Bhí nádúir
bean-ghlúin aicí, agus ar an
ádhbhar sin bhí sí 'n-a ceann an-mhaith dó pháistí.
418 255.
*nádúrtha, Normálta (mar is
dual), Dá mbéadh an aimsir ar dhóigh ar
bith nádúrtha bhéadh achan seórt
a toiseacht a fhás.. 1835 267.
*nagadán,
"A precocious youth.
Gasúr a bhéadh 'na fhear
roimh an am; gasúr sean-aimseardha". 1184 145.
*naigín, Tomhas
biotáille (ceathrú pionta),
buideál chúig naigín.. 1184
459.
*náire, Sfh: Níl san náire
ach clóca, is fada ó strócadh é.1184 25. Sfh: An t-é a chailleas a náire, méaduigheann a dhánacht. 1184 25.
*náiríste, Náirithe, nuair a chualaidh a h-athair-san go rabh sí pósta
ar a' bhuachaill seirbhíse, ní fhacaidh
tú a'n fhear
ariamh a shíl a bheith comh náiríste
leis. 1343 217.
*námhaid, Maolú: an diabhal, Tá do námhaid..
le castáil ort ag an tsruthán.. 1835 258. na trí focaileacha le mé shábháil ar mo námhaid, agus le dia agus a Mhaighdean
Mhuire a bheith fá dtaobh díom.
1835 260.
*naoi, (Mar uimhir dhraíochta i gcleachtais phiseogacha), chaitheá ghábháil thart ar sin naoi n-uaire.. 1835 414. bhéarfad
siad leo sifín amháin agus
bfhéidir go ndeánthaí naoi ngiota de sin agus chuirthí isteach
ins a bhocsa seo é.. 1835
*néal, Scathamh beag codlata, caidé mar thiocfadh léithe néall a cholladh.. 1538 9.
*néaladóir, "Duine sligheánta nach gcuirfeá fá n-a chosa go léighfeadh an t-im ina
bhéal!" 1184 145.
*neamh-iontas, Neamh-shuim,
Nár iarr mise ort thú neamh-íontas
a dheánamh dó rud ar bith
a tcídhfeá mise a dheánamh. 472 371.
*neamhbhuartha, Sona, gan bhuairt, caidé a fuair sé astoigh
ann ach an mhéadal mhór. Thug
sé leis scian, agus scoilt sé
í, agus caidé
a bhí cruinn cuachta i gcuasán
daoithe ach mo Thoimidín agus é comh neamh-mbuaitheartha
le rí. 1170 482. "Duine neamh-mbuaidheartha ar chuma leis cá n-éireochadh an ghrian
air." 1184 173.
*neamhshuimiúil, Neamhchúramach, Práscán,
"Fear ar cuma leis caidé an cineál
éadaigh a bhíos air agus atá neamh-shuimeamhail
ina phearsa ar mhórán dóigheannaí."
1184 149.
*neart, Cuid mhaith, Sfh: Is feárr
neart dó
bheagán nó dadaidh do mhórán. 1184 74. e.g. is fearr neart bia
do bheagán gamhnaná
a mhalairt.
*neas, Cóngarach, Chonnaic sé an bád.. agus nuair a tháinic sí isteach
ndeas dó d'fhiafruigh.. 1184 400. rachad
sé amach a dh'obair ag an fármer a ba ndeise
dó.. 1184 494. chá
dtiocfad sé a dhath níos ndeise
'bhaile.. 1185 142. bheir
mé ar a bhróg
a ba neise damh..472 18. bhí sé chomh neast dó go agus go rabh sé
ag iarraidh air i gcomhnaidhe fanacht
'n-a sheasamh. 418 230.
*ní, Níor ní leis, (níor mhaith leis), Bhí sé comh
gealmhar ar an naoidneán agus nár nidh leis leas mháthair a chur ós a cionn..
1835 173. Dream
a bhí ionntu nár nidh leo saol díomhaoin a chaitheamh. 1835 173.
*nimh, An nimh san fheoil, (seanghangaid, sean-naimhdeas), Níor chuir
sin deireadh leis an bhruigheanachas
ach oiread de bhrigh dó go raibh an nimh san fheóil ag Cloinn
tSuibhne agus ag na Baoghallaigh
dá chéile..1538 76. bhí
an nimh 'san fheóil ag Ó Domhnaill dó ná bhí
fhios aige gurbh é bun rúta a chuid trioblóide é.. 1538 115.
*nimheadas,
Nimhneacht, Tá cnámh
frithir i ngaoith anoir, "Ta nimheadas polltach fuar 'sa ghaoith
anoir". 1184 13.
*níonn, Fliuchann le stoirm, farraige, Deir seanunndoirí
na Rosann
gur nigheadh agus siabadh ar
shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn
go dtí nach bhfuil fágtha anois
ach builg a bhriseas le lom trá le mortas
farraige. 1835 172.
*nocáil, (Nocáil thart, (faoileáil thart;
<"knocking around"), bhí sé knockáil
thart go dtigidh'n bomaite deirionach.. 311 387.
*nochtann,
1. Bain cumhdach
(cré) de, baineann amach as poll faoi thalamh é, chuaidh siad síos go dtí 'n Tráigh Bháin agus
nocht siad an clog. 1538 88. 2. Nochtann chuige, (tagann
faoi réim a radhairce), ní dheachaidh siad
i bhfad isteach
sa choillidh
nuair a nocht teach beag ceann-tuigheadh chucu. 1538 41. Fá dheireadh nocht an caisleán. 1538
137. nocht an caisleán chuige a ba deis
a chonnaic sé ariamh.. 1343 452. 3. Nochtaíonn dó, (taispeánann sé é féin do), bhí siad ábalta
an spiorad sin a chur ins a
dóigh 'na dhiaidh sin ná nochtochad sé go brách aríst dó
a'n nduine ar a tsaol seo..1835
311.
*nóin, Nóin bheag * tráthnóna (coinbhinsean sa scéalaíocht:), Shiubhail an duine bocht leis go rabh an neóin bheag
agus deireadh an lae ann. 1184 386. shiubhail sé
leis go dtáinic an neóin bheag agus deireadh
an lae air. 1184 478. nuair
a bhí an neoin bheag agus deireadh
an lae ann.. 1185 44. Shiubhail sé leis go dtáinic an neóin bheag
agus deireadh an lae ann, agus
an gearrán bán ag gabhail ar
scáth na copóige. 1185 226.
*nóisean,
1. Tuairim, Dá mbéadh
fhios ag an fhear a' siubhal a bhí air, tá mé
do'n notion go muirfead sé é.. 311 261. sé
'n notion a bhí aige héin agus a bhí
in inntinn go rabh fear eile a súgradh lena bhean. 1791
453. 2. Taitneamh (gnéasach), ghlac sí
"notion" do'n stócach.
1184 317. ghlac sí
"notion" mór i n-áit na mbonn
dó fhear na beilte deirge.1184 458. mhothaigh
mé fá bhean
a raibh notion mór aici dó fhear..
1179 464. 3. Smaoineamh
(chun rud a dhéanamh), ghlac sé notion pósta..
311 502. Nach saoithiúil..
an notion atá in do chionn tusa a bheith
a' teacht chugam-sa nuair a bhéas tú
marbh. 1791 166.
*nollaig, Idir an dá Nollaig, (le linn 12 lá na
Nollag, idir Lá Nollag agus Lá
Nollaig na mBan, oidhche amháin fhuar leathtromach
eadar an dá Nodlaig.. 1170 402.
*nuaíocht, Adhnua, rud as an ngnáth
le n-ithe etc., tá mé ag gabhail soir 'na
bhaile mhóir annseo fá choinne
triple nuaidheachta do'n bheirt againn. 1185
440.