An Gréasán Gaeilge

GG

© 1999

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

L

Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

*lá, 1. Lá.., (.. ar bith), cuirfidh muid é, agus ní bhéidh lá iomráidh thíos nó thuas air. 472 84.  níor mhothuigh mé lá iomraidh ó shoin air. 472 429.  "Cá bhfuil tú ag 'ul?" "Ní dheán sé lá deifir." 472 428.  Dar liom héin nach rabh lá dochair domh ualtach den fhodar a thabhairt liom.. 1578 71.  Níor chuir seo lá beag uchtaigh orthú. 1538 99.  Níor chuir seo lá beag-uchtaigh orthú-san. 1538 108.  2. Lá Thadhg na dTadhgann, (Lá an Bhreithiúntais?), Ní fheice tú mise.. go dí la Thadhg na dTadhgann. 311 447.  thabharfaidh mé a'n lá do thalamh na h-Éireann go bráthach ach a'n lá amháin a bhéarfas mé do Thadhg na dTadhgann. 1170 43.  3. An dá lá saol.. (i rith an saol ar fad..), Níor dhíol Paidí nó Peadar a'n phighinn tuarasdail ariamh an dá lá 'shaoghal a bhí acú.. 1170 63.  4.Díolann an lá air,(déanann feall air), Síothnaidhe, "Duine sligheánta a dhíolfadh an lá ar dhuine. A mean or perverse person." 1184 167.  5. An lá, (an ceiliúradh mór), sin an áit a mbeadh a lá nuair a rachádh na beathaigh uilig go léir amach agus iad uilig go léir gléasta suas ina gcuid ribíní.. 1835 251.

*lábánach, "duine anasta atá i gcomhnuidhe salach". 1184 137.

*lachán, Lacha, ag éisteacht leobhtha ag aithriseacha orainn (lucht Gaeilge) agus a rádh le chéile: Éist na lacháin. 1185 172,  . na lacháin fhiadhain an lacháin a bhí acu. Fuaidh siad seo i bhfiadhain nuair a buaileadh na Lochlannaigh. 311 84. 

*lab, Cnap airgid, fuaidh sé ag cur dlighe ar an fhear eile.. le lab a bhuint do. 311 151.

*ladar, (?), A thincléir is bréagaighe a shiubhail Droichead na Scoraigh / A rabh cúig scilling déag air ar maidin / B'fhéidir 'na dhiaidh sin agus ladar do réir sin / An fear a shiubhal Eirinn le h-asal.. 472 433.

*ladarthach, Buailteach, .. a tarraingt aníos as a thruaill a lann ladarach líonmhar. 1184 298. 

*ladhar, 1. Méar choise, gheárr mé beirt de na méara agus beirt de na ladhra de'n tachrán.. 1184 258. d'éirigh sé ar a chuid ladhara agus láim sé glan thar an gheafta. 1184 461.  stocaí.. béidh mo chuid ladhra amach ar a mbárr.. ! 1185 196.  sé ladhar ar do mhac tá fhios agat fhéin angus níl agat ach na ladhra a chunntas. 472 406.  bhuail sí a ladhar ar cheap dhoras a' room.. 310 19.  agus bhí an lúbóg seo ag gabháil isteach ar a ladhar—ná tá cúig ladhra ar do chos agus bhí in lúbóg seo ar gabháil isteach ar an cheann láir.. bhí na stocaí seo ag gabháil suas go dtí n-a nglúine agus .. bhí teanntáin orthu ag na glúine.. 1835 356.  2.Lapa shionnaigh, tháinic croth ann mo ladhar, agus le h-eagla go dtiocfad sé ann mo ladhar a choidhche aríst.. 310 374. 

*ladhrógach, Gabhlógach, ag gobadh amach ina dhá ladhar, Casúr ladharógach, "claw-hammer". 420 229.

*lafta:*lochta

*lag, 1. Log uisce, Bhí beirt ag iascaireacht.. agus thuit fear acu amach ins a' lag agus bhithear a bháthú.. 311 151.  2. Áit íseal (idir cnoic), tá sé ar croic agus i lagracha.. 1791 419.

*lagar, Téann chun lagair, (cailleann an lúth), tháinig an aois ar Sheonaigh agus chuaigh sé 'un lagair.. 1578 69.

*lagchnoc, Maoil an chnoic? Bhí an cruc tuairim ar leithmhíle ar fad suas.. Nuair a chúaidh siad suas fhad leis an lag-chruc thuit siad isteach i n-allt a rabh luachair.. 1185 268.

*laghdasach, Neamhthoirtiúil, beag?, Bhí sé comh tógthaí, ná bhí sé íontach laghdasach, agus thóg sé cloch a tabhairt iarraidh uirthi. 1791 479 . 

*láidir, Saibhir, acmhainneach, Bhí an coitéir go láidir 'san t-saoghal ó sin amach.. 1170 10.  Bhí cuid acu .. a gheobhadh ceathrú tae ná an té bhí láidir gheobhad sé leath phunta.. 1835 255.

*laindeoir, *laindear, Laindéar, thug sé leis laindeóir, las sé é.. 472 315.  Laindear, "lantern". 420 246.

*láithreach, Láithreach mhór tine, (tine bhreá mhór), chuirfead siad síos láithreach mhór tineadh.. 1830 199.

*lámadóir, (Agall uafáis), faire, mo chreach, "Ó lámadóir!! adeir sé, "ar chualaidh sé sin? 1184 353. 

*lamairne, Port bád, céibh, Báitheadh é eadar long agus laimirne .. 1184 46.

*lámh, 1. Ball d'fhoireann loinge, Bhí soitheach mór astoigh ag an chéidh, agus bhí siad lámh goirid, agus fuair Seán uirthí 'na lámh. 1184 233. 2. Fear oibre, tá mé a fágáil go mbéidh tusa 'do lámh mhaith le fágáil ar an fárm in m'áit. 1184 498.  D'órduigh sé do na lámha na scafaill a tharraingt agus d'fhá siad an Gobán bocht thuas ar an simileáir. 1184 373.  3. Scil, Bhí lámh ar dóigh ag mórán de na seandaoiní ar dheánamh súgán. 1185 199.  cuir gráinín de'n mhin sin ara n phota go bhfeicfidh mé caidé 'n lámh atá ag dream beag na binne buidhe ar chasadh na bróna. 1170 400.  bhí lámh an-mhaith aige ar scairtighe ofrálacha. 472 252.  bhíodh cuid mhaith acú a rabh lámh acú ar an fhidil a bhualadh fosta..1170 191.  bhí lámh mhaith aige ar an t-saoirsíneacht fosta agus bhíod sé leis nuair a bhíodh sé ag gabhail dó na toighthe móra seo. 1170 447.  4. Dul chun chinn, maitheas, Bhíthear ag innse dó nuair nach rabh sé ábalta a dhath a fhoghluim 'sa choláiste go ndeánfadh sé beagan lámh i n-Albain. 1184 377.  5. Píosa, áis ag gobadh amach chun breith air leis an láimh, Bhí cloch nochtuighthe ann agus lámh bhuidhe uirthí. 1184 561.  bheir sé ar an lámh.. agus thóg sé i leathtaoibh an seóirt clár a bhí uirthí. 1184 561.  píopa de na píopaí fada seo a mbíonn lámh ar a cheann agus smiricín ar a thóin. 472 482.  bhí siad ábalta soithigh eile a dheánamh a mbíodh lámh astu a dtiocfadh leat breith orthu. 1791 43  ..bhí lámh amach as an bhutt seo fosta.. 1791 311.  bhí dhá pholl ins a' stópa seo agus bhí lámh ádhmaid ag gabháil fríd... 1835 385.  6. Ar a lámha, (ar fáil dó, ar an láthair?), Bhí mo dheirbhshiúr ag gabhail do'n lása.. agus bhí cosnamh pighneacha ar a lámha mar bhí sí. 1185 139. (Deacair a rá pé acu meaf. nó lit. atáanseo. ). 7.Lámh a dhéanamh de, (teacht i dtaithí ar, glacadh le), char chleacht mise cocoa ariamh 'sa bhaile agus chan fhuil mé ábalta lámh ar bith a dhéánamh de 'san áit seo.. 1185 157.  8. Féachann a lámh, (trialann a fhortúin, a chumas), go rabh sé ag imtheacht go h-Albain go bhféachad sé a lámh fríd na coimhthighe. 472 350.  9. An méid cártaí is dual a bheith sa lámh le linn cluiche, Ní bhogfaidh mise.. go dtí go rabh an lámh seo imrigh.. 1578 24.  D'imir sí an lámh ansin amach. 1578 24.  D'fhág sí síos lámh na gcárdaí.. 1578 25.  gur ghráthach leis dhá lámh chárdaí a chur amach dó fhéin agus a ghabhail a dh'imirt leis fhéin. 1170 455.  10. A dhá lámh chomh fada le chéile, (gan dada), .. gan dhath ar bith aige ach a dhá láimh comh fada le chéile. 1578 42.  11. Scriobhnóireacht láimhe : admháil, 12. Seasaíonn a lámh, (seasaíonn deoch don chomhluadar?), D'éirigh Gráinne 'na seasamh agus dubhairt sí nár sheasuigh sise a lámh go fóill agus go rabh an t-am aicí a lámh a sheasamh anois. D'iarr sé ar ghiolla a ghabhail amach go seamra na biotáilte  agus a leithéid seo de cheig a thabhairt isteach. 1538 100. 

*lámhacánach, Ablálaí, Lamhachánach , "duine nach bhfuil lámh aige ar rud ar bith a dheánamh". 1184 137.

*lámhchrann, Maide beirthe an tsúiste, gheárr sé buailtín agus lámh-chrann. 1184 344. rud a mheas sé a dheánfadh lámh-chrann agus buailtín maith. 1184 500.

*lámhdaire, Lamhdaire , "duine a ghníos saothar mór le n-a chuid a shaothradh." 1184 137. 

*lámhsúiste, Lámhchrann, bhuin sé fa choinne lámh-súiste é agus a' cionn nach rabh cómh reamhar le sin bhuin sé fa choinne buailtín é.. 311 397.  *lán, 1. An t-ualach is féidir a iompar ar phíce cheithre mbeann, an lá a ghlan mé an scioball dhuit.. agus nár cuireadh lán amach as le seacht mbliana roimhe sin. 1185 544.  bheir sise ar an ghraep.. Chaith sí lán amach as an bhóitheach agus ní rabh lán ar bith dar chaith sí amach nár lean seacht gcinn eile amach í. 1185 604.  2. An méid (dí) a líonann soitheach, ní ólfaidh sé cupla  lán an t-soithigh..go dtí go rabh aithne gloine air. 1185 626.  Crág ort a chopáin ghránda chaim / Níl fhios agham cá deachaidh do lán. / Ach ní tú is measa ach an t-é nár chuir do leath-lán ann. / Níl fhios agam c'n áit a bhfuil do lán / Mur in do lár atá do thóin. 1185 627.  3. Lán mara, (farraige, taoide), Chuaidh sí síos go dtí an lán mara. 1184 448.  Caithfidh tú innse domh cá mhéad gallún uisce a thig isteach leis an lán mara. 1185 10.  achan sruthan atá ag gabhail isteach sán lán mara.. 1185 11.  ...go dtáinic an lán mara isteach 'sa mhullach air agus gur báitheadh é. 1185 28. nuair a tháinic a' lán mara fhad leis a churrach.. 472 215.  ..An bhean bhán mar an lán amach is isteach, "go bhfuil sé i gcomhnuidhe ar an dóigh amháin. 1184 20.  4. Marc a' láin, (an líne barr taoide), lódail sé lasta aca thoir i marc a' láin.. 472 215.  bhí sé ag 'ul suas thaire mharc a' láin casadh bean air ar uachtar na trágha. 472 405.  5. Ina lán súl, (go maith chun féachaint air, ar fheabhas), Bhí an bhó 'na lán súl agus cha rabh a'n nduine ar an aonach.. nach rabh 'na diaidh. 1579 206.  6. Lán ní ba.. (an dá oiread ba..), má bith comh gasta agus chuir sí Oscar agus Oisín a chúl a gcinn, chuir sí Fionn ar chúl a chinn lán ní ba ghaiste. 1538 119.  7. Ag cur lán, (ag cur cré le prátaí) "Ag cur lán, moulding otatoes, ag cur clais (i nGleann Finne). 420 209.  8. Chaithead sé lán a' ráithche, 420 262. (an ráithe ar fad?).

*langa, 1. Iasc fada caol (Molva molva), lán na mbád de achan chineál éisc leo: troisc agus langaí agus deargógaí agus glasáin.. 1835 281.  2. "duine árd tanaí gan mhaith.." 1184 137.

*langaire, Longaire?, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21.

*lannsa, <Lance, Na trí neithe is uaignige amuigh: Faire gan píopaí, teach pobail gan sagart, dochtúir gan lannsa. kk 7.

*lapadán, "duine beag anasta, a clumsey person". 1184 137.

*lár, Ag teacht ar lár, (ag teacht chun deiridh), Tá an t-áirneál ag teacht ar lár. 1184 68.  i.e. nós na háirneála.

*larcán, 1. Mothall gruaige, Grágánach, "duine a mbéadh larcán mór gruaige air". 1184 135.  2. Sórt lampa beag, Bhí siad a'deánamh larcáin.. choinne solais.. rabh gloine ar bith orthu taobh amuigh fá choinne an solas a mharbhadh.. 1791 33.  Bhí solas a teacht amach ar snáithe as an larcán seo an dóigh cheánna a lasthaí é.. 1791 34. 

*lascaire, Leascaire  stócaigh, "a grown-up boy". 1184 137.

*lasóid, Áras íseal adhmaid, sciath, losaid, dheánfaimid teallachán.. Tá mé a meas go bhfuil oiread acu (prátaí) ar a lasóid i gcionn a' toighe agus a dheánfas groithe.. 1170 396.

*lastálann, Luchtaíonn, go rabh sí (long) lastáilte go dtí an t-slait. 1184 327.  Fil: Ach a rachaimist ar na rámhaí nuair a lastáil muid na bádaí.. 472 143.

*lat, Meitheal, scata, Bhí lot fear aige ag obair.. 311 114.  Dúirt siad go gcaitheann siad lot acu a chur go hIfreann.. 311 136. 

*láthair, Cuireann ina láthair, (cuireann faoina bhráid, cuireann ceist air faoi), ..go rabh tú á chur ina láthair anocht ceocú ceann de na h-eochracha a ba cheart duit-se a choinneáil. 1538 98.  Chuaidh siad chuig caisleán Chormaic Mhic Airt, agus chuir siad bríogh a siubhail ina láthair. 1538 99. 

*le, 1. chuaidh sé a bhlastacht leis agus bhí sé an-deas ar fad leis agus.. shílfeá gur leat fhéin uilig é. 1185 444.  (..gurb é an cara ba mhó agat riamh é. ) 2. Le seo, ag an am seo, Bhí sé marbh le seo, "..at this time". 420 250.  3. Leis, (ag luí leis), Nár mhilleanach an mhéid ban.. a rabh tú leofa le seacht mbliana. 1791 38.

*leaba, Ionad suí, fotha (le haghaidh cloiche), thóg sé'n mhuirleóg agus d'iompair sé leis ina lámh í agus chaith sé síos in a' bhoglach í.."Anois.. nach bhfuil leabaidh mhaith anois aicí.. neart muirteáil agus gur furast leabaidh a dheánamh!" 472 707. 

*leapachán, Leaba (de shórt), Chuaidh sé isteach i gcruach fhéir agus chóirigh sé leapachán beag dó héin.. 1791 391.

*leabhra, (Agall), dar an leabhair!, "Leig amach mé agus gur ba feáirrde duit é." "Leabhra féin leigfidh!" 1184 294. . ghlac sé a bhricfeasta agus leabhra fuair sé bricfeasta maith. 311 381.  Ó leabhra bhí obair mhaslach agam.. 1791 369.

*leadhb, 1. Stiall, canta, thug sí dhá léab mhóra aráin domh.. 1185 122.  d'fhág mé am léab (talaimh) sin ag an darna fear.. 1185 465.  gheárr sé an chéad léab de'n fheóil agus thug sé dó'n chat é. 472 55.  rabh léab fola nó feóla oirthí nach rabh roiste scaoilte síos léithe. 427 151.  2. Buille, tharraing sé léab dó'n bhata ar an fhear.. 472 84.  Tharraing sé léab do'n bata ortha.. 472 232.  3. "bean mhór liobasta—toirt gan tairbhe. A gawky female". 1184 137.

*leadhbóg, "cailín bréagh feiceálach". 1184 137.

*leacanta, Tá dóigh leacanta uirthi, "she is comfortable". 420 263.

*leadaí, Leaduidhe, "duine fallsa nach fhfuil dúil aige coradh amach as an chlúid". 1184 137.

*leadránaí, Leadránaidhe, "duine leadranta  -- a slowcoach". 1184 137. 

*leadránta, Leadránach, "duine leadranta  -- a slowcoach". 1184 137.  Pléotaidhe, "Fear mór fada leadranta". 1184 149.

*leagann, 1. Leagann ar, (tugann faoi, ionsaíonn), Chruinnigh siad na clocha síos na bhraoich.. agus nuair a bhí siad ag 'ul isteach ins a' phort leag siad ortha leis na clocha. 472 408.  2. Leagann amach, (déanann amach, tugann le fios, dearfaíonn), Bhíodh daoiní a leagan amach nach raibh sé ádhmhail.. 1185 185.  Nuair a shiocadh an t-urlár sin bhíod siad a' leagan amach go rabh umhlú ann ní bfheárr ná bhí ariamh i n-urlár cláraí. 1170 15.  Bhí siad a leagaint amach gur bh'iad an bunadh beag a bhí ann, agus tá to dtí an lá indiú.. 1170 60.  is cosúil go rabh sé leagthaí amach acu cén áit a rabh siad 'na gcónaí. 1791 208.

*leagtha, 1. Leagtha air, (ceanúil air), Leagtha ar a chéile, "in love". 420 233.  Fíor-leagtha ar airgead, "very fond of money". 420 233.  2. Leagtha amach, (cinnte, dearfa), Bhí daoine leagtha amach nuair a rachadh na coinnle seo faoi n-gcionn go rabh siad ábalta tionntó thart agus an bhroinglóideach a rinn siad.. bhí sí a gabháil a theacht isteach fíor. 1835 293/4.

*leaindeálann, 1. Sroicheann (áit), Chuaidh sé síos fhad leis a' long, agus nuair a landáil Caithir ar a daic ar a' long seo.. 472 13.  bhí deireadh thoir dóighte nuair a landáil siad. 472 36.  nuair a bhí siad "landáilte".. 472 193.  Bhí Brian amuigh ag glanadh na mbóitheach nuair a landáil an tíarna.. 1578 62.  2. Tuirlingeann anuas, d'éireochadh na bradáin ar thaobh díobhtha agus "landáileadh" siad ar an taobh eile.. 472 49.  chuaidh (thit) siad síos go rabh siad ag tóin an phoill (mianach) agus nuair a landáil siad thíos bhí an bheirt marbh. 1835 314.  3. Tagann i dtír, D'imthigh an bád léithe go dtí gur landáil sé i New York thall. 472 130.  ..leis a' churrach..go rabh sé landáilte i bhfos i n-Éirinn arais. 472 131.  Sin an áit ar landáil Cromwell nuair a thainic sé go h-Éirinn.. 311 307.  4. Aistríonn (go dtí áit éile), d'órduigh sé do theachtaire an lamp cúirt agus cathair Alladin agus a bhean a landáil thall aigesan in Africa.. 311 301.  Landáil sé istuigh thall annsin é agus nuair a landáil sé thall é, bhí'n teach annsin.. 311 303.  chaith sé'n taobh-balla ar a' talamh agus landáil cruach an airbhir istuigh ins a' scioból.. 311 396. 

*leainn, *leainding, Ionad stoptha, tuirlingthe ag ardaitheoir,<"landing", bhí dhá landing nó thrí síos ar a' bhealach síos go dtí go mbéad siad thíos ag bun a' phóill ar fad, agus stop a cage ag ceann 1835 313 dena landíneacha seo ag gabháil síos ag gabháil a ligint amach fir, agus shíl siadsan gur cheart daofa a theacht amach ag an landín cheánna.. 1835 313.

*leamhóg, Leamhóg gháire, (gáire bheag), D'amharc an seanduine air agus rinn sé leamhóg gháire.. 1170 180.

*léana, Paiste de'n fhéar glas, spréigh sé'n t-éudach ar a' léuna.. 311 370. .

*leanann, Leanann dó, (cleachtann, adhrann dó), bhíodh an tseanmhuintir a rá nach mbéadh rath a choíche ar an té a leanann dó (poitín a dhéanamh). 1791 86.

*léanmhar, Léanmhar (leatromach), (dona, anróch), Bhí oidhche léanmhar ann le báisteach agus gaoith mhór. 472 411.  d'éirigh an oidhche leánmhar leathtromach le gaoith mhór, báisteach.. 472 411.

*léann, Leánn, ..go dtí go bhfuair sé an oighreóg léighte os a cionn. 310 373.  .. léigh an oighreóg go bhfuair mé síos. 310 377.  an rúta bán .. a léigheadh amach ar uisce.. 1184 484. léigh sé na stocaí agus na bróga agus tháinic mé 'na bhaile costárnocht! 1184 485.  2. Lobhann, Bhí sé léite ar shiúl agus nach saoithiúil nach maireann an t-ádhmad ins a' chaorán. 1791 312.

*léine, Gáirméad éadrom le haghaidh uachtar na cabhlach, léinidh mhaith sheascair the a fháil dó agus péire drás.. 1343 242.

*leisciúil, Neamhfhonnmhar, dochmúil, bhí daoine eile a bhí cineál leisciúil.. .. gur dhoiligh leo a ghabháil agus iarraidh ar a ghabháil amach óna gcuid talaimh gan fáth gan siocair ínteacht a bheith acu leis. 1835 412.

*léiteach, Leáiteach, mí-lítheach, "Duine caol árd, léighteach 'san aghaidhe agus cumadh bhreóithte air." 1184 175. 

*lear, *léar, 1. Cuid, roinnt tá léar beathadhaigh ina stábla aige.. 1185 83.  go rabh layer airgid aige agus dóigh mhaith air.. 311 299.  2. Sraith, Gráinín salainn a chur ar thóin na bucóide agus léar den dulamán seo.. a chuir ann.. 1835 241.  Chuirthí síos an chéad léar de sin ar thóin an chroc agus .. chuirthí cumhdach de shalann gharbh ar sin. Chuirthí isteach an darna léar ansin agus chuirthí salann araist air ar an dóigh chéanna agus bhéad siad á iompar sin ar aghaidh go dtí go dtiocfad an corc comhthrom lena bhéal.. 1835 345.

*léar, Is léar le, (is dóigh le), Luibh an t-Seamair Muire agus is léar le daoiní go snámhann sí i n-éadan an t-srotha. 1184 91.  Ba léar le seandaoine nach rabh sé maith nó sona an chréafóg a bhéadh i mbun cuibhrinn a iomchar go bárr. 1184 89. 

*leas, 1. Leasú, Gaoth deas teas agus leas.. 1184 92.  fásaidh an bárr go maith—bidh an teas 'na leas ag an talamh. 1184 92.  2. Leas na trá, leas farraige (feamainn a úsáidtí mar leasú goirt, scoth bhuí), ní rabh salann gasta ag gabháil , agus ní rabh dhath ar bith ag gabháil ach leas na trá. Thiocfad sin isteach chucu i dtólamh i dtrátha an 12adh lá de Mhí na Bealtaine. 1791 55.  agus eadar sin agus leas fairrge bhí an talamh raithte isteach ina chéile.. 1074 6. ..iomaireacha móra leathan.. Bhí siad sin comh leathán le páirc thalaimh, agus chá rabh deor fhearthanna dtuiteadh as an aer nach gceapad siad, agus eadar sin agus leas fairrge bhí an talamh raithte isteach ina chéile, agus nuair a ba cheart dó bárr a theacht air chá dtigeadh a dhath ach moll lustáin agus súilín buidhe. 1074 6.

*léas, Idir é agus léas, (ar imeall, teora a radhairce), tugaidh sé ruball a shúl síos gleann a bhí ann agus tchí sé eadar é agus léigheas solas beag gorm.. 1538 117. 

*leasainm, Ainm a thugtar ar dhuine nach ainm aitheanta é, nach é a chéad aimn baiste é, Bhaist siad An Ceathrú Fear air 'na chineál de leas-ainm. 1185 561. 

*leasluí, Ar a leasluí, (ina luí siar ar a shocracht), Bhí Niall é fhéin caithte ar a shleas-luighe 'sa chludaigh  agus é a smalcáil thabaca.. 1170 393.  Scrataidhe, "... Fear a gheobhtha sínte ar a shleas-luighe 'sa chlúid." 1184 163. 

*leasmháthair,An dara bhean pósta ar fhear a dhéanann ionad máthar do chlann na céad mná, oiread agus greim amháin feola cha dtug an leas-mháthair daoithe. 1835 244.

*léaspán, Sprinlíní, soillse (a shamhlaíotar ag damhsa os comhair na súl), thoisigh sé ag cumailt a chuid súla; shíl sé gur léaspán  abhí ar a chuid súla.. 311 305.  Ta léuspán ar mo chúla a coimheád ort. " Tá me tuirseach ag coimhead ort." 420 213. 

*leastar, (Lán) tubáin, bhuinead siad lustar as na préataí le thóirt dófa (ba). 311 21.

*leataoibh, 1. Ag gabháil i leataoibh, (á chur i gcomhad), bhí a chuid airgid uilig ag gabhail i leataoibh rith an ama, agus nuair a bhí sé ag imtheacht chuaidh an fear uasal 'á dhíol. 2. Ar a leataoibh ar.. (ag marcaíocht cliathánach ar), shuidheadh an bhean ar a leataoibh ar a' bheáthach agus bhí na feádhnógaí roimpí agus bhí seisean thíos agus é ag cruinniú an leithigh. 1791 63. 

*leathach, Feamainn, tá sí thíos fá an chladach a' tógáil leithigh. 1185 311.  chuiread sí isteach an rud a dtabharad siad an scoith bhuí air—leathach mór garbh.. 1791 55.  ..ag cruinniú an leithigh. 1791 63. 

*leath-aosta, Scoth-aosta, Caithfidh aois mhór a bheith agat-sa! .. Tá mé leath-aosta go maith.. 1185 311.  Blagadán.. "fear leath-aosta a bhéadh a brath ar chailín óg.. " 1184 105.

*leath-bharr-láin, Leath-taoide (tuile), d'fhanochad siad go dtí go mbéad sé 'na leath bárr-láin.. 472 413.

*leathcheann, Leathghloine (biotáille), Adharc a bhíodh acu i n-ionad gloine trí-gó -- sin trí leath-cinn. 472 692.  fuair sé leath-cheann brandaí agus d'iarr sé air sin a ól. 1343 244.

*leathcheal, Faillí, shílfeá go rabh má a' brath leathcheal a dheánamh ortsa. 1538 100.

*leathchearthú, Dhá unsa, cheannuigh sí leath-cheathramh tobaca.. 472 482.

*leathdhuine, Amadán, Bhí cineal do leath-dhuine ann fad ó shoin.. 472 275.

*leathfhear, Leathghloine, seo uisce beatha spéisialta.. agus caithfidh tú leath-fear a ghlacadh uam-sa. 1184 334. 

*leathghlúin, Bhí stail bhán ag an Mhajor agus chuaidh sí ar a leathghlún nuair a chonnaic sí an gíomanach agus chuaidh sé a marcaidheacht oirthí.. 310 353. (.. síos ar a dá ghlúin tosaigh?).

*leath-iomadta, Faillí, neamh-áird, nach luath a rinn tú leath-iomadta orm! .. Nach rabh tús do chuid dighe agus deireadh do chuid bidh le fághail agam fhad agus bhéidhinn beó.. 310 19.

*leath-lán, Leath an mhéid a líonann soitheach, : *lán.

*leathlafta, Lochta déanta os cionn cuid de sheomra, Thug Donnachadh leis dréimire beag—bhí leath-lafta ar an chisteanaigh.. 1185 478.

*leathmhall, Déanach go leor, go rabh an tráthnóna a teacht agus é ag éirghe leath mhall.. 472 232 . Ag eirigh leath-mhall, "getting up fairly late". 420 223.

*leathmharbhú, Déanann leathmharbhú air, (fágann i riocht beagnach marbh é), bhuail sé an péas ansin go dtearn sé leath-mharbha air. 1791 145.

*leathphluc, A theanga ina leathphluic, (é ag leathmhagadh), Bhí a theangaidh barraidheacht ina leathphluic aige, "Bhí sé ró-thugtha de'n chráin mhagadh." 1184 40. 

*leathshásta, Gan a bheith leathshásta, (gan a bheith sásta chor ar bith), Chá mbíodh na dochtúirí leath-shásta dá gcluinead siad duine a gábhail a chomhair duine acú seo.. 1185 405. D'éirigh sí agus leóga ní rabh sí leath-shásta.. 1185 468. 

*leathsheanduine, Duine scoth-aosta, bfhéidir gur leath-sheanduine mór a bhéadh ins an fhear sin, agus bfhéidir an ghiorrsach a bhíthear a chur leis bfhéidir nach rabh sí a dhath le dhá bhliain agus fiche.. 1835 296.

*leatromach, Ainnis, anróiteach, d'éirigh an oidhche leánmhar leathtromach le gaoith mhór, báisteach.. 472 411.  Muise a chreatúir bhig leathtromaigh.. gabh aniar amach as sin agus suidh isteach 'na teineadh.. 1170 397.  oidhche amháin fhuar leathtromach eadar an dá Nodlaig.. 1170 402.

*leid, Leadhb, luid, "bean nó cailín nach mbéadh an meas ceart aicí uirthí fhéin agus a bhéadh tugtha do chainnt—" a mawkish talkative female". 1184 137.

*leide, Tuairisc, gaoth an fhocail, Níor luaithe a chuaidh an scéal go h-Albain ná fuair Diarmaid agus Gráinne leideadh air mar a gcéanna. 1538 103.  go bhfuighead sé leideadh ar dhóigh ínteacht goidé d'éirigh dó.. 418 258.

*léidí, Bean (go rúndiamhrach, magúil etc. ) Bhí'n "lady" thuas i mbárr a' chrainn.. Chromaidh Seán ar chrapán cloiche agus chaith sé suas í agus bhuail sé an "lady".. 472 38.  déafraidh sé gur seo obair a leithid seo a "lady", agus abair thusa nach bhfacaidh tú an "lady" sin ariamh. 472 191.

*leifteánach, Duine a bhfuil ard na gcos titithe aige i slí nach n-oireann do rince etc.; duine le cosa ciotacha , chan fhóirfead sé dó leibhteanach ar bith a ghabhail ar an urlár ina gcuideachta. 1185 175.  Leifteanach , "duine nach bhfuil droichead ar bith i mbonn a choise, "a flat-soled person". 1184 139.

*leigheas, Oideas chun tinneas a chneasú, is ceart daofa sin léastaí a bheith acu. 1791 172.  Ba ghrách leofa roimhe seo léas fiabhras béil a bheith acu. 1791 172. 

*léim, 1. Léim ghiorria (d'im), sraith tiubh ime (ar arán), Léim gearrfhiadh dh'im, tachtadh na muice fireann 'en'n ghruth.. 1170 20.  2. Léim na Bullóige (cluiche tórraimh) : bullóg 3. Léim láir, (ainm tarcaisneach ar bhacach, ar dhuine róthugtha do mhná?), Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21.

*leis, Más, ceathrú, Tharraing sé lann mhór ghéar síos ar mo leis.. 1184 253. Bhí an fhuil a rachtáil amach as mo leis. 1184 254. scoilt sé anuas an leis aige (bullán) agus d'fheann sé an croiceann de, agus bhain sé amach tuairim ar cheithre phunnta feóla as a leis. 1184 356.  í ag ithe leis mhór circe.. 472 81.  cuid aca a bhris a n-eiteóg agus a gcuid leasracha.. 472 110.

*leisíneacht, Siúl cliathánach, A leisineacht  " ag siubhal agus a thaobh roimhe." 420 214. 

*léimint, Léim, Caithfidh mé rúide a ghlacadh le seo a léimint.1184 405.

*léirstean, Radharc, slí chun féachana, Bhí cumhdach ar an fhuinneóig ach bhí léirstean isteach eadar an cumhdach agus cása na fuinneoige. 1538 72. 

*leithe, 1. Leathóg, shiubhailfeá an déan  bhéadh mála leitheann leat.. de leitheannaí ballannaí dearga agus ballanaí dubha.. 472 415.  Siubhailfidh tú an deán anois le péire bróg íseala gus chá bhfluichann tú iad, agus ní a'n leith le fághail.. 472 415.  2., "Cailín beag íseal daingean." 1184 139.

*leithéid, A leithéid seo de..(rud), (ag cur in iúl gur luadh ceann áirithe), D'iarr sé ar ghiolla a ghabhail amach go seamra na biotáilte  agus a leithéid seo de cheig a thabhairt isteach. 1538 100. 

*leithleadh, Éagóir, neamhchothromaíocht, Rinneadh leithealadh air, "He didn't get his share". 420 217. Leithealadh " injustice". 420 217.

*leithphingin, 1. Char b'fhiú l. é, (is ar éigin a bhí an dé ann),char.. fhág sé greim chroicinn ar an mhinistir.. nár stróc sé de uilig go léir, agus char bfhiú leithphighinn é nuair a bhí sin deánta aige. 1170 418.  2. Luach na leithphingne,(oiread na fríde, rud ar bith), leigeadh mac an rí anonn agus gan luach na leithphighne dhochar deánta dó agus é bréagh sásta.. 1170 454.  >*luach

*leoga, (Agall:) Go deimhin.., .. go raibh an-droch-temper aige agus leóga ba mór an trua gear a bhí comh maith leis.. 1184 551. 

*liag, Tuile liag, (sruth mór gan stad), "..Bean a mbíonn tuile liag de chainnt gan stuaim aistí ar fad, a contemptious prattler." 1184 109.  Trumpaire, "Duine a bhfuil tuile liag chainnte amach as a chorp ar fad. A prattler". 1184 183. 

*lián, *liathán, 1. Uirlis shaoir chloiche chun moirtéal a leathadh, dheánfad siad suas balla fuar mar bhéadh claidhe gan liadhan aoil a bhuaileadh leis.. 1170 445.  2. Uirlis marrámhainn láimhe le haghaidh garradóireachta etc., thiocfad siad arais ansin le macasamhail liathán agus bhainead siad aníos na rútaí.. Tá fhios agan an liathán a bhíodh acu a baint báirneach..ná ba ghrách leofa a bheith ag cur préataí anseo fadó shin le liathán.. 1835 179.  .. liathán a gheobhad siad deánta isna a cheárdta. Ba ghrách leo scoilteáin a chur leis.. 1835 386.

*líbíneach, "duine a bhéadh an-fhliuch; duine anasta.." 1184 139.

*ligean?, Tleigint cinn, "intelligence". 420 261.  (<ligean, teilgean?).

*ligeann, 1. Ligeann amach dorú, .. leig siad ag builg Phádraic 'Ic Aodha agus ní bhfuair siad bruideadh nó dhath eile... 472 393.  2. Ligeann as, (tugann do sna bonnaí é, imíonn ina rith), leig sí as ins na featha fásaighe.. 472 363.  3. Ligeann siar, scaoileann (snáth) isteach ar thúirne le linn snímh, bhí sí a leigean an t-snáth siar comh tuigh ar an túirne.. 1185 326.  an rollóg a leigean siar comh tuigh is a bhí sí ábalta.. 1185 326.  4. Ligeann i luí chuig, (ceadaíonn collaíocht le), Dá leigtheá mise i luighe chugat anocht.. 472 477.  5. Ligeann amach go.. (ligeann ar go.., cuireann i gcéill go..), Leig sé amach go rabh sí ar bhurd duine beag a bheith aici, leis an fhear. 311 459.  6. Ligeann thar, cuireann de,caitheann, chuaigh sí isteach sa choillidh leis an oidhche a leigean thairstí.. 1538 44.

*ligthe, Cos-éatrom, tapa, Bhí an t-each caol dubh bréag leigthe agus dheamhan i bhfad a bhí siad ar an bhealach. 1185 616.  Fleasgach, "duine óg scaoilte a bhéadh leigthe le rud ar bith a d'iarrfaidh air a dheánamh". 1184 127. 

*liobasta, Ciotach, liobarnach, Glugaidhe, "duine liobasta a

bhfuil mórán d'fheóil bhog air agus é comh h-anasta agus nach bhfuil ann ach é go bhfuil sé ábalta siubhal." 1184 133.  "..bean mhór liobasta—toirt gan tairbhe. A gawky female". 1184 137.  "Fear mór liobasta, a bhfuil urradh agus áraidheacht ann, ach athá ró-fhallsa le h-obair ar bith a dheánamh." 1184 169.

*liobastán, "duine feolmhar anasta, a soft awkward person". 1184 139.

*lioca, "A puny girl, (Teilionn)". 1184 139.

*líofóg, "A small perky girl, (Teilionn)". 1184 139.

*líomhán, "Fear mór láidir, (comórtas annseo leis an basking shark nó sunfish)". 1184 139.

*líomhann, Cuireann faobhar ar, .. go bhfághaidh tú cloch a líobhfas mé (tua). 472 536.  .. cloch a líobhfadh tuath.. 472 536.

*liomóg, Píosa beag a bhaintear amach as (rud), Bhí siosúr ina phóca, agus tharraing sé amach ruball a frock agus bhain sé leamóg bheag amach aistí. 472 702.

*líonadh, Taoide thuile, Thoisigh an líonadh a theacht isteadh.. 1791 151.  thig trí thonna báite i gcónaí le tús a' líonta.. 1791 153.  Tháinic trághadh roimhe agus líonadh 'na dhiaidh go rabh sé sa Ghréig. 1343 455.  is cosúil gur lig sí don líonadh a theacht isteach ró-thréan.. 1835 238.

*líontaí?, nuair a bhéadh an bhean iarraíste acu rachad siad fhad leis an tsaghart, agus gheobhad siad na líontaí ón tsaghart 1835 338.  agus bhí fir go leor a thóg líontaí an t-am sin agus nár phós a bhean ariamh iad.. 1835 339.

*liopa, 1. Beol, chan ar chaitheamh píopaí páipéar ná ar dhathú a gcuid liobracha a bhí siad a' smaointiú. 1185 325.  2. Píosa ag clúdach síos ar bharr na coise i stoca gan bhuimpéis, Cha rabh ceann ar bith ar an mháirtín mar deir siad héin le liopa. 1791 244.  sé'n dóigh a rabh an máirtín deánta chá rabh a dhath síos ann ach liopa a bhí síos i mullach na gcos. Ní rabh dhath ar bith ar bhonnaí na gcos a chor a' bith..agus bhí an lúbóg seo ag gabháil isteach ar a ladhar—ná tá cúig ladhra ar do chos agus bhí in lúbóg seo ar gabháil isteach ar an cheann láir.. bhí na stocaí seo ag gabháil suas go dtí n-a nglúine agus .. bhí teanntáin orthu ag na glúine.. 1835 356.  3. "Plubaidhe de dhuine anasta gan mhaith" (Teilionn)". 1184 139. 

*liopaithe, Órnáidithe le liopaí, Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun builg air / Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian. 1170 433. 

*liútán, ?, Ní rabh liútán ar (a) anáil. "Ní rabh smaoiteadh ar bith aige rud ínteacht a bhí sé a ghealladh a choimhlíonadh. 'Ní rabh shugh ar anail' i dTeilionn" 1184 45. 

*lobhann, Dreonn, caitheann (de bharr oibriú ceimiceach, baictéarach), á racha-sa anois a chur síos dhath ar bith i bhfolach ins 'a phortach.. lobhthaí sé ar shiúl ach ní lobhthaí maide an phortaigh. 1791 312.  ach go mbéadh an cumhdach lóite ar shiúl nuair a fuairtheas é. 1791 316. 

*loca, Stiall féasóige ar an leiceann, ceann gruaige air a bhí a' folach a dhá shlinneán agus locaí féasóige a bhí a folach a dhá ghlúin. 1538 118.

*locann, Stadann, fanann socair?, Bhí rún agam a ghabhail go Doire ach briseadh mo ghárda, ".. ach loc mé, nó tháinic rud ínteach in mo bhealach a thug orm locadh. 1184 53. 

*locha, Lochta? scioból?, d'athraigh siad an ucsóid. Rouláil siad soir í agus chuir siad rópa uirthi agus chuir siad suas 'na locha í. ..chuir siad isteach thuas ins a scioball í agus ghlasáil siad an scioball. 1791 80. 

*lochta, *lafta, Struchtúr, áiléar tógtha os cionn cuid de sheomra a mbíonn dréimire ag dul suas ann, Dheánfaí lafta trasna ann agus bhí an t-eallach ceanglaith' faoi'n lafta sin. 1791 240.  dúirt sé nach rachad sé síos ó'n lafta seo go dtí go gcuiread sé an tsopóg dheirionnach den chochán thairis. 1791 240.

*lochtaíl, Milleán, cionntacht, ní i gceachtar agaibh atá an lochtaighil ach ionnam-sa! 1343 263.

*lód, 1. Ualach, ní rabh na lé lód d'airbhir i bhfad do mheilt.. 311 405.  rabh siad ábalta na lódaí a tharraingt.. 311 405.  carr agus asal agus lód éisc úir leis. 1343 227.  2. Bhí cupla cliabh de'n lód a dhíoghbhail air an lá a bfeárr a bhí sé. "Ní rabh sé sáthach i gcéill, nó iomlán céille aige.. " 1184 42. 

*lódálann, Cuireann ualach air, fuair na cartannaí lódáilte arais.. 311 405.

*lofa, *lotha, Spíonta, ite de bharr dreo, briseadh síos baictéarach, ceimiceach, an t-ádhmad agus na fonnsaí.. uilig go leir lotha ar shiúl. 1791 312.

*log, Áit íseal? Ardán?, go dtáinic siad fhad le lug beag a bhí ann.. 418 48.

*lóib Dóib, láib (faoi phortach), chuir sé na teanántaí isteach a bhaint mhónadh air gur bhain siad isteach go dtí 'n lóib é..1185 116.  thug sé leis práibín de chac bó agus de lóib ghorm agus "mhixáil" sé suas an dá chuid.. 418 224. 

*loine, 1. Maide chun cuinneog a bhualadh, Ba ghrách leo cinnte lonaidh  a chóireadh suas agus bhéarfad siad an lonaidh seo fá choinne bainne a bheith acu.. 1835 203.  Chonnaic mise lonaíocha agus bhíod siad deánta 'na gcros.. 1835 214.  2. Mar chuid d'fheisteas comórtha na Féile Bríde, ní lonaidh a bhí inntí fá choinne buaileadh bainne ná dhath ar bith ach lonaidh .. fá choinne innse go rabh Oíche Fhéile Bríde ann, agus bhí siad ag iarraidh na n-achuinneacha seo Oíche Fhéile Bríde, agus chuirthí an lonaidh seo síos faoi thalamh agus bfhéidir cochán thart uirthi ná cineál de uaghach deánta daoithe agus d'fhúigthí ansin í go dtiocfadh Oíche Fhéil Bríde bliain ón am sin.. 1835 217.

*lóinín, Lána, nuair a bhí siad ag 'ul suas an lóinín  a tarraingt ar a chaisleán. 418 46.  láinín?

*loinniúr, 1. Go loinniúr ar a chreig, (?), chan fhiú dhath báirní ag Féil Pádraig. Níl a báirneach maith go dtigidh an fomhar, ná d'iarr sé orthu gan a mholt a mharbha, "agus mise",adúirt sé, "go loinniúr ar an chreig"—sin racht an fhomhair. 1835 239.  2.(Focal as ortha leighis a bhaineann le Lá Bealtaine), (féach *crann Bealtaine), bhéarfad siad an sugh dón tachrán ná fríd chuid bó, agus déarfad siad naoi n-uaire bhí naoi bhfocal acu lena rá naoi n-uaire má chollan tú má léigheastar thú béidh muid inne go tréasúil go trócaireach agus go loinniúr duit go bliain ó inniú. 1835 380. 

*loinreach:*lonrach

*lom, 1. I lom a' láthair, "immediately". 420 222.  2. Lom lán, (lán go béal), Líon sé lom-lán uisce é. 420 232.

*lomairt, Lomra, thug sé lomairt olna uaithe i ngeall ar Dhia.. nuair a fuaidh sí go Purgadóir, bhí'n lomairt eadar í fhín 's a' teinidh. 311 144.

*lománach, "duine tanaidh a mbéadh cumadh ghéar lom air". 1184 139.

*lomann, Baineann scraith bairr (de phortach), go lomfad sé fhéin an portach agus go mbainfeadh an chuid eile é. 1185 420.

*lomtrá, 1. Mallmhuir, Bhí fhios acu go mbíodh iomlán gealaighe ann le hiomlán robhartha agus go mbíod lom trá ann ar uair an mheán lae.. 1791 125.  2. Trá folamh, Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172. 

*lón, Roinnt, taoscán, Bhí lón bréugh dona stocaí deánta acu agus d'imthigh siad 'na Clochán Léith a' díol na stocaí. 311 458.

*lonnaire, Duine a fhanann in áit amháin? Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a' toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí, priocairí, brocairí, /Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá tincleára.. 1170 21.

*lonrach, *loinreach, Ag lonradh go soilseach, chuaidh sé isteach agus é íontach loinnireach  1791 465.  Bhí oíche ghealaighe ann, agus is cosúil go rabh sé loinnireach amuigh agus d'aithin sí é.. 1835 314.

*lonrú, Lonradh, soilsiú, bhí oíche dheas loinnriú  ghealaigh ann. 1791 95.  an loinnireadh atá amach as.. dfhúigfead sé an saol uilig geal. 1791 271.

*lorg, 1. Rian cos i dtalamh, Chonnaic sé lorg isteach ar a' bheárnaigh. Chuartaigh sé an lorg thart siar i gcúl a' toighe.. 472 316.  2. Ar lorg a chos, (bunoscionn), chroch sé é fhéin anuas ar lorg a chos ós chionn na h-abhna.. Shníom sé a dhá chois thart ar an bhéim.. 1185 583.  3. Lorg a láimhe, (scríbhneoireacht a láimhe), sín seo chuige agus aithneochaidh sé lorg mo láimhe. 472 210.  A n-aithneochtha lorg láimhe d'athara? 1578 15.  4. Lorg a thóna, (i ndiaidha chúil, Rinn sé pilleadh an ghliomaigh, "Phill sé lorg a thóna, cold feet mar a deirtear sa Bhéarla. 1184 44. 

*lorgnán, Bun coise (bríste), nuair a cuachfá aníos lorgán do

bhríste.. 472 414. 

*losaid, "clár adhmuid ar a gcuirtear préataí an dinneara." 420 239.

*lot, 1. Roinnt, cuid mhaith, lota, le gul fríd isteach un abhaill.. bhí lot crann ubhlaí ann.. 311 368.  sé lot beathach 'na luighe thíos ina n-áit eile aige.. 311 443.  2. Scata, dream, Ní bhfada bhí sí istuigh go dtainic lot a gul a thóirt leófa na gcoirigh.. 311 411. 

*luach, Luach na leithphingne, (oiread na fríde, rud ar bith),leigeadh mac an rí anonn agus gan luach na leithphighne dhochar deánta dó agus é bréagh sásta.. 1170 454.  á ndeánfad sé mar d'iarrfad seisean oirthí leis an ghasúr nach mbéadh luach na leith-phighne air.. 418 256.

*luaidhe, Miotal bog liathghorm so-oibrithe (Uimh. adamhach 82;Siombal Pb; Meáchain adamhach 207.2), an chomhnair a chur isteach i gcása luaidhe.. 1583 32.

*luaíocht, Tairbhe, luach saothair, bhí siad a deánamh go rabh luaidheacht mhór acu le linn an fheoil seo a bheith acu. 1835 318-319. 1 as 6 lgh gan uimh. idir 318-319.

*luaith, An luaith, (cúinne na luaithe, an tinteán, an baile), char bhog sé ariamh as an luaith go rabh sé fásta suas 'na bhuachaill mhór.. dubhairt a mháthair leis go gcaithfeadh sé an luaith a fhágailt agus rud ínteacht a shaothrughadh dá fhéin/ 1170 409.

*luaithreamhán, Cual luaithe, chluinfeá achan óch agus mairg dá raibh aicí go dtí gur dóigheadh na luaithreamhán í. 1343 268. 

*luan, Piseog: Tiocfadh lean an Luain a thóirt ar lá ar bith dá mbeithea ag cainn ar na daoini beaga. 311 14.  ff. *comóradh

*luas, 1. Go leor a luas, (moch go leor, in am tráth), D'éirigh siad go leór a luathas ar mhaidin agus ghléas siad orthu i mbun an t-siubhail. 1538 41.  bhí sé 'na shuidhe go leór a luathas ar maidin lá thar na bhárach. 1538 134.  2. A' dá luathas a chaith sí amach é, "as soon as she threw it out".420 266.

*lúbóg, Lúb, sé'n dóigh a rabh an máirtín deánta chá rabh a dhath síos ann ach liopa a bhí síos i mullach na gcos. Ní rabh dhath ar bith ar bhonnaí na gcos a chor a' bith..agus bhí an lúbóg seo ag gabháil isteach ar a ladhar—ná tá cúig ladhra ar do chos agus bhí in lúbóg seo ar gabháil isteach ar an cheann láir.. bhí na stocaí seo ag gabháil suas go dtí n-a nglúine agus .. bhí teanntáin orthu ag na glúine.. 1835 356. 

*lucht, Lucht na hoíche, (an chuid d'fhoireann loinge a oibríonn tríd an oíche, "night-shift"), an taoiseach a bhí ar locht na h-oidhche.. 472 455. 

*luchtaithe, Faoi lasta, Bhí'n bád lochtuighthe, "laden". 420 234.

*luchtmhar, Luchtaithe le ollmhaitheasa, rinn siad long luchtmhar lán.. 1184 456.

*lúdramán, "duine fallsa". 1184 139.

*luí, 1. Luí Gréine, (dul faoi na gréine), le luighe gréine chuaidh siad síos agus chuir siad bád ar an toinn.. 1530 72.  2. Ligeann i luí chuig, (ceadaíonn collaíocht le), Dá leigtheá mise i luighe chugat anocht.. 472 477. 

*luibh, Planda a fhásann fiáin de ghnáth go háirithe planda a mheastar a bhfuil leigheas a baint leis, an luibh a d'fhúigfead siad 'na ndiaidh.. bhí sin ar léas folún-soith comh maith agus a mhothaigh tusa ariamh.. an rúta a bhí ar an ghas searbhán. 1835 179. 

*lúide, Ba lúide an cás.. (Ní bheadh an cás chomh dona..), ba lúide an cás dá ndéanad siad cúis le cíoradh Uí Mhaoilchiaráin. 1579 211. 

*lúidseach, "bean fhallsa gan inntleacht(Cloichcheannfhaola)." 1184 139.

*luíochán, Gléas luíocháin, (a), (cóir leapan), gan gléas luigheacháin ortha go minic ach gráinín luachra.. 1074 2.  (b), (cóir leighis, friothála (d'othar), bfhéidir ar ball nach mbéadh bealach agam-sa gléas luigheacháin a chur ort.. 472 245. 

*luíonn, 1. Luíonn anonn le.. (síneann anonn go dtí), Luigh Seórsa anonn le béathadhach Sir Reamonn agus léim sé isteach sa diallaid.. 472 361.  Bhí beáthadhach Sheonuigh a luighe anonn le beáthadha a' tighearna i gcomhnuighe agus é a coinneáil leis. 472 692.  2. Luíonn anuas, (íslíonn, tagannanuas (ón spéir), Thug cuid acu fa dear é (iolar), luighe anuas ar a talamh taob thíos daofa agus na crúba sínte anuas roimhe.. 311 80.  3. Luíonn air, (oireann dó), is mó a luighfeadh greim le h-ithe orainn anois. Tcídhfidh tú deireadh uilig dhen t-saoghal ar ball beag. 1170 183.

*lúiricín, -neach, "duine beag creapailte". 1184 141.

*lustan, Fiaile, nuair a ba cheart dó bárr a theacht air chá dtigeadh a dhath ach moll lustáin  agus súilín buidhe. 1074 6.

*lústaire, "a flatterer". 1184 141.

*lútaí, Lútaidhe, "a sponger". 1184 141.

*lúth, CU: lúth+láthair, "Duine an-bheag gan toirt gan tairbhe, agus go minic gan lúth gan láthair" 1184 183.