. An Gréasán
Gaeilge
©
"A
World-wide Word-Web of the Irish Language"
Cnuasach Conallach
A Computerized Dictionary of Donegal Irish
a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v
S
Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus
"Find" agus cuir réiltín roimh an
fhocail e.g. *ábhar etc
*sábháil, Slánú, "Sábháil Dé orainn!" 420 215.
*sabhán, Cleath, Bhain sé dhá shabhán maide sa choillidh.. 1538
104.
*sabhráil, Déanamh níos
alcailí, géarú (< "sour-"), bhí
poll mór abair amach os coinne an bhalla agus casán beag aige, -- acu le
siubhal thart fa'n teach an áit a rabh siad -- ní rabh'n stoc acu—a' souráil
abair ann, a géurú abair ann.. 311 594.
*sac, Briseadh as post, bhí mé á deánamh go dtabharfdh an fear a bhí ós mo
chionn an sac domh.. 1185 141. go rabh
fhios agam go maith nach dtiocfadh leis an sac a thabhairt dom. 1185 145. Dá bhfághadh duine an sac san obair.. 1579
231.
*sacadán, "Duine beag daingean láidir, a stout
burly person". 1184 159.
*sacaire, Fear saic?, Is iomaidh sin lucht siubhaill ann, a bhean a'
toighe / Bhidh lonnairí, langairí, gingirí geangairí / Saicirí, sacairí,
priocairí, brocairí, / Léim láir, gearr-chailleach / Tónlach Samhraidh agus mrá
tincleára.. 1170 21.
*sách, Sách i gcéill,
(ciallmhar, lánstuama), "Ní rabh
sé sáthach i gcéill, nó iomlán céille aige.. " 1184 42.
*saicire : *sacaire
*saidléar, Úmadóir, imtheacht anois chuig an sadleáir agus miosúr an
bheathadhaigh a fhagháil.. 1185 144.
*saighead, Piseog: Urchar
draíochta lena mbuailtear ba ag na síóga,
Thuiteadh clocha anuas as an spéir fada ó shóin a dtabharadh an tsean-mhuintir
saghaid orthu, agus nuair a chaití bó amuigh ar an chroc—nuair a scaoileadh an
an mhuintir bheaga urchar le bó.. 1578 81.
*sáil, As a shála, (ina
dhiaidh), As a shála sin.., "on
the heels of that." 420 239.
*sáile, Uisce goirt na
farraige, a'n uair amháin a rachas an
lán mara thart tá an tobar sin é héin ábalta é héin a ghlanadh - sáile a chur
amach as an tobar.. 1835 237.
*saileog, Saileach, ag bun toir saileóige duibhe.. 1185 643. Gad, "lúb de shlait saileoige ar
ghráthach.. féidhim a bhaint aistí i gceangal eallaigh.." 1184 52. chan fhúigfead siad craiceann ar bith ar an
tslat shaileoige seo ach í geal uilig go léir. 1184 426. cuid acú ins na toighthe gan fuinneóig nó
doras ach croiceann na caorach agus sgiath saileóige. 1074 14.
*saill, Ábhar bog aigéideach,
cuid den neamhthrua i bhfeoil a stórálann fearasbarr fuinnimh; blonag, geir, Tá an olainn agus an tsaill a bhí innti.. 1791 105.
*sailleann, 1. Cuireann
ar salann, mharbh sé mart agus shaill
sé é.. 472 714. 2. Dá mbeitheá saillte i Sasanaigh thiocfainn-se i dtír.
"Is cuma cá mbeitheá dheánfainn-se cúis bhréagh gan thú. Thiocfainn i dtír
dá mbéadh scraith ghlas buailte ort.1184 51.
*sáimhín, 1. Sáimhín
aithreach, (rud a bhéas ina chúis aithrí, aiféala) Dheánfaidh tú
sáimhín aithreach ort fhéin. .i. Dheánfaidh tú geárradh ort fhéin a bhéas
nimhneach; nó dheánfaidh tú rud ínteacht a mbéidh tú buaidheartha fá dtaobh de.
1184 52.
*saith, Fiolún saith,
(goiriní teasa a thagann amach ar an chraicinn), an luibh a d'fhúigfead siad 'na ndiaidh.. bhí sin ar
léas folún-soith comh maith agus a mhothaigh tusa ariamh.. an rúta a bhí ar an
ghas searbhán. 1835 179.
*salach, Char bhfada salach é. " ní rabh sé i
bhfad". 420 216. Ní rabh siad i
bhfad salach, "they weren't long". 420 233.
*salann, Salann gasta,
cineal de leasú tacair?, ní rabh
salann gasta ag gabháil , agus ní rabh dhath ar bith ag gabháil ach leas na
trá. 1791 55. nuair nach rabh salann
gasta ná dúanó ná aon dhath le fáil acu, ba ghrách leo a ghabháil síoa agus an
scoith bhuí seo a chruinniú. 1835 125.
*sáldrálann, Táthaíonn le
chéile le teas agus sáldar, Is
doiligh fideal a dheánamh, ach chaithfead siad trifle páirteannaí a fháil agus
solderailfead siad seo sua i gcionn a
chéile. 1791 47.
*samhlaíonn, Ofrálann, Níor shamhail sé deor leis, "he didn't offer
him a drop". 420 260.
*sampla, Sompla, "Duine bocht fágtha a bhéadh
'n dhíol truaighe". 1184 260.
*samsaí, *samhsaí, Tréan-oibrí, "Fear a oibrigheas go cruaidh agus ar cuma leis
ceocú atá sé ag cur nó 'na thuradh. (Teilionn). Tá an focal céadna ag bunadh na
gCruach .. ach ..Samsuidhe adeir siad". 1184 159.
*santaíl, Santacht, Fil:
Fear gan chéill a bhéadh a dréim le piginn spré le n-a sháith a mhraoi / Go
mbfeárr liom gan bó agn caor ná sanntaoighil a' t-saoghail. 472 140.
*saoiríneacht, Saoirseacht,
obair thógála, Bhí sé a glanadh amach
an dubhshraithe le ghabhail a shaoraoineacht . 1170 35. bhí lámh mhaith aige ar an t-saoirsíneacht
fosta agus bhíod sé leis nuair a bhíodh sé ag gabhail dó na toighthe móra
seo.1170 447. ba ghrách leis a bheith ar
siúl a saorsíneacht: chuirfead sé isteach fuinneógaí..1791 409.
*saoisteog, Suíochán íseal, shuidh sí arais ar a suidhisteóg. 1185 468.
*saoithiúil, 1. Taitneamhach, Is iomaidh bainis shaothamhail a chonnaic mé agus
gan am ann an uair sin leath comh maith is atá ann anois. 2. Aisteach, greannmhar,
Tá sin saoitheamhail.. a rádh go bhfuil tusa a troid le céad bliadhain agus tú
a rádh liom-sa nach mbéinn ábalta troid lá amháin.. 1184 464. Nach saoithiúil.. an notion atá in do chionn
tusa a bheith a' teacht chugam-sa nuair a bhéas tú marbh. 1791 166.
*saoiríneacht, Obair mar shaor
cloiche, Chuaidh sé a shaoríneacht an
lá seo.. 1185 581.
*saol, 1. Sfh:
An té a thiocfas 'un tsaoghail agus a bhéal faoi fágfaidh sé an saoghal agus a
cheann faoi. "An t-é a thiocfas 'un t-saoghail mar seo (a aghaidh faoi,
bunoscionn) is léar le bunadh Thoraigh go mbáidhfear é." 1184 90. 2. Glúin
(daoine), Trí shaol, "three
generations". 420 240.
*saolta, Ábharach,
cúramach faoi neithe ábharacha,
Dhéanfaidh sé pighinn de'n leith phighinn, "..fá dhuine atá an-chríonna,
saoghalta." 1184 48.
*saoltacht, Gnóthaí saolta, Nuair a bhí Seónaigh ar an tsaol seo cha rabha ag
cur bhuadhartha air ach saoltacht agus sainnt. 1578 72.
*saonta:*sóntach
*saothraíonn, Sfh:, Is mairg nach saothruigheann an baile. 1184
55. má bhaintear leas ceart ar buntáistí cois baile níbheidh gá dul in
imigéin.
*sáraíonn, Téann thar
(aois), Nuair a sháraigh sé deich
mbliana, "when he crossed ten years". 420 250.
*sásta, (B.c.
sástaíocha), (oiriúnach, cliste), an
rud is sástuigheacha duit a dheánamh réidh.. bligh sáspán beag ó'n bhó
riadhach.. agus tabhair isteach chugham é.. 1185 471. Ní rabh crainn nó clocha le fághail agam agus
chonnaiceas damh gur sin an rud a ba sástaigheacha. 472 272. tá dóigh shásta agst a cur suas cruitheacha.
472 369.
*scaball, Píosa éadach a
chaitheadh duine ar chúiseanna reiligiúnda,
Thoisigh an cath ag an bheirt agus an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a
tabhairt achan uile tuaim dó achan uile áit ach an áit a rabh an scaball. 1791
480. bhí an scaball aniar ar a dhá
ghualainn, giota de thiar agus giota de i bhfos.. 1791 480.
*scabard, Truaill, Bhain sé a chlaidheamh amach as a
scabard..1538 102. bhí claidheamh
astoigh in a scabart seo.. 1791 238.
*scadán, 1. chá rabh ann ach é go rabh mé
sínte 'sa leabaidh go rabh mé comh marbh le scadán. 1185 361. (.. im chnap codlata). 2. Scadán caoch, (ainm mhagúil ar salann is uisce amháin mar
anlann le prátaí), 1184 96.
*scafaire, "Fear scafanta criodheamhail lán
misnigh agus aignidh. A hearty man a spruce fellow". 1184 158.
*scafall, 1. Struchtúr
sealadach chun obair ard a dhéanamh, D'órduigh
sé do na lámha na scafaill a tharraingt agus d'fhág siad an Gobán bocht thuas
ar an simileáir. 1184 373. 2. Croch, chuir siad
'na sheasamh an scafall.. agus chroch siad é.. 1791 211.
*scafánta, Láidir, misniúil, Scafaire, "Fear scafanta criodheamhail lán
misnigh agus aignidh. A hearty man a spruce fellow". 1184 158.
*scafóg:*scothóg, 1. Tonn
bhriste, d'éirigh an ghaoth agus
scafogái millteanacha ins an fhairrge, ó scafóg go scafóg to dtí gur líonadh an
currach air. 472 216. 2. Píosa, slat a ghearrtar de chrann, Chuir sé ceithre scafogaí slaite 'na seasamh ins an
áit a rabh súil aige an teach a dheánamh agus d'oibir sé lá ann. 1170 36. geárr sceafóg bheag de'n chrann, agus fág an
chuid eile do'n chrann 'do dhiaidh.. 1170 181.
tá scafóg de'n chrann liom.. 1170 183.
*scaif, Éadach cinn, Bhí blousannaí
déanta dó, agus bhí scarafaí cinn
deánta dó.. 1791 260.
*scaifte, Slua, d'fhiafruigh sé ce'n áit ins a' scaifte a rabh
Alaidín. 1184 554. Tháinic scaifte mór
fir uaisle 'na chaisleáin chuige.. 1184 577.
*scáile, Samhailt,
taibhse, 'Sé monuar mhillidh 's mo
chrádh nach bhfeicim do scáile a triall / Anuas le Mallaigh 'n t-Sliabh Bán nó
aithghiorra an mhám seo thiar. 472 488.
Bhí sé ábalta a scáile s'aicí a fheiceáil taobh amuigh den fhuinneog..
bhí sé ábalta an scáile s'aici a fheiceáil ag éirí in áirde ar na ballaí.. 1791
231.
*scailleagánta, Ard, tanaí?, Cailín.. Scailliogánta fada buidhe / Cuislí ina
súile, béim leathtaoibh ar a ladhra / Agus geárradh bróige ar a gurrún.. 1170
21.
*scaileog, Galóg.
Gailleog, ruainne, lán béil, Dúil mhór i dteinidh is i dtochas aicí / Agus i
scailleogaí tobaca, / Geárr ruball uirthí mar bhéadh ar fhigheadóir.. 1170
21.
*scailtín, Poitín te le im
agus siúcra, ..pandaí lán poitín,
..ar an teinidh, agus gnidhead siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus
sláman siucra síos air.. 418 230.
*scailp, Clais carraige, Tá scealpaí
mhór thíos ins a' chladach..mur rabh sé ábalta an léim a thabhairt
trasna.. agus á tabhairt arais ar chúl a chinn, nach gaisgidheach ar bith é.
1343 457.
*scáineachán "Duine caol ard an-mheaithte; duine mar
adeirtear ar beag nach bhfeicfeá an solas fríd." 1184 159.
*scaird, Sruth, buinne, sháith sé an scian inntí agus chuir sí sgáird fhola
amach ar an doras. 1578 59.
*scairdeán, théighead sé amach fhad le scárdán uisce..
go dtí go nighead sé an t-allus de fhéin. 1343 221.
*scairdeann, Tagann ina
shruth, thoisigh an t-uisce óir a
scáirdiú in áirde 'sa spéir.
*scairt, Glór choiligh, .. agus an coileach scairt a dhéanamh agus
an cat mí-ádh. 1185 34.
*scairteach, Glaoch, fógairt (deasghnách), A'n uair amháin a mbeadh an scairteach thart
chraithí an t-uisce coisreacadh orthú.. 1835 190.
*scairteann, 1. Glaonn, chaithí sin a scairtí trí huaire amuigh i gcúl a'
toigheagus chaitheamh an mhuintir a bhí astoigh freagar a thabhairt.. 1835
190. 2. Tugann cuaird,
Scairtfidh mé isteach annsin, agus.. iarrfaidh mé lóistín.. 1185 455. Ní rabh aon lá ná oidhche ar scairt sé
bealach an toighe nach rabh an sean-fhear comh maith.. 1185 475. scairtfidh mé síos.. agus buailfidh mé fuinneóg
do sheamra-sa ..tig leatsa an fhuinneóg a thógáil suas.. agus scairtfidh mé
isteach. 1185 506. Ní rabh macasamhailt
siopa ná dadaidh ann a scairtfeadh fear isteach ann. 1343 226. 3. Fógraíonn (cogadh),
Sgairt sé cogadh ar an bhomaithe ar dhá thaoibh an oileáin. 310 49. 4. Scairteann air, (brathann air), is iomaidh
mála a scairtigh orm / .. Mála an t-slinneáin, mála an bhuinneáin.. 1170
22.
*scairtint, A.bh.,
Scairteadh, glaoch, Nuair a tháinic
a' t-am ag an choileach scairtint. 420 230.
*scaitheadh, Imeacht-ó-chéile,
maidhm, Bhí sgaithteacha bochta
faoi'n dream a bhí astoigh nuair a chonnaic siad an marbhánach ag éirghe aniar
'sa leabaidh. 1170 408.
*scaitheann:*scoitheann, 1. Scoilteann,
baineann ó chéile, fuair sé greim
adhairce ar a' tarbh agus fuair Goll Mac Moirne greim ar a' taobh eile.. agus
tharraing siad a' bheirt—scaith sia a'tarbh ó lár a' dá adhairc go dí bun a
rubaill. 311 440. 2. Scarann, Bhí an
bheirt ag scathú le chéile, "parting from each other". 420 261. 3. Baineann
de dhiúl na máthar, d'éirigh an
searrach aníos go rabh sé na chliobóg agus nuair a scaitheadh ó'n mháthair é
d'imthigh sé.. 472 722. Bheadh na páisdí
seo scaithte ar feadh tamaill agus annsin leigeadh a máthair daobhtha á ndiúl
aríst. 1185 379. Duine a' bith a scaithtear
do'n chioch agus a théidheas a' diúl arais bíonn droch-amharc aige. 311
144.
*scaite:*scoite, 1. (Gearrtha
(go néata)) , tuairim ar dheich
bpionainneacha agus fiche.. de chothán dheas scaithte. 1185 200. 2. Iargúlta, Bhí sé comh sgaite
agus gur b'annamh a tharadh duine ar bith an bealach.. 1578 65. Bhíodh a gcuid cruinníocha thall is i bhfos
in áiteach scaite.. 1579 203. Bhí sinne
ár gcomhnaidhe annseo i n-áit sgaithte.. 1170 189. Bhí siad 'na gcomhnai i n-áit scaite—trí
mhíle ó theach na scoile. 1343 424. 3.
Aonaránach,
Duine beag sgaithte a bhí inntí ach má seadh fhéin bhí módh agus meas oirthí..
418 255. Bhí eagla orthú go mbéad siad
scaithte i ndeireadh a saoghail agus nach mbéadh duine ar bith á gcómhair..
1185 221.
*scála, Soitheach cosúil
le báisín, Rinn sí réidh é (dinnéar)
agus chuir sí ar scála dó é. 472 297. Chuir Séimín an scála ar mhullach a
chinn.. 472 298. Ní scálaí bracháin nó
méisigh cáthbhruith / A chleacht mo cháirde-sa i dtús a saoghail.. 310 321. Amharc..Faoi'n scála sin thíos.. Go bhfeice
tú an bhfuidh muid a dhath le ghlacaint leis a' bhrochán. 311 260. bhí fowl mór faoi'n scála.. 311 260. d'imthigh sé chuig scála bainne agus thug sí
braon do.. 311 319.
*scallachán, Gearrcach, fuaidh'n t-éan isteach ar nead agus bhí dhá
scallachán marbh uirthí.. 311 230.
*scalladh, 1. Adhaint
(sa chraiceann), an sugh a chumailt
leis an scalladh. 1185 394. 2. Ar scallaidh, (an-te ar fad), É ar scallaidh, "it is scaulding hot." 420
227.
*scalladóir, *scallaire, "Duine bearrtha ina theanga".
1184 159.
*scallann, 1. Tíorann,
bácálann, má bhíonn sé(císte sa
ghríosach) leath-scallta ar dhóigh ar bith dheánfaidh mé cúis bhréagh
leis. 1185 463. 2. Faigheann adhaint (sa
chraiceann) as gairbhe nó le ró-chimilt,
Bíonn an croiceann bog orthú (capaill).. agus scallann siad agus
milleann na coileáir iad. 1185 394. ..do
bheathadhaigh óga a scallfadh na guailneacha acú indiaidh tosú a threabhadh
leobhtha. 1185 394. 3. Aorann, cáineann, Níor mhaith leóbhtha a eiteadh ar eagla go scalfad
sé sa cheól iad.. 310 52.
*scallóid, Scollaid, "Bean atá tugtha do bhualadh
teangtha agus fosta a scapegrace girl". 1184 161.
*scallta, Suarach, Chaithfeá a ghabháil a thoghadh phréataí agus gan
agat ach scilling bheag scallta. 1791 62.
*scamhláil, 1. Scamhailéireacht, bhíod sé a sgamhláil ar stócaigh an bhaile a'
deánamh gur b'iad a bhí ag caitheamh uirthí.. 1185 363. bhí Brian agus a bhean a sgamhláil, agus cha
dteárn Brian ach breith ar a scian.. 1578 56.
bhí siad a' troid agus a' sgamhláil ar a chéile.. 311 118. 2. Bagairt, bhí tú a sgamhláil ar maidin agus 'ach fuile lá go
ndeánfá ar shiubhal leis na coiníní agus tarraing an spád anois ortha sin. 1170
47.
*scansáil, Achrann, d'innis sé dó fá'n bhunadh a bhí ag coinneáil troda
agus scannsala leis.. 1170 30.
*scaob, Taoscán cré, nuair a bhí an scaob dheirionnach ar an uaigh.. 1538
107.
*scaoileann, 1. Caitheann faoi le hurchar; maraíonn le urchar, go rabh eagla air go scaoilfidhe é indiaidh na
h-oidhche mar mhaithe le n-a chuid saidhbhris.. 1184 323. .. go rachad seisean amach .. leis an bhonara
agus go scaoilfeadh sé an gaduidhe. 1184 425.
léim sé amach agus scaoil sé bean aca..472 291. ..go dtí gur mhothuigh siad Carey scaoilte ar
bhórd luinge ag 'ul amach go dtí'n t-Africa. 472 428. 2. Cromann
ar rith, Scaoil Neart Mhac Neart agus
Cluas ar Éisteacht indiaidh an mhadadh uisce go dtí go bhfuair sé griem air..
1343 262. 3. Ní bheadh sé le scaoileadh ná le ceangal.. (ní bheadh sé
sásta le rud ar bhith ach.., Thuit Fionn.. i ngrádh léithe agus ní
bhéad sé le scaoileadh ná le ceangal mar rachthaidhe agus an bhean a iarraidh
dó. 1538 99.
*scaoilte, Lúfar, fonnmhar??, Fleascach, "diúlach óg scaoilte a
bhéadh leigthe le rud ar bith a d'iarrfaidhe air a dheánamh." 1184 127.
*scaoilteog, Veist báinín, Bhí scaoilteóg ar achan fhear.. Bhí an scaoilteóg
seo deánta mar bhéadh éideadh mrá ann. Dhá mhuinchille fhada air agus gan aon
chnaipe air agus sníom ar an toiseach aige agus é uilig go léir bán. 1185
196. Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta:
Bhi bríste bun builg air / Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd
dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian.
1170 433. Cha rabh dhathaair ach
scaoilteóg bháinín—rud a dtabharad siad veiste air gan muinchillí. 1791 269. scaoilteóg mhór bháinín síos chomhair a
bheith go dtí a nglúine, agus péire drás de'n éadach cheádna. 1074 3.
*scaoth, Scata, Thainic scaoidh de fhir bheaga air.. 472 435. bhí'n scaoidh thart ar Shéamus. 472 436. chuaidh an scaoith fhear thart agus Maolmuire
leo. 1538 72.
*scar, Ar scar ar bith, (pé scéal é), tá go leor a bheir ainm a' diabhail i bhfad
níos miniceacha ná bheir siad ainm Dé ar scar a' bith. 1791 466.
*scarann, (An t-am) a
bheadh lá agus oíche ag scaradh le chéile, (uair an mheáin oíche), go dtí go dtiocfadh an dó dhéag a' chlog an oíche
sin—nuair a bhéadh an lá agus an oíche a scaradh le chéile. 1835 379. go dtí go dtiocfadh an dó dhéag a' chlog an
oíche sin.. Bhí an oíche agus an lá a scaradh le chéile an uair sin. 1835 428.
*scártha, Feannadach,
stoirmiúil? Ní ligthí duine ar bith amach an t-am sin. Bhí sé
scártha á ligean amach. 1791 28.
Scarthach , "stormy". 420 245.
Seo í an Aoine scárthach bhrónach / 'Sí seo an Aoine a shiltear na
deora.. 1791 277.
*scarthacht, "storm". 420 245.
*scárthaíste, Scártha
(cf.Dinn), drochlabhartha le buile,
Tá an tinneas daoithe anois.. agus í scáraoiste, agus má tá a dhath contráilte
siad na péas a dhíolfas ar a shon. 1185 61.
*scarthannach?, Cailín a bhithear a phósadh Dia Luain, agus
ní rabh sí sasta de'n lá. Seo mar dubhairt sé é: An Luan cingéiseach , an
Mháirt Scathrannach, an Cheadaoine Choimseach, Diardaoin Dálach, agus fanfaimid
go dtí amarach—Dia hAoine. (Sean-chaint). 1184 22.
*scáth, Ar scáth.., ((má
tá) i muinín..), Tá siad 'na dtroscú
ar scath ar ith siad, "They are
fasting (I may say) for all they ate". 240 226.
*scáthlán, Both dídin le
aghaidh oscailte, Bhíonn aghaidh na
sgathlán uilig soir. Is cosúil gur anoir a thigeadh an námhaid. 311 17. Bhí sagairt ar a seachradh agus iad a'
léigheamh Aifrinn ag scathláin bheaga in
áiteacha uaigneacha. 311 79.
*scáthrúil, -thúil, Dorrga, gruama.
Fil:, Bhí an spéir go scáthrúil agus an ghaoth ag séidiú. 1791 164. "Tá cumadh," adeir sé, íontach
scáthúil ortsa!" "Agus .. ar mhaith leat mé fheiceáil mín?" 1791
499.
*sceadamán, Scórnach, mar bhéad sí ag gábhail á buaileadh suas ar a
sceadamán.. 1184 404. bhuail sí buille
fill air sa sceadamán.. 1184 467. thug
gearrfhiadh léim agus greim sceadamáin ag easóig air.. 1185 73. nuair a fuair seisean í ag ithe leis na
circe.. sháith sé síos ina sceadamán í.. 472 82.
*scailp:*sceilp
*scéaltóir, Scéalaí, mise an scéaltóir.. is feárr a d'innis scéal
ariamh.. 472 320. Ba é an scéaltóir fir
é a b'fheárr.. 472 412.
*scealb, Scealb na bhfiach,
(rian feola a phiocfadh fiach de chnámh), Ní raibh scealb na bhfiach orthu, "they were very
emaciated". 420 226. Ní fhágfadh
barraidheacht tae scealb na bhfiadh ort. 1184 26.
*scealpaire, "Duine a itheas go craosach; Duine atá
tugtha de rudaí a sciobadh gan bhuidheachas as do láimh. Deirtear: Ná déan
scealpaire duit fhéin!" 1184 159.
*sceamhlaí, Meamhlach, go gcualaidh siad písín a sceamhlaighe amuigh ag an
doras. 1185 331.
*scéardálann, Scairdeann, scéardáil an fhuil amach.. 1184 265.
*sceidín, 1. Rúta,
bun gais (phrátaí), Bhí préataí
bréugh ar na scidíní an darna bliain. 311 21.
2. Práta
suarach, creachán, thug sé
dornán beag scidíní fuara dó agus braon do bhláith lóbhtha.. 311 353.
*sceilit, Samhailt duine
tanaí lom, sgeilid do mhac a samhailt
comraidheadht duine.. 311 450. níl rud
ar bith ábalta an t-sainnt a chur síos.. ach a' bás agus sé'n sceilid a' bás.
311 451.
*sceilp, Aill, áit a rabh sceilp an eallaigh air thíos ar bhárr na
Rannacha Ruaidhe, agus maram go rabh an sceilp sin.. amuigh is astoigh ar
cheathair ná cúid 'e chéadtaí troigh ar airde,agus.. an fharraige a teacht
isteach ag bun.. 1835 326.
*sceilpín, Giota beag, Gheobhadh gach fuile dhuine sceilpín beag den fhuil
sin.. 1835 85.
*sceitheann, Titeann,
maidhmeann, D'oibir an t-uisce faoi'n
talamh gur sceith a' talamh, agus tháinic a' talamh uilig go léir isteach ins
a' lag a bhí faoi.. 1791 306. Chuala mé
an tsean-mhuinntir a rá go rabh iarraidh eile fadó shin ar sceith stiall mhór
amach as taobh an Earagail.. 1791 307.
*scian, (cf. séideóg), " Mise an diabhal.. " , arsa seisean, ag
cur scian ins na builg, "Agus is mé a chuidigh leis.. " 472 337.
*sciar, Cuid, roinn, chan fhuigheá a dhath de sin ach do sciar agus nuair
a gheobha do sciar dó chaitheá 'theacht leis. 1835 202. Níl a dhath bidh á bhfuil anseo nach bhfuil
tusa ag gabháil a fháil do sciar do.. 1835 245.
*sciath, Cliath, cuid acú ins na toighthe gan fuinneóig nó
doras ach croiceann na caorach agus sgiath saileóige. 1074 14.
*sciathán, 1. Géag
na láimhe (ón ngualainn anuas go rosta),
Caithfidh tú fhéin síneadh orthú tá do chuid sciathán fada.. 1184 374. leis an chraitheamh láimhe a rinn sé leis ní
rabh ann ach é nár tharraing sé an sciathán amach as.. 1185 593. Tá sé thuas ins a chórtha mhór.. gabh thusa
suas is tú is fuide sciathán, crup síos agus tóg aníos é. 472 713. dá dtabharad sí an lámh dó an oíche sin
bhéadh an lámh leis go dtí an sciathán. 1835 316. 2.(Go drochmheastúil), géag láimhe bhasctha mhíchumtha,
go rabh an sciathán s'aige anois chomh mór le n-a chorp. 1184 419. Bí an fáthach mór seo 'na luighe i gcionn
a'toighe agus bhí sciathán millteanach air.. 1184 420. 3. Sciathán
de'n fharraige, (góilín), Lean a seabhac
an lach go dtí go rabh siad ós cionn sciathán den fhairrge.. 1343 262.
*scil, Sligeán?, I mbéal na scile. 420 231.
*scileágó lú, Anlann d'uisce agus salann a
chuirtí ar phrátaí um Charghais, ba ghrách leo an
rud a dhéanamh a dtabharad siad an skilágó-lú air agus shuigheadh 'ach fuile
dhuine acu thart fán phota.. Salann agus uisce a bhí ar a' phota! Salann agus
uisce a bhí ar a' phláta agus ba sin an rud a dtabharad siad an skilagó-lú air.
1835 343.
*scineálann, Creachann,
baineann deireadh airgid de, nuair a
ba ghráth leis na gasraí a bheith pitcháil craipí móra, bhí baicle acu ar
bhaile amháin agus bhí siad a' pitcháil leófa ach skináileadh fear acu. 311
328.
*scínteachán, "Duine beag caol tanaidh nach mbéadh
ann ach na súile." 1184 161.
*sciob, Fuair sé sciob air, "he managed to
snatch it". 420 266.
*scioball, Scioból,
shuidh sé ins a scioball.. 472 304. ..chuir siad isteach thuas ins a scioball í
agus ghlasáil siad an scioball. 1791 80.
*sciobann, Preabann,
éalaíonn go tapa, Chaith sé dó na
croicne, sciob sé amach .. 472 557.
Nuair a mheas an gaduidhe go rabh an rí giota maith ar shiubhal ó'n
teach sciob sé isteach ar an doras agus suas an staighre leis. 1170 413. Sciob sí amach go formhothuighthe agus
chuaidh sí síos go dtí teach an ghárrantóir.. 1538 97.
*sciobtha, Sciobtha
scuabtha, (néata, gan timheal), bhí'n
scioball mór glan amach sciobtha scuabtha go dtiocfadh leis an rí a dhinneár a
dhéanamh amach ón urlár.. 472 191. teach
sciobtha scuabtha aca agus craos bhréagh theineadha thíos. 472 553.
*scioll, Gan scioll, (gan
pioc feola, meathlaithe), d'fhágfadh
barraidheacht tae duine gan scioll. 1187 26.
"Duine caol ard nach mbéadh scioll ar bith ar a chrámha". 1184
111.
*sciorta, Píosa
deireannach (e.g. eireaball), sé'n
t-amharc deireannach a chonnaic siad ar a (capall agus marcach) sciorta
ag 'ul thart ag coradh bealaigh mhóir. 472 363.
*sciúradh, An-ghlanadh, ní
le huisce etc., Bhí obair leis an
bháinín fhéin indiaidh é a bheith deánta le n-a sgiúrú. 1185 187. Char mhaith le daoiní snáth gan sgiúrú a
thabhairt amach.. 1185 190.
*sciúrann, Lascann, d'imthigh sé 'na coilleadh a bhaint slaite a
sciúrfadh tóin Murchaidh Bhig. 472 535.
*scláta, Slinn, chá rabh ar an bhaile ar tógadh ann mé ach dhá
theach sclátaí.. 1185 199. chá rabh
teach astoigh 'san áit nach rabh sclátaí air. 1185 199. Tóg
siad cuid de na sclátaí go bhfach sé go rabh bealach isteach aige ann.
472 332.
*scodaí:*scútaí
*scodaíocht, Scodaidheacht, "galavanting, running
around". 420 245.
*scoil, Scoil cártaí,
(gasra ag imirt cártaí), ag imirt
cúig fichead thall is i bhfos i n-áit ar bith a mbéadh scoil chárdaí. 1170
394.
*scoilteann, Scoilteann bia,
(blaiseann bia, caitheann béile),
Rinn bean a' toighe réidh greim bidh dó, agus bhí sé dhe dhith go cruaidh air
de bhrigh nár scoilt sé an biadh ó am luighe an oidhche roimhe sin. 1170
423.
*scoinn, Scaoinse fgb?, "Bean chaol thanaidh cliste agus achmair ar a
cosa—rascanta ina bealaigh fosta". 1184 161.
*scoith:*scoth
*scoith- : *scaith-
*scolb, 1. "Fear
cruaidh nach ngoillfeadh anrogh nó obair air." 1184 161. 2. Scolb ná
scéal, (tuairisc ar bith), ní raibh
scolb nó scéal aicí goidé 'n dóigh.. 472 103.
cha gcualaidh an t-athair scolb ná scéala fá dtaobh daoithe.. 1343 252.
*scolbáilte,Gearrtha timpeall
ar an bhfáithim i bpátrún eangach isteach is amach, péire brístí air a bhí scolbáilte ins an íochtar..
472 40.
*scolbaire, "Duine caol árd bréagh
feiceálach." 1184 161.
*scor, Ar scor ar bith,
(ar aon chuma), go rabh an scuab ag
gabháil a bheith suas le dhó ná trí throighí ar airde a scar a' bith. 1791 42.
*scór, 1. Cúis,
"Caidé 'n scór, " adeir sé, "a n-innseochtha domh-sa gur b'í seo
an tachrán. 1184 258. ní rabh dúil acu an bainne ná na huibheach a thabhairt
uatha ar aon scór. 1835 401. 2. Ar scór, (ar chúis, d'fhonn), fuair sé léine úr.. dó ar scór é imtheacht ar
maidin.. 1184 319. tá a súil ag an
chailín sin ar an rí óg ar scór á thabhairt ar shiubhal.. 1185 93. Chuaidh sé amach ar scór a ghabhail treasna..
1185 488. chuaidh sé a chur, agus ar a'
scór sin b'éigean domh stad.. 1170 32.
*scoth, 1. An
chuid is fearr, tús a' phota, Bhí'n
sgaith againne an uair sin.. ní rabh agaibh-se ach a' chramhóg. 310 19. 2.Scoth an chlú, (dea-ainm,
deatheist), má bh í tusa go maith do'n té a bhí bocht bhéarthaí scoith a
chliú duit.. 1791 63. 3. Scoith bhuí, (scoth bhuí fgb), Thiocfadh an ghaoth san am sin agus an géarmhach ar
an fharraige agus chuiread sí isteach an rud a dtabharad siad an scoith bhuí
air—leathach mór garbh.. 1791 55. ..go
dtógad siad an chréafóg a bhí 'na luí i mbun na díge.. agus chuirthí seo in
áirde ar an iomaire ar mhullach an scoith bhuí seo.. 1791 56. a bhaint duibhleathaigh agus scoith bhuí fá
choinne an talamh a leasadh.. 1791 335.
*scothóg:*scafóg
*scotbhach, "Guffaw"
fgb, Thainic a' scotmhach agus a'
tárfach agus a' gárda tréun-lámhach.. 311 72.
a' scotmhach, "a' magadh". 420 245.
*scraith, 1. Píosa
d'fhód bairr agus féar air, Bhainthí
giota de scraith agus leagthaí ar a dhrom a chéad uair í. 1791 161. 2. An
scraith ghlas, (scraith na huaighe),Thiocfainn
i dtír dá mbéadh scraith ghlas buailte ort. 1184 51. (..dá mbeifeáfaoin
bhfód). 3. Bochtanas Scraithe Glaise,
Níl bochtanas ar bith is measa nó bochtanas scraithe glaise. "..fá dhuine
a bhéadh an-bhocht agus nach leigfeadh an náire dá a dhath a iarraidh nó a
chruinniú le fiúntas. 1184 87. 4. Scraithloinge. (tonn-ar-bogadh), They came to a scraith-luing.. 311 87. 5. Gan
scraith os a chionn, (gan teach),
d'ól siad amach é.. agus chonnaic mise iad sin .. gan scraith ós a gcionn i
ndeireadh a saoil. 1791 86. 6. Scraith dhearg,(grís dhearg), .. tiocfaidh sin (ionglaid) amach mar bhéadh
bruth ann—Tiocfaidh sé amach ina scraith .. má mhothaigh tú iomrá ariamh ar an
scraith dhearg.. 1835 161.
*scramaí, Scramaire, "Duine árd anasta, a tall awkward
person".(Teilionn) 1184 161.
*scrataí, Scrataidhe, "Fear fallsa atá i dtólamh
saithte 'sa bhealach ag duine ínteacht. Fear a gheobhtha sínte ar a
shleas-luighe 'sa chlúid." 1184 163.
*scrathóg, Lamhnán, Bhí scrathóg muice in áit ínteacht fa'n teach agus
dhóirt sé an fhuil isteach inntí.. 1578 55.
*scréachán, "Duine a bhfuil glór árd géar
aige". 1184 163.
*screamh, Crústa, gearb
(ar chraicinn), cineál de screabh a
teacht amach ar na daoine, agus bhí an screabh seo ag ithe leis go dtí go rabh
giotaí dena gcuid feola ag titim amach.. 1791 140.
*screamhlachán, "Páiste a bhéadh i gcomhnuidhe a
caoineadh; duine a bhéadh i dtólamh a casaoid. 1184 161.
*scroglachán, Sgroglachán, "Duine a bhfuil mhuineál
mór fada air, agus atá deánfasach go maith ina chuid dóigheannaí." 1184
165.
*scruth, Screamh craicinn, ..ní raibh sé (páiste) comh láidir leis an
chuid éile. Tháinic scruth amach ar a chroiceann.. 418 255. thuit an scruth anuas 'na bhocsaí dó'n pháiste,
agus ó'n lá sin .. ní tháinic a'n dath scruth air. 418 257.
*scuaid, Scata, Scuaid mhór acu, "scaifte mór acu". 420
237. Scuaid páisde. 420 240.
*scuimhearannaí, Bleaigeardaí, cf. scuimhearaí, cfat, tá scuimhearannaí a teach anoise le
briseadh isteach.. 310 327.
*scuimhearacht, Bleaigeardaíocht, .. ar a
scuimhearacht atá tú dheánamh.. cuirfidh mise as a diallaid thú.. 310 363.
*scuiriam, (Cineál éigin
fir?), tháinic scuiriam fada buídhe
thart, agus chraith sé an féar faoi chloigeann an bheathadhaigh.. 1538 17.
*scúirle, Scúille, cailín
aimsire (is dócha, ach féach "sciuirse, duine lúfar láidir), Bhí scuirle de chailín óg dhóigheamhail nn..472 41.
*scuitseálann, Scothann,
glanann, bhainead siad anuas le taobh
a chrainn- scuitseálfad siad anuas é le corrán na le scian ná le rud éigin
eile. 1835 381.
*scútaí, Scútaidhe, "Cailín caol árd a bhéadh
ar bhárr na gaoithe agus ar mhaith léithe a bheith 'ach uile áit a mbéadh beirt
cruinn." 1184 163.
*sclábaí, Sclábhaí, "Duine atá i gcomhnuidhe ag obair go cruaidh
agus atá faoi ualach go síor, a slave, a wretch". 1184 161.
*scodaí, Scodaidhe, "Cailín beag dána
dí-múinte". 1184 161.
*screig, "*creig"
fgb, Bhí Colm Cille a'n am amháin a
teacht trasna ar abhainn ag taobh sgreige. 472 60. ba ghoirid go dtáinic siad fhad le sgreig
mhór. D'fhoscail doras ar an sgreig.. 1170 193.
*scríobadach, Rian scríobtha,
tochailte, chonnaic sé sgríobadach
ann san úr agus fuair ceig cúig galún ann.. 311 320.
*scríobán, Clár agus poill tríd chum bia
a bhriseadh mion, Bhí an
boxty deánta le scríobán ná ba ghrách le cuid acu na lámha a scríobadh daofa
héin. Ní rabh a dhath ins a scríobán ach poill uilig go léir.. 1835 319. Ba ghrách leo scríobán a thabhairt leo agus
rachad siad a scríobadh an bhoxtín.. 1835 360.
*scríobann, Bearrann, 'na bhuachaill bhréagh ruadh agus é scríobtha glan
suas. 472 127. Thug sé leis a rásúr agus
scríob sé a leiceann anuas.. 472 560.
*scríodán, Scairdeán, ruaig
reatha, Thainic sé ar scríodán a
chorp ar an rotha. 1184 45.
*scrios, Craiceann,
clúdach, Thainic sé fhad leis a'
mhraoi a thainic isteach ón'n fhairrge agus fuair sé greim ar a scrios abhí fa
dtaobh duithe a coinneáilt tirim ó uisce nó go dtéidheadh sí ins an fhairrge,
bean do chuid na fairrge. 311 448.
*scriosán, Scriosán
éadaigh, (culaith éadrom), Chruinnigh
sé scriosán éadaigh i gcionn a chéile agus d'fhág sé slán ag an athair agus ag
an mháthair.. 1538 94.
*scríste, Scíth, sos, Char iarr mise ar bhuachaill a dhath a dheánamh go
ndeánad sé a scríste.. 1184 498. Glac do
scríste agus gabh a luighe.. 1184 508.
d'fhág sé síos an cliabh go ndeánad sé an scríste deirionnach. 1185
25 nach dtabharfad siad cead dó suídhe
ar carraic go ndeánfad sé a scríste. 1538 30.
*sé, Sé pingne, (réal - an
*sea, Cainéal, deán, bhí sea mór uisce ann—dán mór uisce.. D'imthigh sí
síos ins an uisce agus thainic sí aníos agus bradán in achan láimh léihi. 311
361.
*seá, Sábh, Thug sé seagh leis agus chuaidh sé amach 'na
coilleadh agus gheárr sé buailtín.. 1184 344.
Chonnaic sé seagh crochta in áirde ann.. 1184 500. tuaghannaí agus seághannaí a fhágháil.. 1185
519. thug sé isteach an seágh.. agus
gheárr sé na ceithre cosa do'n chliobóg. 472 368. .. sé'n dóigh a rabh an iog
seo deánta amach acu, bhí sí deánta amach acu mar tchífeá béal seágh ann. 1835
288.
*seabhait, Seo dhuit.., Seamhait an stáca seo.. bhris maide faoi'n
chómhnair thiar udaí.. 472 247. Seamhait
anois iad, agus pioc do chara 's Críost amach astú sin! 472 274. Seamhait a Róise, a chailleach agus caith do
sháith dó'n phíopa sin.. 472 484.
*seachbhóg, Chun
seachbhóige, (chun donais, lagachair),
Má mhaireann an aimsir seo rachaidh an t-eallach 'un seachbhóige. "ní
bhéidh ionntú ach an croiceann agus crámha má mhaireann an droch-aimsir,
rachaidh siad 'un tógála le díoghbhail fodair." 1791 16.
*seachnadh, *seachaint, Ar a sheachnadh,
(ar a choimeád), Bhí sagairt ar a seachnadh
agus iad a' léigheamh Aifrinn ag scathláin bheag in áiteacha uaigneacha. 311
79. D'imigh m'uncal-sa ansin ar a
sheachnú fríd a' tír.·1791 238. bhí sé
sin ar shiúl ar a sheachaint.. ó theach go teach.. 1791 244.
*seachrán,(Gan) seachrán sa chás, (gan)
dabht, ceist ar bithmaidir le..,
Bhail ná bhíodh seachrán sa chás ort.. is mé tá sásta do ghlachadh mar chéile..
1538 100.
*seachránaí, "A wanderer, a rover". 1184 163.
*seacht, (Mar uimhir
treise), Bhail a chiacais o! .. tá sé
ag cur na seacht n-íontas orm..1184 556.
bhí a sheacht n-oiread eagla air.. 1185 12. rinn sé a sheacht sáith gáiridhe arais. 1184
317.
*seádaí, Seádaidhe, "Duine a bhíos a siúbhal
leis féin ó áit go h-áit go h-uaigneach, a rambler. (Teilionn)". 1184 163.
*seadaire, "Duine gan mhaith nach fiú trácht
air." 1184 163.
*seadú, Locadh, Tá caoirigh Ghlinne doilig a sheadú.
"tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit
amháin".1184 95.
*seal, Turn, sea, bhíodh fir agus mrá a portaidheacht ar a seal.. 1185
174. bhé 'n luí ins a' phríosún agus bhí
duine i gconaí ar a sheal á choimhead. 1791 234.
*séala, 1. Comhartha,
fianaise, níl mórán séala ar
d'aghaidhe go bhfuil tú a biseadh.. 472 474.
dfhúigfinnse séala ort.. nach dtiochaidh bhaint duit go brách.. 1791
473. 2. Ar an séala, (ar an chúis),
ní bhfuigh tú an bhean is óige uam-sa ar an tséala gur mhór an truaighe do
leithéid 'e bhuachaill a chur amudha léithe. 1578 20. teach maith comhnaí a mbéad sé ábalta
strainseáir ar bith a thiocfadh an bealach a choinneáil.. agus ar an t-séala
sin níor mhaith leis an áit a bhí aige a chailleadh. 1538 94.
*sealaíocht, Déanamh
uainíocht ar a chéile, D'iompar siad
an clog aníos go dtí teach Dhónaill Boyd, agus iad a sealaidheacht ná bhí meádhachán trom inntí. 1538 88.
*sealbhán, Scata (le
chéile), " an focal coitchiannta
sa cheanntair seo ar scaifte daoine. " 420 290.
*sealgaire, "Duine sean-chríonda eolach a
n-éireochadh leis rud ínteacht a fhághaíl nuair a shárochadh sé ar 'ach uile dhuine
eile. " 1184 163.
*seamaide, Rud lag gan bhrí, nach rabh aicí ach naoi seamaidí gamhna / Agus naoi
ngamhna baineanna a diúl ortha.. 1170 20.
*seamair Luibh an t-Seamair Muire agus is léar le
daoiní go snámhann sí i n-éadan an t-srotha. 1184 91. + > *snámh.
*seamróg, An tseamróg a fhliuchadh, (an
Pota Padraig a ól), ..nár
cheart do fhear ar·bith an lá a ligean thart gan an tseamróg a fhliuchadh. 1835
266.
*sean-, 1. An
(rud, gníomh) is fearr, Níor chaith
mise a'n urchar ariamh nár mhaith liom mo shean-urchar a chathamh.. 472
27. ..mur nach dtug mé a'n uallach
ariamh liom nár mhaith liom mo shean-uallach a bheith liom..472 28. nuair a thig ar a' t-sean-chailligh gnidh sí
sean-rith! 472 226. Ní scálaí bracháin
nó méisigh cáthbhruith / A chleacht mo cháirde-sa i dtús a saoghail / Ach
sroite aráin agus sean-im láidir.. 310 321.
Scairt sé leofa sean-árd a chinn déanamh ar a son héin. 1538 102. 2. De réir áirimh an tseanfhéilire (12 lá níos déanaí ná féilire
na linne seo), Déarfa mé tá Oíche
Shamhna anocht ann. Bhail seachtain ón oíche sin araist bhéarfa siad Sean-Oíche
Shamhna air.. 1835 72. dá gcuiread sé
Oíche Shean-Samhna ná Oíche Samhna Úr ná sneachta ná sioc ná gaoth ná aon dhath
a bheith ann.. 1835 87. ..go rabh níos
mó draoidheachta agus pisreógaí ag gabháil Lá Beáltaine Úr..ná bhí ag lá
Sean-Bheáltaine. 1835 123. Ba ghrách leo
an dóú lá déag a dheánamh do Lá Sean-Bheáltaine.. 1835 123. 448.
*séanaí, Píosaí briste gloine, deilfe
etc., a mbíodh leanaí ag sugradh leothu,
Shílfeá mar adeiread siad héin gur séanái a bhí ionntu (luibheanna seo).
1835 122.
*sean-aimseartha, 1. Seanchríonna,
ciallmhar dá aois, bhí sí bréagh
sean-aimseardha .. agus d'fhiafruigh sí de caidé ádhbhar a gháire.. 1184
317. Blagadán, "fear óg
sean-aimseardha.. 1184 105. "Duine
sean-aimseardha críonna; páisde a bhéadh ró-shean-aimseardha d'a aois".
1184 181. 2. Ró-ghlic, cabanta,
"Cabánach, cabadán, "Duine cainnteach sean-aimseardha a mbíonn a shoc
sáithte aig i seanchas 'ach uile dhuine—oireadh le rádh aige agus go bhfuil
fuath ag daoiní air dá bharr." 1184 111. 3. Stuacach, ceanndána, neamhspleách,
tá sé 'na bhuachaill mhaith ionnraice agus 'na oibrigh mhaith, ach bhí sé
íontach sean-aimseardha agus chá ndeánfad sé a dhath dá n-iarrfainn air. 1184
503. Bhí an buachaill eile a bhé iom-sa
go measardha sean-aimseardha.. agus d'innis sé dom go rabh sé ag gabhail 'na
bhaile. 1185 118. nach sean-aimseartha
an mhaise do chrochaire dó do mhacasamhail a leithéid sin a rádh liom-sa. 1538 130
*seanbhaile, An bhfuil sibh a gabhail a dheánamh sean
bhaile don scéal..? 1184 72. (i.e. paidir chapaill, rud a bheifí de shíor ag gabháilt do).
*seanbhuachaill Seanbhaitsiléar, : seanchailín
*seanchailín, Seanmhaighdin,
bean gan phósadh, bhí sean-bhuachaill
agus cupla sean-chailín 'na gcónaí thuas anseo .. Bhí na sean-chailíní an
chráibheach.. ach bhí an deárthair.. ar nós na ré. 1578 68. Ar ghrách leofa diabhlaidheacht a dheáamh ar
shean-bhaitsileoirí agus ar shean-chailíní Oíche Inide? 1835 324.
*seanchasc, 1. Comhrá, Thuit sé 'un seanchuisc léithe.. 418 256. 2. Béaloideas, Tobar Shorcha a beirtear ar seo, agus tá móran
seanchuisc ins an cheanntar ag baint leis. 418 254. 3. Ag cur seanchaisc, (ag cur eolais, tuairisc),bfhéidir
nach n-aithneochainn do theach caidé d'ainm dá mbéinn ag cur seanchaisc fá
dtaobh díot? 1185 641. Chuir sé annsin
seanchasc fa dtaobh do Gholl.. 311 49.
tá mise ag cur seanchais agus a'cuartú duine ar bith a gheobhadh dadaidh
de'n t-seórt. 1343 231. 4. Teanga, níor
bh'uallach dó dhuine dá mbéad sé i n-innibh an dá seancusc(Gaeilge agus Béarla)
a chanamhaint. 418 228.
*seanfhód, Na seanfhóide,
(sean-áitreabh), go rabh sé comh
maith agat fanacht ins na sean-fhóide a rabh tú ann go mbéadh an Corgas thart.
1835 358.
*seanfhondúir, Sean-áitritheoir, Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh
agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil
fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172.
*seangán, "Duine beag éadtrom gan mhaith a
bhéadh righin go maith ar bhealaigh." 1184 163.
*seanlá, Seanlá aonaigh, an dara lá aonaigh,
lá aonaigh níos fearr[?]
Roimhe seo bhíodh lá aonaigh aca, agus bhíodh sean-lá aonaigh aca lá thar na
bhárach.. 472 262.
*seanlámh, Duine seanchleachtaithe, bhí John thall bliantaí i roimhe—sean-lámh
thall—eolach go breá ar achan áit. 1791 376.
*seanleasú, Leasú ná beadh
úr ná friseáilte? (Ní hé an leasú is fearr atá i gceist), sean-leasú agus canthúr go leór a chur amach rith a' Gheimhridh, ach
bhí an talamh chomh marbh amach ag an obair seo agus nach rabh sé ábalta bárr
ar bith a thabhairt.. 1074 6.
*seanléim, Ar a sheanléim,
(ar ais i mbarr a shláinte), nuair a
bhéad sé óltaí acu naoi maidin go rabh siad a deánamh go rabh siad ar a
sean-léim. 1835 158. comh lua agus
d'íosfad siad an t-arán seo.. bhí siad ar a sean-léim. 1835 202.
*sean-oíche : *seanShamhain
*seantalamh, Talamh a bhfuil an mhaith bainte
as le húsáid agus ceal leasaithe, chá rabh an
sean-talamh a bhí acu ábalta bárr ar bith a thabhairt. 1074 5.
*searachán, "Searracháin " córdaí ceangailt
faoi na glúna." 420 212.
*seargann, Críoníonn
(maide), Scoilteadh sé dá gcuirfeá a
dh'obair ró ghasta é (buailtín) agus dá fhad a ligfeá dó sin mar a
bhfheárr a shearacfad sé. 1791 40. Nuair
a sheargochad sé bhí sé comh casta agus é lán cránraí beaga agus bhí sin
an-doiligh bhriseadh. 1791 41.
*searrach, Searrach gorm, (sórt taibhse
farraige?), Chonnaic mé
searraigh gorma amuigh annsin.. ins an Mhaol Ruaidh. Tig siad ar fhis (ar
ais?) agus seóltaí thuas acu mar bhéadh bádaí ann. 311 39.
*seasamh .. go gtiocfadh leisean Éire a chur 'na
seasamh i gceithre uaire fichid. 311 161. ,(..éirí amach a spreagadh in
Eirinn).
*seascair, Compordach, léinidh mhaith sheascair the a fháil dó agus
péire drás.. 1343 242.
*seascán, Áit bhog, riasc, bhí seascan mór ann.. agus na bollógaí .. go
dteachaidh siad i n-abar sa t-seascain.. 472 31. tá seascan mhór bhog ann agus caithfidh tú
bealach a dheánamh treasna.. 472 271. Both-Chruithneachta
atá ar seascán i nDruim na h-Átha. 311 15.
448.
*seasta, Sásta, seasmhach, An té a mbéadh an mhin agus gráinín préataí
aige shilfead sé a bheith seasta. 1170 394.
*séibheáil, Bearradh le rásúr, bhí deártháir
duith' 'shaveál 'sa room agus mhoithigh sé'n truisneach i bhfus agus nuair a
thainic sé aníos, bhí sí 'na seasamh ag an dreisiúir.. 311 53.
*séideán, Séideán sí, (gaoth obann láidir a
mheastaí síóga a bheith innti; < séideán sithidh?, "A séideán sídhe is the fairies shifting from place to
place. You should throw clods after it". 311 153. tháinic an séideán sí seo a ba mhó a tháinic
agus thóg sí an méid tuighe agus rópaí a bhí ar a' teach seo.. 1791 91. glórthái an tséideáin sí. Bhí na sidheógaí ar
shiúl leis an ghaoith seo, agus mhoitheochtha an ceol aici agus an tuaim a ba
deise a mhothaigh tú ariamh.. 1791 91.
tháinic rud air mar bhéadh séideán sídhe ann agus chaill sé an bearad..
1835 432.
*séideann, Shéid an
greadadh aige, (d'éirigh, thosaigh..),
shéid an greadú aige a' bualadh an arbhair. 1343 221.
*séideog, 1. Puth
anála, gaoithe, d'fhág sé dorchadas í
le séideog a chuir sé ar an choineall. 1184 505. bhí 'ach fuil fhear acú a' cur séideóige as
agus ní thiocfadh leat comórtas ar bith a thabhairt dhó ach go díreach mar
bhéadh tarbh bóird! 1185 572. Bhí bugle
beag 'na shuidhe ar a' tábla agus rug a' fear.. air agus chuir sé séideog ann..
311 443. chuirfead sé naoi séideogaí
isteach i mbeál an tachráin sin.. 1791 172.
2. Gaoth i mbolg (chun tine a
shéideadh) Cuirfidh mise séideóg ins na builg agus déarfaidh mé gur
mé an diabhal as Ifreann.. 472 337. 3.
Rois cainte,
.. dá mbéinn gan aon scéal, chumfainn fhéin scéal agus is bréugh an séideog é
sin. 311 282.
*séidte, Séidte sotalach,
(lán d'uabhar, d'éirí in airde),
"Giodróg, "cailín beag séidhte sotalach; cailín a béadh ar bharr an
gaoithe" 1184 131.
*seiftíonn, Solathraíonn, cuir triple airgid amach faoi'n doras, agus cead
aige a ghabhail agus seifteadh dó fhéin. 1185 81.
*seilbh, (Stoc,
únaeireacht), Choinnigheadh Seán
seilbh caorach.. 1185 257.
*seilg, Cuardach, Ar sheilg slatacha, "on the lookout for
rods". 420 233.
*seirbheálann, Seachadann fógra
(go dtí), ..iad a fhágáilt i dteach
eiginteach nach rabh serváilte. 311 161.
*seisear, Sé chinn (rudaí), Fear a dhíolfadh pighinn, 's fear a dhíolfadh beirt
agus fear a dhíolfadh triúr agus fear a dhíolfadh seisear.. 472 398.
*seisreach, 1. Céacht,
fearas treafa, bhuail sé rap dó'n
phosta ar na sean-chaiple, agus chuir sé isteach ins an t-seisreach iad.. 418
71. chuir sé isteach ins a' tseisreach í (ollphiast).. 418 72. Ní rabh ag gabháil san am ach seisreachaidh
beathaigh. 1791 373. (céachtaí capaill). 2. Camchéachta, is
cuimhneach liom fhéin é, ar na Cearbaigh, ar a' t-seisreach, agus ar slat an
cheannaidhe agus an dá réalt a éirigheas ó dheas. 472 696. tá'n tseisreach orthú-san ná tá siad íontach
cosúil le seisreach nuair a amharcochas tú orthú a scar a bith. 1791 118.
*seileog, Seile, chuir sé sileóg ar a choineall agus chuir sé an
choineall as. 472 57. Thainic a' diabhal
agus chaith sé sileóg 'sa dabhach.. 311 42.
*seo, Úd, áirithe
(drochmheastúil), tháinic an bhean
seo ar mo chúl.. 1184 415. an cailín
maith seo.. 1184 417.
*seod, Cloch luachmhar, caidé a bhí ann ach an t-séod a ba deise ar leag a'n
nduine ariamh dúil air. ní bhéadh aon chur ag an chuid a ba dheise den ór leis.
1343 228.
*seol, 1. Seál, nuair a chuiread
siad sin na seoltaí amach ar a gcionn thoisighead siad ar an chaoineadh a ba
truaghcanta a mhothuigh duine ar bith ariamh.. 1185 181. Bhíthear a' siabadh an t-seóil de'n leanbh
agus chá rabh pionna brollaigh ar bith aicí a choinneochadh an seól ceangailte.
1185 353. 2. Ar sheol na braiche, (go sona sásta, gan díth ar bith),
Chuaidh sé suas an staighre an áit a rabh córtha mór a bhí lán óir, agus
d'imthigh sise ar sheól na brath agus
d'fhág sí slán acú. 1538 51. 3. In aon seol mara, (in
aon réim reatha), Chuaidh an bheirt
acu (marcaigh) trasna naoi dtráigheannaí in aon seol mara, agus nuair a
chuaidh siad trasna ar an naoieamh tráigh ghlac Maolmuire na páirceannaí chuige
héin.. 1538 75. 4. Deaghiúmar, sonas,
Bhfuil seol maith ort? "Bhfuil tú go maith?" 420 212. Ní rabh seól ar bith orm, "ní rabh
sreang ar bith orm". 1184 46.
*seoladh, Aistear, bealach
(go dtí), d'fhág mise.. agus tá mé ar
an t-seóladh agus tá luthghaír mhór orm gur chas tusa domh.. 1185 260.
*seoltóir, Mairnéalach, an seórt bean a bhí aigesean, bhí seoltóirí agus
'ach fuile chineál—tá mise a deánamh go n-imeochad sé le seoltóirí agus go
n-imeochad sí le 'ach fuile chineal.. 1791 486.
*seon, Seon na Fírinne,
(pluma, Prunus domestica), Seón na
firinne , " plum". 420 215.
*setáilte, Suite, Bhí teach an ministre settáilte ar árd mhór bhán..
472 45.
*sí, (Ag tagairt
d'ain. fir.), bhuail siad an clog
amach as an ceangaltán a rabh sí ann.. 1538 87.
*siabann, Séideann,
teilgeann, chuaid a t-aer isteach
agus shiab sé sa spéir stiall de thaobh a' chroic. 1791 307. Deir seanunndoirí na Rosann gur nigheadh agus
siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go dtí nach bhfuil fágtha
anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas farraige. 1835 172. 448.
*siabán, Tógann siabán air, (déanann
argóint leis, tugann foláireamh dó?), Bhí
na mrá agu imeacht 'un Aifrinn ar maidin ach thóg Seonaigh siabán orthú agus
dúirt go mbfhéarr daofa fanacht sa bhaile.. 1578 69.
*siabhrán, Seachrán aigne,
díth meabhrach, Shaoil siad annsin
gur siabhrán a bhí air agus d'imthigh siad leóbhtha agus níor éiligh siad síos
mó é. 310 339. "Chaill sé a chiall;
tháinic siabhrán nó mearbh air." 1184 42.
*siabhránach, "Duine a bhfuil buaidhreadh inntinne
air". 1184 165.
*siamsálaí, Siamsálaidhe, "Duine rascánta atá i
dtólamh ag innse tórpaí agus scéalta gan dath. (Teilionn)". 1184 165.
*síleann, 1. Síleann
(mórán) do, (bíonn (meas mór) aige air), ..go
rabh an t-athair a sílstean níos mó dón cheád níon a bhí aige.. 1835 243. bhí sé a sílstean rud millteanach dó ná is
cosúil go rabh cuid carrannaí Dhoire deánta ní bfheárr.. 1184 325. 2. Char shíl sé a dhath de, ba bheag leis é (mar obair), Bhí mé óg agus char shíl mé dhath de. 1791 369.
*sile, Sile Seáin,
céislín(teas)?, sine seáin, cf. dinn),
bhí leas aige a dtabharad siad sile seáin air. 1791 174. go dtí go mbéadh do bhéal fosclaí, aige agus
go dtabharad sé an sile seáin aníos as do sceadamán é. 1791 174.
*sínteálach, "Duine caol ard i n-amannaí fallsa
agus rughin go maith ina chuid bealaigh." 1184 165.
*síobadh, Séideadh,
cáitheadh, thainic siabú shneachta
uirthi agu luighe sí istuigh 'sa stábla.. 311 411.
*siobalach, Siobarnach, Ag gul 'un siobalaugh, "going to
loss". 420 234.
*siocair, 1. Toisc, de bharr, d'fhág siad Oisín 'na ndiaidh siocair grubh é an
fear a ba láidre..418 53. ní fhóirfead
sé á n-ainmniú siocair daoine muinteardha daofa a bheith 'na gcónaí san áit go
fóill. 1791 86. 2. Cúis, mur bhfuil
siocair mhaith leis ní tú ag gabháil á fáil. Tá an diabhal ag gabháil á
tabhairt duit ceocu atá siocair agat nó nach bhfuil. Casfaidh sé thart thú..
1791 469. Ní bhfuair mé siocair ná
ádhbhar ar bith eile ar an oileán seo.. 1343 251.
*siocán, 1. Sioc, reo, ná fág an áit a bhfuil tú go
n-imthighidh an siocán. Bhí siocán an-trom ann san am. 1185 153. ..go mbíodh an siocán comh domhain ar na
lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr a thiomaint ar an oighreóg. 1791 307. 2. Préata
siocáin, (práta a bhfuil an sioc imitheisteach ann agus é lotaithe), thug fear préataí siocáin dúinn.. 1185 207. 3. Leac
oighre, bhí sé h-órdlaigh ar dómhain
ins an t-siocán ar an loich. 418 263.
*siocann, 1. Reonn, An oidhce shioc an íosagan agus an eascon.. 310
373. a bhfaca sé a'n oidhche ariamh a
shioc comh mór leis an oidhche a shioc sise agus an eascon.. 310 374. ar thuitim anuas damh bhí 'n fhaoileóg
siocuighthe ar a pholl fúm. 310 378. Bhí
sé sin 'na chrap amháin siocáin uilig go léir agus é siocaithe. 1791 103. shioc an t-uisce.. 1791 307. 2. Cruann, táthaíonn, téachtann, Nuair a shiocadh an t-urlár sin bhíod siad a' leagan
amach go rabh umhlú ann ní bfheárr ná bhí ariamh i n-urlár cláraí. 1170
15. an fhuil sin a bhainead siad as coileach
ná déarfa mé anois as caora ná as molt .. cha ligthí daoithe siocadh.. 1835 84.
*síofróg, Bean de'n tslua
sí, síofra, thainic an tsiofróg amach rompú agus dúbhairt sí leofa.. 1538
99. Síofróg (Síobhróg), "Bean
tharrantach—a bewitching woman" 1184 165.
*síog,Coca, stáca, Bhí síog le déanamh de (lín) annsin.. 1185
193.
*síóg, Neach den slua
sí, Tá na sidheógaí, tá siad sin, ráite ariamh, go bhfuil sidheógaí
ar shiúl ag Samhain.. 1791 93.
*síogaí, "Duine a bhíos ag imtheach leis fhéin,
go h-áirid páisde a bhéadh ag imtheacht agus gan fios ag duine ar bith cá mbéad
sé". 1184 169.
*síogán, 1. Coca
beag, dheánthaí síogán dó ná
dhéanthaí coca do.. 1835 287. 2. Leaba
féir de shórt, bfheídir go ndeánthaí síogán beag daofa i gcois na tineadh
agus choinneochthaí go maidin iad. 585 31.
*síogaí, Síóg, Thosuigh Séamus a dh'innse fá'n dá shíogaí a tháinic
isteach chuige.. 472 486.
*siolastrach, Feilistram, siolastrach i.e. wild-iris. 311 87.
*siolla, Placaí siollaí, (caint gan
dealramh?), Béal bán,(plámás),
Ní a' deánamh béil bháin nó placaí siollaí atá mé. "Tá mé dá
ríribh.." 1184 53.
*siollaire, "Bean bhreagh, ábalta
dóigheamhail". 1184 165.
*siollóg, Scéal gan
dealramh, "Eachtaire, duine a
mbíonn mórán seanchais aige—go minic duine a bhíos ag innse siológ agus tórpaí
bréagacha." 1184 125.
*siolpach, 1. Scafaire,
stócach, Bhí gasúr beag .. agus
chuaidh sé 'un Aifrinn.. nuair a bhí sé 'na shiolpach mhaith mhór. 1184
385. nuair a bhí seisean a fás suas 'na
shiolpach mhaith gasúir.. 1185 225. Cé bhfuair
sibh an siolpach bréagh fir seo? 472 557.
"Gasúr mór toirteach.." 1184 167. 2. "..bean
urrúnta fosta a bhéadh ramhar go maith 'sa reasún". 1184 167.
*sionnach, "Duine glic ealadhanta nár bhfurast an
cluiche a chur air." 1184 167. 448.
*síoraí, Iontach síoraí..
(Treisiú: an-), Chonnaic mé héin a
troid iad ach bhí mé íontach síorruí óg nuair a chonnaic mé iad.. 1791 44. s'iomaidh bean bhocht a cuireadh ar shiúl i
mbéal a cinn an t-am sin nach rabh sásta agus.. bhí sé íontach síorraí éagchorach
deánta ag aithreachaí agus ag maithreachaí... 1835 299.
*siorradh, "gaoth
mhór". 420 212. a
siorradh a bhí fríd na boithigh cha dtiocfad leat é sheasamh. 1791 29.
*siortú, Ransú, póirseáil, Rannsuightheóir, "Duine a bhíos a siortughadh
go síor". 1184 155.
*siosanach,(Ainm ar phearsa sa scéalaíocht,
"fear beag ribeach rua " air freisin anseo), D'imthigh An Siosanach
go Machaire Gáthlain agus shuigh sé ar chloch a bhac 'toigh Sheáin.. 472
308. Tháinic Ó Baoghaill siteach
innseair an t-Siosanach. 310 17.
*siosaire, "Bean atá tugtha dó'n chogarnach agus
a bain an chroicinn dá comhursa!" 1184 167.
*siosarnach, 1. Duine
a bhíonn ag éagaoin de shíor,
"Duine atá i dtólamh breoite, a weakling". 1184 167. 2. Fothram
ait, dar leis go gcualaidh sé
siosarnach greannmhar astoigh i mbolg an tairbh. 1170 480.
*siosmaide, Ciall, tuiscint, nuair a chonnaic sé nach rabh a dhath
siosmaide 'san fhear at tharraing sé air d'imthigh sé.. 1185 58. siosmuid, "sense". 420 269. Cuaille, "Buachaill nó cailín caol
árd—go minic gan siosmaid" 1184 121.
*siota, "Peata de dhuine mhillte, go h-áirid
páisde millte a chaoinfeadh mur bhfághad sé 'ach uile chineál a mbéadh de dhíth
air, (Teilionn)". 1184 167.
*síothlaíonn, Faigheann bás, Níor fhág sé an teach gur shiothlóidh sí. 1185
299. Chá rabh an paidrín críochnuigh'acú
gur shiothloidh sí.. 1185 340. bhí sé
indiaidh síothlí.. 1791 451.
*síothmhaor, Póilín, tháinic na síodhmhair orthu—sin a' Ghaelic a chuirim-sa ar a phéas,
an síodhmhar. 1791 59. go beairic na bpéas
áit ar bith a rabh na siothmhaoir seo. 1791 59.
cé casadh orthu ach síothmhaor.. 1791 237.
*síothnaí, Síothnaidhe, "Duine sligheánta a
dhíolfadh an lá ar dhuine. A mean or perverse person." 1184 167.
*síneann, 1. Sroicheann (le lámh), Caithfidh tú fhéin
síneadh orthú tá do chuid sciathán fada.. 1184 374. 2. Síneann
leis, (imíonn leis), fuair sí (murúch)
'n aibid a bhíodh uirthi ins an fhairrge
agus shín léithi. 311 449. Stop sé an
oidhche sin ann, agus ar maidin lá thar na bhárach shín leis a' tarraint ar
Iubhar Chinn Trágha. 1538 95. Shín sé
leis, "he proceeded onwards". 420 225. 3. Éiríonn
níos faide, bhí an lá a síniú agus an
oíche a crupú.. 1835 268.
*singilte, Neamhphósta,
singil, ceocu a bhéad siad singilte
bliain ó'n lá sin.. 1835 430.
*singleáil, An chéad rith, scaradh sa
stileáil, D'imthigh na
stillfhearaí agus ní rabh ann ach go rabh 'n singláil anuas. 472 391.
*sínteanas, Sínteanas
láimhe, (síntiús airgid), Sínteanas
láimhe, "tip". 420 219.
*sifín, 1. Sop,
tráithnín, bhí an chruach buailte
aige—ní rabh sifín amháin daoithe fágtha aige.. 1184 501. chaithfeá trí sifín a tharraingt as urla an
toighe.. 311 161. dá mbeadh faithní ort
ná leithéid sin, gheobhainn-se giota de shifín siogail, agus bhéinn ag gabhail
do sin go ndeánainn marbh in mo lámh é. 1791 98. 2. Lá na Sifín, (bealoideas:),
In am Domhnall Ua Conaill, bhí bille dá reachtáil s a Pharliament leis
na h-Éireannaigh a mharbhú. Dúirt sé nach rabh gair ann; go dtiocfad leisean
Éire a chur 'na seasamh i gceithre uaire fichid. Well chaithfeá trí sifín a
tharraingt as urla an toighe agus iad a fhágáilt i dteach eiginteacht nach rabh
serváilte. Chaithfeá a innse go rabh'n pláigh a' teach as Dhoire agus go
dtiocfad an pláigh orthu mur mbéadh teach eiginteacht eile serváilte acu. 311
161. 3. Cuiseog, bláth? ..ar shiubhal ins na diogacha le
plátaí ag cruinniú meala dona sifíní. 311 32.
*sifteáil, Imeacht, bogadh, ach a'n uair amháin a gcoisriceochaidh an saghart an
chailís caithfidh an diabhal shifteáil. 1835 34.
*sirriam, Oifigeach a ghabhann seilbh ar
shealbhas mar dhíolíocht ar fhiacha, tháinic
c(l?)úilidhe soirriam agus thóg sé an t-aon bhó a bhí agam.. go dtí an punnta.
1538 124.
*siúl, 1. Taisteal, aistear, Chuaidh sé a mharcaidheadht ar an each chaol dubh agus ba bheag le rádh an siubhal a rinn sé an cheád lá le taobh an t-siubhail a rinn sí an lá seo. 1185 594. d'innis sé dó'n t-seanduine goidé brigh shiubhail. 310 352. 2. Teachtaireacht, toisc, cúis aistir, 'Sé'n siubhal a bhfuil mé ann anois féachailt a ndeánfad sibh-se oifige domh.. 1170 197. Caidé an siubhal sidhe ná seachráin a thug an bealach seo thú? 1185 593. (Cad é an gnó..) Bhí fearadh na fáilte ag bean a' Ghobáin rompu siud is go raibh íontas uirthí caidé'n siubhal a rabh siad ann. 1170 452. 3. Siúl na hamaidí, (turas in aisce, gnó gan tairbhe), tá—creidim—siubhal na h-amaidighe.. 1185 593. 4. Gnáthú, tarraingt, plódú (na threo)), Bhí siubhal mór daoini ar a' teach, "many frequented the house". 420 231. Ní rabh siúl na ndaoine ann, "it was not frequinted by people". 420 242. 5. Ar shiúl, (a), achar i gcéin, amach (ó áit), Ní rabh sé sínte ar dóigh ins a' t-sráideóig go dtí go gcluinfeá é fada go leór ar shiubhal a srannfaighe. 1185 462. Tá mise ag iarraidh ortsa coinneáil ar shiúl as a' teach seo.. 1791 229. (b),ina chónaí i gcéin, as baile, mur rabh duine ínteacht dá dteaghlach ar shiúl in áit ar bith.. -ar shiúl i Meireceá ná ar shiúl in áit ar bith eile—agus bhéarfad sé amach an té sin go dtí go gcuirthí amuigh é. 1791 53. ( c), ag sleamhnú, imeacht, rinn siad easconn duithi agus bhí sí ar shiubhal amach as a chuid lámha uilig go barr a rubaill.. 311 54. (d), amuigh, ag gabháil thart, Tá na sidheógaí, tá siad sin, ráite ariamh, go bhfuil sidheógaí ar shiúl ag Samhain..1791 93. (e) (le r.ch.), curtha ar neamhní, caite, imithe, Bhí sé léite ar shiúl agus nach saoithiúil nach maireann an t-ádhmad ins a' chaorán. 1791 312. lobhthaí sé ar shiúl ach ní lobhthí maide an phortaigh. 1791 312. an t-iomlán.. bruite ar shiúl uilig go léir.. 1791 336. (f), ag gabháil, suirí, Mothaighim.. go bhfuil droch-chéird amach agaibh-se.. Tá tusa ar shiúl le mrá eile.. agus tá sise ar shiúl le fir eile 1791 381. (g), imithe, ar shlua na marbh, . sé an tuighe agus an fáth a bhí acu le sin, bhí diad a deánamh 'e thairbhe daoine a bhí ar shiúl, bhí siad a deánamh go rabh an luaith a cuidiú leis na hanamnacha.. 1835 156. (h), ar shiúl in diaidh, (ag tóraíocht, ag cur dúil i), bhí sí ar shiúl indiaidh fir eile. 1791 483. 6. Caitheann, cuireann ar shiúl, (caitheann uaidh, scarann le), Chaith siad ar shiúbhal an mhiadal mór. 472 298. Mhothuigh sé an glór astoigh ins a' bhocsa agus chaith sé ar shiubhal é. 472 299. glacfaidh tú í (grian) fheiceáilt go dtí go gcuiridh sé an rann deirionnach ar shiúl dena cuid solais. 1791 114. 7. Ag siúl, (ag imeacht á phósadh), phósfaí iad, agus b'fhéidir go mbéadh dhá lánamhain déag eile leóbhtha gus iad uilig a'siubhal. 1185 202. 8. A' shiúl an turais, (ag déanamh turais (ag tobar beannaith