An Gréasán Gaeilge
"A
World-wide Word-Web of the Irish Language"
Cnuasach Conallach
A Computerized Dictionary of Donegal Irish
a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v
A
Chun ceannfhocal ar
leith a chuardach téigh isteach ar "Edit"
agus "Find" agus chur réiltín roimh an
fhocail e.g. *ábhar etc.
*a, (a do?), Chuaidh siad a dh'éad
léithe sa bhomaite chionnus go rabh sise 'na suidhe ní b'fheárr ná bhí siad
héin. 1538 45.
*a, (< ar), go rabh an scuab ag gabháil a bheith suas le dhó ná
trí throighí ar airde a scar
a' bith. 1791 42.
*abar, 1. (a),
Pluda, marla, chuir mé síos
ins an abar í (ladhar) 310 374. A
Chiot, a bhodaigh nuair a fhágfas tú thíos cliabh an aoiligh, bíodh cliabh
abair aníos leat! .i. Abairt a mbaintear féidhm aistí nuair a bíthear ag iarraidh ar dhuine cupla rud a dhéanamh le chéile. 1184 21. "..tá sé (diabhal) ag gabhail a bheith comh dubh," adeir Sé,
"leis an abar." 1791 421. (b), (mar bhunábhar
leasú goirt), Ag géurú abair—"Bheirfidhe isteach portach nó abair agus caithfidhe
'sa mhúnlach 'sa charn-aoiligh agus d'fhágfaidhe fannsin le géurú é leis an
aoileach a dheánú fairsing" 311 33.
bhí poll mór abair amach os coinne an bhalla
agus casán beag aige, -- acu le siubhal thart fa'n teach an áit a rabh siad --
ní rabh'n stoc acu—a' souráil abair ann, a géurú abair ann.. 311
594. 2. Bogach, tonn-ar-bogadh, d'imthigh
Jack leis na ba agus chuir isteach agus bhí abair mhór acu le gul fríd.. 311 379. Fuair
greimdhá chois air annsin agus tharraing leis 'na dhéidh é go rabh sé san abair
seo.. 311 380. 3. In
abar, (i bhfastó, á bhascadh), bhí
seascan mór ann.. agus na
bollógaí .. go dteachaidh siad i n-abar sa
t-seascain.. 472 31.
Bó atá i n-abar i gcúl a' chruic aige.. 472 46. Bhí beathach eallaigh dá cuid in eabair. 311
177. Sfh: Cha deachaidh fhobair (dóbair)
ariamh in abair. 420 247. 4.Ina abar,
(clúdaithe le pluda, lathach), bhí sí
na h-abar suas fhad le n-a glúine agus goidé rinn sí ach a cosa a sháthadh
isteach ins an tobar go nighead sí iad. 418 259.
*abhaile, 1. Níos deise abhaile,
"at a later date". 420 235. 2. Tagann
chun a' bhaile dó, (oireann dó),
Thainic sin 'na bhaile do'n phort, "that suited
the tune". 420 234. (..sin abhaile??)
*abhaill, Úllóird, ghread leis leis na ba go deacha sé.. isteach 'un abhaill abhí acu le
gul agus bhí droch-obair acu le gul fríd isteach un abhaill.. bhí lot crann ubhlaí ann.. 311 368. shíl sé nach mbéadh
crann ins an abhaill nach mbéadh rootáilte amach as.. 311
383. astoigh
ins a' choillidh seo bhí abhaill ubhlaí ann.. Nuair a d'fhiach sé le theach
amach as an abhaill ní rabh sé ábalta.. 1343 452 .
*ábhar1, Cúis,
innseochaid mé an t-ábhbhar duit.. níl
duine ar bith.. 1185 253. Sin a' t-ádhbhar a
bhfuil Croc Leitreach ainmníste as Leitir Mhic a' Bhaírd ó'n lán sin.. 1185 635.
*ábhar2,Píosa, mant (bainte as rud, cf. ábhar na
bró.) Béidh ádhbhar ar an
ghealaigh i dtrathaibh an Domhnaigh. .i. Béidh maith na
gealaighe thart i dtrathaibh an Domhnaigh. 1184 15. "Fabhra adeirtear i dTeilionn", 1185 15. (focal eile ar fad?)
*abhus, 1. Lonnaithe, suite,(tar éis
teacht go dtí áit), tháinic sé aníos go
*ach, 1. Go dtí, Theann na ribí a bhí fá mhuinéal an chú air
ach gur chuir siad a theangaidh amach fad bata agus thacht siad é. 1185
42. Ach go rabh'n lá ann, "go dí go
rabh'n lá ann". 420 246. "Ach
go bhfágh mise" in áit "Go dí.." 420 267. 2. Chá rabh ann ach é.. (is
ar éigin a bhí.. ), chá rabh ann ach
é go rabh siad sínte ins na leabthacha gur.. 1185 374.
*achainí, achainne, achainneacha,
1. Iarratas, guí,
d'iarr sé athchuingne agus sé'n athchuingne a d'iarr sé.. 472 291. Sin an achuinne a bhí seisean a dh'iarraidh.. 1791 50. .. achuinneacha a d'iarrfá uirthe nuair a
bhéad sé ag gabháil a uí go bhfuightheá na hachainneacha sin. 1791 114. Tá tusa ' deánamh achuinneacha (au.)
anois.. níl tú ag gabháil á fáil.1791 469.
2. A.bh.
achainneacha: Is iomaidh rud earfas tú 'e thairbhe an diabhal thu
thabhairt leis. Tá
*achan, Gach aon, Tá measardhacht ar achan seórt agus gan a bheith ag ithe bracháin le graep! 1184 70. go dtiocfadh leis achan
rud dá rabh na h-éanacha a' cainnt air a innse. 1184 410. goideadh achan nduine ariamh acú.. 1184
414. Thoisigh an cath ag an bheirt agus
an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a tabhairt achan uile tuaim dó achan
uile áit ach an áit a rabh an scaball. 1791 480.
*achasán, Íde béil, tháinic Colm Cille isteach go dtugad sé
achmhusán do'n chailín fá'n
*achmhainneach:ardacmhainneach, Go
hardacmhainneach,ar ardluas, Theich
sé go h-árd acmhuineach agus an mac 'na dhiaidh, ach ní rabh an mac baol air
comh gasta leis an athair. 1538 72.
*achomair, 1. Sciobtha,
tapa, Dá dtigeadh am aimsir mhaith ar
mhuin gheárrfhiadh ní thiocfad sé achmair go leór. 1184 12.
*achrann, In achrann, (i
bhfastó), Nuair a chuaigh an beáthach
isteach sin an rud bhog, chuaigh sí in achrann.. 1578
21.
*achrannach, Deacair,
anróiteach, an bhealach cham
achrannach a bhí 'na bhFlaitheas.. 1184 386.
*acht, Coiníoll,
go gcuirfead sinad 'un báis é mur n-innseochas sé.. "Inseochaidh,"
arsa seisean, "ar acht agus ar acht eile chá n-innsighim. " 472
438. Dubhairt sí ar acht go bpósfadh
agus ar acht eile nach bpósfadh, "Goidé 'n t-acht sin nach bpósann tú
mé?".. "Tá lá ar bit a dtuitfidh muid amach.." 472 721. thoilig mac na baintreabhaigh a bheith leis.
Dubhairt mac na baintreabhaigh go rachad sé leis ar acht é a bheith umhal dó go
bpillead sé aríst. 1538 63. cf.
*reacht.
*acra, Áis, uirlis, Chruinnigh sé (ceardaí) suas na h-acaraí beag
a bhí a dhíoghbhail air.. 1170 447. ba
ghrách le athair Thaidhg a bheith a deánamh na n-acaraí seo fosta. 1791
34. dá dtéighead siad a cheannacht acara
ar bith uaitse fán teach agus iad ag cainnt eatorru héin .. labhairfead siad an
teangaidh seo.. 1791 36. Go maram go
mbéadh cúig nó sé fhonnsaí thart ar seo, agus dá mbeitheá ag gabháil do shin ó
shin chá dtiocfadh leat an acara sin a bhriseadh. 1791 43. bhí sé caite astoigh i mbocsa na n-acaraí a
bhí aige fá choinne gréasaidheacht.. 1791 310.
Bhí acaraí eile acu a rabh scríobáin orthú.. 1835 360.
*acra, acaire, Aonad talaimh, 4840 slat
chearnach, bhí dhá fhicheadh
acaire le baint aige seo leis an corráin.. 1791 217.
*ad, Úd, A' caisleán-ad thuas.. 420 269.
*adaradh Eadra? Adaradh árd agus bleaghan oidhche, / Ní raibh
sé ariamh gan bhainne. 1184 11.
*adartha:eadra Ciabhach adartha,
(staicín áiféise), Ná déan ciabhach
adartha díom annseo! .i. Ná coinnigh mó sheasamh i bhfad gan 'ghroithe mé
annseo… Rinn tú ciabhach adartha de. .i. Mar adeirtear i dTeilionn: rinn tú seóin
sincín de! 1184 44. Bhí sé na chiabhach eadara aici. " bhí sí ag magú
air." 420 214.
*adhaltánach, "Duine gan mhothughadh nó i n-amannaí
duine atá bodhar". 1184 101.
*ádh, ní fhacaidh mé na caoirigh sin anois le
cupla lá agus ag an ádh atá fhios cé'n áit a bhfuil na caoirigh. 1185 276. (..ag
an diabhal atá 'fhios, maolú ar áibhirseoir?; ..ní fios).
*adharc, 1.(Scéalaíocht: rud mar adharc ainmhí ar cheann duine), tháinic bean isteach a rabh dhá adharc déag oirthí.
472 300. 2. Soitheach i gcruth adhairce, D'fhoscail siad a bhéal agus chuir siad béal na h-adhairce le n-a
bhéal agus d'fholmhuigh siad an adharc síos ina chorp go dtí nár fhág siad deór
inntí. 1185 628. Adharc a bhíodh acu i
n-ionad gloine trí-gó -- sin trí leath-cinn. 472 692. 3.Cuireann adharc ann, (déanann caimléaracht air), caidé
'n dóigh a gcuirfeadh sé an adharc ann. 1578 55.Cf. deác DD. 4.Chuirfí adharca air, (dhéanfaí amach gur sórt diabhail é), Bhí sin ag gabhail go coitchiannta in mo
chuimhne fhéin, agus chuirfí adharcaí ort dá n-abrochtha le daoiní nach rabh a
leithéid 'e rud ann. 1170 195. 5.
Ag adharc?, (bruíon?, d'iarr sé maitheamhnas air ar shon a rud a bhí
déanta aige fána mhraoi, ná bhí sé héin agus a mhraoi ag amhoirc le chéile le trí bliana roimhe sin. 1791
455. 6.(Mar ghléas rabhaidh, séidte),
Thoiseochadh gach fuile dhuine a shéidiú agus bhí siad uilig ábalta
innse leis na h-adharcanna seo go rabh rud ínteacht ag gabháil ar aghaidh..
1835 331. a mbéadh gaoth in éadan na
h-adhairce ní mhothochtha í ró-mhaith. 1835 332.
*adhastar, 1. Ceangal,
rópa, chuir sé cineal de aostar air
agus cheangail sé do'n chrann é. 742 272.
2.Adhastar an anró, (cuing
an phósta), Cuireadh adhastar an
ánroigh ar an chréatúr. .i. An dóigh a n-abruigheann bunadh na gCruach gur
pósadh duine ínteacht. 1184 46. 3.Ar
adhastar, (faoi chinnireacht ag rópa, bó capall nó ainmhidhe ar bith.. a bhéadh ar
adhastar le duine. 1184 75.
*adhlacann, Cuireann (corp), Fuair an t-uncal bás agus rinneadh é a fhaire agus a
adhlacadh. 1578 27.
*adhmad, ádhmad,Maide, adhmad an chaoráin, an
phortaigh, (giúis phortaigh), Tá
na maidí portaigh sin.. Cha dtig leis go bhful an t-ádhmad céanna ins an ádhmad
cheart. Níl sé cosúil le maide an chaoráin ná níl an caorán ag gabháil a
dheánamh dochar ar bith do ádhmad a' phortaigh.. 1791 312.
*admháil, Admháil a
láimhe, (admháil scríofa), bhí
easbhuigh sé scillingne air, agus ní thabharfadh an tighearna aidbhéil a láimhe
dó go dtí go ndíolad sé na sé scillingne. 472 206. caithfidh tú aidbhéil láimhe m'athar a
fhághail ar shon a' rud a dubhairt tú. 472 207.
scríobh sé síos aidbhéil a láimhe agus mhaithidh sé an dá chíos dó. 472
210.
*admhaíonn, 1. Géilleann, aontaíonn, Chá rabh an táilliúr
sásta a ghabhail ach bhí Seán ag gabhail dó agus ag gabhail dó agus fá
dheireadh thiar thall d'aidmhigh sé go rachadh sé. 1184 523. d'aidmhigh sí go rabh sé ceart.. 1538 10 . Ní
rabh acú ach a'n mhac amháin agus níor mhaith leofa géibheann a theacht air ach
mar sin héin d'aidmhigh sia a chomhairle héin a thabhairt dó. 1538 114. 2.Fógraíonn,
cuireann in iúl, Fil:,
*adhúil, Dea-chinniúnach, d'imigh an fear eile, agus go hádhmhail bhí curach
'na luí ansin i mbéal na toinne acu.. 1791 71. go h-ádhmhail le Dia go dtáinic mé go dtí'n
teach seo.. 1835 230. tá tú íontach
ádhúil ar fad nach rabh tú leis an bhean sin an oíche sin.. 1835 434.
*aer, 1. Éan
aeir, (éan eitilte, éan a thagann ar an aer).,
d'fhág éan aeir, d'fhág sin pór 'na dhiaidh agus d'fhás crann.. 1184
423. 2. Spéir, Caithfidh tú innse
domh amárach cá méad réaltóg atá ar an aer. 1185 13. tháinic cuid mhór réulta amach ar an aer.
1538 109. Má tá an ghealach ann anois,
déarfa mé, is ceart daoithe mairstin trí hoíche ar an aer—an rud a dtabharann
siad gealach na gconnlach air. 1835 186.
3. Ón
aer anuas, ó airde mhaith (os a chionn), Bhuail sé trí nó ceathair
'e bhuillí (de shúiste) ó'n aer anuas ar an t-sráideóig. 1185 474. 4.Faoi'n aer, ón aer anuas,
(ar chor ar bith), Níl fhios agam-sa ó'n aer anuas caidé atá a'
teacht ar na daoine.. 1185 280. chá rabh
fhios aige faoi'n aer caidé a bhí cearr. 1184 239. níl fhios agam faoi'n aer
caidé a tháinic ar mo chuid eallaigh. 1184 543.
chá rabh fhios aige faoi'n aer anuas caidé mar gheobhad sé an t-airgead.
1185 70. 5.Dá n-ithfeadh sé an t-aer is an
talamh ní.. (Dá ndéanfadh sé a
lándhícheall ní fhéadfadh sé..), Dá
n-ithfead siad a' t-aér agus a' talamh, ní thiocfadh leófa í fhágháil,
"..nó matter how they tried". 420 228. 6.Aer fionnmhachta, (..feanntachta?), bhí siad a ráit an t-aer a bhéadh ann Oíche
Shamhna gur aer fionnmhachta a bhí ann, agus níor mhaith leo é theacht ar
cheann ar bith dá gcuid poill phréataí..1835 10.
*afraicean, Afraiceánach,
Chualaidh an t-African iomrádh ar seo agus bhí 'n lamp i gcómhnuí ag Alladin..
311 299. goidé bhí sa bhoc ach a'
sean-African.. 311 300.
*ag, 1.S'aige,
aige, etc. (a), (chun seilbh, únaeireacht a chur in iúl) .. na fir dhubha a bhí ar an
oileán s'aige. 1184 482. chuaidh a'bhean
s'aige isteach.. 310 254. go rabh sé a
dhith go cruaidh oirthí.. for nach rabh'n coirce s'aca fhéin i n-innibh a chur
'na mhuilinn.. 310 329. (b), (chun baint, coibhneas (idir
rudaí, daoine) a chur in iúl), thug
sí anuas a léinidh agus d'fhuaigh sé na bónaí aicí agus d'fhuaigh sé an
coileár.. 472 521. tchím bárra na
n-adharc acu astoigh in lár na cuiscrighe. 1578 63. nuair a tharlóchadh rud ínteacht nach rabh 'a
réir an dlí s'acu.. 1579 204. ..níos mó
ná an luach s'acúsan a bhaint de dhuine ar bith. 1579 217, (..an luach a
shocraíodar san). Chuaidh sé suas ansin fhad le teach athair an bhean
s'aige.. 1791 73. (teach athar a mhná). Bhí sé ábalta a scáile
s'aicí a fheiceáil taobh amuigh den fhuinneog.. bhí sé ábalta an scáile s'aici
a fheiceáil ag éirí in áirde ar na ballaí.. 1791 231. (ag cur in iúl gur céile duine atá i
gceist), Thoisigh sé á buaileadh s'aici-se, agus nuair a bhí sé
tamall maith á buaileadh d'imigh sí fhad leis a tsaghart.. 1791 454. 2.Níl aige ach.. (a),(níl le
déanamh aige ach.. ), tá sé ladhar ar do mhac tá fhios agat fhéin
agus níl agat ach na ladhra a chunntas. 472 406. ní rabh dhath ar bith aige ach na clocha a
tharraint amach. 1578 15. Bhí sé seo comh
beag agus nach rabh oiread do dhoirn ann, agus nuair a bhíodh a mháthair ag
gabhail amach a dhéanamh dhath ar bith chá rabh aicí ach á chur isteach i bpoll
a' bhac.. 1170 477. (b), (níl de ghaolta aige ach..), Bhí
seanbhean bheag a tarraint orainn fosta nach rabh aici ach í héin. 1791
28. 3. Bíonn aige le.. (bíonn (d'iachall) air.. ), bhí
aige le dhul amach 's isteach ar speancacha agus ar chreagacha nach mbéadh
éanachacha an aeir ábalta dhul air.. 472 458.
Shíl sé cinnte gur ar airteagal a bhí aige le ghabhail. 1170 197. 4. Nuair a bhí'n tráthnóna aige,
"when it was evening". 420 243. (ag tagairt do dhuine? e.g. "nuair
a tháinig an tráthnóna air?). 5. Agam, agat..(ag trácht go neamhphearsanta), (ag
duine), bhí ball amuigh agatsa agus bhí ball amuigh agamsa chuirfeá
sin ort.. 1835 409. dheánthaí parla na
mine coirce sin, agus má bhí im agat chuirthí gráinín maith ime air. 1791
55. 6.("Aige" le rud
baineannach a bhfuil a hainm firinscneach), bearach a béadh a breith
a mbéadh ugh chruaidh aige chuimileochad
siad sin isteach ins an ugh.. 1791 313. 7.
Aige féin, (ina shláinte cheart), thug siad chuige héin é,
agus nuair a bhí sé aige héin agus é teach ins a' dóigh cheart ina shláinte..
1791 458.
*ágh (Calmacht,
misneach) , Ní luaith rachainn ar
tuinn go sgarainn bhur gcuirp le bhur gcinn.. mur bhághaidh mé mo chéil' ag
Fionn an áidh. 310 89. Trí fichid a
thuit le lámh Ghoill an Áigh.. 311 476.
*aghaidh, 1. Ina
aghaidh, (ina choinne (mar fhiacha),
fágaim céad punnta eile in d'aghaidhe ó'n am sin.. 1185 445. 2. Treo
imeachta , Tá aghaidhe na gcearc ar an aradh. 1184 9. 3. Tugann aghaidh air, (téann ina threo), thug siad a n-aghaidhe ar Thoraigh. 1538 72. D'imthigh Maolmuire agus thug sé a aghaidhe
ar a' bhaile.. 1538 74. 4. Taobh (cnoic),
chuirfead sé aghaidh óir ar Bhinn Bhulbáin.. ach go spé ("munab é")
go bhfuil aghaidh ó thuaidh. 310 358. 5.Roimhe
ar aghaidh, (roimh ré), théidheadh na daoini siar go dí na cuibhrinn
sin thiar agus spádaí leófa agus gheibhead siad préataí 'sa talamh agus iad
buinte roimhe ar aghaidh. Bhí Dia a gcur chuca. 311 41. 6. Fhad ar aghaidh le, (oiread chun chinn le), dá
gcastaí sin uilig agam-sa bhéinn fhad ar aghaidhe leis an rí. 1170 178. ..a' mhuintir nach n-oibreochadh a dhath
nuair a bhéadh an bhliain astoigh bhéad siad fhad ar aghaidh leis an té a bhí
ag obair. 1835 86. 7. Faigheann, tagann ar aghaidh
le.. (tarraingíonn le, réitíonn le chéile), Bhí Mac a'Bháird
agus Ó Dómhnaill a fághail ar aghaidh go bréagh.. 418 275. go rabh fear agus bean thuas.. a teacht ar
aghaidhe go ró-mhaith le chéile.. 1791 414.
8.Iompraíonn ar aghaidh, (a), (maireann, ("carries
on"), is fearr duit i bhfad a bheith réití.. ná ar an dóigh a rabh tú
ag iompar ar aghaidhe. 1791 419. d'innis
sé dó fána mhraoi caidé mar bhí sí ag iompar ar aghaidhe—ná dtiocfadh sé
isteach san oíche.. 1791 483. Diabhail a
bhí i rud ar bith a bhí ag iompar ar aghaidhe mar bhí siad.. 1791 507. (b), déanann
tairbhe dó, tugann chun chinn,
níl an mhaidin chiúin an-mhaith ar fad, ná níl an mhaidin chiúin ag gabháil a
iompar an lae ar aghaidh duit..1835 221.
(c.) leanann de, Chuirthí síos an chéad léar de sin ar
thóin an chroc agus .. chuirthí cumhdach de shalann gharbh ar sin. Chuirthí
isteach an darna léar ansin agus chuirthí salann araist air ar an dóigh chéanna
agus bhéad siad á iompar sin ar aghaidh go dtí go dtiocfad an corc comhthrom
lena bhéal.. 1835 345. 9. Iompraíonn amach, ar aghaidh,
(comhlíonann ("carry out, proceed with")), ní thug mise
a'n órdú ariamh.. nach gcaithfí a bheith iomparaí' amach.. caithfidh tusa an
nidh seo atá mé a innse duit.. a iompar ar aghaidh fosta. 1791 389. agaibh héin atá na gnaithe seo le h-iompar
amach. 1791 390. má tá tusa ag gabháil a
iompar ar aghaidhe oibreacha an diabhail béidh tú caillte. 1791 420. 10,Faigheann
ar aghaidh, (éiríonn le, tárlaíonn do),
Cuireadh ceist air caidé mar fuair sé ar aghaidhe? (.."how
he got on" i.e. what happened to him).
'Sé dóigh a bhfuair mé ar aghaidhe go dtáinic an diabhal orm.. 1791 429. 11. Aghaidh na ndaoine, (cion, meas
na ndaoine), Thóg Dia aghaidh na ndaoine daofa, "God caused them to be
unpopular". 420 226. bfhéidir go
moitheochtha ailleóg anois agus arais aige le aghaidh na ndaoine a thabhairt dó
fá choinne deoch.. 1791 25. 12.(Luíonn) ar aghaidh na
gréine, (?), chuaidh sé síos a chois na farraige agus luigh
sé ar aghaidhe na gréine. Ar ndóiche bhí sé a deánamh nach rachadh na gárdaí
síos ach chuaidh siad síos.. 1791 72. ,(luigh sé
síos fén ngréin?). 13. Tugann
ar aghaidh, (cuireann ar fáil), siad
na Lochannaigh a thug an t-im (portaigh)
ar aghaidh. 1791 312. siad a d'fhág ann a chéaduair é. 14.,(Mar aid.) tosaigh), bhí 'n maighistreas a teacht isteach
ar a' doras aghaidhe agus bhí 'n cailín a tarraingt ar a'doras cúil. 472
47. Bhíodh doras aghaidh agus doras
cúil.. 311 25.
*agraíonn, Guíonn, impíonn,
Fil:, Nó nár agair tú an t-Árd Righ
spás beag eile a thabhairt dúinn.. 472 284.
Ghuidh sí agus d'agair sí an sagart cead na coise a leigean leo.. 1578
80. Dá agrú, "imploring him".
420 262.
*agus, (Ag ceangal
athrá ar fhocal chun treisiú le béim na habairte),
tháinic an bhó anuas agus anuas agus níor stad sí go dtáinic sí go cúl a
toighe. 1170 170. Deir siad a dtiocfad
ceann acu ort go scoiltfead sé an chlaigeann agat, ach tá sin giota agus giota
ar gcúl. 1791 109. ..tamall an- fhada ó shin.
Bhí sé a teacht thart agus thart agus thart léithe agus nuair a bhí sé tamallt
fada a theacht thart air chaill sé í.. 1835 29.
bhí siad ag gabhail ar chúl a gcinn agus ar chúl a gcinn leo go dtí gur
thit siad isteach i gcineál de lag.. 1835 30.
bhí sí na seasamh ansin am agus am agus am fada.. 1835 78. Chan cuimhneach liomsa é—Bhí sé tamallt agus
tamallt agus tamallt maith roimh m'am-sa.. 835 300. gur oibir sé laethe agus laethe i gcionn
achan seórt oibre 1074 10.
*aibhéis, Farraige,
Sheól siad leóbhtha amach ins an áibhéis mhór. 1184 233.
*aibhirseoir, Aidhbheirseóir Duine a bhfuil an diabhal
'na sheasamh ann! 1184 101.
*aibhleog, 1. Spré
de thine (caorán nó a leithéid ); gríosach,
Nuair a bhí na toirtíní rósta ar an aibhleóig.. 1538 132. 2. Geataire,
tóirse, Cha rabh Sábha le fáil. Chuaidh na haibhleógaí amach á
cuartú—na beodhaí tineadh mar deir siad héin. Ní rabh leithéid na lasán seo
eile ann—na flashannaí na leithéid sin le fáil.. 1791 186. "Chá bhfuil uibhleóg ar bith linn (iascairí)."..
" Tá neart splaighcí (lasáin)
agam-sa.." 472 395. Chaith seisean
an uibhleóg 'na dhiaidh agus d'éirigh an teinidh. 472 518.
*aibí, Foirfe, réidh chun bainte, Ubhlaí mór apaidh a rabh taobh amháin daofa
comh dearg le rósa, agus an taobh eile comh geal le sneachta. 1343 250.
*aibíd, 1. Culaith
(draíochta), fuair sí (murúch)
'n aibid a bhíodh uirthi ins an fhairrge
agus shín léithi. 311 449. 2. Aibíd dhearg, (ball éadaigh traidisiúnta), Éideadh fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun
builg air/ Péire giosán liopaighthe / Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus
déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a bhí 'se ina fhaisian. 1170 433.
*aice, In aice le,
(beagnach), .. go dtí gur éirigh sé
suas i n-aice le h-ocht mbliadhna déag.. 472 468.
*aicearra, Bealach níos
cóngaraí ná an gnáthbhealach (e.g. bóthar); an fad taistil a shábháltar trína
ghabháil, tá bealach annseo a
bhéarfas míle go leith de aithghiorra tú, agus bhéarfaidh an aithghiorra seo
amach ar an bhealach seo a bhfuil tú air thú. 1184 364. go dtáinic sé fhad le páirc dheas thalaimh ..
agus dar leis fhéin go rachad sé aithghiorra na páirce. 1185 40. 'Sé monuar mhillidh 's mo chrádh nach
bhfeicim do scáile a triall / Anuas le Mallaigh 'n t-Sliabh Bán nó aithghiorra
an mhám seo thiar. 472 488. chuaidh sé a
gheárradh aithghiorracha a teacht 'na bhaile agus chaill sé a bhealach.. 472
552. cam díreach a ród..sé 'n bealach
mór bith, gabh fríd an bóthar. 472 700
*aicearrach,Go haicearrach.. (go
gearrthreimhseach, go gairid),
Go h-aithghiorrach 'na dhéidh sin, "shortly after that". 420
344.
*aicíd, 1. Galar,
tinneas, chá rachadh aon duine a chómhair teach ar bith an t-am sin
ná bhí an-eagla orthu roimh an an aicíd seo. 1791 51. tá siad ábalta aicíd ínteacht a léas. 1791
172. 2.Aicíd na gCrúb, (tinneas a thagadh ar chrúba ainmhithe),
Bhí sin (eag i gcluais) á shábháil ar aicíd na gcrúb, bhí á shábháil ar
aicídeacha a thiocfadh in aice an chroí leis.. mar deir siad héin ainmhí a bhí
caite bhí sé ag gabhail a dhéanamh maith dó. 1835 288. 3.An aicíd
dhubh, (an dubh), Scab an
aicíd dhubh seo soir agus siar annsin, agus char fhág sí gas glas 'n sheasamh
os cionn an talaimh. 1074 18.
*aicíneacht, Bruíon, aighneas,
Tá cupla bean fán teach agam-sa fosta agus níl lá sa bhliain nach mbíonn siad
ag aicíneacht le chéile..1578 57.
*aicme, Cineál (neacha
neamhshaolta? dathanna spéire?), Bhí
seacht n-aicme ins a' spéir Lá Beáltaine Úr.. thiocfad sé 'n ghlas in a' spéir,
ná thiocfad sé 'na dhorchadas ins a' spéir.. 1835 138.
*aicsean, Gníomhú, iompar
(gnéasach), Tá sé a cuartughadh an
graepe go bpollaidh sé thusa indiaidh an "action" a rinn tú fhéin
agus maighistir. 472 47.
*aicteáil, 1. (Mí-)iompar, Tá a cruinniughadh na gcloch fá
choinne thusa a mharbha indiaidh an "actáil" a bhí agat fhéin agus ag
n-a bhean lá aonaigh an t-Sráth Bán. 472 46.
2. (A.bh.), gníomhú, D'innis Padaí .. dó'n t-sagart goidé mas bhí sé ag "actáil" leis a' scilling
(dhraíochta), agus d'iarr an sagart air an scilling a thabhairt dó
fhéin. 418 235.
*aifealtas?, Mothú náire
faitíosach, bhí cineál de uaibhíaltas
air. Ní rabh oiread uchtaigh aige agus a shíl sé. 1835 432.
*aifridh, arú,
Aifridh anuraidh, "the year before last". 420 217.
*aigeantach,Sonasach etc., Chuaidh mach Dhómhnaill Mháoir abhaile go luthmhar
éadtrom, aigeantach.. 472 222. (tar éis do'n chruit a bheith bainte de) D'imthigh
sé leis go lúthmhar éadtrom aigeantach go rabh sé ins a' bhaile. 472 224. Fil: Mé
go h-óg 's aigeantach mar bhí mé ann mo shaoghal.. 472 344. 'S ag geaftaí Bhaile Buidh'a rinn mise an
gríomh / A bhí aigeantach buidh éadtrom, / 'Ealodh le mraoi.. 310 247.
*aigne, Misneach,
spiorad, "Fear scafanta criodheamhail lán misnigh agus aignidh.
A hearty man a spruce fellow". ¦1184 158.
*áille, Áille na gréine,
ga gréine (ag teacht anuas trí fhuinneog)
chaith sé'n frock ar áille na gréine agus choinnigh sé suas é.. 311
236. Áille na
gréine,"sunbeam",420 250.
*ailleagán, (Ainm ceana?
stór, cuid etc.?), "Mo
dhoireagán, mo dhoireagán / Mo chró mhaol agus m'ailleagán / Gur do Ghaill a ba
dual a bheith i lár mo Dhoire" 311 163.
(<Colm Cille de réir bhéaloideasa). fáilleagán
buachalla 420 221. (gan míniú).
*ailleog, Scol amhráin,
bfheidir braon beag ólta aige agus bfhéidir go moitheochtha ailleóg anois agus
arais aige le aghaidh na ndaoine a thabhairt dó fá choinne deoch.. 1791 25.
*ailse,Galar cloíteach
éigin a mbeadh othras nó tréigint feola ag baint leis; cancar nó rud cosúil
leis, daoine deárfa mé go sábhálaidh
Dia muid a mbéadh aillse orthu bhéar siad leo é (luaith
Fhéile na Marbh) astoigh idir dhá ghiota éadaigh agus dfhúigfead
siad i mullaigh an aillse é. 1835 65.
*ailteán, Fil:,
Shiubhailfead sé liom-sa fríd ailteáin, / Ó sin go bárra na mbeann.. 472 253. Clais, sruthán?
*aiméar, Faill, caoi,
Nuair a fuair an gioll an aiméar sháith sé an biorán suain ina dhruim.. 1185
94.
*aimhréidh, Míchothrom,
corraiceach, ní rabh an bealach seo ar fad comh haimhréidh leis a'
bhealach a rabh beirt na bhfear astoigh air. 1791 386.
*aimhréidteach, Trí-na-chéile,
in aimhréidh, Fann thusa arais.. nó
tá teach aimhreidhteach istuigh annseo..
Go réidhteocha mise é sul a dtéidh tú isteach.. 311 599.
*aimlíocht, Ainnise,
Práiseach, "Cosamhail le práiseóg ach amháin go bhfuil aois agus
aimlidheacht a bain le mraoi a ngoirtear seo dí." ¦1184 149.
*aimlithe, Ainnis,
Tá cumadh na Nodlag ort! .i. tá cumadh aimlighthe ort—dorcha gruamdha srl. 1184
28. Tá'n gasúr leat is feárr ar a' bhaile agus ach mur spé (murab é?) an
dóigh a rabh sé aimlighthe bhéarfainn fhéin liom é. 472 40.
*ain, Is áin le, (is
áil le, is toil le), Fil:, Tiocfaidh
mo rún-searc le bánughadh an lae / Agus béidh mé leobhtha mas áin liom é. 472
185. Fil:
Triall 'n a bhaile mas áin leat agus gheobhaid tú n a táinte 'n t-saoghail..
472 487.
*ainchríostaí, Ainchríost?
Chluininn iad a rádh gur as an áird anoir a thiocfadh an t-an-Chríostaidhe a
bhí ag gabhail a chur deireadh leis an t-saoghal. 1185 320.
*ainciall, "Duine ramhar garbh gan tuairm. (Gort
a'Choirce). " 1184 101.
*ainéide, Gioblach,
Cuma ocrach, an-éudaigh, "hungry tagged appearance". 420 226.
*aingeal "Duine atá mar is cóir dó a bheith ar
'ach uile dhóigh. An angel." 1184 101.
*ainm, 1. Ainm
baiste, sloinneadh (i gceist faoi aitheantas), "C'ainm thú?" "De Chloinn Uí Eigeartaigh mé.
C'ainm tú fhéin?" "De Chloinn 'Ic Loingsighe mise."1185
500. 2.(Ag léiriú an difríocht
idir "ainm" agus "sloinneadh"), "Tá mise
'mo shuidhe ar m' ainm.. agus tá mo shloinneadh fá mo ghuallneacha."…
"Do chéad míle fáilte.. a Chathaoir Uí Chába!" 1185 624. chuir sé míle fáilte roimhe in' ainm agus ina
shloinneadh. 472 208. Chuir na péas
ceist ar Chonall c'ainm é agus cá shloinneadh é.. 1538 53. 3, Clú,
Bhéarfad siad duit achan fuile chineál agus mur rabh ainm maith agat ní rabh tú
ag gabhail a fháil dhath ar bith. 1791 68.
4.Ainm fholuithe, (ainm faoi rún chun
an rud atá á phlé a cheilt ó chuid de lucht éisteachta), Bhí fhios aige go rabh an ghamhnach i bhfos. ..Bhí
sé de nós acú ainmneacha fholaighthe a thabhairt ar phóitín agus ar na
gléasarthaí a bhaineas dó. 1184 65.
*ainmníonn, 1. Luann
as ainm, ..go deachaidh sé chuig an
árdán a d'ainmnigh an fear beag.. 1185 369.
las seisean bataill chotháin ar an árd seo a bhí ainmnigh aca.. 472
562 tá mé thíos ina leithéid seo 'e theach
ó tháinig an óiche—ag ainmniú an toighe a rabh sé ann. 1578 38. ní fhóirfead sé á n-ainmniú siocair daoine
muinteardha daofa a bheith 'na gcónaí san áit go fóill. 1791 86. 2.Ainmníonn as, (ainmníonn i ndiaidh), Sin a'
t-ádhbhar a bhfuil Croc Leitreach ainmníste as Leitir Mhic a' Bhaírd ó'n lán
sin.. 1185 635. caisleán Chúl Áine agus
caisleán Cúl Mhúine, mar bhí siad ainmníste as dhá bhaintreabhach.. 310
359. Ainmneochaidh mé mo mhac as an
ubhla.. 1343 251. 3.Ainmníste (an-mhaith etc.), (clú (an-mhaith) air, bhí sé ainmníste
an-mhaith, nach rabh a'n saor cloiche ariamh i n-Éirinn a bfhearr ná é. 310
83.
*ainniseach Sprionlaithe.
Ní raibh croidhe aicí mórán a thabhairt uaiche; bhí sé aindeiseach i gceart.
1184 22.
*ainniseoir, Aindeiseóir Duine gan mhaith nach bhfuil
fial nó fearamhail. 1184 101.
*ainspiorad, Diabhal, drochspiorad, Bhí'n fathach annsin agus budh an-spiorad
abhí ina seo , Thiocfadh leis fhéin a chur in achan chuma. 311 287. baist sinne, agus tabhair amach as crúba an
an-spioraid seo sinn. 1170 428.
*airbhir, Arbhar,
Iad a' buain an airbhir. 420 234.
*airc, Airc sléibhe, (airc
luachra), Da mbeithea do chodladh
amuigh thiocfadh airc sléibhe ort! 311 57.
*airc, An t-árthach a
bhí ag Nóa de réir an Bhíobla, Níor fhág a chuid magaidh 'san áirc!
. Tá sé an-tugtha do'n mhagadh. Dá réir an t-seanchais ar na Cruacha is ins an
áirc a rinneadh an chéad mhagadh. 1184 41.
*aircín, Duine beag nach bhfásfadh agus nach mbéadh
teacht amach ar bith ann—Go minic an duine deirionnach de mhuirighin mhóir.
1184 101.
*aird, 1. Suim,
Ní rabh a'n áird mhór againn ar an Aifreann.. nó b'fheárr linn.. iasgaireacht
ar na locha.. 418 262. 2. Toradh, éisteacht, Thug Sé áird ar m'urnaí-sa..
1791 50. 3. Treo, bhí siad ábalta amharc ins an áird aniar
agus amharc ins an áird anoir.. 1791 97.
*airde, 1. Tá an doras foscailte béal 'un
áirde .i. Tá an doras foscailte siar (wide open) agus gan duine ar bith
astoigh. 1184 64. 2. In airde, (i dtaisce),
bhí céad punnta aige a chur sé i n-áirde i stoca fá choinne na coise tinne.
1184 438.
*aireamh, (Toradh)
achainí?, tá trí áireamh ar luí na
gréine. Tá daoine ábalta rud ar bith a iarrfas siad a fháil. Tá siad ábalta
sláinte, airgead agus subhailce a fháil ó luí na gréine.. 1791 114.
*airgead, Airgead bán, geal, (silver), comh
luath 'sa a scaoileadh an t-airgead geal léithe chuir sé deireadh léithe agus
le n-a cuid pisreóg. 1184 560. Fil:, Cúig phunnta do'n airgead
bhán 's cead codladh le bláth na gcraobh.. 472 487.
*airí, 1. Díolaíocht
chóir, an rud atá tuillte, Léigheas mé achan chineal ariamh go dtí
seo.. ach tá mé gaibhte sa deireadh, agus má tá fhéin sé m'airigh é. 472
381. ..nach bhfuigheann a'n duine acu
isteach agus é a n-airidh uilig go léir é nuair a dhíol a' t-áthair a' mac. 311
308. 2. Is maith an airí air, (is maith atá sé tuillte aige), bhéarfaidh mé cead daoithe agus is maith an airigh
uirthí cead a fhágháil.. 1185 542. 3. Comhairle, socrú,
plean,nuair a chuaidh scéala chuig muinntir Thoraigh roimhe sin go
rabh 'n "Wasp" a tarraingt ortha.. dubhairt siad gur mhaith an airigh
Cloch thoraigh a thionntodh ina n-éadan. 472 458.
*airíoch, Uiséir?
coimeádaí? scairt sé ar an airigheach a bhí i dteach na cúirte an
buachaill a thabhairt 'un tosuigh.. 310 255.
Bhí Paidi 'na airidheach ag m'athair tá deich mblian' is daichead ó
shoin.. 311 79.
*airíonn, Déanann amach, tagann ar ar an
tuairim (faoi), d'áimhighead
siad go b'iad (éin) a b'fhearr a bhí cothaoiste ag a ba troime.. 1185
654. d'áirmhigheadh an seanbhunadh
ariamh anall go rabh sé uasal, agus go mbíodh na daoine beaga fá dtaobh de.
1170 59. bhí sé áiríste gur bh'é an saor
cloiche é a bfheárr i n-Éirinn.. 1170 446.
d'áiríod siad an té a n-amarcochadh an daol air idir an dá shúil
d'áiríod siad nach mbéadh saol an duine sin fada. 1791 280.
*airne, Caor draighní,
tháinic sí aníos agus cárta crodhannaí léithe agus cárta áirní. 1170 66.
*airneál, Airneán,
chá dtáinic a'n duine isteach a chuartaidheacht chugam ná dh'áirneál.. 1184
463. Bhí mac dó fhear a' toige astoigh
nuair a tháinic sé a dh'áirneal.. 472 564.
Bhainead siad an-áirneál aistí i n-amannaí, agus annsin bíod siad ag
iarraidh uirthí fanacht go maidin.. 1170 17.
*airnéis : urnais, 1. Angraeis, treallamh, Chruinnigh siad (lucht
poitín), a gcuid urnais agus chuir siad i bhfolach é. 472 391. 2. Maoin,
airgead?, Fil:, I gcuid agus i gcostas, i maoin agus i n-eárnais..
1170 20. *áirnéis?. 3.,Míola, dreancaidí,
bhíodh seandaoine bochta an-deacair a choinneáil glan, ach dá dtugad siad fá dear
an earnáis seo a bhfágáil, ba léar leo
gur chomhartha báis é. 1791 280.
*airteagal, 1. Rud,
earra, seo airteagal (claíomh) a bhéas liom-sa. 1184 270. tá dhá
airteagal liom-sa nach bhfacaidh tú go fóill.. 1184 403. fá choinne airteagal ínteacht a chóiriú ag an
choibleáir.1185 530. airteagal beag atá
agam anseo, agus tá sé an-luachmhar.. 1343 230.
2. Glaoch ola, "An bhfuil an sagart astóigh?"..
"Tá ..acht tá sé ag gabhail a luighe. An airteagal atá air?"..
"Airteagal go leor.." 1170 197.
Shíl sé cinnte gur ar airteagal a bhí aige le ghabhail. 1170 197.
*ais, 1. Ar ais, (Arís), Fá
dheireadh fuair a bhean bás, agus pósadh an Rí arais. 1184 245. Tar arais agus
chá ndeánam a choidhche arais é! 1184 515.
rinn sé a sheacht sáith gáiridhe arais. 1184 317. Pósadh arais é ar bhean eile.. 472 96. fuair sé a pháighe agus.. chaith sé uilig é,
agus ar maidin Dé Luain arais chuaidh sé a dh'iarraidh tuilleadh airgid.. 472
96. Chunntais siad arais é agus bhí siad
cupla scilling goirid. 310 368. Thosuigh
na comhursanaigh a sgannrú agus shlíoc duine amach anois agus duine arais go
dtí gur fágadh an dá shagart.. 1170 25. 2.Gabhann ar ais i.. (téann siar air, séanann), Chá dtigh liom a
ghabhail arais ina rud ar bith dar innis mé duit". 1184 260. 3.Ina dhiaidh ar ais,
(ar a chúlaibh, taobh thiar do), D'iarr sé air amharc 'na dhéidh ar ais.. 311
164. 4.Cuireann ar ais, (a),(cuireann siar,
ar an méir fhada), Bhí sé dá chur arais ó lá go lá nó go dtáinic sé
an bhliadhain seo fhad le h-am bhaint na bpréataí. 1170 49. (b), (cuireann dá
threoir, ..faoi chois), Thóg sé cloch
a tabhairt iarraidh uirthí ná bhí inntinn an-domhain aige agus ba doiligh é
chur arais.. 1791 95. 5.Téann ar ais, (téann as
feidhm, gnás), Fuaidh sin arais, "that died out". 420
235. 6.,Tagann ar ais, (filleann
ón saol eile), bhí siad a deánamh gur a thais a bhí a' teacht
arais.. 1791 326.
*aisfhreagra, Ais-fhreagar, "back-answer". 420
265.
*aisíoc, Íocaíocht ar ais, mur rabh tú ábalta aisíoc a dheánamh liom-sa roimh
bliain gearrfar dhá punnta feóla amach as do dhá thaoibh.. 1538 123.
*aislingeacht, Taidhreamh,
fuaidh sí i luighe an oiche agus bí sí ag aisneacht i rith na h-oiche ar
a' diúlach.. 311 202. a'darna h-oiche
bhí sé ag aisneacht arais ar a' dóigh chéana.. 311 202. bhí ag aisneacht ar an fhear chéana..
311 202. (* "ceartaithe" go dtí
"aislingeacht" ag scríobhnóir). goidé
mar bhí sé ag aislingeacht air le trí h-oiche.. 311 203.
*aisneach, Ag aisneach, "ag brionglóidigh".
420 235.
*aiste, Éirí (éisc) ar bhaoite, broideadh, gheobhaidh muid ..aiste bhréagh 'na
dhiaidh.. 472 394.
*áit, 1. Spás
oiriúnach le haghaidh.., bain áit a' gasúir amach as a' chrann mór..
472 111. 2. An áit, (an toisc,),
tá d'fhear-sa ag gabhail a mharbhadh an fhir seo eile an áit a bhfaca sé é a tabhairt
póige duit-se indé.. 1184 353.
"Clocha le thusa a mharbhadh.. an áit a bhfaca sé thusa a pógadh a
mhrá.. " 1184 353. D'fhág tinneas
mo mhathara ise gan a ghabhail agus sin an áit ar chaill sise é.. 1185
140. chuir siad aníos giota an adhmaid
seo, agus chuaidh fear fána choinne agus beáthach leis agus cárr an áit a rabh
sé .. fá coinne poirlín a chur isteach faoi sclátaí a bhí sé leis. 1835
448. 3. Ócáid, Tá mé sa chéad áit ar chuala mé iomrá ar a
leithéid 'e racht ariamh. 1579 214. 4.In áit na garaíochta, (sa tslí gur féidir acra a dhéanamh), Má
mheasann tú go bhfuil maith ar bith duit ins a deannach atá fágtha tá sé le
fagháil agat agus fáilte ó's mise atá i n-áit na garaidheachta. 1170 398. 5. In áit na mbonn, (láithreach), Bhí athair an
ghaduidhe ag obair ag an rí agus chuir sé fá n-a choinne i n-áit na mbonn. 1170
410. .. thuit sí i ngrádh leis i n-áit
na mbonn. 1170 467. chuimil sé braon de
íocshláinte seo ar an bhall a bhí frithir aicí agus léigheas sé í i n-áit na
mbonn. 1538 5. 6.Áit na fírinne, ..na bréige, (an saol eile, an saol seo), cha phósann tú an
stócach sin go brách. Tá sé sin.. ar áit na fírinne.. agus tá mise agus tusa..
ar áit na bréige.. 1835 76.
*aiteann, 1.Tor
deilgneach bláthbhuí, coitianta ar thalamh bocht, ..áit a bhí uilig
cumhdaighthe le dreasogaí agus aiteann. 1170 418. 2. Juniper? "aiteall", Tá blas
dorgúltaar shugh caoraitinn. 1184 71.
*aiteannach, b., Aiteann,
toir bheaga íseala aiteanaigh.. 1184 530.
as tor aiteanadh.. 1185 438. ..ar
na driseógaí agus ar an aiteanach.. 1185 479.
thug siad air seasamh ar an aiteanach seo, agus fear ar achan taobh dá
bhrú síos fríd chrap na haiteanadh sin. 1791 222.
*aithche, Áith.
Bhí áithche mhór aoil ann, agus chuaidh sé isteach i n-áithche an aoil. 1184
345. bhainfead sé cupa sleabhaic agus
bhriuthead sé cupa an tsleabhaic ar aíche
na ceilpe.. 1791 64. nuair a
bhíodh an cheilp seo bruite acu bhí an rud ann a dtabharad siad an aíche air. 1791 160. chaitheadh an maide seo a ghabháil ar thinidh
leis an áiche a choinneáil ag gabháil..
1791 166. bhí an áiche, maram, ceithre
troigh ar fad agus bhí sé dhá throigh ar leitheadh, agus bhí sí sin deánta 'na
poll síos ins a talamh acu agus í tógthaí suas acu go galanta.. 1835 136.
*aithne, 1. Aithne
an lae, (breacadh an lae), Léigh an
sneachta uilig ar shiubhal le h-aithne an lae. 1185 642. rinn mé amach go bhfanochainn annseo go dtí
aithne an lae. 1185 528. 2.
Tabhair leat an mhéid atá ar aithne do shúl. .i. An dóigh a n-abruightear ar na
Cruacha—tabhair leat an mhéid(níor críochnuíodh an míniú). 1184
51. 3.Aithne ghloine, (rian ólacháin), ní ólfaidh sé cupla lán an t-soithigh.. go dtí go rabh aithne
gloine air. Is goirid go rabh sé ar meisce. 1185 626. 4.Ligeann
a aithne leis, fhad leis, (cuireann é féinin aithne dó),gan a'n
fhear aca a aithne a leigean fhad leis an fhear eile. 472 349. níor leig sé a aithne leofa. 1538 95. 5.,In aithne, (in iúl), bhain siad teach a h-athar
amach agus chuir siad a ngraithe in aithne dó. 1835 174. 6.(Mar a.bh.), aithint),
ní rabh a'n fhear acu ábalta aithne cén crann sa choillidh ar gheárr sé an
teach amach as.. 1538 84. B'fhurast damh
aithne nach leigfeadh mo chroidhe damh do bhuaileadh.. 418 22. an áit a bhfuil an chaora thíos faoi'n
tsneachta tá tú ábalta é aithne. 1791 104. Cha rabh sé deacair aithne.. nuair a
bhéadh buaidhreadh ínteach ag cur as dóna mrá. 1835 371.
*aithreach, Aithríoch,
Dheánfaidh tú sáimhín aithreach ort fhéin. .i. Dheánfaidh tú geárradh ort fhéin
a bhéasnimhneach; nó dheánfaidh tú rud ínteacht a mbéidh tú buaidheartha fá
dtaobh de. 1184 52.
*aithriseacha, Aithris,
ag éisteacht leobhtha ag aithriseacha orainn agus a rádh le chéile: Éist na
lacháin. 1185 172,
*aivé, go dtí go n-abraighidh mé cúig paidreacha
agus cúig abé maria.. 472 506. abair cúig paidreacha agus cúig Abé Maria i n-onóir na naomh.. 418 257. bhí daoine adeárfadh na cúig abhé maria suas
in onóir na Maighdeana Muire.. 1835 292.
*aladh, Iarracht tapa
(chun breith ar), Thug sé áladh
uirthí (éan) agus thóg sé í.. 1185 654. Thug an uile duine astoigh áladh ar an fhear a
thuit agus nuair a thóg siad eisean.. 310 320.
*alarm, Gléas rabhaidh, bhí clog againn ach cá rabh "alarm" air.
1185 134.
*albanach, Alabnach. Preisbitéireach?,
D'imthigh an sagart agus rinn sé oifige do'n bhodach—siud agus gur Albanach a
bhí ann! 1184 544. char leig an eagla do
dhuine ar bith—Albanach ná Caitliceach.. 1579 217. Dúirt sé go bhfuigheadh Alabnach bás a
leihéid seo lá. 311 143. Bhí bean
Alabnaigh ar a' Lagán agus fuair sí bás.. 311 143. Tá cuid alluis na nGaedheal goirt agus níl
allus na n-Alabnach mar go dtéidheann salann ar an uisce nuair a bhaistear na
Gaedhil. 311 156.
*allas, 1. Ina
chuid allais, (é) ag cur allais), É
ina chuid alluis, "he sweating". 420 228. 2.Allas a mhallacha, (allas
a choirp, saothar a chnámh), chan tú inné go mbfheárr leat scilling
a shaothrochad fear le h-allus a mhalacha ná céad punnta a gheobhtha ar dhóigh
ar bith eile.. 1343 224. 3. Allas an diabhail,
(cnéamhaire righin), Allus a' diabhail, "Duine righin atá lán
mion-chreamhaireacht agus diabhlaidheachta." 1184 101.
*allta, Fiain
.. beáthadhach-allta a bhí thuas ins a choillidh.. 472 272. Bhíodh beithigh állta ann.. 311 57. chuaidh sé a' troid leis agus mharbh sé'n
madadh allta ach má mharbhuigh fhéin, bhí a ghraith' ag Diarmuid bocht fosta nó
i ndeas do.. 311 325.
*aloigh, ".i. an focal atá ar drill préataí ar
na Cruacha."
1184 95.
*alp, Píosa maith mór, ..pandaí lán poitín, ..ar an teinidh, agus gnidhead
siad sgaildín dó agus chuiread sí alp ime agus sláman siucra síos air.. 418 230.
*alpartha, Scafánta,
Buachaill íontach breá a bhí ann. D'éirigh sé aníos mór alpardha, ach bí rud
amhaín contráilte leis—ní rabh sé in am ar bith mar ba chóir dá a bheith..1578
1. "Bean mór láidir alpardha nach
ngoillfead sé uirthí obair fir a dheánamh". ¦1184 111.
*alraight, Ceart go leor,
.. shíl sé go rabh siad i gcómhnuí alright. 311 248. bhí Jack ag gul thart a'feadalaigh agus é
alright.. 311 371. nuair a bhí a bhean
alright agus a nighean pósta.. 311 563.
*alt, 1. Thóg sé an maide briste agus
bhuail sé isteach ins na h-ailt é. 1184 345.
(?). 2. Bhí an t-abhrán sin i n-alt a chéile go maith. .i. Bhí an
t-abhrán i gcionn a chéile go maith.. 1184 71. 3. Aill, Chuir
siad an currach ar an uisce agus d'imir leó anonn ag bun na n-állt agus .. 472
393 ..gur beáthadhach duine ínteacht a
chuaidh leis an ált. 1170 60.
*altaíonn, Abraíonn paidir
buíochais roimh (bia), sa tír seo
althann siad uilig a gcuid sula mblaisidh siad an biadh.. 1185 216. d'fhág sé uaidh an coileadh go n-altochad sé
a chuid. 1185 216.
*altán, Aill bheag, Shiubhal siad leófa go deacha siad fhad le altán
beag a rabh stream, a' teacht as.. 311 376. bhí sé ná luighe istuigh ina gcineál altán bheag
agus tí sé an tarbh beag riabhach a' teacht anuas.. 311 377.
*altú, Altú Dhia!
(buíochas le Dia!), "Altughadh
Dhia, " arsa seisean, "tá mé sábhailte". 472 436.
*amach, 1.Amach
ar a chéile, (amuigh, in earraid lena chéile),
dar leis go ndeánfad sé míreann eatorrú agus go gcuirfead sé amach ar a chéile
iad. 1185 219. 2.Amach ná
isteach, (As ord, trí na chéile), Ní
bhfuair sé na caoirigh ariamh comh cruinn i gcuideachta a chéile. Ní rabh a'n
cheann amach nó isteach acú. 1185 282. 3.(Treisiú: (a)..ar fad,
as cuimse), bhí sean-chailleach 'na suidhe thuas ins á
chlúdaigh.. agus droch-shreang amach uirthí. 1184 560. chárdáil siad an craiceann anuas de agus thug
siad droch bhail amach air. 1579 211.
Amach as mhiosúir, "wonderful". 420 238. Mothaighim.. go bhfuil droch-chéird amach
agaibh-se.. Tá tusa ar shiúl le mrá eile.. 1791 381. (b), (ar fad, go dtí an deireadh, go hiomlán), iomlán díreach
an stoc leóbhtha, agus iad ag úl a dhíol amach an iomláin. 418 97. d'ól siad amach é.. agus chonnaic mise iad
sin .. gan scraith ós a gcionn i ndeireadh a saoil. 1791 86. tharrain Neart Mhac Neart an chlaidheamh seo
air le n-a mharbhadh amach. 1343 262. (c
), Díolann amach as, (íocann fiacha iomlán (le duine) caidé atá tú
ag gabhail a dheánamh anois ná an bhfuil tú ag gabhail mo dhíol amach as? 1185
444. 4.Téann
amach ar (cos), (déanann coiscéim falsa, tuislíonn), chuaidh
an beáthadhach amach ar a cois agus thuit sí síos 'na talaimh. 1185 381. 5. (Focal treisithe diúltach), "sin í do
bhean fhéin", arsa seisean. "Chan í amach!" arsa'n fármer,
"nach measann tú go n-aithneochainn mo bhean fhéin." 1184 351. chá rabh smál ghaoithe ann amach as an aer.
1185 74. 6. Déanann amach as (cúigleálann as), nár chuir
tusa cunntas ar bith chugam fán airgead sin a deárn tú mé amach as.. 1185
444. 7. Amach ó.. (a), (cé is moite de.. ), Níl aon spíce air nach bhfuil cloigeann rí air amach
ó cheann ná beirt.. 1185 465. a baint de
a chuid éadaigh—a mbunadhas de amach ó na brístí.. 1185 533. b'annamh a tharadh duine ar bith an bealach
amach ó chorr heat a bheadh fear fán chroc ag cuartú caorach. 1578 65. ..nach dtiocfadh leisean í chur i gcumartas
le seórt ar bith 'mach ó aingeal.. 311 203.
thug sí seórt eighinteacht do díon dófa agus thuit siad uilig 'na
chodhladh amach ó Diarmuid. 311 323. (b), (ar fad..), Bhain sé an dá
chluas de amach ó'n leiceann.. 472 38.
bhí an bhróg fitáilte amach fa choinne Jack.. 311 393. (..dob é a
thoise cheart chruinn í). A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a bheith
a baint as amach agus a ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49. (c ), (den),..
sciobtha scuabtha go dtiocfadh leis an rí a dhinneár a dhéanamh amach ón
urlár.. 472 191. 8.Amach
ó go.. (murach go..), Amach ó go dtionntochad siad, "unless they turned.
420 222. 9.Baineann (as).. amach, (cromann, tosaíonn ar imeacht), Bhuin sí ar shiubhal amach, "she went
away". 420 248. Bhuin sé na ndéidh
amach, "he followed them". 420 261.
A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a bheith a baint as amach agus a
ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49.
10.Cuireann (é féin) amach mar..(foilsíonn, taispeánann é féin mar..),
"Buachaill óg a chuireas é fhéin amach mar fhear, agus gan innibh ann an
smug a bhaint de fhéin". 1184 169.
*amaideach, Baoth, ar díth céille, Ní rabh a'n áird mhór againn ar an Aifreann..
mar bhí muid amaideach ins an am.. 418 262.
*amaidí, Súgradh,
chuaidh an tachrán a dheánamh cuideachta agus a dh'amaidighe leis an
chlaidhimh.. 1538 109.
*amháin, 1. Aon
uair amháin.. (chomh luath is..), A'n
uair amháin ar thoisigh seisean ar an damhsa chá dtiocfadh leis stad.. 1185
342. a'n uair amháin ar ól sí é thuit sí
síos.. 1184 334. a'n uair amháin a bhfuighthí an chloch íochtarach amach as an
dubhshraithe thiteadh an teach.. 1791 59. 2. Chan, ní é amháin, (gan trácht
ar), char bhog sí ribe chan é amháin á leagan.. 1185 104.(níor
bhog an capall ribe leis gan trácht ar é a chaitheamh dá droim). gan
dóigh air stópa amháin de a thógáil ní h-é amháin an tobair a bheith taomtha
tirm.. 1185 606. Chonnaic mé dó dhá
glúin ní h-é amháin athrughadh. 472 42.
dubhairt Fionn.. nár scaoil Fianna Éireann ariamh beathadhach éanlaithe
ná beáthadhach brúideamhail chan é amháin duine saolta.. 1538 102. 3.A dhath
amháin, (a dhath ar bith, dada), chá rabh dhath amháin dhe mhaith
ann. 1185 190.
*amharc, Amharc súl, (duine, rud
dathúil), Bhí siad a' ráit
nach amharc súl mór ar bith eisean. 311 133.
dá rachtha-sa ansin agus gan an nighean sin a bheith 'na h-amharc súl
bhéadh an scéal níos measa. 1538 63.
t'eagla orm.. nach bhfuil sé 'n amharc súl maith go leór fá n-a coinne.
1538 67. Ní amharc súl mór ar bith eisean. 420 260.
*amharcaíonn, 1. Féachann, Na trí neithe is grinne a nuair a amharcochaidh duine
ortha. 1184 8. D'amharcaighead sí.. amach ar an fhuinneóig.. 1185 266. radhad siad amach agus d'amharchóchad siar ar
a' ghrian..1791 124. 2.Lorgaíonn, iarrann.. níor cheannuigh siad sin a'n
bheáthadhach ariamh nach mbéad siad ag amharc roimhe sheachtmhain féachailt a
dtabharfá 'na í. 1185 496. 3.Amharcaíonn fá dtaobh de,
i ndiaidh, (tugann aire do). Fuair se buachaillí a ..
d'amharcochadh indiaidh a ghroithe.. 1184 253. .. go ndeánad sé a scríste agus
go n-amharcaigheadh sé fá dtaobh de fhéin. 1184 498. gan rud ínteacht a thabhairt duit le deánamh
go n-amharcaighidh tú fá dtaobh díot fhéin. 1184 517. . thig le do nighean
amharc indiaidh an toighe.. 1185 8. 4. (a),Go n-amharcaí an
Rí..(go bhfóire Dia..) go n-amharcaighidh an rí ar an t-é a rachas
isteach ann. 1184 522. (b), ..bhí Diaféin ag amharc air.. (is é Dia
amháin a d'fhóireadh air i.e.,ba bhocht an scéal do é), bhéarfad siad 'na
cúirte thú agus bhí Dia héin ag amharc ar an té a mbeirfead siad sin air. 1791
86. 5. A dh'amharc air.. (ar chuairt go dtí..), go
rabh sé a' teacht isteach tráthnóna lá thar na bhárach a dh'amharc uirthí fhéin
agus air san. 1184 555. phill sé arais
chuig na mháthair a dh'amharc oirthí agus smaoitigh sé go rachad sé go Sasain.
472 468. 6.Ag amharc uaidh, (ag féachaint thart go díomhaoin), Níl tú ag gabhail a dheánamh a
dhath.. ach ag amharc uait.. 1184 343. 'na sheasamh i ndoras a' cheárdta agus é
ag amharc uadh… 472 366. 7.Ag amharc faoi, (ag féachaint i ndiaidh, ag lorg), thainic
sé isteach ag amharc fa diocán mine.. 311 398.
*amhas, Duine fiain, nuair a fuaidh siad go dtighidhn doras, bhí
sé lán abhais agus thoisigh siad uilig ag gáiridh agus a' fosglú a mbéal ag gul
a strócú as a chéile.. 311 217. Amhthas,
"duine atá i bhfiadhain; fear mire". 1184 103.
*amhlánta, Dúr,
Cliobog, "Duine amhlanta uascanta". 1184 117.
*amhlóir, Focal amhlóra. 1184 7. Amhlóir, "Duine
ramhar 'sa ghráinín nach n-aontuigheann leis an rud adéarfas nó a dheánfas
duine ar bith, agus a shíleas go bhfuil fhios aige fhéin achan seórt".
1184 103.
*amhoirc?, Bruíon?,
d'iarr sé maitheamhnas air ar shon a rud a bhí déanta aige fána mhraoi, ná bhí
sé héin agus a mhraoi ag amhoirc le chéile le trí bliana roimhe sin. 1791
455.
*amhra ? Bruighin amhra—Troid a scabfadh agus a
mbéadh daoiní suaithte astoigh inntí nach mbéadh baint ar bith acú. 1184 95.
*ampla, Ocras, gorta, char mhaith liom go gcaithfeadh an t-aos óg a
theacht fríd an ampla agus an anais a dtáinic mise agus achan nduine dá m'aois
fríd. 1185 209.
*amscaí, As ord ,
trí-na-chéile, Char fhág mise mo shráideóg ariamh.. ar dhóigh ar
bith amscaoith mó dhiaidh.. 1185 469.
Cifleachán, "Duine amsgaidhthe. One who dresses in tattered
clothing". 1184 113.
*amú, (Curtha) ó
mhaith, ar shiúl, Chá dtáinic léithe a dhath a fhágáilt amach as a láimh
nach rabh amudha ag na luchógaí.. 1185 331.
ní bhfuigh tú an bhean is óige uam-sa ar an tséala gur mhór an truaighe
do leithéid 'e bhuachaill achur amudha léithe. 1578 20. .. go mbéadh an dá éilín amudha. 310
334. a mbéadh scoilteáin cibealta dá rachadh
an t-eallach fríd sin chuiread siad amudha é.. chuirfead siad aníos na
scoilteáin, agus bheadh a giota beag préataí sin amudha ansin. 1835 264. chuir sí amudha an giota báinínachuir sí an
seol as eagar comh maith. 1835 451. + : dul
*amuigh, 1. Curtha suas (mar dhuais), bhí cúig chéad
punnta de dhuais amuigh ar chloigeann Sir Réamonn. 472 356. 2.(An méid a bhíonn) amuigh agus istigh.., (gach uile rud), chaith sé am méid a bhí amuigh agus astoigh aige.
472 187. 3.Amuigh is istigh ar.. (tuairim is, thart faoi), Bhí an t-iarann seo amuigh 's astoigh ar dheich
n-órdlaigh ar leathad.. Bhí amuigh 's astoigh ar cheithre slatacha beaga iarann
anuas ann.. 1791 42. tá sin amuigh is
astoigh ar dhá mhíle suas ó seo. 1791 59.
amuigh 's astoigh ar dhá mhí.. 1791 289.
ní rabh mé ach amuigh is astoigh le céad bean uilig! 1791 383. rinn sé an fhastodh.. ar amuigh agus astoigh
ar cheithre phunnt agus a' deich.. 1343 215.
4. Ar
an saol, d'fhiafruigh sé díobhtha
goidé 'n nidh a ba sine amuigh.. 472 717.
Ní a'n chleas amuigh nach rabh ag an bhean seo.. 1791 483. 5.I bhfad
amuigh, (..ó shin), An bhfuil sé i
bhfad amuigh, "is it long since?" 420 234. 6. I gcéin, as baile, .. -ar shiúl i Meireceá ná
ar shiúl in áit ar bith eile—agus bhéarfad sé amach an té sin go dtí go
gcuirthí amuigh é. 1791 53. 7. Ag coimhéad amuigh
fána gcoinne, (ag faire amach dó), ba doiligh iad a mhothailt
ach san am chéanna go mbéadh duine ag coimhead amuigh fána gcoinne.. 1835
189.
*an, 1. I
dtráthaibh an.., (thart faoi (am)),
D'éirighSeán i dtráthaibh an h-ocht a' chlog. 1184 499. nuair a d'éireochtha ar
maidin i dtráthaibh an cúig a' chlog..1185 2. Aon, thug má a'n
léim amháin.. 1184 418. D'imthigh mé a'n
oidhche amháin..1184 419.
*anaibí, Anabaidhe, "Duine a bhéadh ar chiall na
bpáisdí." (Teilionn) 1184 103.
*anáil, Dé, beatha, bhí an anáil ann agus ní mó ná go rabh. 1791
458.
*anairt, Lín-éadach, Fil:, Guna dón fhaisiún agus bucla bróig / Dubh 's a'dearg
agus an anairt abhí caol go leor. 311 369.
*anall, 1. Ain. An
taobh seo (den mhuir), cé bith mar
fuair sé oiread cruinn suas agus thug 'na bhaile é bain sé anall amach. 472
258. 2. Ar ais (go duine eile),
thionntaigh sé anall leath-choráin fhad le Dómhnall. 310 368.
*anall, Ariamh anall,
(as sin amach), bhí an t-airgead
uilig ag an bhean fána choinne agus bhí sé a rachtáil ariamh anall air. Ní rabh
fiachadh air ariamh an tír a fhágáil.1579 200.
*anam, (Treisiú le
bréag a chasadh le duine), Tá d'anam
bréagach! 1185 567. "Tá d'anam
bréagach!" arsa'n rí. "Sin rud nach bhfaca tú.. " 1170 466. cf.*diasán
*anás, 1. Donas,
Chá deachaidh rudaí 'un anais ariamh go
dtí sin. 1185 364. Tá anas níos meas nó
sin air.. tá na caoithireacha greamuighthe.. 310 23. 2.Cruatan,
fulaingt, bhí cuid aca nár éirigh go bhfuair siad bás..Fuair siad
barraidheach anais fríd na portaigh. 310
327. dá mbeádh anas na rud eile ort..
1791 422, 3.Duine ainnis, Anas, "Duine bratógach
cifleógach atá i dtólamh i ngéibheann agus i dtrioblóid.." 1184 103.
*anásta, Dearóil, ainnis, ciotach, tháinic siad innseair chró beag toighe a bhí
comh h-anasta leis an bheirt eile. 1185
594. bhí an-droch fhomhar ann, agus bhí
an cochán go hanasta.. 1578 69.
Ciomachán, "duine anasta a mbíonn a chuid éadaigh cifleogach
bratógach." 1184 115. "..duine
liobasta a bhfuil mórán d'fheóil bhog air agus é comh h-anasta agus nach bhfuil
ann ach é go bhfuil sé ábalta siubhal." 1184 133.
*anbhainneacht, Laige, anbhainne, Thug sé fá dear go rabh anbhfuinneacht de chineál
ínteacht a teacht uirthí.. 1170 399.
*anchlaoi, Claochló,
anchaoi (?), a coimhead go bhfeicead
siad an corp a dtiocfadh cineál de anchlaoidh ar bith air, ná go dtabhardad sé
aon bharúil daofa an té rinn an marbhfach. 1791 220.
*anchuma, Drochchuma,
Bhí an dobharchú seo amuigh ins an fharraige agus bhí cuid mhór bádaí 'á
fheiceáilt .. Ach dúirt siad go rabh seal ina a' bhliain agus go dtiocfadh
an-chumadh air é seo.. 1791 176.
thoisigh an corp a chur fola as a ghaothsán, agus tháinic an-chuma amach
ar an chorp. 1791 220.
*anduine, "Fear fiadhanta láidir a bhéadh ar
mire agus ar chuma leis caidé a dheánfadh sé." 1184 103.
*angadh,(Mo léan is) mo angadh, (mo
chreach, angar?), Fil:, Sé mo léan géar agus m'angadh go rabh
clann agam fhéin leat. 311 207.
*aníos, 1. Suas
(go dtí an príomhchathair, an méid (cíosa),
a tógadh le seacht mbliadhna ní thainic a'n leithphingin de aníos. 472
360. 2. Suas (go dtí toirt níos mó), tógadh aníos na uascan mhaith é. 472 722. d'éirigh an searrach aníos go rabh sé an
chliobóg.. 472 722. 3.Tagann aníos le, (solathraíonn,
cuireann ar fáil), .. dhá phunnta feóla a gheárradh amach as a dhá
thaoibh mur mbéad sé ábalta a theacht aníos leis an ór. 1538 129. 4.Suas (go
céim níos airde sa tsaol), ..ní
fhacaidh mé mórán gnóite ar fhear ar bith a tháinic aníos mar mhaithe le cnudh (crodh)
mór. 1343 219. 5. Teacht aníos ná anuas air, (cur isteach air i slí ar bith), ..agus mé a sílstean nach rabh aon nduine le theacht
aníos ná anuas ort.. 1343 253.
*anlann,Rud sobhlasta a
itear (go háirithe in fhochair prátaí) bhí ánlann do dhinneára lá
thar na bhárach agus lá thar na bhárach eile.. 472 415. Bhí mé ag iascaireacht iné.. Fá choinne
annlann do dhinneár'agus goidé d'eirigh ar a' dubháin agam ach bradán.. 311
462.
*ann, 1. Ní
raibh ann ach go.. (is ar éigin a bhí..),
Chuaidh mé amach ansin go curr a toighe agus ní rabh ann ach go rabh mé ábalta
seasamh ar mo chosa ag curr a toighe bhí an stoirm comh mór.. 1835 195. 2. "Tá tú ann", nó "An
bhfuil tú ann?", (said when meeting a person). 420 235.
*anois, ..anois agus ..
arís, ((rud) i ndiaidh (rud) eile).
Béigean díobhtha a ceann a choradh a leath-taoibh agus adharc a chur isteach
anois agus adharc arís. 472 556.
*anonn, 1. Déanach,
anonn i n-am ínteacht ins an oidhche.. 472 188.
anonn go maith sa lá.. 1170 47. 2.Ag gabháil anonn, (ag éirí déanach),
Bhí sé ag gabhail anonn tamall maith ins an oidhche.. 1185 510. Do réir mar bhí an dodhche ag gabhail anonn..
1170 192. 3. Sean, bhí 'n
sagart anonn go maith i n-aois.. 310 336.
4.Lá níos fuide anonn ná inniú, (uair éigin sa tochaí)
is doiligh innse caidé mar tharlochadh duit-se inniú, ná lá níos fuide anonn ná
inniú. 1343 245. 5. (Rud a rá) anonn is anall, (go cinnte, diongbhálta), Dúirt sí anonn 's anall leis a t-sagart, "she
declared emphatically to the priest". 420 242. 6.Isteach sa tsíoraíocht,
an saol eile, ..gur mhaith é fháil socraí leis an rud a bhí
idir an bheirt agaibh sulma dteachaidh seisean anonn. 1835 77.
*anórthear,An oíche, lá thar na n-órthaoir,
(an oíche, lá tar éis an lá dar gceann), Bhí fhios acú an oidhche thar na n-órthaoir
arís go mbeithí sa tóir orthú, agus an oidhche thar na n-órthaoir thug siad
leofa mála fraoich ón tsliabh.. 1538 103.
Lahar na n-órthaidh, "the day after the following day". 420
219. Thill sé 'na bhaile agus lá thar na
bhárach ná i n-órthaoir, d'innis sé d'á nighin í.. 1343 248.
*aniar, 1. (Atá)
ag teacht ón iarthar, Caidé atá an fear aniar a thógáil de'n talamh?
1184 353. 2.(Feistithe) ón chúl go dtí an tosach, bhí an scaball aniar ar
a dhá ghualainn, giota de thiar agus giota de i bhfos.. 1791 480. 3. Amach, chun tosaigh (as cúl ionaid cheilte)),
.. a breith ar na seacht gcloigne agus a gcaitheamh aniar as faoin'n leabaidh.
1343 489.
*anró, 1., Cruatan,
fulaingt, Is iomaidh masla agus
ánrógh a thug sibh daoithe nach rabh tuillte aicí.. 1538 121. 2. Bealach an anró, (bealach an aimhleasa), An
mhuintir sin atá ag ól.. cuirfidh sé (diabhal) ar bhealach an ánróigh
iad. 1791 469.
*anróiteach, 1. Achrannach,
corraiceach, tá bealach
ánróiteach romhainn.. 1791 386. nuair a bhí sé ag gabháil suas an bealach
anróiteach agus uaigneach seo.. 1791 417.
2.Garbh, gaofar, indiaidh a bheith fuar go leor héin
níl sí comh hánróiteach leis na míeannaí a bhí roimpi..1835 220.
*ansacht, Grá geal, Fil:, In aimsir a' cleamhnais, ná bí sanntach / Ag guidhe
le d'annsacht ag iarraidh spré.. 311 64.
*ansamhail, Anshóúil??
Fuair sé seo bás an-samhail aréir. Níor ligeadh siteach 'un tseamra muid '
inne.. Chuaidh na solais as orainn.. 1791·74.
*antoil, Ainmhian, Fil:, 'Sé dó chomhrádh a bhí mailíseach a
d'fhag an an-toil fríd lár mo chléibh. 310 256.
*antrách, -thach 1. Déanach, Bhí fear a'siubhal amuigh go h-antrach 'san oidhche.. 1184 58. Bhíodh gcuid cruinníocha acu .. antráthach san oíche..1579 198.