An Gréasán Gaeilge
©
"A
World-wide Word-Web of the Irish Language"
Cnuasach Conallach
A Computerized Dictionary of Donegal Irish
a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v
O
Chun ceannfhocal ar
leith a chuardach téigh isteach ar
"Edit" agus "Find" agus cuir
réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc.
*obair, 1. Obair mhónach, Cead móin a bhaint, leathchoróin 'sa t-seachtmhain ar shon toighe,
talaimh agus obair mhónach. 1185
159. 2. Le h-obair, (ar siúl,
ar lasadh), mhothuigh sé ise
ag éirghe
agus ag cur an t-solais le h-obair. 1185 534. 3. Ag obair, (ag suaitheadh, corraí), Thoisigh 'n
loch ag obair,"the
waters of the lake began to be disturbed." 420 249. 4. Ar obair, (ar siúl), bhí siad
a dréim leis an tinidh seo a chur ar
obair fá choinne an cheilp seo a fháil bruite.. 1185 135.
*och, Ochón, chluinfeá achan óch agus mairg
dá raibh aicí go dtí gur
dóigheadh na
luaithreamhán í. 1343 268.
*odhrán, Ball odhráin, (ball dóráin), tá ball-odhráin thíos ag
bun a theangtha.. 1185 615.
*ofráil:*othráil, Bailiú airgid
a déantar ar shocraid le haghaidh an tsagairt,
Bhí othráil mhór ann
fosta agus chuaidh siad uilig
'na cill le corp Sheáin. Nuair a chuaidh
siad annsin tógadh an othráil. 1185 70. go tí'n
lá inniú táthar a tógail othrala i nGaoith
Dobhair. 472 339. Char ghrách leis na h-orthálacha a bheith an-mhór a'
t-am sin- bfhéidir trí
pighne ná sé pighne. 1791
328.
*ogánach, An
t-ógánach, (an rud úd, diúlach), bhí an t-ógánach 'na sheasamh
thall ins an chóirneál, agus ba dh-é an tsamhailt a bhéarfa dó gabhar a bheadh
'na sheasamh ar a dhá chois
deiridh. 1578 29. chuaidh
an t-ógánach (sprid)
isteach 'un toighe eile.. 1578 30.
*oibirt, Oibriú, nach rabh a dhath
aige ach gur gheasrógaí abhí sé ag oibirt.. 311 301. B'eigean do'n chréatúir imtheacht annsin ag oibirt
laethe. 311 314.
*oibreadaí, Cleasanna, Thug sé léithe coileán le h-oibreadaí.
1184 37.
*oibríonn, Corraíonn thart, sé 'n dóigh a n-oibreochad siad a'bata sin bhéadh sé ag gabháil
acu agus chan á tharraint
a bhéad siad ach á oibriú .. 1791 241. D'oibir an t-uisce faoi'n talamh gur
sceith a' talamh, agus tháinic a' talamh uilig go léir isteach ins a' lag a bhí faoi..
1791 306.
*oíche, 1. Déanann oíche go
maidin di, (fanann suas an oíche goléir ag ceiliúradh), bfhéidir go dtiocfadh scaifte acu le chéile i
dteach ínteacht agus go ndéanfad siad oíche go maidin
dí. 1835 273. 2. Oíche-dá-Mhíniú,
((ainm eile ar) Oíche Shamhna), Bhí ainm
ar a' tSamhain acu. Ba ghrách
leo oíche
dá-Mhíniú a thabhairt uirthi. Sin le hinnse duitse nach dtig
sé ach uair amháin sa
bhliain. 1835 2.
*oifige, 1. Deasghnáth speisialta
a dhéanann sagart chun geis a bhriseadh;..chun ainsprid a
dhíbirt. D'imthig
an sagart agus rinn sé oifige
do'n bhodach—siud agus gur
Albanach a bhí ann! 1184 544. mhol
sé sin daoithe a ghabhail chuig an t-sagart agus oifige
a fhágháil deánta. 1185 348. rinn sé (sagart) oifige domh, agus buidheachas
do Dhia ón lá sin.. ní
thiocfadh liom-sa a rádh go gcualaidh mé iad. 1170
34. bhíodh cuid de na sagairt a bhíodh
bréagh sásta oifigí agus rudaí
mar sin a dheánaimh do ainmhidhtí
a bhíodh tinn.. 1170 195. 2. Déantús speisialta a chóirítear
go deasghnách chungeis a bhriseadh, chuir sé beagan
de'n t-salachar fríd an t-salann nuair a bhí sé
a deánamh na h-oifige.. 1185
348. Fuair
sé gráinín salainn agus chuir
sé air a ríbín agus bhuail an
léightheóracht aige. Léigh sé agus
léigh sé leis agus nuair a bhí
sé réidh shín sé an oifige
chuige—"Seo anois", adeir sé, "gabh abhaile agus .. cuir gráinín de'n t-salann sin ina chorp.." 1170 198.
*oighreog, Leac oighre, An oidhche shioc an íosagan agus an eascon.. bhí sí a cleitearnaighe go dtí go bhfuair sé an oighreóg
léighte os a cionn. 310 373. bhí
mé mo luighe i mullach na
h-oighreóige.. 310 376. .. léigh
an oighreóg go bhfuair mé síos. 310
377. ..go
mbíodh an siocán comh domhain ar
na lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr
a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307. ..go mbíodh an siocán
comh domhain ar na lochannaí
agus go bhféadfá beáthach agus cárr
a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307.
*óinín, "Níl an
focal seo ionmhínighthe ach
tá sé ann."
1184 145. (!)
*óinseach,
"Bean nó cailín nach mbéadh mórán
measa aicí uirthí fhéin". 1184 145.
*oirnimint, Dar leis fhín go dtórfa sé leis a' madadh ruadh 'na bhaile go bhfághad sé'n craiceann
a bhuint do le h-ornament a dheánú
fa choinne giorsach. 311 454.
*oisín(each), Oisín nó Oisíneach, "fear beag". 420 233. as
*oitir, Banc (!), Dubhairt an gréasaidhe gur
sin oitir an bhaile mhóir agus gur
sin an áit a rabh óir an bhaile uilig
coinníste. 472 331. mhúscail
fear an oitir chuir sé fuagar amach
fríd a' bhaile go rabh oitir an airgid
briste agus an t-ór ar shiubhal.
472 332.
*ólachán, Biotáille, bhí roimhe an bhád
seo.. Bhí
ólachán léithe agus bhí an t-éadach
seo léithe.. 1791 262.
*ólann, Shf: Caitheann an aois an olann. "Gheobh ..an aois buaidh
ar 'ach uile sheórt.. 1791 55.
*olc, dubhairt sé leobhtha go rabh súil aige
nach mbéad siad a dhath níos
measa ná a
ngeallstan. 1184 480. (.. go
seasfaidís lena ngeallúint)
*ólta, Ar meisce, agus mé comh
h-ólta chóir a bheith agus nach
rabh mé ábalta
cos a chur thar an chos
eile. 1791 469.
*oráiste, bhí ubhlaí agus oraistí
agus achan chineál a' fás ar an oileán..
1184 482.
*órbhuí, Dath buí an óir, Bhí gruag
ór bhuidhe air ag gabhail
síos go dtí n-a chaol druim 1185 89.
*ordaithe, Ceadaithe, Chá rabh damhsa
órdaí a chor a' bith sa Chorgas. 1835 359.
*ordlach, Orlach, bhí sé h-órdlaigh
ar dómhain ins an t-siocán ar an loich. 418
263. amuigh is astoigh ar dhá órdlach
achan cheann acu.. 1791 173. bfhéidir
ceathrú ordlaigh ná mar dúirt an fear eile, bfhéidir an hochtú cuid de órdlach..1835 323.
*órdóg, 1. Smacht (an bháis), i taca
liom-sa dó, mise an bás agus
cuirfidh mé órdóg ar 'ach uile
nidh. 1538 121. 2. Sugán ordóige,
" súgan deánta gan chot-shugán." 420 216, (.. cotún?).
*órdú, 1. Cumann, ord, Shíl siad an
táilliúr ró-chiotach agus ró-chonafach agus ní leigfead
siad isteach an órdú (AOH) é. 1170 57. 2. Cead,
ní rabh órdú
aici dhath ar bith a
innse don fhear a chor a' bith. 1791
275. nár shaoithiúil nach rabh órdú
aige a dhath de fheóil an tairbh sin a thabhairt do dhuine ar bhith. 1791
305.
*ordúil, Néata, ghlanfad siad craiceann
na caorach—glan órdúil agus
chuirthí an t-im seo isteach ann..
1791 316. dheánfad siad
an teach a nighe glan órdúil le aol.. 1835 57.
*orduiste, Ceadaithe, ionmholta, Ní rabh sí
órduiste ag
bride gul amach a' damhsa an oiche a phósfaí í ar
eagla go dtórfaí ar shiubhal í
(i.e. le daoini beaga) 311
40.
*othar, "Duine a bhéadh i gcómnuidhe
ag éagcaoin;
duine nach mbéadh comh claoidhte
agus a bheadh sé a leigean air fhéin". 1184 145.