An Gréasán Gaeilge
©
"A
World-wide Word-Web of the Irish Language"
Cnuasach Conallach
A Computerized Dictionary of Donegal Irish
a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v
R
Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus
"Find" agus cuir réiltín roimh an
fhocail e.g. *ábhar etc.
*rábálaí, Ráballaidhe, "Duine caithfeach nach
bhfuil coigealtach ar dhóigh ar bith; Duine a mbíonn
siabadh mór cainnte aige a maoidhim as fhéin agus as a thréartha." 1184 153.
*rabhan, 1. (<round), chuaidh a fáthach isteach ag(us)
thug sé roun' eile dó.. 472 33. (..bualadh eile). 2. Rabhan-an-rabhan,(timpeall ar fad), bheir mé ar a bhróg a ba neise damh, agus gheárr an
t-uachtar thart daoithe roun an'roun.. 472 18.
*rabhartha, An taoide is
airde a bhíonn ann de bharr comhtharraingt na gréine agus na gealaí, Bhí fhios acu go mbíodh iomlán gealaighe ann le
hiomlán robhartha agus go mbíod lom trá ann ar uair an mheán lae.. 1791 125. Is i Mí Iúl a mhothaigh mise fá Robhartha Mór
na nÉan, ná thiocfadh cuid mhór éanacha coimhíocha isteach..
1835 134.
*rabhlálann, Rollann, bhí an t-ubhall leis..
Rouláil sé isteach ar chionn de na dorsa é.. 1185 651. d'athraigh siad an ucsóid. Rouláil siad soir í agus chuir
siad rópa uirthi.. 1791 80.
*racán1 Ráca, Bíonn racán acu mar chliath-fhoirste. 311 30.
*racán2, 1. Ruaille buaille, Thoisigh an racán annsin.
Chuir siad fá choinne na bpéas. 1184
308. 'S a chaith na naoi
n-oidhche i dtoigh a racáin.. 472
432. ("bawdy house?" i.e.teach
stríopachais?) 2. Gan ruaim gan racán, (gan dua? dada?), Las sé teinidh gan ruaim gan racán, an rósfá bric
agus bradáin uirthi.. 1538 15.
*rachta:*rafta
*rachtáil:*ritheann
*radaí:*radaire
*radaire, Radaire nó radaidhe, "Banaidhe mór. Flirt." 1184 153.
*radharc,Radharc na coimeada (coimhéada?), (ionad faireacháin ar bhord loinge), Na fir a bhí i radharc na coimeada, .. bhí
siad thíos ins a chában agus iad ag ól.. 472 455. Chonnaic fear de'n bhunadh a bhí i radharc na
coimeada fear rompú..472 455.
*rafta, Ceann de na
bíomaí ag coimeád suas díon tí, Ba
ghrách é chrochadh anuas as creataí ná as raftaí ná caidé a bhí ag coinneáil
suas an toighe.. 1835 317.
*rae, 1. Rogha?, Ní raibh roinn ná rae agam
leobhtha, "ní rabh baint ar bith agam daobhtha." 1184
51. 2. Ré (gealach)?,
Bhí sé ar nós an rae, "ar nós chuma liom." 1184 53.
*ragaire, "Fear a shiubhaileas go
h-antrathach". 1184 153.
*ragaireacht, "Gnás a bhí i dTír Chonaill an áit a
mbíodh siad a siubhal ó theach go teach am luighe ar lorg bainne agus
arán". 1184 153.
*raibhiceach "A sconce" (Teilionn) (duine)
1184 153. cf. oed sconce * head > witty person?
*raicnín, *raiclín, Bailiúchán airgid (chun díol as deoch ), cf.reicneáil fgb), chuirfidh an corp chruinneochad siad thart agus thógfad siad
raicnín.. go dtí go dtógad siad luach deoch..472 398. nuair a tógadh an raicnín.. dubhairt
sé leis an t-saghart gur mhó a bhí se a dhíoghbhail air-san.. 472 399. rinn siad amach cé bith bean a b'fheárr acu a bhuailfeadh
trick ar a fear í bheith saor do'n raiclín. 311 459.
*raimsce, Raispín, Duine atá ar bharr na
gaoithe, A scapegrace". 1184 153.
*raimscéalaí, Raimsgéalaidhe, "Fear a bhíos ag innse
sgéalta gan chéill de shíor."
1184 153.
*raipleachán, "Duine gan mhaith. Seanfhocal: Is minic a bhí rath ar raipleachán agus a chuaidh an streabhóg 'sa dul amudha." 1184
153.
*ráisteachas, Sfh:
Níl gair 'sa t-seanchasc ach is measa an
raisteachas. 420 263. (Dá dhonacht é comhrá is measa argóint?).
*ráite, Caite,
críochnaithe, Nuair a bhí an
tseachtmhain chomhair ráidhte tháinic an Gruagach chuige..
1184 279.
*ráití, Ag ráitigh, "saying". 420 261.
*raitréata, <retreat, Fil:,
Chuirfead sé an rath-tréata ar na Gallachubhairí cé gur tréan iad.. 310 278.
*raitseach, "Bean gan mheas, a harlot". 1184 155.
*ramallae (?) Amadaíocht, Nuair a bheir sé ar a' chailín eadar an dá
cheann de'n eallach, níor leig mé fhéin dadaidh orm, agus nuair a bhí an
"ramle" uilig thart tháinic mé fhéin amach..
472 45. cf. ramallae
amadáin DD.
*ramás, Focail, rann
piseogach, d'fhóghluim siad an rámas do Dhómhnall
arais arist. 418 94.
*rámha, Maide rámha, bhí an rámha.. a bhí aige sa bhád.. 1791 177. Shlug sé leath an rámha isteach síos ina
chorp.. 1791 177.
*ramhar, 1. Tiubh, leathan, é a craimhseáil
cráimh feóla a bhí comh ramhar le mo leis. 1185 590. 2. Ramhar le, (líonta le,le
mórchuid..), Bhí'n óin reamhar le
bric. 420 263. 3.
Dúr, ceanndána Tá ceann ar Sheán comh mór
le crúboig , "tá sé reamhar sa nádúir." 1184 35. Amhlóir,
"Duine ramhar 'sa ghráinín nach n-aontuigheann
leis an rud adéarfas nó a dheánfas duine ar bith, agus a shíleas go bhfuil fhios
aige fhéin achan seórt". 1184 103. Siolpach.. "..bean urrúnta fosta a bhéadh ramhar go maith 'sa
reasún". 1184 167.
*rampar, Rampaire?, Nuair a
chuaidh siad fhad le rampar mór a bhí ann, ní rabh siad le aon fhocal a
labhairt go dtéigheadh siad fhad leis an teach.. 418 93. Tá Dómhnall ina leithid seo a rampar.. a mbéad seisean againne
b'fheiceann sibh an dóigh a dtabharfadh sé ise leis. 418 94.
*ránaí, "Duine caol tanaidh, a thin lank
person". 1184 155.
*ranglamán, "Duine meaithte caol tanaidh. A miserable looking
person". 1184 155.
*rann, 1. Roinn, cuid, glacfaidh tú í (grian) fheiceáilt go dtí go
gcuiridh sé an rann deirionnach ar shiúl dena cuid
solais. 1791 114.
"Duine atá fágháil níos mó n'á chuid ranna de thrioblóid an t-saoghail; duine a bhfuil buaidhreadh inntinne
air." 1184 113.
2. A.bhr.,
roinnt, Chuir sé annsin duine chuici, fear chuici agus cúig phunta
leis ach an leabaidh a rann leis go maidin. 311 362.
*rannsaíonn, Scarann ó
chéile, briseann suas?,
fá'n dóigh ar roinn sé agus ar rannsa sé giota talaimh.. 1185
467.
*ransaitheoir, Rannsuightheóir, "Duine a bhíos a
siortughadh go síor".
1184 155.
*raobhaíocht, Sliocht,
"ríomhaíocht?",
fuaidh go Doire agus fuair a' fear eile ar shiubhal go Doire agus fuaidh an
bheirt isteach go Merika, agus tá i Merika, a gcuid raobhaidheacht' ó'n lá sin
go dtigidh'n lán iniu.. meaning
"descendants" I'm not sure of the word but above is it's sound. 311 335. (c )raobhaíocht??
*rap, Buille, cnag, bhuail sé rap dó'n phosta r na sean-chaiple.. 418 71.
*rapálann, Buaileann cnag, cé rapáil ag an doras ach a'fear s'aicí fhéin. 310
314. dheón
i bhfad gur rappáil sé ag an hall-door agus leigeadh isteach é.. 311 393. rappáil sé ag an gheafta arais agus thainic fear a' gheafta chuige
. 311 406.
*rása 1,
1. Cuaird thapa, turas,
Thug mé an chéad rása chuicí-se go bhfeicinn caidé mar
bhí sé ná an rabh átrach ar bith uirthí. 1185 361. .. de bhárr an rása
fríd an deán. 472 415.
badh é an chéad rása a rinn siad suas 'un
t-seamra.. 1538 90.
tá deárthair domh-sa 'na chomhnaí, fá rása lae
dón áit seo.. 1538 133. 2. Tóir, cos in airde, d'imthigh sé 'sa rása mar
bheádh an ghaoth Mhárta 'na ndiaidh. 1185 613. thainic seilg ins a ghleann orm.. agus
nuair a bhí mé ar a rása.. 310 374. Lean siad é, agus char stad siad a' rása sin
gur chuir siad amach le binn é thoir i Ros Guill. 1170 472. 3. Ar an rása, (i ndiaidh a chéile?), is ceart duit a ghabháil go dtí'n roilig naoi
n-uaire má tá tú á dheánamh ins a' dóigh cheart ar a rása. 1835
261. 3. A fhéacháil rása, ag rás(le chéile), Rachad na mrá a fhéacháil rása.. agus
rachad na fir a dh'fheáchailt rása.. 1835 413.
*rása2, Treibh, sliocht, nuair a bhí mé 'mo luighe ar mo leabaidh.. rinn mé staidear ar an dream daoiní a dtáinic an fear thiar
díofa.. tháinic sé de dhroch rása daoine. 1538 89. Gheobhaidh
sé a mhatch ins na rásaí! "Duine a bhéadh tugtha
do throid—casfar duine ínteacht air a bhéarfas a sháith dó.1184 46. (nó
* rása1 )
*rascaire, Réice, "Duine greannmhar rascanta. A rakish fellow".
1184 155.
*rascánta, Réiciúil, Scoinn, "Bean chaol thanaidh cliste agus
achmair ar a cosa—rascanta ina bealaigh fosta". 1184 161. . Siamsálaidhe, "Duine rascánta atá i dtólamh
ag innse tórpaí agus scéalta gan dath. (Teilionn)". 1184 165.
*rásúr, Acra an-ghéar
chun féasóg a bhearradh, Fuair sé
rásúr ansin, agus bhain sé an fhéasóg de.. 1343 242.
*rata, "Duine caol crámhach gan mhúnadh. Rata ceart! (Teilionn)".
1184 155.
*rath, 1. Rath agus rathúnas, (gach saghas
ratha), fá choinne rath agus rathamhnas a thabhairt
ar a teach.. 1835 407. 2. Aon rath fear, (aon chúnamh fear, <rith?),
Ní a'n rath fear agamsa, "I have no help of men". 420
229.
*ráthach, Banc (sneachta),
ráth, go dtí go rabh ráthach sneachta
taobh thiar de. 1185 642. chuaidh sé isteach
in ráthach sneachta agus ní rabh fhios aige go rabh an ráthach a chor 'a bith
ann agus chuaidh sé síos faoi'n tsneachta.. 1791 104.
*rathúnas:*rath
*ré, Ar nós na ré,
(ar nós cuma liom),
.. Bhí na sean-chailíní an-chráibheach.. ach bhí an deárthair.. ar nós na
ré. 1578 68.
*réabach, Fíochmhar,
stoirmiúil, go rabh oidhe ruadh
réabach réaltógach ann. 472 715.
*réabghealach, Oíche
réabghealaí, (.. ré gealaí, le lán na ré), Bhí oidhche réab-gealaighe ann agus é ag
ceó-báisteach. 1185 222. Oidhche réab-ghealaighe.
472 226.
*reacht, Coiníoll, aithne, d'fhág tú mar racht orm-sa a theacht chugat.. agus in diaidh mé a theacht chugat.. níl
tú ábalta labhairt liom. 1791 167. chan fhiú dhath
báirní ag Féil Pádraig. Níl a báirneach maith go dtigidh an fomhar, ná d'iarr
sé orthu gan a mholt a mharbha, "agus mise", adúirt sé, "go
loinniúr ar an chreig"—sin racht an fhomhair. 1835 239. ff. acht.
*réalta, Suaitheantas i
bhfoirm réalta, bhí na réulta ar a bhrollach, agus é mar bhéadh rí óg 'na fhear
uasal. 1184 470. (<armas?)
*réaltóg, Réalt Caithfidh tú innse domh amárach cá méad réaltóg atá
ar an aer. 1185 13.
*réaltógach, Lán de réalta, go rabh oidhe ruadh réabach réaltógach ann. 472 715.
*réam, Cumhacht, réim, béidh an réam uilig agat-sa
duit fhéin. 1184 237.
*réaman, *réamán?, Fáslach beag mar bheadh sail liath ann?eascairt?, coirce a bhéadh 'na shuí i mála agat agus é
cineál ar bith de fhliuchlach a fháil toiseochaidh na réamain a theacht amach
as.. 1835 231.
cf. ramallae fgb.
*réice, "Duine siubhalach nach fada a
chomhnaidhe i n-áit ar bith.
Wanderer". 1184 155.
*réiteach, Réiteach suas,
(feabhsú), Bhí cuid mhór de thalamh
garbh ag m'athair, agus chá rabh bomaite ar bith le spáráil aig nach mbíodh sé
ag iarraidh a bheith a réidhteach suas.. 1185 115.
*reithe, Reithe an bhuailte,
inneal déanta as sail trom adhmaid lena leagtaí
ballaí, dóirse i bhfoirgnimh daingnithe, bhí "ainmhí" leo—bhuaileadh sé isteach in éadan a'
toighe—reithe an bhuailte. 1791 59.
*réitíste, 1. Réidh, scartha le, tá mise reidhtíste de'n ualtach seo agus ach go bé
gur casadh thusa orm chá ngeobhainn réidhtíste dó a choidhche. 1184 236. bhí mé bréagh sásta
fagháil réidhtíste daobhtha ar chúig scilling an ceann. 1185
148. caidé
mar d'éirigh leis fágháil réidhtíste leis an chruit. 1185
413. d'fhiaffruigh
sé dófa an dtórfad siad duithi mac. Dúirt seisean go dtórfadh le fághail
réidhtighiste duithi. 311 272. 2.Scaoilte
(as cruachás, géibhinn), Bhfuil tú sásta rud ar bith a dheánú fa
choinne í sin a ghághail réidhtighiste.. ? 311 268.
*rí, An Rí, (Dia), dubhairt sé leis an rí ádh a chur air ins an am a bhí le teacht. 1184 398.
go n-amharcaighidh an rí ar an t-é a rachas isteach
ann. 1184 522. (go bhfóire Dia..). D'iarr 'se annsin a gheall ar a'
Rí a chuir amach as amharc. 310 308. (..ar son Dé..).
..agus go ndeánaidh an Rí mhaith ar Dhr. Shields
tháinic sé.. 1791 79. (..go ndéana Dia trócaire ar..). go gcuiridh an Rí an t-ádh
ort. 1791 391.
*riabhach, Níl an bhó riadhach beirthe ach seachtmhain.. 1185 471.
*riail, Bóthar iarainn, Bhí an riail á leagan thart
siar annseo go h-Ailt a' Chorráin. 1185 133. go deachaidh an
riail fhad siar.. 1185 145.
*riaraiste, Fiacha cíosa gan
díol ar an sprioc-lá, bhuin sé
barraidheacht riaraiste dona teanóntaí.. 311 516.
*ribe, 1. chuaidh mac an rí
isteach is amach ar feadh na naoi n-uaire agus char tionntoigheadh ribe air. 1184 482. (..rinne sé gan stró,
gan bhárthainn é). 2. a bhéathadhach gasta
leis,agus ní bhainfeadh an ghaoth ribe daoithe nó ise ribe dó. 472 278. (Bhí sí
chomh gasta sin ar na cosa!).
*ribeach, Guaireach,
gruaigeach, fear beag ribeach ruadh.. 1185 307. chasadh fear beag
ribeach ruadh dó. 1185 334. (coinbhinsean
anseo ag tagairt do leipreachán). ".. féachfaidh
mise cor leat anois." arsan fear bheag ribeach ruadh. 1153
130.
*ribeog, Luid, giobal, chá mbéadh ceann ar bith acú (capaill) gan
ribeog dhearg a bheith crochta anuas ar chlár éadain—ba leis a droch amharc a
shábháil a bhí sin. 1185 380. ba ghrách leo cineál de ribeogaí dearga a bheith acu ar na
caoirí fadó shin agus d'fhuaighthí an ribeóg sin isteach in olann na caorach.. le í shábháil ar throm ná ar thinneas ná i bháitheadh ná
mharbha le madaidh ná aon dhath eile.. giota de
bháinín dhearg a bhí ins an ribeóg seo. 1835 406.
*ribín, Stól, chuir an sagart an ribín agus choisreac sé an
t-uisce.. 472 57.
*ribleachán, "Fear fada fallsa go maith". 1184 155.
*ricí :
*ruaiteach
*rideal, Criathar, bhí rud acu a dtugad siad riddeall air..agus sé'n cumhdach a bhí ar an rideall seo craiceann na
caorach.. 1835 48.
Ní thiocfadh sé amach fríd an rideall.. 1835 49.
*righin, 1. Taosach, ramhar, nuair a bhainthea-sa do ghiota den bhrachán agus bhí
sin go maram an dóigh chéanna a mbéadh bachta móna bhí sé comh righin sin.. 1791 213. 2. Ceanndána, Righneálaidhe, "Duine righin atá doiligh a chur
de'n dóigh s'aige fhéin bíodh sé ceart nó contráilte". 1184
155. Seangán: "Duine beag éadtrom gan mhaith a bhéadh righin go
maith ar bhealaigh." 1184 163.
*righneálaí, Righneálaidhe, "Duine righin atá
doiligh a chur de'n dóigh s'aige fhéin bíodh sé ceart nó contráilte". 1184 155.
*rigín, An fráma, cliath
de mhaidí i ndíon an tí bhí 'n t-sean-hailleach thuas ar rigín a'
toighe.. 472 164. ghreamuigh siad iad
fhéin do rigín an toighe.. 418 94. Ní fheicim-sa..deor
i dtaobh a' toighe, agus ní fheicim deor ins a' rigín.. 1791
636.
*ring, Fáinne (gearrtha
sa talamh),
craisín a fhagháil coisricthe agus ring a dheánú thíos ag an lán mhara. 311 189.
*ríonn, Teannann, chá gcluinfeá ach: tarraing!
tarraing! go righead siad an
rópa sin mar bhéadh rópa cnáibe. 1185 200.
*rírá, Tá sé ar a' rí rá. "Tá sé ar
meisce". 1184 36.
*rite, *ritiste, 1. Ard, crochta,
deacair a dhreapadh, Nuair a bhí sé
a' teacht aníos faoi'n teach an áit a rabh malaidh righte go maith.. 1185 25. 2. Caite,
ídithe, bhí a chuid airgid raithte
aige agus smaoitigh sé go n-imreochad sé an
beáthadhach agus cárr. 472 448. Tá mealldar na
bliadhna anuraidh reaithte, agus leoga t' eagla orm go bhfuil fíonogaí ins a
ghríodán agus char mhaith liom a thabhairt dó dhuine ar bith. 1170 398. ..bhí an bhiotáilte raithte. 1538 100. Bhí deireadh caite
rithtiste aige. 420 215. Bhí gach fuile chineál raite i Mí na Beáltaine. 1835 130.
*ritheann, (a.bhr. rachtáil, rathaidh, rithint)
1. Tiomáineann, (cóir iompair), Bheárfaidh mé cúig phunnta duit.. má riteann tú fhad leis an
chladach mé leis an bhád bheag.. dheánfainn do
rachtáil ar i bhfad níos lugha.. 1184 240. a rithint baraí ó'n mhixer isteach ins na footins.. 1791 369. 2. Sileann (othras, créacht etc. ), cos atá aige atá a rachtáil.. 1185
367. An t-é a mbéadh a chluas a
rachtáil deireadh siad nach rabh léigheas ar bith a bfheárr..
1185 391. Bhí an fhuil a rachtáil amach as mo leis. 1184
254. 3. Ritheann (amach as),
(úsáideann an chuid deireannach, tá
siad 'na ngabhannaí agus tá siad raithte amach as iarann..
472 26. tá muid
raithte amach as ádhbhar teineadh.. 427 27. tá mo chuid airgid
raithte. 1032 2.
4. Ritheann dáta.. (téannan
t-am thart..), Rith dáta ar an Mhaoil
Ruaidh go dtí go rabh sé trí scór bliadhain nó b'fhéidir níos mó. 472 49. 5. Ag rachtáil air, (ag maireachtan
air), bhí an t-airgead uilig ag an
bhean fána choinne agus bhí sé a rachtáil ariamh anall air. Ní rabh fiachadh
air ariamh an tír a fhágáil. 1579
200. 6. Ag rathaidh ar intinn.. (ag smaoineamh air..), Thomhais sé.. an rud a bhí a rathaidh ar m'intinn aréir agus tá sé comh
dóiche le n'athrú go ndeánfaidh sé an rud céanna ar maidin.. 1538
9. 7. Stileálann, bhí siad indéidh dúbláil a
reachtáil agus leig siad a' teinidh síos agus achan seórt. 311
572. 8. Riarann,
stiúraíonn, Rialtas na Sasan.. iadsan
a bhí a rachtáil na dtoighthe seo. 1791 57. 9. Leánn
síos 'na lacht,
Rith siad é mar rithfeá aon rud dá gcuirfeá síos ar a' tinidh anois go dtí go
dteárn siad geir de. 1835 289. Nuair a thiocfadh an
phicilt ar an dúlamán rithead sé é agus ansin nuair a bhéad sé tamallt maith
ansin d'éireochad 'se cruaidh. 1835 346. 10. Rite ina chéile, (leáite ina chéile, imithe ina phluda, ..iomaireacha
móra leathan.. Bhí siad sin comh leathán le páirc thalaimh, agus chá rabh deor
fhearthanna dtuiteadh as an aer nach gceapad siad, agus eadar sin agus leas
fairrge bhí an talamh raithte isteach ina chéile, agus nuair a ba cheart dó
bárr a theacht air chá dtigeadh a dhath ach moll lustáin agus súilín buidhe. 1074 6.
*ríúil, Ag baint le rí, is furast aithne ar a gcosamhlacht go bhfuil
pór ríoghamhail ionnta. 310 305.
*ró, Rang, líne, caithfidh tusa do chuid fear uilig a fhágáil in ródh
go bhfághaidh mise buille de mo chamán anuas ar mhull na cloigne ar achan fhear
acú.. 1184 453.
cuir do chuid fear 'na seasamh annsan 'n ródh
go bhfághaidh mise craic orthu. 1184 454. Rachadh cúig cloigne déag 'na ródh ó'n
teinidh amach go dtí'n doras.. 1185
180. Tá bádhbhdhún mór thart ar
an chaisleán sin a bhfuil ródh spící ann.. 1185 238. Bhí teach
de'n t-sean-deánamh acú mar bhíodh ag gabhail an uair
sin, a raobh áit ródh eallaigh ann i gcionn a' toighe. 1170
61. ró
indiaidh ró eile.. 1835 207.
*robálann, Baineann seilbh
de dhuine le fórsa, mí-mhacántacht,
an rud nár éirigh airamh damh.. tá
mé rubáilte. 310 366.
*robaire, Robálaí, bhí beirt fhear a' cunntas airgid ag an tábla.. Rubairí a bhí 'sa bheirt. 1185 33. Cé bhí ann ach a pedlear agus tháinic na rubairí air. 472 703.
*roc, 1. Clais, log, Tá na daoine a dhéanamh amach ó shoin na ruicí atá
ar a tráigh go b'iad na ciceannaí a bhí Mac Oisín a thabhairt do'n lán mara a
d'fhág na ruicí sin ann.. 418 56. 2. Tonn
bheag, corraí ar uisce, mar go rabh ricí beaga ins an
uisce ins an am ar shioc an loch ní rabh moill ar bith orainn siubhal.. 418 264.
*rochain, ?Fearg, Bhí cineál rochain orm, "bhí fearg orm". 420 219.
*ródadh, *ródach, Fuiliú (mar
leigheas), Ródadh, ".. Quacks ag gabhail thart.. a baint fola as láirgeacha daoine.. Ródach
adeirtear d dTeilionn". 1184 96.
*rógoiste, I rógoiste, (i
réim, in úsáid), Gad, "lúb de
shlait saileoige ar ghráthach.. féidhim
a bhaint aistí i gceangal eallaigh sula dtáinin an turnwheel i ró-goiste."
1184 52.
*róidín, Scuaine (ag
imeacht i ndiaidh a chéile), Tamallt
eile 'na dhéidh sin, thainic a' cheud cionn a thainic isteach, isteach agus
scadán mór leis ana bhéal agus aníos ag taobh na teineadh..
agus thoisigh'n róidín acu (cait), thart annsin
cómh tiuth 's thiocfadh le cionn a theacht gur fhág siad oiread scadán istuigh
.. 311 319.
*roimh, 1. Roimhe, (ar a
bhealach, ar shiúl dó), Bhí sé
a'léigheamh roimhe, "He read as he walked". 420
265. bhí
siad uilig a pósadh rompú fríobhtha fhéin agus creidim nach rabh sin maith
deánta. 1185 204. (..
ar aghaidh, gan cosc..).
*roinn, Déileáil, bhí siad láidir agus ba chuma leis na péas mórán fá
roinn ar bith a bheith acu leofa.. 1579
200. Shíl mé go deachaidh na madaidh 'sa roinn. "Shíl mé gur briseadh suas an margadh. Lanamhain a bhéadh le pósadh agus a rachadh
duine acú ar a dtóin ins na groithe." 1184 43. Ní raibh
roinn ná rae agam leobhtha, "ní rabh baint ar
bith agam daobhtha." 1184 51.
*roinneann, Roinneann thart, (tugann amach
ina choda cothromaidir daoine), chuirthí gráinín
siúcra ar sin, agus rannthaí
thart sin ar gach fuile dhuine.. 1835 321.
*róinseach, Duine críon caite, Fil:, A shean-róinseach críonta a shiubhail na
seacht dtíortha.. 472 432.
*rois, Scata le chéile, Tharraing sé anuas rois mionna mór an an t-é a bhí
annsin.. 1185 280. tháinic
"rush" aca amach agus d'imthigh siad indiaidh an bhunaidh.. 310 327.
*roiseann, Stracann,
steallann, Bhíodh na
méara roiste díobhtha fhéin ag iarraidh a bhéith a baint an t-salachair as an
chothan. 1185 200.
ní rabh léab fola nó feóla oirthí nach rabh
roiste scaoilte síos léithe. 472 151. tharraing sé scian
amach as a phóca agus rois sé mála an airgid ruaidh.. 472
361.
*roithleacán, Roithleacán rotha, (casadh
timpeall ar nós rotha?), rinn sí roileacán
rotha thart ar an choinnleoir le cur i n-iúl do'n
námhaid go rabh daingean láidir rómpú astoigh. 1538 108.
*roithleán, Rud a chasann ar
acastóir, mar chompás, roth, Tabhair
leat a chros sin.. .. agus
cuir isteach .. ar chipín soithigh—tá fhios agat
cineál de roithleán de rud é sháitheadh thart—cas thart.. í
trí uaire.. 1835 257.
tabhair leat an chros sin agus déan roithleán
daoithe.. 1835 259.
*ronsa:*runsa
*ronsach, Ronnsach, "Duine caol árd, cruaidh
achmair go maith".1184 157. recte
runsach?
*rollann, Déanann unfairt,
casadh timpeall, ar an dtalamh,
Thoisigh sé á rollacadh fhéin .. fríd
an chlábar. 1184 281.
chuaidh sé suas go bárr a' ghárraidh agus rolla
sé anuas.. 472 317.
tionntoigh an bairille agus rollaidh go dtí 'n
t-ór..472 333.
*rollóg, Ceirtlín snátha, an rollóg a leigean siar comh tuigh is a bhí sí
ábalta.. 1185 326.
*ros, Síol féir, Bhí mórán conamair féir agus ros orthú. Bhuail fear acú an
fear eile le n-a láimh go dtí gur dhostáil siad seo d'á chéile. 1185 506.
*rósadh, Róstadh, Ba ghrách leofa iarannacha a dheánamh fá choinne
rósadh éisc orthu agus ba ghrách leofa iarannacha a dheánamh fá choinne bruith
aráin. 1791
42.
*rosantóir, Duine as na Rosa, Bhí na Rosanntóirí an-mhaith leis na bataí fosta.. 1791 247. bhí
na Rosanntóirí agus muintir Chloichcheannfhaola.. 1791 247.
*roth, *rotha, 1.(Ag gabháil) ar rothaí, (go maith as, saibhir), Chuir sé siopa ar bun ann agus bhí
sé héin agus a bhunadh ag gabhail ar rothaí go lá a mbáis 'na dhiaidh sin. 1538 55. Thóg sé
teach mór agus bhí sé héin agus a bhean agus an gasúr
ag gabhail ar rothaí. 1538 61. 2. Cuilithe, chuaidh sé (iomghaothach) ó sin síos 'na farraige, agus deir siad go rabh sé a deánamh rotha den
fharraige 'áréir mar bhí sé ag gabháil. 1791 340. 3. Cearcal, dheánfad siad rotha i lár an bhealaigh mhóir le bárr a
mbróige. Bhéarfad siad thart bárr a mbróige ar an bhealach mhór.. agus dheánfad siad cineál de
rotha agus dheánfad siad cros astoigh i lár a' rotha sin agus chaithead siad a
bheith 'na seasamh astoigh ins a'rotha sin.. 1835 311.
*rotharú, Tiomáint ar rothaí?, dheamhan ar mhiste duit rud ar bith a
rotharú, ná tú héin siúl air (loch reoite) ná gluaisteán ná rud ar bith
a chur treasna ar sin, chá rabh sé ag gabháil a bhaint stangadh amach as. 1791 102.
*rua1, 1. Airgead rua,
(boinn copair nó boinn de dhath donn-rua),
an méid airgid ruaidh a gheobhad sé chuirfead sé ins
a' mhála eile é. 472 360. tharraing sé scian amach as a phóca agus rois sé mála an
airgid ruaidh.. 472 361. thosuigh sé a
chruinneadh an airgid ruaidh. 472 361. 2.Fíochmhar, stoirmiúil,
go rabh oidhe ruadh réabach réaltógach ann. 472 715.
*rua2, (Ain., As seanscéal faoi Cholmcille:) Deir Sé nach luath a rathann an ruadh reatha agus a
ghruaidh ar dhath na drithle, fhad agus mhairfeas an
ghrian datamhail ní rachaidh fial og h-Ifreann. 472 51. (cf. "Is fada a leanas an ruaidhe.. " cfat sv. ruaidhe)
*ruacan, Cardium edule,
gruán, Chualaidh sé go rabh neart
ruacan i d'Tráigh Aonach .. 472 533. spád a bheith leis
ún trágha agus poll a dheánamh agus go bhfuighead sé coruigh ruacán ar íochtar.
472 534.
*ruagaire, Ruagaire reatha, "Duine gan rath a bhíos ó áit go h-áit". 1184 157.
*ruaibheac, Friofac, An murú, "gleás marbhtha bradán.. ar dhéanamh forc ach gur trí
beangláin atá ann.. Tá ruadhbhic ar na beangláin cosamhail le
dubhán." 1184 94.
*ruagach, Ruagaire, Fil:, Cé
tharluigh ins an ród damh ar ruagach de'n bhuachaill dheas dhonn / Ruaig sé
aníos 's anuas mé agus fuair sé mé ro-throm.. 472 251.
*ruagadh, Fiach, a ruagadh breac ar na
srutháin. 1185 350.
*ruagán, Gaoth láidir, Ruagán gaoithe, " Puff
of wind". 420 214. Tig ruadhagán i gcomhnuidhe sa Mhárta, "tig aimsir chruaidh fhuar de ghaoith lom
anoir". 1184 14.
*ruaig, Geábh, cuaird
reatha, bheireadh sé ruaig 'na chruic.. 1185 258.
*ruaigeann, Fiachann, leanann :
*ruagach
*ruaim, 1. Dorú, slat iasgaireacht ruaim
agus dubhán agus baoití. 472 724. 2. (Gan) r.
ná dubhán, (gan dada), sin a bhfuil a
ghléas beo ag a bhean seo mise agus anois níl ruaim nó duan aicí.. 472 335. Bhí Sir Réamonn fágtha gan ruaim gan duan.. 472 361. 3. Gan ruaim gan racán, (gan dua? dada?),
Las sé teinidh gan ruaim gan racán an rósfá bric agus bradáin uirthi.. 1538 15.
*ruaineog, Cloch bheag trá? (logaimn?), chá rabh a'n fhear ariamh ar na ruaineógaí.. 472
394. Tarraing siad leó soir a
tarraingt ar na Ruaineógaí.. 472
394.
*ruaiseog, "Cailín beag giodalach". 1184 157.
*ruaiteach, Ruaiteach ricí, (gaoth
feannadach? cf. ruiceann cfat? Fil:), Ach á réir 's mar chuala mé ag loch na sgéal
/ Go bhfuil rúiteach ricigh' ann agus fearthainn chruaidh ann / Nach bhfuil
guth cuaiche ann nó ceileabhar éan. 310 340.
*ruam, Ruaim?, Brí, fuinneamh cf. Dinn "vim", Fil:, 'Sé do chur ins an uaigh go luath a d'fhág mise gan
bhrigh, / Gan mhisneach gan stuaim ach mo ruam bhocht ag imtheacht le gaoith.. 472 285.
*rua-reatha, 1. Ins na
rua-reatha, (ar chos in airde),
d'imthigh ins na ruath-reatha agus ins na fátha fásaigh..
1170 408. 2.
dubhairt sé na focla seo le Colm Cille: "Is
luath rachas an ruadh ratha 'sa ghruaidh ar dhath na drithle.. 1170 432. (is tapa a
thréigeann an dath sa ghrua atá dearg anois.. ?)
*ruball, 1. Eireaball, Bhí mé ion-churtha
leis an chat, nua a bhéad sí a' bualadh a rubaill ort a feitheamh le braon
bainne. 1185 54. (.. á
chimilt féin id choinne..; i.e. bhí mé agsúil le bronntanas éigin). na ruible a gheárradh do'n eallach.. 472
157. 2.
An ruball leis..
(an dainséar thart),
Shíl sé go rabh an ruball leis annsin agus nach dtiocfadh dadaidh ina bhealach
níos mó. 3. Ag
cruinniú ruible,(ag bailiú aguisíní, ag méadú leis an
insint), is cuma cé'n scéal a rachas
taobh amuigh de theach ar bith.. níl sé a cailleadh
dadaidh leis an t-siubhal. Tá sé i gcomhnuidhe a cruinniú ruible ar an bhealach. 1185 513. 4. Ruball a shúl, (stracfhéachaint), thug an rí
ansin ruball a shúl suas..1538 113. tugaidh sé ruball a
shúl síos gleann a bhí ann agus tchí sé eadar é agus léigheas solas beag gorm..
1538 117. 5. Baineann an ruball
den Domhnach, (oibríonn déanach Dé
Sathairn isteach sa Domhnach?,
A bhean udaí thall a ghoileas go brónach / Is minic a bhain tú an ruball de'n
Domhnach. "Déarfaidhe seo.. fá
dhuine a mbéadh an-strácail aige ag obair agus a mbuailfeadh pian nó tinneas nó
rud ínteacht é.. " 1184 23. 7. Mheasc tú do ruball in achan teach. "Thug tú
cuairt ar níos mó nó an teach a rabh do ghroithe
ann." 1184 35.
8. Tá ruball fada orainn,
"tá bunadh mór daoiní againn atá scabtha go maith ar fud na tíre." 1184 38. 9. Baineann anruball dó,
(déanann cúlchaint air), "duine
atá i dtólamh a cainnt fá ghroithe duine ínteach eile—go minic a baint an rubaill dá chomhursa." 1184 117.
*rud, 1. Sort duine, tá fhios agaibh goidé rud an
Dálach, an rud adeárfas sé béidh sé deánta. 472 718. 2. An rud nach..(bíodh is nach..), Nuair
a bhí sé ag gabhail thart ag teach a'choibleára -- an rud nach rabh se ariamh
taobh astoigh de'n doras ann scairt sé isteach. 1185 541.
*ruibhseach, Roimhseach, "Drochbhean. A harlot". 1184 155.
*rúide, Ruthag, Caithfidh mé rúide a ghlacadh le seo a léimint. 1184 405. thug sí an rúide
amháin agus chuaidh sí glan thaire na seacht míle. 1184 405. le a'n rúide amháin
rachaidh mé glan thar an bhádhbhdhún. 1185 240. "is deas do
léim a ghaiscidhe." "Is beag a' dochar damh sin a bhean udaí, .. agus ocht míle dhéag a
rúide liom!" 472 294.
*rúineach, "Duine aosta ciothramach
creapáilte." 1184 157.
*rúisc, Cuid mhada an
rúisc, (gnó gan dealramh),
Sé cuid mhadaidh an rúisc dó a ghabhail ann. "Sé thug an siubhal gan
ghroithe. Badh é an dol le groithe é." 1184 51.
*rúitíneach, "Duine nach mbéadh achmair ar a
chosa—na sála íseal agus bárr na gcos in áirde!".
1184 157.
*rúm, Seomra, Bhí room mór ann agus bhí sé lán óir uilig go léir.. 472 243. cuireadh síos 'na
room é agus rinneadh réidh a chuid dó.. 472 545. bhuail sí a ladhar
ar cheap dhoras a' room.. 310 19. rinn a mháthair
sráideóg dó'n t-sagart i gcóirneál a room. 310 336.
*rúnaí, Duine ná
sceitheann rún, Rúnaidhe, "one
who can keep a secret", 420 229.
*runsa, *Runga fgb,
(a), Rungsacha, "ribs of a currach". 420 245. (b), barra i
ngreille bácála, ghlacadh an t-arán a
bheith cruaidh go maith ins a dóigh nach rachad sé síos fríd na ronnsaí seo.. 1835 319.
*rúpach, "Bean gan náire, a harlot, a
slattern". 1184 157.
*rúta, Préamh, .. an
rúta a bhí ar an ghas searbhán. 1835 179.
*rútáilte, Rútáilte amach, bainte amach
(as na préamhacha), shíl sé
nach mbéadh crann ins an abhaill nach mbéadh rootáilte amach as.. 11 383.
*ruóg, Eireaball
snáithe, córda beag, d'iarr sí air (fíodóir)
an oiread seo rudhóg a thabhairt daoithe—sin na brainnsí beaga snáth a
gheárrtar de chionn an ghréasáin. 1185 189. na rudhógaí a
thabhairt don t-seanbhean.. 1185 190. Ruadhóg, "cord on outside of door for
opening it." 420 264.