An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

  I

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

foinse. 

*i, 1. Níl ann ach é go bhfuil.. (is ar éigin atá..), "..duine liobasta a bhfuil mórán d'fheóil bhog air agus é comh h-anasta agus nach bhfuil ann ach é go bhfuil sé ábalta siubhal." 1184 133.  Chuaidh mé amach ansin go curr a toighe agus ní rabh ann ach go rabh mé ábalta seasamh ar mo chosa ag curr a toighe bhí an stoirm comh mór.. 1835 195. 2. Tagann ann, (tagann ar an saol), .. nach rabh stiúradh uirthi ó tháinig ann daoithe. 1578 20.  3. "Tá tú ann", nó "An bhfuil tú ann?", (said when meeting a person). 420 235. 

*iall, 1. Sreang fhada leathair, gheárr sé iall ó bhárr a rubaill go bárr a shróin agus chuach suas go deas é.. 311 378.  2. Shiubhalfaidh sé leat (ainmhí) mar bhéadh iall ina cluais.. ..go socair suaimhneach." 1184 75. 

*iargúlta, Míshíbhialta, an duine a b'fhiadhanta  agus a b'iargcúlta i gcosumhlacht dá bhfaca sé ariamh. 1185 594. 

*iaróg, Droch-iarsma, trioblóid, Rinn tú do chomhairle fhéin agus anois íoc olc agus iaróg. 1185 422.  (a chonách sin ort nuair nár ghlac tú mo chomhairle-se!). mur bhfághaidh tú a thuairise aige-san t'eagla orm go bhfuil iaróg romhat. 1538 134,  á ndeánfad sí mar d'iarrfad seisean.. nach bhfuighead siad lá iaróige uadh níos mó. 418 256. 

*iarraidh, (ai. iarratacha) 1. Sciúrd, geábh, bheiread sé iarraidh anall ar a' deán a thabhairt leis a chuid eórna.. 472 303.  thug sé iarraidh isteach go dtí nighean mhéire an bhaile mhóir.. 472 340.  smaoitigh sé go dtabharfadh sé iarraidh ar Éirinn arais. 472 364.  bhí siad a tabhairt iarraidh ar áit a dtabharann siad Inis Oirthear air. thug sé iarraidh ar a' doras.. 1791 326.  2. Áladh, scrabha, amas, thug a t-athair iarraidh air, agus bhí leis agus d'imthigh. 472 497.  Léim sé n-a sheasamh, thug sé iarraidh ar a léinidh.. 472 562.  Thug sé iarraidh ar an chórtha go gcuireadh sé crág de'n mhin ar an phota. 1170 400.  Thóg sé cloch a tabhairt iarraidh uirthí ná bhí inntinn an-domhain aige agus ba doiligh é chur arais.. 1791 95.  3. Iarratas, guí, Fuair tú do iarraidh, "you got what you wanted". 420 228.  4. Babhta, ócáid, Chuala mé an tsean-mhuinntir a rá go rabh iarraidh eile fadó shin ar sceith stiall mhór amach as taobh an Earagail.. 1791 307.  Nuair a bhí sin ráite ag an diabhal seacht nó ocht a iarratacha.. 1791 458. 

*iarraíste, Iarrtha, nuar a bhéadh an bhean iarraíste acu rachad siad fhad sies an tsaghart.. 1835 338. 

*iascaireacht, Iascaireacht mhór, (an-chuid éisc gafa), Bhíodh na bric breágh farrsaing.. agus bhíodh iasgaireacht mhór abhaile linn tráthnóna. 418 262. 

*idir, eadar, Eadar thithe, (ó thigh go thigh), ..ag tagairt dó na cleamairí a thig eadar thoighthe a cheannacht eallaigh ar luach bheag agus nuair a bhéarfad siad 'un aonaigh iad , iad a fágháil an-luach ortha.." 1184 16. 

*ifreann, Go hIfreann.. (a). focal dearbhaithe ar ráiteas) .. go bhfúigfinn go h-Ifrionn an áit seo amach ar fad ná nach rabh mé greamaoiste ann. 1185 129.  (b), mar eascaine, diúltú tarcaisneach:), "nar chóir duit bonnóg aráin a dhéanamh dúinn." "Gabhaigidh go h-Ifreann!" arsa sise. 472 150. 

*im, Néaladóir, "Duine sligheánta  nach gcuirfeá fá n-a chosa go léighfeadh an t-im ina bhéal!" 1184 145.  ,nach ndéanfadh sé dada as an tslí.

*imeacht, Imtheacht an t-srotha 'na mhuilinn leat! "Imtheacht gan philleadh". 1184 35. 

*imeartas, Cur isteach (ó na síóga), .. ar eagla go ndeánfaí imeartas ar bith ar an bhean a bheádh ag eileamh ná ar an chloinn a bhí a' teacht. 1185 345.  Chaith duine ínteacht eile a ghabhail leis i gcomhnuidhe ar eágla go ndeánthai imeartas air.. 1185 345.

*imíonn, 1. Imíonn ar, (tagann ar), D'imtheochadh droch-bhail ar rud ar bith a n-abrochad siad gur bhréagh ná gur maith é gan iad beannughadh a chur air. 1185 379.  2. Imíonn le, (déanann seal suirí le), an seórt bean a bhí aigesean, bhí seoltóirí agus 'ach fuile chineál - tá mise a deánamh go n-imeochad sí le seoltóirí agus go n-imeochad sí le 'ach fuile chineal.. 1791 486. 

*imrí, Imreoir, bhí sé 'na imrí mhór chárdaí.. 1791 462. 

*imríonn, Cuireann suas mar gheall i gcluiche, bhéadh am mór acú(lucht cártaí) ag imirt éanlaithe agus braonacha uisce beatha.. 1185 185. bhí a chuid airgid raithte aige agus smaoitigh sé go n-imreochad sé an beáthadhach agus cárr. 472 448. 

*ingilt, 1. Inníor, féarach, Bhí ingilt mhaith aige i gcois na farraige agus bhíodh craiceann ar a chuid eallaigh. 1579 206.  2. (Mar a. bhr.) ..fa choinne cuid caoirigh an mhaighistir a bheith ag ingheilt air. 311 273.  bhí an bhó ag ingilt thart fán teach.. 1170 170.  ba ghrách le n-a chuid eallaigh a bheith i gcónnuí ag ingilt ins a' pháirc.. 1538 32. 

*inmhe, *innibh, 1., Inniúlacht, cumas, "Buachaill óg a chuireas é fhéin amach mar fhear, agus gan innibh ann an smug a bhaint de fhéin". 1184 169.  2. In inmhibh, ((a), ábalta, inniúil (ar), bhí sé i n-innibh an abhainn a ghlanadh le léim. 1185 453.  bhí fhios aige go h-an-mhaith nach mbéad sé i n-innibh seo a dheánamh. 1185 652.  rabh siad i n-innibh aon cheann (iasc) amháin a fhághail. 472 49.  nach rabh i n-innibh céad punnta a chuntas, agus go rabh 'n gasúr sin i n-innibh a mbuaileadh.. 310 368.  (b), oiriúnach), go rabh sé a dhith go cruaidh oirthí.. for nach rabh'n coirce s'aca fhéin i n-innibh a chur 'na mhuilinn.. 310 330. 

*inneáir, Inneoin, léim an cailín óg anuas ó'n inneáir. 472 374.  suighim ar an inneair agus cumluighim mo thóin do'n inneair agus chaith mé an inneáir go dtí'n "stump".. 310 375. 

*inneal, Staid, ordú, mar dúirt mé cheana féin leat, tá seacht n-innill ins a' spéir Oíche Lá Beáltaine.. 1835 149. 

*innealta, Néata, Gruagach, "fear nó buachaill a mbéadh gruag fhada air, agus nach m'beadh ró-innealta ar dhóigh ar bith." 1184 135. 

*innealtas, Ord, néatacht,Duine salach nach bhfuil innealtas ar bith a baint leis fhéin nó le rud ar bith dá ndeán sé.. 1184 173. 

*inseair, 1. Inseort, (chugat), ..nuair nach dtáinic linn a mhin chruaidhghil seo a thabhairt innseort go dtí anois.. 2. Inseair, (a), Chuig, nuair a tháinic mé innseair phíosa bheag de lán mara a bhí ann, bhí cailleach annsin.. 1184 419.  Thug muid na preátaí seo 'soir Albanach.. 1185 207.  go mbéidh daoiní a' teacht isteach innseair an fhaire.. 1185 264.  chuaidh sé annsin ionnsair Dhonnachadh 'n t-Suip. 472 562.  (b), D'ionsaí air, chuige, Chaith Ó Baoghaill gréasán innseair agus rinn sé culaith éadaigh. 310 17.  chuala sé iomrádh ar Laoi na mBuaidheann agus a' seanduine abhí ábalta a ráit agus thainic sé ionnsair go ndeirfead sé dó í.. 311 74.  an hata a bhí ann a thabhairt innseair. 418 47.  3. Inseorainn, (chugainn), is anall a tháinic mise fá dhéin tusa agus do mháthair a ghabhaill anonn a chuartaidheach innseorainn ar feadh tamaill. 1343 254.  4. Inseairthí, (chuichi), .. go dtáinic bean isteach innsearthí lá amhain, agus d'fhiafruigh sé daoithe.. 310 17.  5. Insearthu, (chucu), .. ach sé'n mhín is réidhtighe a bhí an gur chuir Mac Cailleóige scéala aniar innseortha - innseoir Réamonn.. 472 349. Thigeadh siad ionns'orthu le é dheánú, nuair a bheádh daoine ag gul 'un dlighe nó rud ar bith. 311 83.  ionsar fgb

*inseán, Talamh réidh cois abhann, inse, fgb, Fil: Astoigh ar na h-innseain tán roilig 'na luighe.. 472 347. 

*inteacht, Rud éigin ínteacht, (rud éigin aisteach), .. beáthach ar bith a thiocfadh ar a' tsaol Dé hAoine - Lá Beáltaine - nach rabh sé sona.. an tachrán.. go rabh rud éigin ínteacht fá dtaobh de.. 1835 141.  rachadh an toit in áirde díreach.. bhí siad a deánamh go rabh lán na láimhe leo, ach dá gcorfadh an toit ar aon dóigh bhí siad a deánamh go rabh rud éigin ínteacht ag gabháil a theacht ina mbealach nach mbéadh maith.. 1835 151. 

*intinn, Tógann intinn do, (cuireann dúil i), bhí sé ag ithe an ghé sin, thóg sé inntinn dó'n ghé eile.. 310 333. 

*intreabh, Easpa (olna), Tá do chulaith chóir a bheith deánta anois.. ach tá inntreamh a'n phunnta amháin olna orthú.. 1185 479. 

*iocshláinte, Ábhar leighis, .. agus cuid de'n íocshláinte atá thoir annsin a fhagháil.. 1184 460.  'Sí an íocshláinte atáthar a chumailt orthu atá á ndeánamh beo.. 1184 464.  Bhí buideál na h-íocshláinte crochta uirthí.. 1184 467.  chuimil sé braon de íocshláinte seo ar an bhall a bhí frithir aicí agus léigheas sé í i n-áit na mbonn. 1538 5. 

*iodam, Socrú, aontú, lean sise Céudfach agus rinn siad iodom annsin eatorru fhéin .. go bhfuigheadh Ball Dearg Ó Dómhnaill an cheud bhuille.. ("arrangement") 311 216.  Bhfuil cuimhne agat.. a t-iodom a rinn muidinne in Éirinn.. go rabh a'cheud bhuille i gcath agam.. 311 229. 

*iolar, Bhí sé (duine mórfhuastrach) mar bhéadh iolar a mbéadh a thóin fuaighte go bhfuair sé an mhóin bainte. 1184 36.

*iolra, Sliocht,a n-iolraibh sin thíos annsin go fóill fá na Rosa.472 286.  Tá cuid d'a iolraibh go fóill thoir i gCill Ulta.. 1170 425. 

*iomadaíonn, Leathnaíonn, cuireann le, tá tú cómh críonna leis an fhear nár iomaduigh a'n scéal ariamh agus nár innis aon bhrionglóideach. 311 139.

*iomadta, An iomadta, (an-chuid), bhí siad a fághail an iomata sceadán.472 286.  Tá an iomataigh le deánú léihi. 420 264. 

*iomaí, Nach iomaí, (nach iomaí duine), ..nach iomaidh do do leithéid a rachadh anonn agus a thógfadh an sciorta do'n bhean sin. 1791 387. 

*iomaire, Ceapach fhada idir dhá chlais le haghaidh barraí, Ba ghrách leofa iomaireacha a dheánamh agus bfhéidir go mbéadh an t-iomaire sin cuple slat ar leithead , agus bhí clasannacha ansin a bhí suas le troigh ar doimhne ná troigh go leith. 1791 56. 

*iomarcach, Dána, deiliúsach, Oh a rascal nach iomarcah thú bheith teacht annseo indéidh mo thriúr mhac a mharbhú.. 311 385. 

*iomghaothach, Sitheadh gaoithe guairneánach, Bfhéidir go dtiocfadh an iomghaoitheach seo agus a' lá a ba chiúine beo a bhí ann.. 1791 339. 

*iomlán, Iomlán gealaí, (gealach lán), Bhí fhios acu go mbíodh iomlán gealaighe ann le hiomlán robhartha agus go mbíod lom trá ann ar uair an mheán lae.. 1791 125.  Tiocfaidh trí mheallta de bhúirthe mhire as a'tarbh le hiomlán na gealaighe. 1791 302. 

*iomlatach, Tugtha do chleasaíocht, toirmeasc, bhí giorrsach ann.. agus bhí sí íontach go deo iomlatach amuigh fríd t-aos óg. 472 87.

*iompaíonn:tiompaíonn, Ag tiompú, "turning". 420 236.  D'fheudfadh go tiompochadh sé. 420 248. 

*iompraíonn, 1.Iompraíonn amach, ar aghaidh, (comhlíonann), ní thug mise a'n órdú ariamh.. nach gcaithfí a bheith iomparaí' amach.. caithfidh tusa an nidh seo atá mé a innse duit.. a iompar ar aghaidh fosta. 1791 389.  agaibh héin atá na gnaithe seo le h-iompar amach. 1791 390.  tá tusa ag gabháil a iompar ar aghaidhe oibreacha an diabhail béidh tú caillte. 1791 420.  Bhí siad a deánamh nach rabh an nós iomparaí ar aghaidh sa dóigh cheart mur mbéadh an duine i gcúl a toighe.. 1835 189.  2. Iompraíonn ar aghaidh.. leanann ar aghaidh..Chuirthí síos an chéad léar de sin ar thóin an chroc agus .. chuirthí cumhdach de shalann gharbh ar sin. Chuirthí isteach an darna léar ansin agus chuirthí salann araist air ar an dóigh chéanna agus bhéad siad á iompar sin ar aghaidh go dtí go dtiocfad an corc comhthrom lena bhéal.. 1835 345.  3. Bhí an t-airgead gann go maith ins an am sin agus thiocfadh linn sé pighne a iompar deich mí. 1185 76.(sheasódh na sé pingne sé mhí dúinn?) 3.Ag iompar ar aghaidh: aghaidh.

*iompraíste, Iompartha, Chaitheadh an cheilp sin uilig go léir a bhéith iomparaoiste amach ar do dhroim.. 1835 437. 

*iomrá, 1. Tuairisc, radharc, .. gan iomrádh ar bith ar an ghearrfhiadh. 1184 532. gan radharc ar bith den ghiorria le feiceáil. sé an h-aon ndéag anois agus níl iomrádh ar bith air a theacht go fóill. 1185 266.  2. Cuimhneamh, lua, D'fhiafruigh sé de.. an rabh iomrádh ar bith aige a ghabhail le ceird.. 1184 554. D'fhiafruigh sé daoithe a rabh iomrádh ar bith aicí greim dinneára a dheánamh réidh do. 1170 479.  3.Cáil, Bhí droch-iomrádh amach ag an áit.. 1185 124.  4. Ní chluinfeadh sé iomrá air.. ( rabh sé toilteanach cor ar bith..), Ní chluinfeadh sí iomrádh ar a dhath a thóirt dófa a chóir a' bith.. 311 563. 

*iomraíonn, Rámhaíonn, Chuir siad an currach ar an uisce agus d'imir leó anonn ag bun na n-állt agus .. 472 393  d'imir siad leóbhtha thart a chois cloiche gur ghlan siad Cruc Fola. 472 461.  chuaidh sé héin ar an chéaslaigh, agus d'imir sé go díon dithcheallach do dtí go dtáinic sé go tír mór.. 1538 73.  bhí adhmad íontach trom ionntu. Bhí siad íontach doiligh iomradh.. 1791 146. 

*iomramh, Rámhaíocht, bádaí an-bheaga a bhí annseo agus ní rabh seóltaí nó dhath ann ach iomradh. 472 413. 

*ionchurtha, Cosúil, Bhí mé ion-churtha leis an chat, nua a bhéad sí a' bualadh a rubaill ort a feitheamh le braon bainne. 1185 54. 

*ionglaid? Ean-?, cf. eanglach fgb, Tá blathannaí ann agus tá siad mí-shona.. Sin an dealgnach.. bhuaileann tusa ceann eallaigh leis an dealgnach go rachaidh sí a mhún fola, agus má bhuaileann tú tachrán leis go dtiocfaidh ionglaid amach ar a chraiceann..1835 159.  .. tiocfaidh sin (ionglaid) amach mar bhéadh bruth ann - Tiocfaidh sé amach ina scraith .. mhothaigh tú iomrá ariamh ar an scraith dhearg.. 1835 161. 

*ionraice, Dílis, ionraic, cé gur dóigheamhail í.. b'fhéidir nach bhfuil sí ionnraice go leór ná bhéinn-se.. ábalta á mealladh. 1538 124.  ba mhaith liom.. a bheith astoigh fríbh.. níl a'n fhear ionnraice astoigh fríbh.. 1791 463. 

*iontas, 1. Cuid mhór, bhí íontas do na préataí lobhtha ar thalamh créafóige. Talamh domasaigh a ba mhó a bhí aige-san, agus bhí na préataí an-mhaith aige. 1170 53.  2. Ceist san aigne, Bhí fearadh na fáilte ag bean a' Ghobáin rompu siud is go raibh íontas uirthí caidé'n siubhal a rabh siad ann. 1170 452.  3. "Iontas a shúl, great wonder". 420

*iorsaid, ?Coire, Iorsaid, " cauldron". 420 217. 

*iosagan, Cineal éin, ainmhí?, bhearfad sé (caoineadh mná sí) in do chionn go díreach an seórt grágaoil a gnidheas an íosagan san oidhche..1185 51.  chá rabh cearc fhraoich ná gearrfhiadh ná coinín na íosagan ná cineál ar bith eile le feiceáil a dtiocfadh le fear scaoileadh leis.. 1185 90.  90. Fil: An íosagan 's céarsach fá mhaoil ann gach sliabh ann. 310 346.  An oidhce shioc an íosagan agus an eascon.. bhí sí a cleitearnaighe go dtí go bhfuair sé an oighreóg léighte os a cionn. Tháinic sí amach agus shiubhail sí leithe..310 373. 

*ioscaid, Cúl na glúine, bhuail an log isteach ins an ioscaid mar sin é agus bhris sé an ioscaid. 1835 82. 

*ioscadán, Uscadán, "Duine a bhéadh a bualadh na nglún ar a chéile nuair a bhéad sé a siubhal (Teilionn)". 1184 185. 

*íospairt, Anró, droch-úsáid, Leis an íosbairt a fuair mac an deáthara chuir sé troid orthú.. 1538 72. 

*is, Is leis, (is rogha, toil leis), Nuair a ba leófa ghul amach, " When they thought fit to go out". 420 216. 

*iseal, Iseal, na hísle, (na daoine bochta, na gnáthdhaoine), .. máid a bhainfead siad de na h-uaisle bhéarfad siad dó na h-ísle é. 472 348.  Bhí Fionn Mac Cumhail i n-árd chéimidheacht sa tír.. agus shíl íseal agus uasal mórán dó. 1538 99. 

*isteach, 1. Síos, chuir sé na teanántaí isteach a bhaint mhónadh air gur bhain siad isteach go dtí 'n lóib é.. 1185 116.  2. Isteach le,(ag gabháil le), Bhí dúithche talaimh isteach le teach an tsagairt, agus tá go fóill. 1578 33.  3. Isteach i, (ceangailte faoi, idir dhá leathchlaí), chuir siad úim ar dhá bheáthadhach agus chuir siad isteach i cóiste iad. 1538 101. 

*istigh, 1. Páirteach, bhí sé astoigh i n-obair an-olc. 1184 381.  2.Istigh ar an abhainn, (ina chónaí ar inse, abhanntrach na habhann), An fear is fhearr istuigh ar an óin, " , an fear is fhearr dona fir atá 'na gcómhnuidhe ar a' talamh a díoctear leis an óin seo". 420 216.  3. Istigh ina.. (i gcruth.. ), Fuair siad sin é (im) ach má fuair héin 'sé'n rud a fuair siad astoigh 'na bhál é. Cha rabh butt ar bith thart ar seo.. 1791 310. 

*itheann, D'íosfainn fear ó n-a bheáthadhach! - "An t-é a mbéadh a ghoile go maith aige agus ocras air." 1184 33. 

*itheachán, 1. Ithe bia, Chruinnigh siad uilig thart fa na táblaí agus thoisigh an itheachán .. 311 266.  2. Seomra an itheacháin, (seomra bia), tá órdú ag iomlán na mic léinn an oíche sin, coinneáil i seamra an itheacháin.. 1578 35.