An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

  M

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

*má, Má bith chomh.. ( ar bith chomh..), má bith comh gasta agus chuir sí Oscar agus Oisín a chúl a gcinn, chuir sí Fionn ar chúl a chinn lán ní ba ghaiste. 1538 119. 

*mab, Daoscar-shlua, (<"mob"), Rachad sé amach fríd mhab an bhaile mhór.. 1184 552.  stad de'n obair amaideach .. ag gabhail thart le mab a' bhaile mhóir. 1184 557.

*mac, 1. Mac an Duail, (an diabhal?), go rabh sé comh stoirmeamhail agus a bhí sé nuair a fuair Mac a' Duail bás.. 1185 484.  an ghaoth mhór, fearthainn agus 'ach fuile rud, cosamhail leis an am a mbéadh duine de Chloinn 'Ic a' Duail marbh.. 1185 489.  2. Mac tíre, (cineál madra mór allta,faolchú), rinn sí mac tíre díom.. 1184 413. 3. Mac chomhraic, (díol comhraic, curadh comhionann), Níl mac chómhraic Ghoill faoi'n ghréin le fagháil.. 311 49.  4. Mac uchta, "duine leanbaidhe". 1184 141.

*macaidín, (Ainm ceana), maicín, hee ro ho agus codail a mhacaidín, / Na girrfhiadhacha sléibhte 'na ba bainne agam.. 311 13.

*macasamhail, -lt, Cosúlacht (maidir le am, ócáid, rud..), Nuair a bhí sé mac-a-samhailt bliadhain pósta bhí nighean óg ag n-a bhean. 472 144.  thiocfad siad arais ansin le macasamhail liathán agus bhainead siad aníos na rútaí.. 1835 179.  ba chomhartha é go rabh brón de chineál ínteacht orthu,macasamhailt dá mbéadh duine dá muinntir marbh.. 1835 370.

*mada, 1. Ní dheánfad mada geárr do groithe! "Is dona a fuairtheas tú." 1184 34. ? 2. Sfh:Is mór an truaighe an madadh agus putóg fá n-a mhuineál. "Duine a m'béadh a sháith aige agus a chuireadh uadh rud a bhéadh a dhíobhbhail air fhéin— Duine a dhíolfadh an mhóin mar mhaithe le sainnt airgid agus a mbéadh díoghbhail teineadh air roimh i bhfad". 1184 38.  3. Shíl mé go deachaidh na madaidh 'sa roinn. "Shíl mé gur briseadh suas an margadh. Lanamhain a bhéadh le pósadh agus a rachadh duine acú ar a dtóin ins na groithe." 1184 43.  4., Sé cuid mhadaidh an rúisc dó a ghabhail ann. "Sé thug an siubhal gan ghroithe. Badh é an dol le groithe é." 1184 51. 

*magarlán, "Duine gan mhaith nach fiú trácht air". 1184 141.

*maicín, "Peata gasúir. Gnidhthear úsáid de fosta a tagairt do ghasúr dhiabhalta dholbha". 1184 141. 

*maichín, Troid, achrann, thosuigh an maichín agus a' troid. 472 401.

*maide, 1. Maide pota, (maide chun an bhracháin a mheascadh), chaith sé anuas a cubhar ins a luaidh leis an mhaide-pota.. 310 19.  .. nuair a bheithidhe ag cuartú an mhaide-phota nó rud ar bith. 311 33.  2. Maide briste, (maide a bhíodh go háisiúil cois teallaigh; maide le cor ann? maide, slis chun briste?) shín sé an maide briste siar faoi leabaidh na clúdaigh go gcuiread sí cupla fód eile uirthí.. 1170 397.  D'éirigh sé agus chuir sí an tóir air (cat) leis an maide-bhriste. 1170 439.  3, Maide, adhmad an chaoráin, an phortaigh,(giúis phortaigh), Tá na maidí portaigh sin.. Cha dtig leis go bhful an t-ádhmad céanna ins an ádhmad cheart. Níl sé cosúil le maide an chaoráin ná níl an caorán ag gabháil a dheánamh dochar ar bith do ádhmad a' phortaigh.. 1791 312.  lobhthái sé ar shiúl ach ní lobhthái maide an phortaigh. 1791 312.  4, Gu. adhmaid, chuala mise go rabh droicheadh maide ansin sular cuireadh an droicheadh cloch ann. 1791 430.

*maigh, 1. Maigh ó, (intriacht iontais), " Ó maigh ó" adeir sí, "caidé a tháinic ormsa.. " 1185 525.  "Maigh ó!" adeir sé, "caidé a chas domh a chor ar bith.. " 1185 526.  "Ó maigh ó!" arsa sise, á gcuirfeá a leithid sin fá mo chosa-sa gheobhainn crochta thú. " 418 222.  2. Maigh góchantaí, (intriacht iontais, geite), "Maigh góchantaí!" adeir sé, "nach íontach an canna a bheith 'na sheasamh.. " 1185 429.  "Ó maigh góchantaí!" adeir sé, "caidé a tháinic orainn.. 1185 439.  "Arú maigh góchantaí!" adeir sé, "caidé 'n t-ádhbhar a' dtabharfá domh-sa an brachan sin. 1185 471.  3 Maigh gorra, (intriacht iontais), "Maigh gorra!" ar seiseann.., "tá sin ró bheag." 472 500. 

*maighdean, Maighdean mhara, (síóg a áitíos an mhuir le corp mná agus eireaball éisc), Bhí an Mhaighdean Mhara nuair a bháitheadh iad bhí na daoine ábalta í mhothailt.. 1791 155.

*mailíleo, (Focal raiméise sa bhfilíocht), faraor, 'S dar liom nach gcodhlochainn ar chodail mé ariamh ann do dháil. / Mailileó leis sé'n codladh an codladh agus is trian de mo chrádh / 'S da mba sláinte an codladh gur chodail mé bliadhain agus mo sháith. 310 256.  A' buachailleacht mailileó a chleacht mé bheith 'riamh / Ag imirt 's ag ól le h-óig mrá deasa fá shliabh. 310 258.  + : *híombúmbó

*máilléad, bhí siad ábalta í (coirce) a bhuaileadh le rud a dtugad siad mileat air ar na leacacha seo.. 1835 48.

*mainte, Sórt seáil,caille, bhí mainnte de'n linéadach sin uirthí nuair a fuair sí bás.. 1185 191.  Chuir an bhean mainte a bhí uirthí trasna ar an chlog le gan an gainnimh a leigint insteach inntí.. 1538 87.  thriostálad siad na dearga seo a bhíod orthu—mainntí móra dearga a ba mhó a bhí orthú in an am sin de bháinín dearg a bhí daite agus fighte ar 'ach fuile dhóigh.. 1835 412.

*maireann, 1. Maireann sé, (tá sé beo, ina bheatha), An maireann sé, "An bhfuil sé beo? 420 222.  2. Maireann ag..,leanann ag (a.bh.), Cé b'fhuide a mhairfeadh ag ithe, "who would remain eating longest". 420 229.  3. Fanann, Mhair sé amuigh, "he remained outside". 420 229.  4. Ínsíonn, áitíonn, dearbhaíonn, An chéad oidhche bhí sí ar fad a mairstean dó'n sceál sin.. 472 95.  5. Go maram go..(Dearbhú: Gabhaimse orm go..), agus go maram go mbéidh na searbhfhoghantái 'na suidhe.. 1185 535.  6.Go maram is domh! (agall dearfaithe go ndéanfaí rud), "Go maram is domh!" adeir Ó Domhnaill "go gcoimheadfaidh mise sin ." 1185 522. 

*mairg, 1. Éagaoin, chluinfeá achan óch agus mairg dá raibh aicí go dtí gur dóigheadh na luaithreamhán í. 1343 268.  2. (Gan) mhaith gan mhairg, ..olc gan mhairg, (marbhánta, gan tréith ar bith), Bás, "duine marbhanta gan mhaith gan mhairg." 1184 105. Smúrthánach, "Bás de dhuine nach bhfuil olc ná mairg ann, agus ar b'annamh a tcídhthear i gcuideachta é. (Teilionn)". 1184 171. 

*máirtín, 1. Stoca gan bhonn, Tá sé comh doilig a dheánamh le cat a chur fríd mhairtín. 1184 73.  'n dóigh a rabh an máirtín deánta cha rabh a dhath ann ach giota beag ar dhroim do choise. Cha raibh ceann ar bith ar an mháirtín mar deir siad héin le liopa. 1791 144.  sé'n dóigh a rabh an máirtín deánta chá rabh a dhath síos ann ach liopa a bhí síos i mullach na gcos. Ní rabh dhath ar bith ar bhonnaí na gcos a chor a' bith..agus bhí an lúbóg seo ag gabháil isteach ar a ladhar—ná tá cúig ladhra ar do chos agus bhí in lúbóg seo ar gabháil isteach ar an cheann láir.. bhí na stocaí seo ag gabháil suas go dtí n-a nglúine agus .. bhí teanntáin orthu ag na glúine.. 1835 356.  bhí cuid mhór i gceart idir fhir is mhrá nach rabh bróga ar bith acu agus chaithead siad sin máirtíní—na stocaí nach rabh bonn ar bith orthu, ach liopa 1835 368 a chumhdaíodh droim na coise agus lúbacha orthu a chuiread siad isteach ar na ladhra.. 1835 369.  2. Níl a mháirtíní síos leis. .i. Níl sé fabhartha; níl creapall ar bith air; tá sé cruaidh achmair. 1184 38.

*maise,Ba mhaith an mhaise dó é..(a), is maith mar rinne sé(faoi mar a tuaradh, faoi mar a síleadh), ba mhaith a' mhaise do eo Fhiontaine é thugh sé iarraidh isteach go dtí nighean mhéire an bhaile mhóir.. 472 340.  Thug sé iarraidh ar an chórtha .. ach ba mhaith an mhaise sin do Pheigí é, bhí sí ag an chórtha roimhis. 1170 400.  ba mhaith a' mhaise ag an chat é, comh luath is a chuaidh sise ar a glúine, thínic sé isteach.. 1170 440.  (b), is maith mar thuar sé (an rud a bhí le teacht), Ba mhaith a mhaise dó é agus b'fhíor dó é, an lá a tháinic an "Wasp" go Toraigh siúd an áit ar fágadh í.. 472 459. 

*maistín, "Gasúr gan mhúnadh, an unmannerly boy, a bully". 1184 141.

*máistir, Máistir na Ceathrúna, oifigeach ar bhord loinge a bhfuil cúram an chompáis, an stiúir agus an chomharthaíocht faoi. ("quartermaster"), Dubhairt sé le maighistir na ceathramhna go rabh solus rompú agus iad ag 'ul i gconntabhairt. 472 456. 

*maistirt, Maistreadh, Chuir an bhean an bainne ins a' chuinneoig agus thoisigh sí á mhaistirt. 1184 545.  "Maistirt" in áit "maistreadh". 420 270. 

*maistreadh, 1. Déanamh ime sa chuinneog, darna heat nuair a bhí gamhain ag an bhó rinn sí maistriú.. 1184 547.  Bhí daoine ann ag buaileadh maistreadh agus thainic fear bocht isteach.. 311 513.  nuair nach dtiocfadh im ar an mhaistriú bhíod siad a' deánamh gur bean phisreógach nó duine pisreógach .. a thug léobhtha an t-im. 1170 195.  2. Iol. Maistríocha, Tá mé a' tabhairt liom do chuid ime.. ó thoisigh tú héin a bhuaileadh do chuid maistríocha.. 1835 209.

*maith, 1. Bhí go maith agus chá rabh go h-olc. 1184 377.  (Coinbhinsean sa scéalaíocht chun casadh ar chor nua san insint).. ibid. 1184 386.  ibid. 1184 424.  ibid. 1578 74.  2. An cailín maith, (an drochbhean), ach go dtáinic an cailín maith seo thart an lá amháin agus ghoid sí an ghiorrsach.. 1184 417.  3. Cheannaigh Dónall.. ar a sciar héin den airgead maith a rabh de thalamh anseo ins an Rosa.. 1538 92. (..an chuid mhaith den talamh..?). 4. Comh maith le, (ionann agus, cothrom le), Cómh maith le trí clocha préataí, "The equivalent of 3 st. of potatoes." 420 222.

*maithe, Mar mhaithe le, (a) (maidir le), Caidé a dheánfá leis mar mhaithe le bhfuair tú uilig ar an bhó, ach a ghabhail agus an t-iomlán a chaitheamh chuige.. 1185 499.  (b), (de dheasca), ..ní fhacaidh mé mórán gnóite ar fhear ar bith a tháinic aníos mar mhaithe le cnudh (crodh) mór. 1343 219. 

*maithiúnas, Asbalóid i bhfaoisdin, bhí cead ag na hAithreacha Naofa maitheamhnas a thabhairt don té a bhí a deánamh an phóitín. 1791 83.

*maiththine, Tine mhaith, Gnidheann siad maith-theinidh. 420 234.

*mala, 1. Fána cnoic, Nuair a bhí sé a' teacht aníos faoi'n teach an áit a rabh malaidh righte go maith.. 1185 25.  leig an bheirt iad fhéin 'un reatha síos a' mhalaidh .. 1185 268.  a threabhadh ar éadan malacha abhí ann thuas ar thaobh a chruic.. bhí'n mhalaidh comh mór sin. 310 385.  bith cé'n áit is mó a rabh malaidh chuirthí na rothaí sin síos ann. 1835 325.  2. Chuir sé síos an mhalaidh bhuidhe é -- .. " fhear a chaithfeadh a chuid airgid go h-amaideach- a d'ólfadh é.." 1184 39. 

*mála, Mála an t-slinneáin, an bhuinneáin, na hioscaide, na h-eascóide, (málaí fir déirce), is iomaidh mála a scairtigh orm / .. Mála an t-slinneáin, mála an bhuinneáin, / Mála na h-ioscaide agus mála na h-eascóide .. Gob na Déirce agus an Butterbox. 1170 22. 

*malairt, Trádáil idir seirbhísí, earraí (in áit airgid), Bhí an t-airgead an-ghann.. agus bhí mórán malairteacha ag gabháil: préataí ar shon mónadh.. 1835 266.

*mall, 1, Déanach, bhí daoine a teacht ó'n Aifreann luath agus ag 'ul go dtí'n t-Aifreann mall, agus bhí'n gasúr cineál mall ag an Aifreann mhall. 472 542.  2. Le deireannas, ní fada ó shin, ba ghrách le dorsa beag a bheith síos as an chistineach - Bhí sin íontach mall ann, agus daoine íontach árd a rabh sin acu.. 1791 337.

*mallaíní, *mallaíonnaí, "Molly Maguires", Chuala mise.. go rabh seisean ins na Mallaíní.. 1579 222.  earraí ar bith a rabh a luach leagtha síos ag na Mallaíní, ba dhoiligh le duine ar bith níos mó ná sin a iarraidh.. 1579 222.  ..fán oíche a dteachaidh na Mallaidheannaí go h-Árainn.. 1579 230.  Rinn na Mallaidheannaí a ndícheall le eagla a chur ar gach duine.. 1579 230.

*mallaíonn, Cuireann mallacht ar, Shf:, Mhalluigh Dia an deifre agus tá an diabhal ar fad ar an triall fhada. 1184 62, ba cheart am a ghlacadh agus aistir fada a sheachaint?

*mallaíocht, Deiliús, aisfhreagraí, Ní do chuid mallaidheacht a dhith orm-sa a chor a' bith.. ach caithfidh tú é dheánamh.. 418 59.  bíodh mallaidheacht ar bith fá dtaobh de anois, caith tú an pléiseam a chur air.. 418 63.

*málóid, "Cailín amaideach, a silly female". 1184 141.

*malthach, Ualach, "batch", bhí fiche mallthach poitín le dhul go Leitir Ceanainn. 472 688.  nuair a chuaidh sé héin agus an beáthach agus malthach na mónadh fhad leis a' chreag d'fhoscail a' chreag amach. 1835 19.  Coinneochaidh sin.. teine linne.. malthach na mónadh sin. 1835 19.

*mám, Bearna sna sléibhte, 'Sé monuar mhillidh 's mo chrádh nach bhfeicim do scáile a triall / Anuas le Mallaigh 'n t-Sliabh Bán nó aithghiorra an mhám seo thiar. 472 488. 

*mámán, Dornán, bheireadh na daoiní mhámáin phréataí agus turnaps dúinn.. 1185 205.  Thug sé mámán (airgid) beag d'a mháthair.. 472 468.  thug sé dó mámán airgid.. 472 476.

*mana, Tuairim, brí, D'amharc Fionn Mac Cumhail thart go bhfeicfeadh sé caidé'n manadh a bhí ag a chuid fear ar na freagraí a fuair sé ar na ceisteannaí.. 1538 121.  Nuair a chualaidh an fear a ba sine.. an manadh a bhí an an t-seanduine thuit sé i laige.. 1343 463.

*manc, Jinit, miúil?, nuair a bhí sé a teach abhaile phronn sé dhá mhanc air agus bhí siad leis abhaile.. 310 356.  ghleás sí an "mank" agus an cóisde agus lean sé é. 1538 94.  cheannuí an fear uasal mank agus cóisde beag do n-a nighean héin.. 1343 425.

*mangaire, "Duine a bhíos ag gabhail thart a díol earraidhe.. agus ag ceannacht gamhna i n-amannaí". 1184 141.

*mantach, Déadbhearnach, briotach sa chaint. Geancánach, " duine manntach atá doiligh go maith a thuigbheáil". 1184 131.  mantaire, "Duine a bheadh manntach ag cainnt". 1184 143.

*mantán, Bearna, mant, Leag sé mantán amach as an chlaidhe. 1184 65.

*mantánach, Manntanach. "Duine nach mbéadh an chainnt ró-líobhtha aige. A lisping person." 1184 141. 

*mantaire, "Duine a bheadh manntach ag cainnt". 1184 143.

*maoil, ? Sfh: Oidche Fhéil Brighde bricín / Bain a' mhaoil de'n phaiteoig / Agus tabhair a sháith do'n dailtín. 1184 19. 

*maoilín, "Duine dubhramanta, a dull unsophisticated person". 1184 143.

*maol,(Mar fhocal treisithe), 1. (a), Maol marbh, (gan aithne gan urlabhra), thuit sé thart maol marbh, agus char mhothuigh sé a dhath níos mó go maidin. 1184 235. shín sé siar maol marbh ar 'sa fhraoch. 1185 26.  thosuigh siad a dh'ól as an bhuideal agus ba dh' é an deireadh a bhí air gur thuit a bheirt thart maol marbh. 1170 411.  (b), (marbh ar fad) thuit sé ag bun a'chrainn maol marbh. 472 38.  2. Maol tarrnocht, (gan luid ar bith éadaigh), tháinic sé ar thachrán 'na luighe ag bun binne annsin 'n luighe maol tárnocht agus é mar tháinic sé ar an t-saoghal. 1185 222.  bhí an cailín a ba dóighiúla a chonnaic sé ariamh sínte maol tárnochta ar leac ansin á grianrú héin. 1835 441.  3. As mhaol a chonlán,(amach as a cheann, a intinn féin), As mhaol mo chonnlán,"simply out of my own head". 420 240. 

*maolchnoc, Cnoc beag cruinn, Shiubhail an bheirt leofa suas go dtáinic siad ar áit a rabh maol-chroc beag deas.. 1538 101.  Shuidh siad síos ar thaobh maol-chroc beag glas.. 1538 117.

*maolodhar, (Donn, clúmhach?), Bhí clibistín beag maol odhair imeasc na mbeáthadhach.. 1185 228.  (cf. Dinn. maol-odhar, a hairy caterpillar of brownish colour) Tá clibistín maol odhair amuigh ansin sa stábla.. 1538 134.

*mara : stad, Stad mara ná cónaí, (stad ná staonadh, moill ar bith), chá deárn sé stad mara ná comhnaidhe go dtáinic sé fhad le caisleán an fhathaighe. 1185 573. 

*marbh, 1., Caite, spíonta, sean-leasú agus canthúr  go leór a chur amach rith a' Gheimhridh, ach bhí an talamh chomh marbh amach ag an obair seo agus nach rabh sé ábalta bárr ar bith a thabhairt.. 1074 6.  2. I dtromnéal, bhí Ó Dómhnaill marbh 'na chodladh.. 1185 518 . + :*maol

*marbhán, "Duine nach bhfuil olc ná mairg ann. A spiritless person, a sluggard." 1184 143.

*marbhánach, Corpán, Bhí sgaithteacha bochta faoi'n dream a bhí astoigh nuair a chonnaic siad an marbhánach ag éirghe aniar 'sa leabaidh. 1170 408.  marbhanach  , "dead body". 420 227.

*marbhsholas, Solas lag, Marbh-sholus a bhí ar a' teinidh. 472 704.

*maraíonn, Ag marú an ama, (ag cur amú ama), tá mé ar fastodh ag fear a' toighe annseo, agus ní bhéad sé an-sásta mé a bheith a marbhadh an ama. 1185 531.

*maram, (Go) maram, (go deimhin), Go maram go mbéadh cúig nó sé fhonnsaí thart ar seo, agus dá mbeitheá ag gabháil do shin ó shin chá dtiocfadh leat an acara sin a bhriseadh. 1791 43.  Go maram go rabh sé (leac oighre) cúig hórdlaí déag ar doimhne.. 1791 102.  Dheánthaí ceithre chuid den bhuilbhín, ach bhí na builbhíní go maram, giota níos mó ná na builbhíní atá ag gabháil anois—maram go mbfhéidir go mbéadh siad dhá phunnta ná bfhéidir ceithre phunnta.. 1791 214.  .. ach nach rabh an Béurla aige maram, le é dh- iarraidh ar a'doigh a ba cheart é.. 1791 216. 

*márán, Moill, Ag cur márán air, "delaying him". 420 234.

*marc, Marc a' láin, (an líne barr taoide), lódail sé lasta aca thoir i marc a' láin.. 472 215.  bhí sé ag 'ul suas thaire mharc a' láin casadh bean air ar uachtar na trágha. 472 405. 

*marcach Giota breise ag gobadh aníos? cf. "Corn sprout" fgb,Dinn., Bhí marcach ar an unnsa (tobac) agus bhain sé an marcach de agus thug sé daoithe an t-unnsa. 1184 540.

*marcáil, Scríobh síos, iontráil, dá mbeitheá ábalta sin a mharcáil síos ins a leabhar, bhí sé i gcónaí i bprionta.. 1791 70 .

*marfach, Marú, thoisigh ansin an marbhfach idir na hAlbanaigh agus idir na Gaeil iad héin chionnus gur marbha an péas seo. 1791 145.  go dtabhardad sé aon bharúil daofa an té rinn an marbhfach. 1791 220. go dtabhardad sé aon bharúil daofa an té rinn an marbhfach. 1791 220. 

*margáil, "Margáil" in áit "margadh". 420 237.

*marla, -achán, "Duine beag aittreorach, a weak puny person".

*maróg, Bolg, ceaig, Fear a bhí i gColm a rabh maróg air agus nuair a bhí bhain Sé móran de'n geir as Colm. 472 52.  Tulthartán, "Duine toirteach anasta; fear a mbéadh maróg mhór air agus nach mbéadh coiscéim siubhal aige." 1184 183.

*márta, 1.Márta an Fhomhair, (aimsir chrua ghaofar sa bhFomhar?, ..go mbéadh an t-ainmhí sin ina chuid sean-fhionnaidh go dtí go dtiocfadh an fomhar—go dtiocfadh Márta an fhomair  air. 1835 126.  2. fág galún cruithneachta agus leath-ghalún de leann Márta domh-sa.. 1185 233. (Leann a deineadh i mí na Márta? an leann is fearr??).

*masla, Strus, anró, caithfidh mé a rádh.. gur bean íontach amaideach thú, ag cur a léithéid dhe mhasla ort.. ar shiubhal 'mo dhiaidh-sa agus dá fhaideacht a rachaidh tú.. caithfidh tú pilleadh. 1538 22. 

*maslach, Crua, anróiteach, indiaidh an lá a bheith astoigh go maslach acú bhí tart ortha.. 1170 41.  Ó leabhra bhí obair mhaslach agam.. 1791 369.

*maslaíonn, Tugann strus, anró thar fóir do, Ba cheart do dhaoiní a ghabhail 'a réir a snáithe. "..iad féin a chur thaire n-a n-acmhuinn; gan rud ar bith a dhéanamh a mhaslochadh iad". 1184 33. 

*máthair, Máthair mhór, (máthair athar nó máthar, sean-mháthair), tá mo mháthair mhór bhocht marbh agat. 1184 559.

*méad, Ar mhéad.. agus.., Ar mhéad agus bhí eagla air, "he was so frightened". 420 261.  Ar mhéad teas gréine agus a bhí ann, "on account of the amount of sun heat". 420 244.

*méadail:*miadal, Bolg (ainmhí), Chaith siad ar shiúbhal an mhiadal mór. 472 298.  fuair sean-bhó acu bás; bhí miadal mór aici; ghlan sí'n miadal amach.. 311 425.  Bhí fear siubhail ag gabhail an bealach .. agus dheamhan greim de nach dtug fá dear an méadal.. 1170 480.  caidé a fuair sé astoigh ann ach an mhéadal mhór. Thug sé leis scian, agus scoilt sé í, agus caidé a bhí cruinn cuachta i gcuasán daoithe ach mo Thoimidín agus é comh neamh-mbuaitheartha le rí. 1170 482.  Biadal, Bearrad a' Rí, Bréidín duilleógach, "Cow's three stomachs". 420 239.  Ní rabh miosúr do mhéadail agam! "..caidé rud do sháith bidh ní dighe.. " 1184 28.

*méadaíocht, Chun, i méadaíocht, (i méad, i bhfoirfeacht), nuair a thiocfas an naoidhneán 'un méidigheacht rud beag.. 472 341.  Nuair a d'fhás na cailíní seo aníos i méaduigheacht d'imthigh an fear uasal.. 1538 13.  Nuair a tháinic siad i méaduigheacht dubhairt Mór le n-a beirt deirbshiúracha.. 1538 41. 

*meadar, Árthach ólacháin adhmaid, tháinic a bhaintreabhach anuas le meadar bainne. 310 18.  Mias mine agus meadar leanna.. 1170 20.

*meadhrán, Aoibheall, fíbín, Ag meaghrán  " frisking". 420 214.

*meaits, 1. Socrú cleamhnais, ag ithe agus ag ól agus an "match" ag 'ul 'un tosuigh. 418 93.  2. Gheobhaidh sé a mhatch ins na rásaí! "Duine a bhéadh tugtha do throid—casfar duine ínteacht air a bhéarfas a sháith dó. 1184 46. 

*meaitseáil, Ceangal i gcleamhnas, tá sí le "matcháil" ar a deithid seo a dh'fhear.. 418 92. 

*meall, 1. Colpa, bhuail sé thuas i meall na gcos é lena chlaidhimh bheag fhín é agus ní thiocfadh leis a bhualeadh ní b'aoirde; bhí'n fear cómh h-árd sin. 311 429.  bhuailead sé suas ní b'aoirde nó meall na gcos é.. 311 430.  2. Fuaim ard screadach?, Tiocfaidh trí mheallta de bhúirthe mhire as a' tarbh le hiomlán na gealaighe. 1791 302.

*mealldar, Mealldar mine, (min choirce meilte), Rinn sé mealldar mine agus d'imthigh sé fa an choinne. Dúirt sé nach n-iosfadh sé'n ghreim do bráth do. 311 143.  Chá rabh teach ar bith.. nach rabh córtha mór ann a gcuirtí mealldar na mine coirce isteach ann nuair a bheirtí as a' mhuileann í. 1170 394.  ce gur thoirteach ar mealldar an lá a tháinic sé as an mhuileann is furast á cruinniú indiu. Chan mó nó go bhfuil ádhbhar brachan na h-oidhche seo ann. 1170 395.  Bhí cuid acu a deánamh mealldair bheárfad siad leo na mealldair choirce seo, agus bhí leacacha leathana acu mar bhéadh an tábla seo ann agus mhilfead siad héin a gcuid coirce. 1835 48.

*meallta, b'fhéidir nach b'í atá ann ach tá mise meallta mur b'í. 1184 511.(.. tá mé beagnach deimhnitheach gurb ise atá ann).

*mealltóir, "A deceiver". 1184 143.

*meanach, Uirlis biorach chun poill a shá in leathair chun atsnáthaid a chur tríd, ag iarraidh a bheith a baint amach do bheatha le bárr meanuigh.. 472 331.  (.. mar ghréasaí).

*meangaíl, Cluain, Mo fhocal duit a Sheáin go bhfuil a mheangaoil ins na mrá / Codhlochaidh muid go sáimh dá ndioghbhail. 310 249.

*méar, Níor bhain sé méar dá shróin go.. ( dhearna sé moill ar bith go..), níor bhain muid méar de ar sróin gur shroichidh sin Loch Mhín na Snathaide. 418 263.  Níor bhain sí méar dá sróin gur bhain sí an baile amach.. 418 286.

*méaróg, Cloch bheag, chaith sé méaróg isteach.. 1184 532.  thóg sé méaróg cloiche agus chaith sé isteach sa tor í. 1184 559.  phioc sí suas trí méarógaí.. 1185 292.

*mearbh, Seachrán aigne, meascán mearaí, "Chaill sé a chiall; tháinic siabhrán nó mearbh air." 1184 42.

*mearbhallán, Meascán mearaí, mearbhall, Tháinic mearbhallán ina chloiginn agus thuit sé go talamh. 1538 106.

*measarthacht, Réasún, Slogaire, "Duine a itheann níos mó nó an mheasardhacht. A glutton". 1184 162.  Sfh: Tá measardhacht ar achan seórt agus gan a bheith ag ithe bracháin le graep! 1184 70.

*meascán, Cnapán ime (múnlaithe le chéile), fuair sí loaf aráin agus meascán ime.. 311 594.  fuair siad meascán mór an ime seo.. 1791 311.  ..agus meascán a bheith agam nuair a bhéas an bainne buailte. 1835 206. 

*meatachán, Meaithteachán, "Cladhaire de dhuine atá i gcomhnuidhe a deánamh truaighe dó fhéin". 1184 143.

*meath, 1. Imeacht as, ..ar neamhní, Sfh: Is fearr leath ná meath. 1184 25.  2. Laige, faitíos, tháinic cineál de mheath ins an inntinn air, agus nuair a bhí sise a dlaoidh agus a dlaoidh isteach leis comh comhgarach agus a thiocfadh léithi.. agus smaoitigh sé ag gabháil a bheith ceapaithe ar dhóigh ínteacht aici.. 1791 476. 

*meathanach, "Duine caol-meaithte. A degenerate person, (Teilionn)" 1184 143.

*meathann, Cuireann, téann i léig, i laige, in áit a bheith meath 'sé'n rud abhí Jack a' biseadh.. 311 369.  Mheathfadh barraidheacht tae thú..1184 26.  "Duine meaithte nach mbéadh ann ach na crámha". 1184 117.  "Duine caol ard an-mheaithte; duine mar adeirtear ar beag nach bhfeicfeá an solas fríd." 1184 159. 

*méid,An méid a bhí sé ábalta a dhéanamh, (chomh tapa is bhí sé ábalta rith), thug sé iarraidh ar a' doras agus a méid a bhí sé ábalta a dheánamh go dtí go dteachaidh sé isteach go teach a lóistín.. 1791 326.

*meigeadán, "Duine atá i dtólamh cainnt—agus a bhfuil guth cinn géar aige." 1184 143.

*méile, 1. Dumhach, luigh Séimín Mór astoigh ins na méilte.. 472 291. Sé bhí ann dumhaigh ghainnimh gan cloch gan cárnán

agus méilte geala bána ó chionn go cionn ann. 1835 172.  2. Méile luaithe, (carn luaithe a bhéadh caite as tigh?), tá fhios agat caidé rud méilte—sin méilte luathcha a bhéadh caite amach ansin, 'sé'n creideamh a bhí acu-san .. go rabh na h-anamnacha sin i bhfolach ins na méilte sin na luathcha sin a bhéadh caite amach acu..1835 156. 

*meileann, Brúnn suas mion, bhí leacacha leathana acu mar bhéadh an tábla seo ann agus mhilfead  siad héin a gcuid coirce. 1835 48. 

*meirgeach, Crosta, Phós sé sean-chailleach mhór mheirgeach.. 472 144.

*meith, Meith na huaire, na bliana, (an dea-uain, brothall), Nuair a thigeadh meith  na h-uaire·agus laethe tirme, bhí'n fraoch farrsaing.. 418 229.  chaithead siad bróg ar bith nuair a thigeadh meith na bliadhna.. 418 229.

*mí-aibí, Mall, leadránach, B'eigean dósan pilleadh arais fa choinne an tuagh bheag agus cha rabh sé fhín mí-apaidh.. 311 357.

*mí-amh, Meabhlach, .. agus an coileach scairt a dhéanamh agus an cat mí-ádh. 1185 34.

*mianta, Mínithe, ní rabh aon suaimhneas le fághail aige go dtí go bhfághad sé an bhrionglóideach mianta. 310 47.

*míchaint, Ithiomrá, Bhí cuid mhór mí-chainnte ag gabháil agus ag cur bréag ort.. 1835 340.

*míghreann, Míthaitneamh, míchompord, dar leis go ndeánfad sé míreann  eatorrú agus go gcuirfead sé amach ar a chéile iad. 1185 219.  chaith sé isteach ins an ghráta seo é, a bhí ag an fháthach fá choinne á dtigeadh fáthach ar bith eile isteach le mhí-ghreann a chur air. 418 42.

*mí-ionraice, 1. Mí-iomprach, éagórach, Tá sé mí-ionnraice beirt a bheith ar a'n fhear amháin. 1578 10.  2. Mí-mhacánta, Bí droch-deireadh  ar shaidhbhreas.. a thig go mío-ionnraice. 1184 62.

*míle, 1. Míle murdar, (clampar, achrann rí-rá an-mhór) Thóg sise na míle murdar. 1184 310.  thóg sé na míle murdar go rabh Toimidín caillte. 1170 480.  2. Míle cam,(smidiríní), D'éirigh 'na seasamh agus rug ar an phota, agus bhuail in aghaidhe an bhalla é agus rinn sí míle cam de. 1185 526. 

*millteanach, 1. An-mhór, blaighre millteanach. 1184 558. 2. Iontach, D'imthigh'n rí annsin agus chuir culaith mhillteanach air, a' chulaith a b'fheárr abhí ann.. 311 286.  Thainic a' rí isteach agus shíl sé gur teach millteanach abhí ann.. 311 288.  bhí sé a sílstean rud millteanach dó ná is cosúil go rabh cuid carrannaí Dhoire deánta ní bfheárr.. 1184 325. 

*milsíneacht, Mílseacht, rud milis, cha mblaisead sé bainne ná uibh ná feoil ná milsíneacht de chineál ar bith. B'fhéidir ceart go leor dá mbéadh giota beag de iasc úr le fáil, bfhéidir go n-íosfad siad sin. 1835 366. 

*min, Min is luaith, (smionagar), ach go bé leisc orm dheánfainn min 's luaith díot.. 1185 568. 

*mín, An mhín is réitigh.. (deireadh an scéal, chúrsa), thugh sé iarraidh isteach go dtí nighean mhéire an bhaile mhóir agus sé 'n mhín is réidhtigh'a bhí ann, chuir sise marc ar chlár éadan. 472 340.  .. ach sé'n mhín is réidhtighe a bhí an gur chuir Mac Cailleóige scéala aniar innseortha—innseoir Réamonn.. 472 349. 

*minic, (cc. miniceacha), nach mó an t-uathbhás nach dtig tú níos miniceacha ná thig tú! 1184 502.  go leor a bheir ainm a' diabhail i bhfad níos miniceacha ná bheir siad ainm Dé ar scar a' bith. 1791 466. 

*miocsálann, 1. Meascann, Bhí siad ag cur isteach portaigh ins an charn-aoiligh, mixáilte le luaith fa choinne préataí. 311 20.  thug sé leis práibín de chac bó agus de lóib ghorm agus "mhixáil" sé suas an dá chuid.. 418 224.  Chaithfeá sulphur a mhixáil fríd. 1791 141.  a mixáil an chonctrete  .. 1791 377.  vixeálthaí suas an turnip agus an t-inniún.. 1835 70. vixálfí suas 'ach fuile cheann acu sin.. 1835 428.  2. Miocsáilte isteach ann, (páirteach ann), bhí níos mó ná Mac Uí Dhonaill mixáilte isteach in a' phlan seo.. 1791 184. 

*miodóg, Scian ghéir biorach, miodóg a tharraingt agus a sháthadh.. 472 312

*míodún, Móinéar, Tabhair síos 'na mhíodúin mé.. 1184 480.  Thug sé síos 'na mhíodúin é agus chuaidh sé a mharcaidheacht air.. 1184 480.  Tá míodún thíos faoi'n caisleán annseo agus tá féar fada ann. 1185 102.  bhí a chuid bárr agus féir míodúin 'sa dol amugha achan bhliadhain ag coiníní. 1170 47. "rinneadh lomadh mór ar an mhíodún le speil". 1184 19. 

*míofar, Gránna, bhí sé ar a'n fhear amháin a ba shuaraigh agus a ba mhíofaire a dtiocfadh leat do shúil a leagan air. 1538 14.

*míoltóg, Bia míoltóg, (mion-phíosaí), is beag a bhéarfadh orm do tharraint fríd mo chuid fiacla gus biadh mialtóg a dheánamh díot! 1538 135.

*mionchneamhaireacht, Toirmeasc, cleasaíocht, "Duine diabhalta atá tugtha do mhion-chreamhaireacht; páisde umlatach nach bhfuil maith bruithleadh nó bagar a chur air." 1184 119.  "Sladaidhe, "Duine a níos rudaí as bealach; duine a bhfuil mion-chreamhaireacht agus diabhlaidheacht ag cur as dó." 1184 167. 

*mionnaíonn, 1. Dearfaíonn (gur fíor rud), fuair sí bás bliain ó shoin.. agus mhionnachainn.. gurb í sin í. 311 416.  Bheir sé ar a' leabhar agus mhionnaigh sé.. 1791 183.  2. Mionnaíonn leis, (dearfaíonn gur maith é) Chá dtig liom-sa mionnú leis an léigheas seo.. 1185 398.  3. Mionnaíonn air, sceitheann air, dearbhaíonn air (os comhair an dlí), bhí sé a gcur do annsin 's mharbh tú é 's mionnocha mé ort. 311 598.  Mionnocha mó orraibh gur mharbh sibh Paddy Master.. 311 596.  4. Mionnaíste, (faoi mhionn), Bhéadh dhá shaighdiúir dearg ar dheireadh an chóiste.. Bhí siad mionnuighiste gan stopú le teineadh nó uisce. 311 29. (..ar choiníoll ar bith).

*míorúiltí, Míorúilt, d'oibir an sagart miorbhailtí air. 1578 34.

*miosálann, Cuireann (urchar) ar iomrall, char mhissáil m'urchar ariamh.. 311 467.  Thoisigh siad ag iarraidh.. ceairtlín rópa a chathú amach.. agus bhí siad a' missáil achan heat a gcaithead siad a' rópa. 311 468.

*miosúr, 1. Árthach tomhais, Bhí miosúr leath-ghallún an.. chuir sé na járthaí isteach faoi agus a' miosúr. 1791 73.  bhéarfad sé leis cúpla miosúr de'n mhin choirce se a bhí meilte.. 1835 49.  2. As miosúr, (Treisiú: an-chuid ar fad), Sgannraigh sé agus chuaigh sé fríd a chéile as miosúr. 1578 42.  3. Amach as mhiosúr, "wonderful". 420 238. 

*míotálann, Casann ar a chéile, bhí sé a teacht comhgarach do'n lá aca le meetáil.. 310 354.  d'iarr sé orthú bliain ó 'niu iad a mheetáil anseo arais go meetáilfeadh seisean iad.. 311 423.  ..ins an áit chéadna .. ar mheetáil sé an cailín. 418 235.  bith áit ar mheetáil sé an péasman.. 1791 345.

*mír, Achar, tréimhse, Rachad daoine ann 'choinne an Gheimhridh, agus fá choinne na mírannaí fuara seo.. 1791 53.

*mírathúil, Mí-ádhúil, Bhí siad a deánamh go rabh sé mí-rathúil é titim ar an Aoine, Lá Beáltaine, ná deir siad go bhfuil seacht gcolargán ins a'spéir Dé h-Aoine má thiteann sé ar Lá Beáltaine.. 1835 141.

*mire, 1. Fiáine, buile, alltacht, tharraing sé an dara buille agus char mhire é go dtí sin. 472 557.  a mhéad mire is a bhí air bhí sé ag gabháil agus an fear eile a troid leis... 1791 178.  Ca bith caidé 'n mhire a bhuaile é le iomlán na gealaighe.. 1791 304.  2.Teach na mire, (teach na ngealt), cuireadh eisean amach an áit a rabh teach na mire amuigh i Leitirceanainn. 1791 152. 

*mire, Fiáin, allta, muc de na rudaí fiadhaine a bhíodh fá'n choillidh sin nú tarbh mire.. 1184 267.

*mí-shona, A thugann mí-ádh, mí-ámharach, bhí siad de'n bharamhail gur dhuine mí-shona í le castáil ar dhuine ar bith. 1185 381.  é a smaoitiú in' inntinn fhéin gur mhí-shona an bhean a casadh air ar maidin. 1185 381. 

*mistéic, Botún, an bhean a chunntas a' t-airgead sin nach dteárn sé ariamh a'n mhistake. 472 368.

*míshona, Mí-ádhúil, .. go rabh sé mí-shona ag duine a ghabháil a athrú ó theach go teach in am an Chorgais.. 1835 357.

*míthapa, Ag baint míthapa as, (á ghríosadh chun feirge, chun ghnímh obann), Ciapálaidhe.. "duine a bhéadh a baint a mhí-thapaidh as duine ínteacht." 1184 113.

*mó:*mór

*modh, Módh agus urram,.. meas, (ómós, urraim), tugadh modh fir uasail dó.. 1184 387.  fhanann tú anseo.. bhéarfaidh mise modh agus urram  duit. 1538 16.  Nár chóir.. go bhfanochadh bean agaibh anseo agam-sa.. agus bhéarfainn módh agus urram daoibh. 1538 42.  Duine beag sgaithte a bhí inntí ach má seadh fhéin bhí módh agus meas oirthí.. 418 255. 

*modhúil, Urraimeach, béasach, mur mbeitheá modhamhail agus fios do ghroithe agat gheobhtha an bata. 1185 156.

*moill, Tá moill éistidhe uirthi, "she is hard of hearing". 420 267.

*molann, Molann leis, (tagann, aontaíonn leis), Dá n-abruightea leis go rabh an abhainn siar mholfad sé leat. "Teanga liom leat a bhí ann, fear gan focal". 1184 35.

*moll, 1. Scata (le chéile), chruinnigh mé na caoirigh 'na moll .. 1184 413.  ba ghráthach leobhtha moll de na luibheannaí seo a bhruith fríd a chéile.. 1185 407.  indiaidh moll mór eallaigh a cheannacht.. 1791 359.  nuair a ba cheart dó bárr a theacht air chá dtigeadh a dhath ach moll lustáin  agus súilín buidhe. 1074 6.  2. Carn, nuair a bhí moll mór (bruscair) déanta aige.. 1184 558.  Rinn sé dhá mholl airgid. 472 275.  bhí molltaí feamnaigh 'na luí thart fá dhrills na bpréataí.. 1791 79.  bhí moll cloch astoigh acu ann nuair a tháinic na síothmhaoir seo.. agus thoisigh siad ar na péas leis na clocha.. 1791 287. 

*molthach, Ualach, b'éigean do a ghabháil agus molthach na mónadh seo a fhágáil astoigh thíos ins an creagacha.. 1791

113.

*monóg : *mudhóg, Braon, ..agus mudhogaí alluis a tuitim leis.1170 441.

*mór, 1. Gar, fuair sé teachtaireacht ó Fionn ag iarraidh cionn dona nigheanacha. Ba mhaith le Cormac mór a dheánú leis agus dúirt sé go dtórfadh.. 311 323.  2 Déanann a mhór dó,(bíonn fial fáilteach leis, déanann adhnua dó), nuair a rachas muid 'inne ansin.. dhéanfar a mhór dúinn. 1538 67.  Thug sí isteach iad agus rinn sí a mhór daofa. Rinn sí réidh dinneár daofa.. 1538 66.  Thug sí isteach iad agus rinn sí a mhór daofa. Thug sí a suipeár daofa.. 1343 485. 

*mór, 1. An-luath,( cf. *beag *déanach), Ard tráthnóna mór nuair a bhí a ghroithe deánta.. 1185 497.  2.Char mhór le..( maith le..), níl annsin ach deannach agus char mhór liom é bheith lán fíonóg. 1170 396.  3. Chan,ní mó nó go bhfuil.. (is ar éigin atá..), Chan mó nó go bhfuil ádhbhar brachan na h-oidhche seo ann. 1170 395.  bhí an anáil ann agus ní mó ná go rabh. 1791 458.

*mórán, Mórán de, (beagnach, geall le), bocsa.. a coinneochadh mórán de thonna turnapaí.. 1184 505. é mórán de leath-mhíle talaimh amach rompú. 1185 194. 

*mórtas, "Heavy sea". 420 267.  Tháinic mórtas fairrge air agus cuireadh 'na fairrge é agus ní rabh sé ábalta tárrthail ar bith a thabhairt air héin.. 1343 451.  Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172. 

*mothaíonn, *moith-, (a.b. mothachtáil, moitheáilt), 1. Bolaíonn, mhothuigh mé an boladh 'sa t-seamra. 1184 416.  Nuair a bhéadh an tae dá dheánú mhoitheocha a bholadh teach isteach ar a' doras duit.. 311 11.  2. Cloiseann, mhothuigh mé an caoineadh agus na gáiridhe astoigh.. 1184 255.  mhoithigh sé'n páisde ag caoineadh agus bí'n mháthair ag cealgú an leinbh. 311 419.  bhí siad ábalta an ceol seo a mhoitheailt  1791 92.  tú súireáilte leis na tóirneachaí a mhoitheáilt rith na hAoine.. 1791 92.  3. Cloiseann iomrá faoi, ..go dtí gur mhothuigh siad Carey scaoilte ar bhórd luinge ag 'ul amach go dtí'n t-Africa. 472 428.  gabh fhad leis an fhear is sine a mhoitheochas tú thart in a chonndae..310 351.  4. Braitheann (le céadfa néarógach craicinn), Bhí sé ladhar ar chois amháin de chuid mhac Fhéidhlimidh Cham,agus ba iad na ladhara a chuaidh sé a mhothachtail . 1538 73.  .. a bheith ábalta uibh na circe a thabhairt amach as faoi an phréachán agus gan an préachán tú a mhothachtáil. 1536 82. 

*mothuchán, Mothachán , "sruth uisce as súile eallaigh -aicíd mar bhéadh slaghadán ins an súile." 1184 96.

*mugadán, "Glas-stócach a gníos aithris ar na fir, "a pretentious boy". 1184 143.

*muirleog, "Duine beag feólmhar, go h-áirid cailín beag daingean". 1184 143.

*murdar, Dúnmharú, dubhairt sé leis na daoine go dteárnadh murdar ins a' teach seo. 472 306.

*murdaróir, Duine a ní murdar, dúnmharú, deir siad 'e thairbhe am mhurdaróir, nach bhfuil na súile druite in am ar bith ag an mhurdaróir.. 1791 234.

*múr, Na céadta agus na múrthaí, (an-chuid airgid ar fad), Fuair sé na céadta agus na múrthaí ó'n fhear shaidhbhir sin.. 472 509.

*múrnán, Cuid íochtarach den chois?, thúsaigh sí (bróg) a ghoilleadh ar an mhúrnán annsin agam agus níor mhothuigh mé go rabh 'n múrnán geárrtha. Lá amháin rinn mé amach go gcuirfinn giota ar a' t-sáil aicí agus go gcóireochainn í agus go gcuirfinn cruth oirthí. 472 17. (is ar éigin gur "ankle" atái gceist anseo).

*murú, An murú, "gleás marbhtha bradán.. ar dhéanamh forc ach gur trí beangláin atá ann.. Tá ruadhbhic ar na beangláin cosamhail le dubhán." 1184 94.

*muc, Muc rua, (sórt císte, toirtín), Muc ruadh, "saghas tuirtín". 420 223.  "Arán coirce domhain go maith rósta ar an ghríosaigh." 1184 96.

*muchas, (?), dhiol sé í le fear ar thrí phunnta—bhí sí a muchas. 1185 514. ( gan mhaith a bhí innti).

*muiceoil, Feoil mhuice, arán agus muicfheóil ar scilling. 1184 377. 

*muilscin, (<Moleskin), ná saoilfeá go ndeánfadh culaith mhaith mhuilscin thú comh maith linne (iascairí). 472 417.

*muin, ..ar mhuin.. (an chuid.. ar fad), ní rabh ann ach cultaigheacha ar mhuin chultaigheacha.. 311 386.

*muinchilleach, A bhfuil muinchillí leis, go rabh bheiste mhór muinchilleach ar achan nduine. 1185 197. 

*muinín, I muinín, (ag brath ar), "Ní rabh sé i muinghin £100. " He had more than £100." 420 211.

*muintir, An Mhuintir Bheaga, (na Daoine Maithe), Bhí an mhuinntir bheaga astoigh aige 'san oidhche agus ..líonfad siad an teach lán dartán air.. 1185 363. 

*muinteartha, Gaolmhar, d'fhág sin da daoiní uilig muinteardha d'á chéile. 1185 204.

*muiríneach,Cineál féar garbh chun díon a dhéanamh, Ammophilaarenaria, chuirfead siad héin an oiread seo muiríní  ná an oiread seo rópaí, ná an oiread seo daoine a chuirfead bail ar a gcuid toighthe.. 1791 58.  rinn sé tinidh agus ceann tuighe uilig ná muiríneach uilig a bhí ar na toighthe an t-am sin.. d'imith an teach ar thinidh.. 1791 332.  char fágadh muiríneach na creataí ná dhath ar bith eile ar a' teach sin nár bhruith sé.. 1791 334.  chrochthaí amuigh an t-éadach sin ar phionna de chuid an toighe faoi'n mhuiríneach.. 1835 409.

*muirleog, Cloch mhór chruinn, gur chuma goidé 'n chloch a bhéarfá dó, duirleóg no muirleóg go gcuirfead sé isteach ins a' bhalla í. 472 706.  bhí siad ag 'ul treasna ar thráigh agus casadh muirleóg cloiche ar a' Ghobán agus thóg sé'n mhuirleóg agus d'iompair sé leis ina lámh í.. 472 707.

*muirneach, Ceanúil, cáiréiseach, bhí siad comh cúramach muirneach fá'n ghamhain agus go rabh sé ceangailte thíos i gcionn na cisteanaigh acú. 1185 472.  an é sin an cineál beo atá ort.. indiaidh mise do thógáil go cúramach muirneach.. ? 1343 253.  A charaid mhuirneach.. 420 246. 

*múisiam, Míshástacht, Chuir sé an-mhoisiam ar na tighearnaí Fear na Beilte Deirge a fheiceáil a leagan a gcloinne.. 418 18.

*mullach, 1. Anuas sa mhullach air, (ag tromaíocht air), Ní tháinic leis a bhéal a fhoscal nach rabh sise anuas 'sa mhullach air agus ag éagaoin air. 1184 515.  2. An gráinín mullaigh, (gráinín den scoth), seo anois gráinín de mhin.. sé an gráinín mullaigh é.. 310 331.  3. Mullach na gcos, (ard na gcos, instep), sé'n dóigh a rabh an máirtín deánta chá rabh a dhath síos ann ach liopa a bhí síos i mullach na gcos. Ní rabh dhath ar bith ar bhonnaí na gcos a chor a' bith.. 1835 356.

*mullachán, "Gasúr a bhfuil méid mhór ann den' aois". 1184 143.

*mullóg, Cnapán, alp (ar bharr bata), ní rabh a dhath ar a' bhata seo ach cránraí uilig go léir agus bhí mullóg air mar bheadh crapán ar dhuine agus bhí sé deánta in a' dóigh agus go mbeirfeadh an lámh ar an mhullóg seo. 1791 245. 

*mumáil Dul thart faoi bhréagriocht ag déanamh siamsa ag féiltí áirithe, ba ghráthach linn a ghabhail amach seachtmhain ná cocthaoighis roimh an Nodlaig a mhumáil ag iarraidh rud beag airgid a dheánamh. 1185 205.