An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 E

 Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

foinse

 

each,Each uisce, (scéalaíocht: ainmhí cosúil le capall a chónaíonn faoin loch), Each-uisce a bhí ann agus bhí sé amuigh ag aoibheall nuair a fuair sé suaimhneas na h-oidhche.. 1185 69.  an t-each-uisce sin.. go rabh sé níos mó ná asal agus croiceann dubh air a bhí comh sleamhain le h-eascon agus ruball mór fada air a bhí sé a tharraingt 'na dhiaidh. 1185

*eachtaire, Scéalaí, eachtraí, "Duine a mbíonn mórán seanchais aige - go minic duine a bhíos ag innse siológ agus tórpaí bréagacha." 1184 125.

*éad, Téann a dh'éad leis, (téann in éad leis; a * do?), Chuaidh siad a dh'éad léithe sa bhomaite chionnus go rabh sise 'na suidhe ní b'fheárr ná bhí siad héin. 1538 45.

*éadach, 1. Seolta, chuaidh isteach sa bhád agus thóg éadach agus níor stad gur fhág siad an saghart astoigh i dToraigh. 472 418.  An t-éudach a bhuint do'n tsoitheach, "to lower the sails". 420 249.  2. Éadach lámh, (tuaille), Fuair sé éadach lámh ansin agus thriumuigh sé ho h-an-mhaith é. 1343 242.

*éadáil, 1. Ábhar gaisce, buntáiste, smaoitigh sé gur bheag an éadáil é leis fhéin.. 1185 568.  2. Raic, bruth-fá-thír, ..cé bith fir eile i dToraigh ag 'ul thart ar maidin .. a cuartughadh éadálacha.. 472 459.  3.(Adhmad) éadálacha, (adhmad raice), .. go rabh adhmad éadalacha  go leór fá'n teach. 472 308.  Thiocfadh cuid mhór rudaí a dtabharad siad éadalacha air isteach - giotaí de shoithigh agus giotaí de bhádaí.. 1791 112.  4. Tabhartas, buntáiste, Is maith an éadail  mhine a d'fhág siad agat i dtús Geimhridh. 1170 401.  dar leis fhéin gur mhaith an éadáil stiall de aige.. 1170 481. 

*éadan, 1. As éadan, (go léir le chéile), D'ionnsuighe sé iad as éadan .. 1184 465. 2. In(a) éadan, (a) (ina aghaidh, d'fhiacha air), Dhíol Ó Domhnaill cá bith a bhí in éadan. 1185 543.  "Caidé atá i n-éadan na bó?".. "Tá seacht bpunta." 1538 124.  (b), (ina aghaidh, ina choinne sa ród), A' teacht 'na éadan, "meeting him". 420 264.  ( c), ina aghaidh, ina choinne (fána), chaithead sé sin a theacht aníos in éadan beann an dóigh chéann a mbeitheá-sa ag gabháil suas in éadan Thaobh a' Leitheáid ansin. 1791 161.  (d), ina choinne (fórsa), Luibh an t-Seamair Muire agus is léar le daoiní go snámhann sí i n-éadan an t-srotha. 1184 91.  sheasochad siad agus an rideall taobh amuigh in éadan na gaoithe cháighead siad an mhin seo.. 1835 323.  (e), (i bhfreasúra air, ina choinne), .. ag iarraidh na daoine uilig go léir a chur ina n-éadan - a chur in éadan na Mollymen seo. 1791 296.  (f),mar chosaint ar, bhí sé acu in éadan toirneachaí ná in éadan soillseachaí.. 1835 318.  3.(Ar éadan, (i gcoinne?fiarthrasna ar leicinn?), a threabhadh ar éadan malacha abhí ann thuas ar thaobh a chruic. 310 385.  4. Doras éadain,(doras tosaigh), .. Tá doras cúil air agus doras éadain.. 310 379. 

*eadarscain, Idirghabháil (idir lucht achrainn), rinn sé eadarscain.. Dubhairt sé leobhtha bo mbfheárr daobhtha ciall a bheith acú.. 1185 512.

*eadra, 1. Am crúite ar maidin, Thaínic sé isteach i n-am adara leis na ba.. 1185 478.  Bean abhí buachailleacht i gcois srutháin roimhe'n eadrú.. 311 419.  2.Ciabhach eadra, (staicín áiféise), Ná déan ciabhach adartha díom annseo! .i. Ná coinnigh mó sheasamh i bhfad gan 'ghroithe mé annseo... Rinn tú ciabhach adartha de. .i. Mar adeirtear i dTeilionn: rinn tú seóin sincín de! 1184 44. Bhí sé na chiabhach eadara aici. " bhí sí ag magú air." 420 214. 

*éadroime, Eadroime an chinn, (mearbhall céille), ..ná an rabh éadtroime an chinn a' teacht air.. 1185 343.

*éadrom, Dícéillí, baothaigeanta, Sfh: An bhean ruadh mar bhéad fuad ar chapall chluimh.. "go bhfuil sí éadtrom 'san nádúir".1184 20. 

*eag,iog, Eang, píosa, marc gearrtha as rud, nuair a bhéadh an choineall sin deánta .. bhí nós acu ansin a ghabháil thart ar an choineall seo agus í a thomhas agus iogracha  a dhéanamh innti, agus dhóighthí í amuigh sa astoigh ar síos go dtí'n iog seo. 1835 67.  Ba ghrách leo iogacha  a bhaint amach as cluasa na ngamhna, agus sé'n dóigh a rabh an iog seo deánta amach acu, bhí sí deánta amach acu mar tchífeá béal seágh ann. 1835 288.

*eagar, As eagar, (as feidhm oibre, trí-na-chéile), chuir sí amudha an giota báinín ach chuir sí an seol as eagar comh maith. 1835 451.

*éagaoin, Ag éagaoin air, (ag gearán, spídiúchán faoi) : beo$

*eagnaíoch, Eagnaidheach, "duine céillighe críonna". 1184 125.

*eagnas, Eagnaíocht, agallamh, deisbhéalaíocht, chuaidh sé innseoir Thoirdhealbhach a'n lá amháin fá choinne lá eagnais a bheith acú.. 1170 51. 

*eaglaiseach, Fear eaglaise, ball den chléir, tá Eaglasach Gaedhealach a teacht.. 472 54.  .. gurbh'é a dheánfadh an t-Eaglasach bréagh. 427 327.  

*éagórach, Gan chóir ná ceart, Cuireadh amach as a cuid talaimh í go híontach éagchórach.. 1791 159.

*ealaín, *ealaí, 1. Cleas, gníomh gaisce, Bean abhí ina Méadhbha Chruach abhí foghluim gaiscidhighe óga ach uile sheórt ealadhaineacha dár mhoithigh tú ariamh.. 311 239.  goidé'n ealadhain is fheárr a rinn a' gaiscidheach is fheárr.. 311 239.  2. An Ealaí Dhubh, (cleachtas piseogach draíocht a imirt le cumhachta ón diabhal), ba dhé an deireadh a bhí air go rabh cuid a rádh go rabh an ealadha dhubh ag Niall. 1170 401.

*ealaíonta, Cleasach, cliste, Sionnach, "Duine glic ealadhanta nár bhfurast an cluiche a chur air." 1184 167. 

*eallach, 1. Cnuasaimn: beithígh, stoc, bhí an t-eallach .. ceangailte thíos i gcionn a' toighe, agus bhí suinc ag tóin eallaigh.. 1791 253.  cha ndeánfad siad (caoirigh) oiread damaiste leis an eallach agus dá mbéad siad frid an treabhair. 1835 264.  2. Ceann eallaigh, (beithíoch (amháin), dá mbéadh ceann eallaigh agatsa.. bhí sí ábalta sin a chur chun báis.. 1791 101.  .. bhuaileann tusa ceann eallaigh leis an dealgnach go rachaidh sí a mhún fola..1835 159. 

*earabhal, Gual, Thiocfadh an fármer é héin isteach chugamsa agus deárfad sé liom: "How ar ye fixed for coal Paddy? - Caidé mar tá tú a dhíobhail earabhal.. 1791 372.  Bhearfad siad amach tonna earabhail chugam-sa.. 1791 373.  bhí an caiftín ceangailte acu astoigh thíos san áit a rabh an t-earbhal, agus chuaidh an darna fear a ba neise don chaiftín ar a' stiúir.. 1791 498.

*earc, Earc sléibhe, (earc luachra), Tí sé an t-earc sléibhe - beathach a dtugann siad a' t-earc sléibhe air ag gul isteach ina béal. 311 437.

*earmhuintí, Cleasanna, tá sé lán earmhuintí de achan chineál agus éireochaidh an t-é go luath a bhéas 'un churtha leis (mada rua). 1184 21.  Nuair a d'athruigh an rialtas agus a chuaidh Fianna Fáil i gcionn a gcuid earmhúintí chá rabh pighinn le fagháil ar na pigíní. 1185 148.

*éan, Éan gé, (góislín), Tá tú a' fás mar bhéadh éan gé. .." pháisde a mbéidh fás mór faoi". 1184 17.

*éarnais, Maoin, airgead, Fil:, I gcuid agus i gcostas, i maoin agus i n-eárnais.. 1170 20.  *áirnéis?.

*earra, In earraidh, (in earraíocht, i bhfeidhm oibre), Fil:, Níl mo chapall in earraidh agam nó do dhornán. 311 47. 

*earrach, Sceál Earraigh, (sceál bréagach), 420 263.

*easair, Ábhar leaba, tuí etc. a chaitear faoi eallaigh, Sin crap bréagh asracha i gcionn an bhóithighe.. 1185 504.

*eascóid, ?Mála na h-eascóide, (ceann de mhálaí an bhacaigh), is iomaidh mála a scairtigh orm / .. Mála an t-slinneáin, mála an bhuinneáin, / Mála na h-ioscaide agus mála na h-eascóide ..Gob na Déirce agus an Butterbox. 1170 22. 

*easóg, 1. Ainmhí beag fiain cosúil le firéad, thug gearrfhiadh léim agus greim sceadamáin ag easóig air.. 1185 73.  2. "Bean géar a bhainfeadh an chairt de'n chrann le n-a teangaidh".1184 125. 

*eidheann, Planda coitianta dreapach (Hedera helix), dúirt Sé duine ar bith a mbéadh an t-éidheann seo ina theach aige ag Nollaig go mbéadh beannacht ins a' teach sin.. 1835 301.

*éidreorach, "Duine beag aittreorach  , a weak puny person". 1184 143.

*eighinteacht, "Fear eigint a certain man, fear eighinteacht  (i nGleann Finne). 420 210.

*eile, Lá thar na mhárach eile, (amanathar), bhí ánlann do dhinneára lá thar na bhárach agus lá thar na bhárach eile.. 472 415. 

*éileamh, 1. ain. b. Déanamh gearáin (faoi thinneas), nuair a béadhas tú do luigh tosuigh a dh'éileamh agus nuair a thiocfas a tighearna fiafrochaidh sé goidé t'ort. 472 145.  2. Ag éileamh, (a), (tinn), d'fhiafruigh sé a rabh a leithid seo de fhear ag éileamh. Dubhairt a' teachtaire go rabh, agus má bhí nach rabh léigheas air. 472 377.  bhí dúil mhór ag na daoiní.. tarraingt ar na sagairt nuair a bhíodh a gcuid beathadhaigh ag éileamh. 1170 190.  dtaobh do'n chéad fhear a bhí ag éileamh leis.. (galar) 1791 140.  (b),(ar leaba sheoil), Bhíodh eagla mhór orthú fad ó shoin roimh na préacháin, go h-áirid an áit a mbéadh duine ag éileamh. 1185 67.  .. ar eagla go ndeánfaí imeartas ar bith ar an bhean a bheádh ag éileamh ná ar an chloinn a bhí a' teacht. 1185 345.  bhí bean 'a toighe ag éileamh agus bhé mrá bláthmhara ins a' room an áit a rabh siad a' dréim leis an darna duine cloinne. 1185 432. 

*éilín, 1. Ál, chonnaic sé lach fhiadhain, agus dhá lach dhéag léithe dhéag léithe d'éilín.. 1185 79.  2. Líne uibheacha(i nead), chruinnigh sé an dá éilín isteach i nead amháin agus luigh sé fhéin ortha. 310 334.  Chuaidh an t-éilín 'un gliogair orm. "Níor éirigh an t-éilín liom; ní tháinic éan ar bith as na h-uibheacha" 1184 17.

*éilíonn, Badrálann leis, téann faoina dhéin, Shaoil siad annsin gur siabhrán a bhí air agus d'imthigh siad leóbhtha agus níor éiligh siad síos mó é. 310 339.  ó'n lá sin go dtí'n lá indiú níor éiligh sinne Loch Mhín na Snathaide. Bunadh na gCruc a bhí a caoineadh. 418 264.

*eireaball : ruball

*éire, Duine ar bith a bhfuil an t-sláinte, Éire agus cead soláthair aige tá sé ceart go leor. 1184 25. ..an t-sláinte, cead na coise…

éireacht, (A.b. "éiríonn"), gan cineadh Mhac Amháin éireacht a choidhche níos láidre i nGaoith Dobhair.. 472 293. 

*eireogach, Síofra éigin?, Bhí steps ag Colmcill ar Loch Bheithe le gul trasna gus bhí buachaill Gaedhealach agus buachaill Gallda agu dul trasna ar an eireogach. Dúirt an buachaill Gallda go rabh siadsan ábalta a dul trasna gan steps ar bith. Cómh luath agus dúirt sé seo, fuaidh sé síos agus gheárr an eireogach an cionn do.. 311 132.

*éiríonn, 1. Éiríonn fuil, (ardaíonn fearg), Nuair a tcídhfeas tusa strainseáir éireochaidh do chuid fola, agus char mhaith liom-sa do chuid fola a thógáil a' chor ar bith. 1184 421.  2. Éiríonn ..go luath, (bíonn.. an-chliste) tá sé lán earmhuintí de achan chineál agus éireochaidh an t-é go luath a bhéas 'un churtha leis (mada rua). 1184 21.  3.Éiríonn aníos, (fásann suas), Ins an am a rabh mise ag éirghe aníos 'mo ghlas-stócach.. 1185 199.  4. Éiríonn air, (tagann (tart etc.) air), bhí siad 'na shuidhe tamallt agus bhí tart ag eirigh orthu.. 311 260.  5. Éiríonn isteach i, tiontaíonn go dtí (cló áirithe), d'eirigh sise isteach ina chumraidheacht fhéin mar bhí ariamh. 311 270.  6. Éiríonn amach fríd, (téann i measc), D'Éirigh sé amach annsin fríd na comhursanaigh agus a' gháir dhearg leis go rabh a athair indhiaidh bás a fhágháil. 1170 9.  d'éirighead sé amach fríd thoighthe na comhursana fá choinne tamall comhráidh.. 1170 46. 7. Nochtann, taispeánann, go rabh an fear seo le feiceáilt aig ag éirí in áirde ar a' bhalla.. 1791 326.

*éistíonn, Éistíonn faoistin, Rinn a' sagart í éisteacht.. 472 88.  tar Dia Dómhnaigh s'chugainn agus éisteochaidh mise thú.. 472 544.  D'éist sé ansin é agus chuir sé an ola air.. 1578 79.

*eite, Clais, eitre; (coibhinsean sa scéalaíocht:), bhuail sé cic ar mhac an rí a chuir naoi n-iomaire naoi n-eite·ar shiubhal é. 1185 233. (i.e. ..leithead naoi n-iomaire etc. ) chuir sé ceann fáthaigh acú naoi n-iomaire agus naoi n-eite. 1185 572.  chuir sé seacht slat agus seacht n-eite ar shiubhal é. 472 109.

*eiteán, Cuid de thúirne ar a gcastar an snáth de réir mar shníomhtar é?, D'amharc sé síos ar an eiteán bheag chaol / An é seo ar shníomh tú ó mhaidin? 472 430. 

*eitíonn, Diúltaíonn, Níor mhaith leóbhtha a eiteadh ar eagla go scalfad sé sa cheól iad.. 310 52.  siud is go rabh an t-arán astoigh 'sa teach acú d'eitidh siad an sagart. 1170 11. 

*eiteog, 1. Sciathán, bhí sí (éan) a greadú ceann amháin acú ar shiubhal uaiche le n-a h-eiteóig. 1185 80.  Fuair fear.. hoult ar an eiteóig.. 311 81.  gheárr sé an dá eiteoig den eala.. 1538 7.  2. Ar eiteogaí, ar eiteog, (ag eitilt), chuaidh mé (éan) ar eiteogaí.. 1184 412.  d'éirigh sé ar eiteogadh agus char stad sé go deachaidh sé suas i gcrann. 1185 216.  mise le theach isteach 'mo eala.. ar eiteóig..1185 301.  Caidé a bhí a teacht thart ach eala ar eiteoig..1538 7 .

*eo Bhí sise a' deánamh gearrfhiadh daoithe féin.. Chá rabh cú ar bith ábalta breith uirthí, agus bhí an t-eo a' deánamh oireadh airgid daoithe agus a bhí 'á gcoinneáil ag gabhail.. 1184 560.  (<seó, tseó??)

*eochair, An pionna a choimeádann roth istigh ar acastóir, Bhainthí na rothaí de chárrannaí.. Tharraineochthaí na heochracha astú.. 1835 325.

*eochras:fochras, Brollach, Chuir sé a lámh bheag isteach ina h-eochras agus tharraing sí amach soitheach beag.. 1170 397.  d'fhoscail sé bhrollach agus chuir sé ceann a bheathadhaigh (capall), isteach in' fhocras. 472 363.  Chuir isteach in a fochras é (píopa) agus d'imthigh leó.. 472 482. 

*eolach, Taithíoch, ..ceocú ceann de na h-eochracha as feárr domh-sa a choinneáil.. Dubhairt iomlán a rabh ag an tábla i n-aon ghuth go bí an t-sean-eochair, go b'í a b'eolaighe ar an ghlas. 1538 98. 

*eolaí, "Duine eolach a bhfuil fios a ghroithe aige". 1184 125.

*eorna, Cothán eorna iad uilig! "Is ionann iad (tincéirí) fud fad a chéile." 1184 42.