An Gréasán Gaeilge
©
"A
World-wide Word-Web of the Irish Language"
Cnuasach Conallach
A Computerized Dictionary of Donegal Irish
a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v
B
Chun ceannfhocal ar
leith a chuardach téigh isteach ar "Edit"
agus "Find" agus chur réiltín roimh an
fhocail e.g. *ábhar etc.
*babhla, Soitheach cruinn,
Fuair sé bamhal bainne reamhair.. 311 447. d'óladh an uile dhuine aca bog-lán boul de
sin.. 418 231.
*babhstar, Adhairt,
d'amharc sé ar an bhouster agus chonnaic sé go rabh beirt ins a' leabaidh. 1185
510. Chuir sí an siosúr isteach faoi'n
bhoustar ins 'a leabaidh.. 1343 485. ..a
cheann a leagaint ar an bhabhstar agus néall a chodladh. 1835 66.
*bábhún, Falla ard
daingin, Tá bádhbhdhún mór thart ar
an chaisleán sin a bhfuil ródh spící ann .. 1185 238. le a'n rúide amháin rachaidh mé glan thar an
bhádhbhdhún. 1185 240. tá seacht míle de
bhádhbhdhún ar airde eadar thú fhéin agus í fhéin. 472 117. Bhí baicle mhór fir aige ag obair a cur
bádhbhdhúin ar an abhainn ag iarraidh a bhí a coinneáil na h-abhna ó bheith ag
éirighe isteach ortha. 472 717. ní rabh
ordú acu a ghabhail ar dhúithche Stiúrd ná ní rabh cead acu a ghabháil trasna
ar an bhádhdhún a chor ar bith. 1578 33.
*bac(1), Cosc,
Nuair nach mbíonn a dhath do do bhac, "when there is nothing preventing
you". 420 217.
*bac, Iarta,
D'imthigh An Siosanach go Machaire
Gáthlain agus shuigh sé ar chloch a bhac 'toigh Sheáin.. 472 308. Bhí sé seo comh beag agus nach rabh oiread do
dhoirn ann, agus nuair a bhíodh a mháthair ag gabhail amach a dhéanamh dhath ar
bith chá rabh aicí ach á chur isteach i bpoll a' bhac.. 1170 477. Chonnaic mise cuid dena gcuid larcáin.. Bhíod
siad sin 'na suí astoigh i bpoll a' bhac—ins an pholl bheag a bhí dá leathtaoibh
na tineadh ins na cisteanachaí. 1791 33.
*bacachas, Déircínteacht,
Cha rabh leithphínn in mo phóca ach a bacachas mo bhealaigh agus a luí amuigh
san oíche.. 1791 362.
*bacán, 1. Pionna
ar an mballa chun rudaí a chrochadh as,
d'fhanochad sé crochta thuas annsin comh maith agus dá bhfágad sé crochta thuas
ar bacán é. 1185 483 copán a bhí crochta
ar bhacán a bhí ar thaobh an bhalla.. 1170 394. 2. Pionna chun adhastar ainmhí a cheangailt air, Bhí
aonach i gcúl a' toighe annseo. Bhí muid a' fágháil na mbacán annseo abhí ar na
caoirigh. 311 23. 3.Ar bhacán
na láimhe,( ar chuisle na láimhe), béidh tachrán leithe ar bhacán na
láimhe.. 1184 374. frock mór leis ar
bhacán a láimhe agus dhá mhála leis. 472 427. leanbh aige ar bhacán a láimhe agus é á chealgadh..
472 483. leanbh léithe ar bhacán a
láimhe.. 1170 171.
*bacadrú, Siúl bacach,
Ag bacadrú, "walking with a halt". 420 267.
*bachlóg, Gas úr fáis a
sceitheann as planda, fiú na préataí a bhí amuigh ins na poill ins
na cuibhrinn bhéadh bachlógaí a teacht rthu. 1835 268.
*bachta, 1. Port
móna, Bhain muid an mhóin agus chá rabh ann ach fód agus cúfrán ar
doimhne agus bhain muid é agus bhí an bachta bréagh fada. 1185 131. thug sí léithe an gabhar agus chuir sí isteach
ins a bhachta monadh é. 310 338. 2.
Móin fhluich
(mar a bheadh sa phort), nuair a bhainthea-sa do ghiota den bhrachán
agus bhí sin go maram an dóigh chéanna a mbéadh bachta móna bhí sé comh righin
sin.. 1791 213.
*bachtú, Bachtú bocht,
(ruaille buaille), bhéadh bachtiú
bocht fríd a' teach ar maidin chionnus go rabh an doras dúnta ins a dóigh nach
rabhthar ábalta é fhoscladh.. 1835 334.
*bacóg, Ualach ar bhacán
na láimhe, Fuaidh sé amach fa choinne bacóg mh'nú ag am luighe.. 311
133.
*bacstaí, dheánfad siad rud a dtabharad siad boxty
air.. Dheánfad sian an boxty agus mar deir siad héin le harán préataí.. 1835
202.
*bagáiste, Beart,
Rinn sé suas bagaiste bheag éadaigh.. 1184 213.
*bagar, Bagairt,
"Duine diabhalta atá tugtha do mhion-chreamhaireacht; páisde umlatach nach
bhfuil maith bruithleadh nó bagar a chur air." 1184 119.
*baibhreacha, Fána
baibhreacha, (fána bólaí..),
mhothaigh mé go rabh sé thart fána baibhreacha agus fána háiteachaí fán teach
seo go minic.. 1835 38.
*baicstín, Bacstaí,
Boxtín ins a' chórtha agus na cramhogaí in ár bpóca! .. " a tagairt do
dhuine a mbéadh airgead aige agus a bhéadh a tabhairt anais dó fhéin. "
1184 88.
*baigheán, Leaid, diúlach,
tháinic an boyán anall a tabhairt iarraidh ar an doras.. 1835 60.
*baignéad, Beaignit,
Chuartaigh siad.. le n-a gcuid baignéidí.. 1538 90.
*bail, Cuireann bail
ar, sábhálann (barraí), .. ag gabháil
do'n choirce gur bhain sé é, agus ansin bhí bail aige le cur air, bhí sé le cruachadh
aige agus tuighe le cur orthu. 1791 432. ..go gcuiread sé bail ar an fhéar. 1791 432.
*bailc, Cith, fuaidh siad isteach faoi'n
droichead nó bhí bailc a' teacht. 311 128.
*baile, 1. Baile
talaimh, (a) (baile fearann) tá baile talaimh annseo 'sa
chomhursantacht agam ar b'ainm dó Leitir Fada. 1185 431. tá fhios agam an baile talaimh a bhfuil sé 'na
comhnaidhe ann.. 1185 274. tá baile
talaimh annsin agus sin an t-aimn atá air an Conn-léim. 472 567. (b), Feirm talún, chonnaic sé go rabh baile
talaimh le díol agus smaoitigh sé gur cheart dó an baile seo a cheannacht. 1185
437. go mbfeárr domha ghabhail agus an
baile talaimh seo a roinn. 1185 465. 2.
(De dhéantús) baile, Chonnaic mé bearaid bhaile ar dhaoiní fosta. 1185
197. 3.Tagann chun an bhaile dó, (oireann dó), Thainic sin 'na bhaile do'n
phort, "that suited the tune". 420 234. 4.An baile, (muintir an bhaile (ar fad)), tháinic an baile agus .. fuair siad
ceann dena torannaí sin agus agus chuir siad poll ins an ucsoid .. 1791 78.
*baineann, 1. Beireann
bua, "..Is olc an tríomhadh
h-uair nach mbainfidh!". 1184 533.(Sfh: Bíonn an t-ádh leis an tríú
hiarrachtde ghnáth.) Beath capaill a' bith a deánfaidhe dó é, bhuinfead
sé'n rása. 311 83. ..na gealltaí seo a
bhaint. 1538 124. 2. Gnóthaíonn (mar nuachar),
Béidh sí bainte annsin agat. 1185 254. dhe thairbhe mo chuid dóigheamhlacht nach
mbainnfinn mac Rí. 1185 525. Tá tusa
bainte agam.. ná mise an diabhal..1791 466. 3.Tógann
amach (le dua) as fhoinse bhunaigh lena
úsáid mar ábhar tairbheach. Ag buint cloch, "quarrying
stones". 420 248. Dá gcasfaidhe
buinte í, "If only she (turf) were cut". 420 264. 4.Baineann ar, ((a),gearrann
ar (fiacha), cuireann síos i gcoinne), tá dhá chios bainte ort, agus
caithfidh tú an dá cíos a dhíol .. 472 207. 5.Baineann
(as).. amach, (cromann, tosaíonn
ar imeacht), Bhuin sí ar shiubhal amach, "she went
away". 420 248. Bhuin sé na ndéidh
amach, "he followed them". 420 261. A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a
bheith a baint as amach agus a ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49. 6. Baineann
faoi, (a), (cuireann chun suaimhnis), Rug
bean de na mrá a bhí i láthair air a' deánamh go mbainfead sé faoi ach níor
chaoineadh ariamh é go d't sin. 1185 308. cé bith bean í seo a bhain faoi an pháisde,
gur mhaith leis dá bhfanad sé aige.. 1185 308. Buint faoi'n pháisde, "to
pacify the child". 420 231. (b), (cuireann faoi, áitíonn), ceárn coilleadh atá annseo.. agus níl fhios ag a'n
nduine cá bhfuil siad a baint faoi-fá.. 472 554. 'sén áit a bhuin Diarmuid faoi nó thall i
bPoll a' Ghrianáin an áit a dtórann siad Leabaidh Dhiarmuid agus Ghráinne air..
311 324. féadaimid baint fúinn anseo go
maidin.. ná tá sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar an bhealach..
1538 41. , Tá caoirigh Ghlinne doilig a
sheadú. "tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit
amháin". 1184 95. atá annseo.. agus
níl fhios ag a'n nduine cá bhfuil siad a baint faoi-fá.. 472 554. 'sén áit a bhuin Diarmuid faoi nó thall i
bPoll a' Ghrianáin an áit a dtórann siad Leabaidh Dhiarmuid agus Ghráinne air..
311 324. féadaimid baint fúinn anseo go
maidin.. ná tá sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar an bhealach..
1538 41. , Tá caoirigh Ghlinne doilig a
sheadú. "tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit
amháin". 1184 95. 420 231. (b), (cuireann faoi, áitíonn), ceárn
coilleadh atá annseo.. agus níl fhios ag a'n nduine cá bhfuil siad a baint
faoi-fá.. 472 554. 'sén áit a bhuin
Diarmuid faoi nó thall i bPoll a' Ghrianáin an áit a dtórann siad Leabaidh
Dhiarmuid agus Ghráinne air.. 311 324. féadaimid baint fúinn anseo go maidin.. ná tá
sé contabhairteach againn a bheith ar siubhal ar an bhealach.. 1538 41. , Tá caoirigh Ghlinne doilig a sheadú.
"tá siad doiligh a chonnú—tabhairt ortha baint fútha i n-áit amháin".
1184 95.
*báinín, 1. Flainín, éadach olna fite fuair sí píosa
báinín ..agus an chéad chumailt a thug sí do'n lamp.. 1184 565. an gréasán báinín ghoirm a ba deise ar leag tú
so shúil ariamh air.. 1185 480. Cultacha
báinín uilig is mó a bhí ar fhir agus ar mhrá.. 1791 253. 2.Báinín
tíre, (báinín pléineáilte, gan dathú?),
Ba ghráthach leis i gcomhnuidhe báinín tíre a fhágháil deánta fá dhéin culaith
éadaigh. 1185 476.
*bainis, Tionól pósta, áit mhillteanach a bhí ins an bainnseachaí a deánamh na gcleamhnais. 1835 342.
*baint, Ceart déileála,
gnó, ní dheánfaidhe aon dath air.. ní
rabh baint agat a dhul a chómhair. 310 363.
*báire, 1.Cúl
(san iomáint)., chuir sé isteach go
béal an bháire í (sliotar) 1184 454. 2.Ceann de
na cuaillí sa chúl, Bhíodh báirí sáidhte 'sa talamh mar na
"goals" anois. 311 129. 3.Lár báire, (leath-bhealach, idir eatorthu) Nuair a
bhí sé i lár báire eadar tír mór agus teach a'bháid.. 472 216. níl fhios agum ceocú is neise do'n talamh
íochtair nó do'n talamh uachtair mé.. nach bhfuil fhios agat go bhfuil tú i lár
báire? 472 322. Rachad sé (cróchar)
isteach ar ghuailainn fir thall agus ar ghualainn fir thall agus ar ghualainn
fir i bhfos agus bhéadh an corp i lár báire.. 472 397. "Ná bí ar thús nó ar dheireadh
caonaidheachta ach bí i lár báire má thig leat." 420 211. 4.Tá an
báire liom.. (tá mé ar muin na muice, tá mé neamhspleách), ..in'inntinn fhéin, tá'n báire liom, is cuma liom a
dhul casan ar bith.. 418 41.
*bairéad, 1. Caipín,
Chonnaic mé bearaid bhaile ar dhaoiní fosta. 1185 197. Bhíod siad deánta cosamhail le bearad
saighdiúra, agus cuid eile acú deánta cruinn, agus cuid mhaith achú a ba
ghráthach leóbhtha a dheánamh as croiceann madadh uisce. 1185 198. 2.Bairéad an
Rí, (cuid de bholg bó), Biadal, Bearrad a' Rí, Bréidín duilleógach,
"Cow's three stomachs". 420 239. *báiríocht,Ar
thús báiríochta, (i dtosach, ar cheann na fóirne),
chuaidh Fionn é héin ar thús báiridheacht' agus shiubhail siad caol díreach 'na
h-áite a rabh an bheirt.. 1538 102.
*bairneach,Sliogiasc cónach
cladaigh a ghreamaíonn do charraigreacha,
chan fhiú dhath báirní ag Féil Pádraig. Níl a báirneach maith go dtigidh an
fomhar, ná d'iarr sé orthu gan a mholt a mharbha, "agus mise", adúirt
sé, "go loinniúr ar an chreig"—sin racht an fhomhair. 1835 239.
*baisteann, Cuireann faoi láimh (an
easpaig), Char bhaist an
t-easboc mé go fóill. 1185 119. Nuair a
tháinic an t-Easboc bhaist sé mé, agus ba dh-é an teach a rabh mé ar fastodh
ann a d'fhág mé nuair a bhí mé ag gabhail go teach a' phobail. 1185 119.
*bál, 1. Liathróid,
Dheamhan greim de fhear an stópa nár bhuail cic ar chionn de na bálannaí.. 1185
307. gheobhaidh mise camán agus bál
duit.. 1170 173. 2. Cluiche liathróide, triúr fear uasal ann ag imirt
bál.. 1184 461. 3.Bál poill,(cluiche 'na
bhféachtaí leis an bál a chur síos i bpoll sa talamh), ag imirt bál poill agus ag caitheamh urchar
cloiche.. 1185 350. 4.,Istigh 'na bhál,
(cruinn, i gcruth liathróide), Fuair siad sin é (im)
ach má fuair héin 'sé'n rud a fuair siad astoigh 'na bhál é. Cha rabh butt ar
bith thart ar seo.. 1791 310. 5. Damhsa, cóisir,
má bhí báltaí ar bith.. ag abháil b'fhéidir go siúlfadh daoine comh hárd le
deich míl fhad le cionn acu sin. 1834 252.
*balbhán, "Duine tostach nach mbéadh dúil mhór
ag daoiní ann". 1184 105.
*ball, 1. Cuid
riachtanach; uirlis?, "Tá camadh
'san obair," adeir sé, "agus bhéidh sé ann, go bhfághaidh mise cupla
ball atá 'sa bhaile i n-Éirinn agam fhéin.. 1184 373. 2.Ball bán, (maidneachan),
comh luath is a tchídhfeas tú ball bán ar an lá.. 1185 19. char lig siad daofa bogadh go bhfacaidh siad
ball bán ar an lá. 1578 75. Nuair a
chonnaic Fionn Mac Cumhail ball bán ar an lá bhí sé 'léim 'na shuidhe.. 1538
120. 3. Ar ball, (tamall ó shin), goidé siúd a rabh tú a
cainnt air ar ball? 472 65. 4.Ar a' bhall, (..ag an am,
le gach iarracht), Cionn amháin ar a' bhall, "one at a
time". 420 242. 5. Spota ar chraiceann,
shiubhailfeá an déan bhéadh mála
leitheann leat.. de leitheannaí ballannaí dearga agus ballanaí dubha.. 472 415.
6.Ball
odhráin, dearfa (ball dobhráin), bhí
ball odhráin ar a taobh.. 311 114. Bhí
ball dearbhtha uirthí ar thaobh a muineáil.. 1538 125. 7. Chá nglacann an Deasghabhail ach
ball de do bhallaibh! "Rud adeirtear i gCloich Cheannfhaola fá dhuine a
bhriseas an t-saoire". 1184 90.
*ballad, *ballán,Ceann de na baill
cruinn a deirtí a bhí le feiceáil i
gcóngar na gréine (comhartha aimsire) na ballaid a mhothaigh mis
orthu. Tá siad sin cruinn.. mar bhéadh tóin an bhuideáil ann. Tá siad íontach
comhgarach isteach uirthe ar fad. 1791 116. má thíonn tusa na balláin sin.. Má tá siad
ró-dheas daoithe tá an aimsir ag gabhail a bheith olc.. 1791 117.
*ballán(2), Saghas éisc,
"ballan wrasse"?, tá poll
iascaireachta ar gach fuile thaobh duit ar ghrách leo cuid mhór ballán a
mharbha ann. 1835 236.
*ballaíocht, Tuairim, cuntas, d'innis sé dó fá dtaobh do'n ghiorrsach a bhí
gaibhte acu, agus thug sé ballaíocht mhór dó cén áit a bhfuighead siad í. 1791
208.
*ballaiste, Meáchan chun
árthach a stuamú san uisce, giota
miotail a chur isteach.. 'na bhallaiste.. agus é a leigean amach ar an t-snámh
'na fairrge. 1184 447. .
*ballán, 1. Sine,
Ceithre slata boga geala a'tarraingt ar an pholl amháin maide. Balláin na bó.
1170 317. 2. "Ballan wrasse"
fgb, Ní theárn sé a dhath ariamh ach ag iasgaireacht ballán agus
deargógaí.. 472 390. Bhí sé fá choinne
tráth ballán ná deargóg a bheith marbh aige.. 1791 149.
*ballóg, Fothrach tí,..ballóg mar adéarfá agus chruinneochad siad uilig
ann antráthach san oíche.. 1579 198. thug siad isteach ina sean-bhallóig é. 1579
211. dóigheadh an teach agus fágadh é
'na bhallóg. 310 324. Tá ballógaí anois
ar lorg cuid dena toighthe a rabh siad sin 'na gcónaí ionntu.. 1791 86.
*bambach, "Given to stumbling". 420 270.
*bán, 1. Lá bán
ná oídhche, (lá geal ná.. , am ar bith),
níor smaoitigh sé ar an "lady" lá bán nó oidche.. 472 193. 2.Féar bán,
(féar a bhaintear den mbán (murab ionann agus féar móinéir)), ceithre chéad de'n fhéar bhán a choinneáil
domh-sa, agus dhá chéad de fhéar a' mhíodúin—bhéidh an féar bán níos cruaidh i
mbolg an eallaigh .. nó féar a' mhíodúin. 1170 56. 3.Deoch
bhán, (meascán do bheithígh, d'uisce,min
etc.), Tháinic sé isteach.. agus stópa leis go ndeánad sé deoch bhán do
ghamhain.. char shíl sé a dhath dá lámh a chur 'sa córtha agus dórnán de'n mhin
a chur i ndeoch a' ghamhna. 1170 402. 4.
Fionn, ..An bhean bhán mar an lán amach
is isteach, "go bhfuil sé i gcomhnuidhe ar an dóigh amháin. 1184 20. ceocú a bhí sé ag gabháil a bheith dubh ná
bán, má bhí ceann bán ann bhí sé ag gabháil a bheith bán sa ghruaig.. 1835 431.
*banaí, Mealltóir ban, Radaire nó radaidhe, "Banaidhe mór.
Flirt." 1184 153.
*bánaíonn, Díthíonn,
Ní h-é baile na Beáltaine a'n bhaile amháin ins an taobh seo de'n pharaiste a
d'fhág bliadhanta an droch-shaoghail bánuighthe. 1074 16. cuid eile acú a rabh luthgháir ortha gur
bánuigheadh a raobh fá dtaobh daobhtha, gur thuit siad isteach ina gcuid
áiteacha go bog. 1074 17.
*banaltrach, Bean a thugann
aire do pháistí, banaltra, Bhí bean
'n-a comhnuidhe ag Bun an Inbhear de bhanaltrach, agus nuair a d'fhág
Féidhlimidh a mhac ins a' choláiste d'fhág sé chúram oirthí seo.. 472 403.
*banbhán, Banbh beag, Char tharluig do'n mhuc a bheith astoigh ins an am
ach bhí trí banbháin ann. 1185 290. Chuir sé an mhuc ins a' mhála, agus bhí dhá
bhanbhán ag ghéillstean do'n teach fosta.. 1170 53. ní raibh a dhath fá'n uigh ach na banafáin..
418 279.
*bánaíonn, Folmhaíonn,
díthíonn, bhí na madaidh ruadh a'
deánamh scrios bocht ar uain óga. Bhí siad a' bánú an chruic agus chá rabh
deánamh orthú go bhfágfad siad ceann beo. 1185 25. Nuair a bhíthear a' bánú na Lochlannaigh as
Éirinn, bhí siad uilig bánuiste ach athair agus a' mac. 311 433.
*bang, Stopadh,
staonadh, Chuirfeá bang air, " bheifeá ábalta é stapú".
420 215. coinneochaidh mise bang ar an
mhéid atá astoigh agus ní thiocfaidh aon dhath contráilte leatsa.. 1835 21.
bánú, Bánú an lae,
(breacadh an lae), Seól siad leó agus
le bánughadh an lae .. bhuail siad a chreag.. 472 457.
*baoite,Tugann fios a
bhaoite dó, (tugann fios a rúin dó, scéitheann
ar féin), Snámhaí, "Duine sligheánta nach dtabharfadh fios a
bhaoite do dhuine ar bith; Sneak; Duine fuar-bhruithte fosta". 1184 171.
*bara, 1. Bara láimhe, bara rotha, (cairrín beag le roth(a),
Thug siad leobhtha dhá bhara agus sleaghan agus sluasad fá choinne an fód
íochtair a spréaghadh. 1185 420. chuaidh
fear eile 'sa poll a líonadh na mbaraí.. 1185 421. agus iad i gcionn bara-láimhe agus iad a
tarraingt clocha.. 472 232. .. a rithint
baraí ó'n mhixer isteach ins na footins.. 1791 369. 2.Tiún
an bhara rotha air, (greithealán mór
siúil faoi), Tá sé ar shiubhal anois agus tiúin an bhara rotha air!
.."fuadach mór siubhail faoi; geatar mór siubhail faoi. 1184 49.
*barántas, Cáipéis údaráis
dlí, fuairtheas barrátas air agus
beireadh air agus cuireadh thar sáile é. 1538 31.
*bardal, Lacha fhirinneach, ó chrámh bárdail ná ó chrámh gé ná turcach .. 1835
317.
*barr, 1. Teach
barr, (stór uachtarach), Rith sé suas
go teach bárr agus thóg sé an fhuinneóg.. agus chroch sé é fhéin amach ós
coinne na sráide. 1185 629. Cuirfidh sé
a ceann amach thuas ar an teach barr.. 472 119. tugadh an coruigheach seas agus cuireadh
isteach thuas ins a teach bárr é ag an nighean. 472 471. bhí sí thuas ar a'teach bárr nuair a chonnaic
sí an gaisgidheach óg a tarraingt ar a teach.. 310 355. 2.Ar bharr
na gaoithe, (aerach,spraoiúil, fiáin), an bhean a b'óige tháinig ann
daoithe, bhí sí ar bhárr na gaoithe. Ní rabh comhairle ar bith ag an athair ná
ag an mháthair uirthe. 1578 18. 3.
Ar bharr amháin teineadh, "all
ablaze". 420 243.
*barrach, Snáithín, táth
lín, bhí sí a sníomhadh barraigh..
472 300.
*barradh, Níor chuir sí barradh mór air. "Níor
chuir sí chuige nó uadh; níor bhodhruigh sí a ceann mórán fá dtaobh dhe."
1184 23.
*barraíocht, An iomarca, bhuin sé barraidheacht riaraiste dona
teanóntaí.. 311 516.
*barrghos , " Pailing (thart ar chruaich)", -ghas?.
*barúlach, Mórtasach,
"Cluinim.. nach bhfuil aon ghaisgidheach ins an ríoghacht seo atá
ionchurtha leat." "Níl," arsa mac an rí—bhí sé baramhlach go
maith as héin. 1538 130.
bás, 1. Le
bás, (ag fáil bháis) Bhí bean ar an bhaile s'againne agus bhí sí le
bás. 1185 253 . 2. Duine marbhánta, Bás, "duine marbhanta gan mhaith gan
mhairg." 1184 105. Smúrthánach, "Bás de dhuine nach bhfuil olc ná
mairg ann, agus ar b'annamh a tcídhthear i gcuideachta é. (Teilionn)".
1184 171.
*baspairt, Snag sa chaint, Tá baspairt ar a chuid cainnte, " There is a
stoppage in his speech". 420 212. spaspas fgb
*bata, 1. Go barr bata, (go hiomlán), Rinn sé é go bárr
bata, " he did it in full". 240 215. 2.(Teanga amach) fad bata, (..chomh fada agus is féidir), .. agus a (madraí) gcuid teangacha amuigh fad
bata ..(le neart saothair) 1184 532. Theann na ribí a bhí fá mhuinéal an chú air
ach gur chuir siad a theangaidh amach fad bata agus thacht siad é. 1185 42. bhuail sé a shoc thíos ar an talamh agus chuir
sé a theangaidh amach fad bata. 1185 576. 3.Ina lán an
bhata, (ina iomlán nirt), Bhí
sé 'na lán a bhata dhe thairbhe sláinte. 1184 26.
*batáil, Roinnt féir, tuí
ceangailte le chéile, Bhí an chruach buailte
aige agus é 'na bhatallacha.. 1184 344. caitheadh bataill de shean-cothán lobhtha
chugam.. 1184 412. chruinneochadh achan
nduine chuicí le batail chotháin.. 1185 186. a déanamh batalacha den chochán.. 1343 222.
*bascóid, Ciseán,
bascóid mhónadh 1184 345. bhéadh rud
ínteacht liom ins a' bhascóid. 1184 503.
*badaíste, beadaithe, Lán d'éirí in
airde, beadaí D'éirigh na páisdí.. comh beadaoiste agus mur
bhfághaidh siad culaith amach ó láimh táilliúra den chuid is feárr.. chá
gcaitheann siad í ar chor ar bith. 1185 165. dar leóbhtha go rabh sé ró bheaduighthe ag an
choimhthigheach seo a theacht isteach in a measg agus iad a bhuaileadh.. 418
17. Bhí a bhríste lán gaoithe. "Tá
sé bródamhail beaduighthe, asus sílidh sé móran de fhéin". 1184 40.
*beag, 1. An
bhomaite bheag, (an nóiméad díreach) Ar a' bhomaite bheag
a'bhfacaidh an cú an geárrfhiadh d'imthigh sé 'sa tóir.. 1185 40. Ar an bhomaite bheag ar dhall sé an doras thóg
an fáthach a bholadh. 1538 132. 2.Tráthnóna beag, oíche bheag, déanach tráthnóna), is tráthnóna beag indiaidh luighe gréine a ba
mhinice a bhíod siad le feiceáil. 1185 323. a ceann a leigean léithe go rabh an oidhche
bheag an tráthnóna ámarach. 1185 581. tráthnóna beag ag gabháil ó sholas dó chonnaic
siad.. 1578 75. 3.Chomh beag agus a thig.. (etc), (an rud is lú agus is gann..), fear beag ceart a
bhí ann, agus tá sé comh beag agus a thig liom a dhéanamh aifrionn a léigheamh
annseo d'á anam. 1185 282. Tá sé beag go
leor againn rud ínteacht a thabhairt duit ar shon an phíosa bhréagh sin .. 1185
412. 4.Na Daoine Beaga, an Dream Beag, na hUaisle
Bheaga, (na síóga), d'áirmhigheadh an seanbhunadh ariamh anall go
rabh sé uasal, agus go mbíodh na daoine beaga fá dtaobh de. 1170 59. cuir gráinín de'n mhin sin ara n phota go
bhfeicfidh mé caidé 'n lámh atá ag dream beag na binne buidhe ar chasadh na
bróna. 1170 400. Tá na h-uaisle bheaga
ar a gcois anocht.. 1170 401. 5.An.. beag agus an..mór, (gach uile ceann, rud), gur cheannuigh sé an ceann beag agus an ceann mór
acu. 418 98. 6.Beag dhe mhaith,(staid laigeacht,
lagbhrí), Go beag a mhaith,
"ailing, poorly". 420 249. Ghlac sí beag a mhaith, "got into bad
health". 420 268. Bhí mé mar
thuitfinn ó phréachán, "bhí mé 'mo bheag dhe mhaith.. briste brúighte,
tuirseach.. " 1184 47. 7.Ar beag nach.. (nach mór go..), "Duine caol ard an-mheaithte; duine mar
adeirtear ar beag nach bhfeicfeá an solas fríd." 1184 159.
*beaguchtach, Lagmhisneach,
Níor chuir seo lá beag uchtaigh
orthú. 1538 99.
*béal, 1. Bruach,
ciumhais, go deachaidh sé fhad le
béal binne. Léim a'gruagach síos leis a' bhinn. 1184 269. Dheamhan i bhfad a
bhí sé i mbéal na tuinne go bhfaca sé an bád.. 1185 309. léim sé amach as a' bhád, tharraing sé aníos
as béal a lán-mhara 'na dhéidh. 311 49. chuaidh an bheirt síos go béal na trágha. 1538
87. 2.Taobh faobhrach, Chuir sé lann in áirde ina mullach (2
maidí) agus béal na lainne in áirde. 1538 104. .. sé'n dóigh a rabh an iog seo deánta amach
acu, bhí sí deánta amach acu mar tchífeá béal seágh ann. 1835 288. 3.Béal
cruaiche, (taobh oscailte na
cruaiche óna mbaintear anuas an féar),tá béal cruaiche amuigh ag
taobh an toighe. 1835 315. sheasaigh sé
i mbéal na cruaiche.. 1835 316. 4.
Ar bhéalaibh, (bean tí), bhí sí ar
bhéalaibh ceann(páiste) eile a bheith aicí.. 1184 414. Bhí a bhean ar bhéalaibh duine beag a bheith
aicí.. 1185 59. Tá bó againn fhéin atá
ar bhéalaibh gamhain a bheith aicí.. 1185 329. 5. Costas
aistir; pasáiste, Dhíol sé a bhéal
agus tháinic 'na bhaile.. 1185 436. 6.Béal a chinn,(díreach roimhe, ceann ar aghaidh (gan treoir), caithfidh tú imtheacht leat béal do chinn amach as
an áit seo. 1185 19. D'imthigh na
rubairí leobhtha béal a gcinn.. 1185 35. cuireadh sr shiúl i mbéal mo chinn mé.. agus
tá mé ar shiúl.. ag cuartú fastoidh.. 1791 392. 7.Béal in
airde, (leathan oscailte) Tá
an doras foscailte béal 'un áirde .i. Tá an doras foscailte siar (wide open)
agus gan duine ar bith astoigh. 1184 64. 8. Pósadh annsin iad agus bhí
siad mar ba mhian lena mbéal a iarraidh. 311 62. ..go sona sásta. 8.Béal
na trua,(díol trua, carthanachta), ..go dtiocfadh leat gráinín beag
de mhealldar na bliadhna anuraidh a chur annsin domh. Tá béal na truaighe a
fanacht air go cruaidh. 1170 398. 9.Béal bán, (plámás),
Ní a' deánamh béil bháin nó placaí siollaí atá mé. "Tá mé dá
ríribh.." 1184 53. "Duine
plásanta a bhfuil a lán béil bháin ann, a flatterer". 1184 105. "..duine blasta a bhéadh ag iarraidh rud
ínteach a mhealladh ó dhuine le béal bán". 1184 133. 10. Sfh:
Is minic a chuidigh béal na h-uaigh le béal na díoghbhala, "is minic a
chuidigh an bás le daoiní—dá mbéadh airgead ag a'n t-é a gheobhadh bás.."
1184 68. cf. leag. Muimh. "..le béal na trua". 11.,
Sfh: An té a thiocfas 'un tsaoghail agus
a bhéal faoi fágfaidh sé an saoghal agus a cheann faoi. "An t-é a thiocfas
'un t-saoghail mar seo(a aghaidh faoi,bunoscionn) is léar le bunadh
Thoraigh go mbáidhfear é." 1184 90.
*bealach, 1. Ar
bealach a bheith.. (beagnach..), Bhí
sí ar bhealach a bheith smúdailte aige nuair.. 1185 287. 2. Bealach
na contae, (príomh-bhóthar, bóthar mór) cuireadh
ceithre chóiste ar bhealach na conndae. 1185 425. Bhí camhsa mór ó theach na cíosa go bealach na
conndae.. 472 208. 3. Caidé 'n
bealach a deachaidh sí (bó) ? 1185 498. (..cécheannaigh í?)
4.Bealach an anró, (bealach an
aimhleasa), N mhuintir sin atá ag
ól.. cuirfidh sé (diabhal) ar bhealach an ánróigh iad. 1791 469. 5.Cudramán, "Fear nach bhfuil dhá
bhealach ar bith ann". 1184 121. , i.e. duine ceanndána. 6.(Iol.
bealtaigh, cf. *ualtach), Chá rabh na bealtaigh móra ró-mhaith san
am.. 1185 384.
*béaladán, Duine a imíonn
béal a chinn, amadán, Hó! An béaladán bocht tá sé ag gabhail a
chuartú uisce óir.. an béaladán bocht s'iomaidh sin duine a chuaidh a dh'iarraidh
an rud cheádna agus nár phill ariamh! 1170 180.
*béalastán, "Duine a chanas go graosta—fear nó
buachaill". 1184 105.
*bealú, Ungadh,
caithfidh mise bior a dheargadh.. go gcumlaighidh mé ar an chneadh
("creith" an fhuaim—SóhE) é. Tá bealthadh annsin le cur ort.. agus
beidh do sciathán comh maith is a bhí sé ariamh.. 1184 421. Tá an bealthadh a breith air anois.. agus
nuair a gheobhas sé greim i gceart gheobhaidh sé faoiseamh. 1184 421.
*bean, (Go ceanúil),
girseach), nuair a bhí an bhean bheag
tuairim ar choctaoighis dhe aois.. 1184 415. Ba ghráthach leis an bhean bheag a ghabhail
amach a' marcaidheacht orm fríd an choillidh. 1184 417.
*beanglán, 1. Beann
foirc, An murú, "gleás marbhtha
bradán.. ar dhéanamh forc ach gur trí beangláin atá ann.. Tá ruadhbhic ar na
beangláin cosamhail le dubhán." 1184 94. 2.Runga,
barra i ngreille bácála, Bfhéidir
go rabh dhá órdlach ná órdlach go leith idir na beangláin.. agus bhí seo amuigh
is astoigh ar naoi mbeanglán ar leithead. 1835 319.
*beann, In éadan beann,
(i gcoinne an chnoic, an fhána), chaithead
sé sin a theacht aníos in éadan beann an dóigh chéann a mbeitheá-sa ag gabháil
suas in éadan Thaobh a' Leitheáid ansin. 1791 161.
*beannaíocht, Naofacht (a
chleachtadh), Bhuail an bheirt
tamallt ún cómhraidh le'chéile, agus 'na dhiaidh sin bhuail Colm Cille ar a
bheannuigheacht. 472 52. d'imthigh sé
léithe a dheánamh cráibhthís agus a deánamh beannuigheacht. 472 87.
*beannóg:binneog
*bearach 1. Bó óg
Bhí dúithche mór.. agus bhí sé lán bollóg agus bearach a bhí ar féarach ann.
1184 518. Casadh jabaire air agus
chuaidh siad 'un margaidh fá'n bhearach.. 1184 304. Bhí'n bearach ar bhéalaibh breith. 472 201. bearach a béadh a breith a mbéadh ugh chruaidh
aige chuimileochad siad sin isteach ins
an ugh.. 1791 313. 2. (Mar aid.), bhí bó
bearach agus gamhain aca. 472 201.
*bearád, 1. Ceannbheart,
hata, achan rud eile ó'n bhróig go dtí an bearad .. 1184 558. cionn dona sean-chailleachaí a rabh na
bearráid dearga.. 311 264. cóta mór
dearg agus bearrád glas air. 311 265. bhí cuid acu agus tchífeá crochta anuas orthu
iad (seamróga) idir a duilleóg agus a'bearad é héin. 1835 250. 2.Bearad
chac bó, (bairéad síoda fir), Bhí sé
déanta sa dóigh go rabh sé síos cothrom leis a' ghruag, thart cruinn, agus ní
rabh fhios agat ceocu bearad ná caidé a bhí ann, agus 'sé an t-ainm a bhaist na
seandaoine ar an bhearad sin .. bearad chac bó. 1791 260. 3.Bearad an
tsonais, (cuid de mhála an bheireatais a fhágtar amannaí ina chaipín ar cheann
linbh), mhothaigh mé fá dtaobh de
dhaoine a tháinic ar a' tsaol agus bearad sonais orthu, agus sé 'n dóigh a
bhfuil bearad an tsonais sin dó, is ceart daofa sin léastaí a bheith acu. 1791
172. Ba ghrách leofa roimhe seo léas
fiabhras béil a bheith acu. 1791 172. 4. Ceann, buaic;
díonúórnáideach tuí thart fá bhuaic shimléir?, Nuair a bhí achan
seórt réidh go dtí'n bearad a chur ar an simileáir, dubhairt an Gobán go
gcaithfead sé bearad a chur air nár cuireadh a leithéid ar a'n chaisleán ariamh
cheana. 1170 450. chá dtig liom-sa an
dlaoidheog mhullaigh a chur air mur fhághaidh mé an gléas sin. Tá rún agam
bearad a chur ar do shimileáir nár chuireadh a leithéad ar theach ar bith
ariamh 1170 450.
*bearnach, Déadmhantach,
Tá mise annsin ag an t-sean-ghabha bhearnach.. 's mé mo bhean bhréugh go
fóill.. 311 359. Cabhaideóg, "Duine
beárnach.. " 1184 111. "Seanbhean mhór bheárnach gan
fiacla". 1184 119.
*bearradóir, "Duine géar 'sa teangaidh (censorous
person)". 1184 105.
*bearrbhach, Foireann leabtha, "na cláraí ins a'
leabaidh a luightear ortha. Bearrbhach i dTeilionn. 1184 94.
*bearrbadóir, Bearrabóir,
Chuaidh sí isteach chuig
barbadóir go bhfuair sí an ghruag
daoithe féin.. 1184 335.
*bearrtha,Bearrtha ina
theanga, (géartheangach, tugtha do bháirseoireacht), Scalladóir, scallaire, "Duine bearrtha ina theanga".
1184 159.
*beartaíocht, Gliocas,
Cha rabh fhios aige caidé a dhéanfadh sé ach bhí an bheartaíocht ann.. 1578 51.
cf. *drochbheartaíocht
*beath, 1. Ainmhí, beithíoch qv., Chonnaic daoini caiple
dubha, glanceáilte, amuigh ag loch.. Bhíod siad a'siubhal ar bhruach na locha.
Da mbeitheá marcuigheacht i loch ar bheath a thainic uatha, bháithead siad thú.
311 23. (glanceáilte,"sighted"??)
bhí sé amuigh lá amhaín leis na baha.. 311 55. d'imthigh beath beag amach as faoi a'
reathaidh a dtugann sinn an easóg uirthí. 311 81. 2. Beath chapaill, (capall), Bhí lorgacha
ginieacha ar bhó.. agus lorg na nginieacha ar bheath-chapaill.. Luighe siad ar
ór. 311 32. Beath capaill a' bith a
deanfaidhe dó é, bhuinfead sé'n rása. 311 83.
*beáthach, *beathadhach, 1. Capall,
seo dhuith mo bheathach agus mo shraon.. 311 140. cha rabh an dá bheathach dhubh ábalta an
hearse a bhógú.. 311 142. cóiste ceithre
mbeathach 311 204. cóisde ceithre
mbeathadhach.. 1184 286. D'iarr sí air
annsin a bheathadhach a cheangal do'n doras.. 1184 296. bhí an dá bheáthadhach réidh fá n-a
gcoinne—dhá bheádhadhach rása. 1184 472. Luigh Seórsa anonn le béathadhach Sir Reamonn
agus léim sé isteach sa diallaid.. 472 361. ..go mbíodh an siocán comh domhain ar na
lochannaí agus go bhféadfá beáthach agus cárr a thiomaint ar an oighreóg. 1791
307. 2.Beáthach eallaigh, (bó,tarbh, bullán etc.), Luigh beathach eallaigh ar an ór. 311 169. Bhí beathach eallaigh dá cuid in eabair. 311
177. go rabh beáthadhach eallaigh aige a
bhí indiaidh stiugadh agus gur mhaith leis á cur i bpoll.. 1170 33. 3.Ainmhí,
beo, dúil ar bith, An bhfuil tú a' díol a bheathadhaigh (bó) sin? 1184 307 nach gearrfhiadh saoghalta a bhí ins a'
bheáthadhach seo ar chor ar bith… 1184 534. ar shiubhal le gunna a scaoileadh beathadhaigh
beaga.. 472 4. ar an phláta
roimhe sin bhí na trí bheáthadhach bheaga éisc a ba deise a chonnaic duine ar
bith ariamh. 1184 588. níl a'n bheáthadhach
éanlaith ar a' dómhan.. 472 106. an rabh
an bheáthadhach éanlaith ar a' dómhan beó.. 310 373. dubhairt Fionn.. nár scaoil Fianna Éireann
ariamh beathadhach éanlaithe ná beáthadhach brúideamhail chan é amháin duine
saolta, gan gléas a thabhairt dó a bheo a chosaint agus gheobhaidh Diarmaid
agus Gráinne gléas mar a gcéanna. 1538 102.
*beathaiste, Beathaithe,
Tá sé coithte go maith, " tá sé beathuiste go maith". 420 216.
*béim1, Bíoma,
bhí béim mór amach .. ós cionn na binne..
chuaidh sé amach ar chionn an
bhéim.. 1185 582.
*béim2, Béim leataobh,
(leathmhaig?), Cailín.. Scailliogánta
fada buidhe / Cuislí ina súile, béim leathtaoibh ar a ladhra / Agus geárradh
bróige ar a gurrún.. 1170 21.
*beireann, 1.Beireann chuig, (tugann do na bonnaí é, imíonn 'na rith), bheir sé chuicí an
méid a bhí ina corp gur bhain sé an baile amach.. 472 99. 2. Ba
dheacair, dhoiligh breith air..gan..(a),(is annamh a bhéadh.. gan..), Ba dheacair breith ar theach ar bith gan gráinín
mine a bheith ann.. 1170 394. (b),
(ba dheacair é thuiscint), ach gur dhoiligh breith ar a gcuid teangachaí.
Bhí corr fhocal acu ar dhoiligh breith air. 1791 46. 3.,Ag breith
air, (ag dul i bhfeidhm air), Tá an bealthadh a breith air anois..
agus nuair a gheobhas sé greim i gceart gheobhaidh sé faoiseamh. 1184 421. 4.,Ag breith as, (ag imeacht), Bí a
breith as anois.. comh tapaidh 's is féidir leat é.. 1343 254.
*beirt, Dhá cheann (rud), Fear a dhíolfadh pighinn, 's fear a dhíolfadh beirt
agus fear a dhíolfadh triúr agus fear a dhíolfadh seisear.. 472 398. Bhí súiste ná beirt crochta i n-áirde ar
phionna ann. 1343 221.
*beitheach,Beo beitheach,
(treisiú: beo (murab ionann agus marbh),
Bhí Seán annsin beo beitheach agus é a bualadh. 1184 501. d'éirigh an clibistín
beo beitheach mar bhí sé ariamh. 1185 252. Cha rabh sé i bhfad a séidiú gur thóisigh an
bhogadach aicí-se, agus cha rabh sé i bhfad gur éirí sí aniar beo beitheach.
1578 57.
*beo1, 1. Maireachtáil,
Tháinic Seán bocht isteach agus 'na dhiaidh sin ní rabh beo ar bith air 'sa
teach léithe-se. Ní tháinic leis a bhéal a fhoscal nach rabh sise anuas 'sa
mhullach air agus ag éagaoin air. 1184 515. 2.Dóigh,
cineál beo, (bealach maireachtála, cineál iompair) Bhí fhios acú.. fá an dóigh bheo a bhí ar dhaoiní.
1185 319. (an bealach maireachtála).
an é sin an cineál beo atá ort.. indiaidh mise do thógáil go cúramach
muirneach.. ? 1343 253. 3. Beo gaoithe, (cóir gaoithe, puth?), Nníl a'n bheó gaoithe ann. 420 246. 4.Beothaí
tine, (aibhleoga, aithinní), Cha rabh Sábha le fáil. Chuaidh na
haibhleógaí amach á cuartú—na beodhaí tineadh mar deir siad héin. Ní rabh
leithéid na lasán seo eile ann—na flashannaí na leithéid sin le fáil.. 1791
186. 5.Ag iarraidh an beo a choinneáil ós cionn anmhairbh, (ag iarraidh ar an
gcaol chuid), ..ag iarraidh an beo a choinneáil ós cionn an mhuirbh.
Fear a mbéidh muirighín mhór aige agus streachailt an t-saoghail aige ag
iarraidh greim bidh .. a sholatar daobhtha.1184 91. 6.Beo air,
(ag brath air mar bhia), Féadaim a rá
go rabh daoine beo air (iasc) rith an Chorgais.. 1835 367.
*beo2, 1. Bíonn
beo.. (a), (maireann), d'íosfadh sé
an sleabhac agus a' brachán agus nár dhoiligh a bheith beo ar sin héin.. 1791
64. chaithead siad a bheith beo agus
chaithead siad scilling a dheánamh.. 1791 81. (b), (riarann
beatha, iompar), mar dtig libh
a bheith beo mar is cóir, fágfaidh mise sibh ar fad. 1185 295. (..sibh féin
a iompar mar is cóir.. ) 2.Beo ann féin,
(ag maireachtain as a acmhainn féin, "self-sufficient"),
roimhe an droch-shaoghal bhí na daoine beó ionnta fhéin agus ní rabh
dadaidh a teacht isteach a chor a' bith. 310 369. Ní rabh bláth ar bit ar an tír seo ó shoin,
ach roimhe sin bhí 'ach uile sheórt ins a' tír agus iad fhéin beó ionnta fhéin.
310 370. 3. Spleodrach, bhí sé laghach, beó, agus
dóigheamhail. 418 39. 4. Ar fad, le cuimhne
bheo, Bfhéidir go dtiocfadh an iomghaoitheach seo agus a' lá a ba
chiúine beo a bhí ann.. 1791 339. 5.,Beo beitheach, (i
mbeatha agus i sláinte), Tá sé beo beitheach agus tá mac óg
aicí.. 1343 252.
*beoú, Adhaint, lasadh suas, Chrom sé ar an teallach a bheodhadh suas na
teineadh.. 1170 396.
*bheir-, bhéarf- :tugann
*bia, 1., Béile,
cha bhéadh acu ar a trosgadh tréidhinistrí lá den tseachtain.. agus bhí sé
deánta acu sin a dhéanamh le dhá bhia. 1835 354. 2.Bia trá,
(soláthar cladaigh, cnuasach trá), Tá bia trá atá íontach maith ag
an Fhéil Pádraig. Tá an slabhac mar deir siad héin le slabhac sleamhain.. 1835
239.
*bídeach, An-bheag, bhí sé cam crotach, fear beag baoideach..
311 264. ach go bhfuil cuimhne agamsa mé
héin rud beag baoideach air.. 1791 51.
*bildeálann, Tógann
(foirgneamh etc. ), Bhí sé a "buildáil" caisleáin.. 310
83. d'iarr sé air cúirt agus cathair a
bhuildáil.. 311 299. bhí'n teach seo
buildáilte agus a' chúirt is galanta a chonnaic a'n duine ariamh.. 311 299.
*binn, 1. Aill,
bhris a' bata léihi agus thuit sí síos a' bhinn. 311 205. bhuail sí buille do'n t-slat draoidheachta ar
a' bhinn agus d'fhosgail doras isteach. 311 274. 2. Ciumhais, imeall, bhéarthaí sin (cáithleach)
isteach .. agus chuirthí sin le binn na tineadh, agus bfhéidir go mbéad sin agu
binn na tineadh thuas i gcúl bhinn a tseamra.. tá sé an -te go dtí go
n-éireochadh sin comh cruaidh chóir a bheith le clocha beaga.. 1835 323.
*binneog, Píosa (gearrtha
as rud), chuirthí isteach giota eile í (eag) ins a dóigh a
mbainthí an bheannóg seo amach as cluas an ghamhna.. 1835 288.
*biocán, Coimeádán
adhmaid (sic biocóid?), Fheil Pádraig
ba ghrách leo rud a dtabharad siad na biocáin orthu.. an seórt a bhí ins na
biocáin bhí siad deánta de ádhmad, agus ba ghrách leo pota mór brachain choirce
a dhéanamh agus dhortaí isteach ins an bhiocáid seo é, agus dheánthaí poll i gcroí na biocóide
agus bhéarfadh gach fuile dhuine leis
spáin agus shuífead siad thart ar a bhiocóid seo. 1835 247.
*biocóid, b., Buicéad
dheánthaí poll astoigh i lár·na biocóide.. 1791 213.
*bíonn, 1. (Foirm
na haimsire caite mar mhodh choinníollach),
dá mbeitheá ábalta sin a mharcáil síos ins a leabhar, bhí sé i gcónaí i
bprionta.. 1791 70 . bhí ball amuigh agatsa agus bhí ball amuigh agamsa
chuirfeá sin ort.. 1835 409. 2.(Foirm na haimsire
láithrí mar aim. fháis.), "
Béidh mise a teach 'un toighe seo.. fad agus tá an bhean seo ann.." "
Bhail cha bhíonn tú.." 1791 229. 3.A bhí ar an.. (bíodh sé ar an..), má chuireann tusa do chroí agus do staidear ins an éadach seo a bhí ar a bhóthar, bhí ar a
ród ná bhí ar a bhealach mhór is cuma caidé tá leat tá sé ag gabháil a do
shábháil. 1835 193.
*bior, Bior siocáin,
(coinneal reo), Bhí sé 'na bhior siocáin go dtáinic nádúir an lae
agus go dtáinic nádúir casgartha. 1185 641. (bhí sé préachta leis an bhfuacht.. )
*bis, Bís?,
Corr ribe a bhí air bhí siad cómh láidir le bis. ("used by shoemaker for
sewing"). 311 116.
*bisíonn, Feabhsaíonn,
goidé rinn ach an fear biseadh ó sin amach.. 472 507. in áit a bheith meath 'sé'n rud abhí Jack a'
biseadh.. 311 369. ..go rabh spéarthaí
geala an lae isteach ar an fhuinneóig, agus gan an scéal ach a' bisiú. 1170
192.
*bith, 1. Cá
bith, ((Is cuma) pé, cad é..), cá
bith dóigh a bhfuair siad amach.. 1184 286. Thug sé do cá bith a d'iarr sé .. 1184 497. Cá bith adeir tusa.. tá mo chroidhe ag innse
domh.. 1185 267. cá bith eile fá na
Sasanaigh tá an múnadh ortha.. 1170 453. Mhairfeadh ceann dena scuaba sin go dtí go
mbéad sé comh garbh agus go sílfeá gur giotaí "weair" a bhí ann.
Chaithfead sé comh maith sin cá bith cineál fraoich a bhí acu. 1791 42. cá bith
caidé mar bhí an créatúr ar a sheachnú a chéad-uair, bhí sé dhá uair 'n dhiaidh
seo ar a sheachnú ní ba mheasa. 1791 241. 2.Má bith
chomh.. (pé ar bith chomh..), má bith
comh gasta agus chuir sí Oscar agus Oisín a chúl a gcinn, chuir sí Fionn ar
chúl a chinn lán ní ba ghaiste. 1538 119.
*bladaire, "Duine plásanta a bhfuil a lán béil
bháin ann, a flatterer". 1184 105.
*bladhaire, Lasair,
chuir sé teinidh sa chárnán agus rinn sé blaighre millteanach. 1184 558. a bhárr a sháthú isteach 'sa teinidh go
dtáinic blaighre air. 1185 23. d'imigh
sé in áirde sa spéir, agus mar bhéadh blaighre tineadh ann d'fhág sé é. 1791
168.
*bladhrach, An-lasrach,
Nuair abhí'n teine bladharach, "when the fire was ablaze." 420 246.
*bláfar, 1. Néata,
críochnúil, ba mhaith liom go ndeánfá
obair mhaith, agus obair bhláthmhar. 1184 343. an áit a mbéadh bean bláthmhar a dtiocfadh
léithe fhéin éadach a dhéánamh.. 1185 195. "Bean shalach, nó duine nach dtiocfadh
leis rud ar bith a dhéanamh go bláthmhar." 1184 121. duine nach gcuir slacht nó gné bhláthmhar ar a
ghroithe cosamhail le dhaoiní eile.". 1184 185. 2. bhí bean 'a toighe ag éileamh agus
bhí mrá láthmhara ins a' room an áit a rabh siad a' dréim leis an darna duine
cloinne. 1185 432. (mná cabharthacha?)
*blagadán, 1. " Duine a mbéadh blagóid
air.." 1184 105. 2.
"fear óg sean-aimseardha.." 1184 105. 3. "Fear leath-aosta a bhéadh a
brath ar chailín óg (term of contempt)". 1184 105.
*blagóid, Ceann maol,
blagaid, bhí sé 'n-a sheanduine agus
bhí blagóid mhór air. 418 223. Blagadán,
"duine a mbéadh blagóid air.. 1184 105.
*blainsneog, "Bogberry"
fgb, Fil: Baint crotha 's
caora-sréana 's blainsneógai sa fhraoich.. 472 345.
*bláith, Bláthach,
Fuair sé dornán do scidíní fuara agus braon do bhláith lóbhtha.. 311 354.
*blandar, 1. Plámás,
eadar bhagairt agus bhlanndar thug Brian an coinín dó. 1578 54. 2. (Mar
a.bhr.) Bhí sí 'á bhlanndar ar 'ach uile dhóigh.. 418 256. Diúgaire, "Duine a bhéas ag gabhail duit
ar fad ag iarraidh do bhlanndar agus tabhairt ort rud ínteacht a dheánamh nó a
rádh, a coaxer." 1184 123.
*blasta, Plámásach,
"..duine blasta a bhéadh ag iarraidh rud ínteach a mhealladh ó dhuine le
béal bán". 1184 133.
*blastacht, Plámás, chuaidh sé a bhlastacht leis
agus bhí sé an-deas ar fad leis agus.. shílfeá gur leat fhéin uilig é. 1185
444.
*bláth, 1. Blas,
dea-insint, .. ag innse an scéil sin
chuir sé aoibhneas.. ar do chroidhe a' croiceann agus a bláth a chuiread sé
air. 472 412. 2. Rath, toradh, Ní
rabh bláth ar bit ar an tír seo ó shoin, ach roimhe sin bhí 'ach uile sheórt
ins a' tír agus iad fhéin beó ionnta fhéin. 310 370. bhí siad a deánamh go rabh sonas, go rabh
bláth go rabh rath agus go rabh tróicaire agus farrsaingeacht ag gabháil fríd
a' teach.. 1835 382. 3.,Bláth beag fearthainne, (beagán fearthainne), Rinn
sé bláth beag fearthanna indiú, "Chuir sé fearthainn bheag nár mhair i
bhfad" 1184 15.
*bléascann, 1. Bladhmann,
lasann suas, Bhí'n teinidh a bléascadh san am sin. 472 704. 2. Brúchtaíonn (as faoi thalamh),
thriomuigh an tobar agus bhléasg sé aníos i n-áit úr. 418 259 .
*bleid, "An impertinent fellow, a flatterer, a
wheedler" (Teilionn). 1184 105.
*blióg, "Fear a chanas agus a oibrigheas mar
bhéadh bean".1184 107.
*blíonn, Crúnn,
Ní rabh an sáspán an bhainne blighte aicí.. 1185 472. Bhí umh bhréagh bhainne fúiche, agus bhí sé
mar bhéadh bó nach mblighfí ar chor ar bith ar maidin.. 1170 170. Éirigheadh bean agaibh.. agus blighigidh an
gabhar seo.
1538 42. ..na butaí a bhí acu fá choinne blighe blighe
an bhainne fadó shin. 1791 100.
*bliota, Cúr?,
an tara tonna tháinic sise anuas orthu 'na cineál de bhliota bhán, agus chuir
siad an curach thaire na chorp. 1791 154.
*blitín, Sort bata,
Ach bhuailfinn-se buille de'n sticín, de'n bhlitín / De'n steafóig chaol
chróin/ Nó de'n bhonnsóig fada mhór.. 1170 21 .
*blocálann, Téann i bhfostú, greamaíonn, bhlocáil a casúr a bhí ag cur ar shiúl na
n-urchar. 1791 198.
*blocán, Gallán?
bheiread sé leis blocán mór thíos ag bun a' chruic agus iomcharochad sé é suas
go dtigidh na bhárr.. 311 234.
*blosc, Fuaim ard, nuair a shuidh sé síos ar an chathaoir rinn
sí trí bhlosc, agus shíl sé gur thuit sé síos go talamh. 1184 401.
*blús, Gáirméad coirp
mná, Bhí blousannaí déanta
dó,agus bhí scarafaí cinn deánta dó.. 1791 260.
bó1, Díol na Bó,
(cluiche tórraimh), .. go rabh an t-am toisiú ar na
cleasannaí—bfhéidir cur thart a' chnaipe. Bhí cleas eile acú a dtugad siad Díol
na Bó air.. 1185 178.
*bó2, Ó bó bó!, (intriacht uafáis),
"Ó bó! bó!", arsa seisean, "goidé 'tá deánta.. ?" 472 152. "Ó bó! bó!" adeir a' fear bocht,
"ní dheánfaidh muid sin.." 472 159.
*bob, Cleas,
shíl tú gur bhuail mé bab ort, ach chá deárn.. 1184 379. thosuigh na gáiridhe acu fá'n bhab a bhuail
siad ar an comhursanaigh.. 1170 408. bhéarfaidh mé lom lán mála óir duit má
bhuaileann tú bab maith ar an mhinistir.. 1170 416.
*bobáil, Caochadh tapa
(na súl), Caidé is guiste nó na ghaoth? Babáil na súl. 1170 309.
*bobaireacht, Cleasaíocht,
caidé a bhí a' teacht orthú cá cé a bhí a' babaireacht orthú. 1185 375. tá tú a babaireacht ormsa fada go leor ach
cuirfidh mise deireadh leat inniu. 1578 59. bhí siad a babaireacht air agus á chaitheamh ó
thaobh go taobh an bhealaigh mhóir.. 1835 27.
*bóblachas, Bóblachas, "mórtas". 420 221.
*boc, 1. Rud,
diúlach (neamhshaolta), Bhí árdán
uasal 'san áit a dtáinic siad air-san agus bhí sé a smaoitiú .. gur cóisde
sidhe a bhí 'sa bhoc. 1185 63. Bhíodh
eagla orthú go mbéadh na boic dhubha (diabhail) ag fanacht leis.. 1185
67. Achan steall a gcaitheadh sé..
ligeadh an boc a bhí thuas béic as. 1791 433. 2.Buaileann
boc air, (a), ( buaileann barr air, sáraíonn,
chá rabh gníomh gaiscí dá deárn a'n fhear ariamh nach rabh sé ábalta boc
a bhualadh air. 1185 562. Chá rabh ceird
ar a t-saoghal nach rabh fear ar a' Bheáltaine an uair sin a bhí ábalta boc a
bhuaileadh uirthe.. 1074 16. (b),(buaileann bob, cleas air), cá bith boc a
bhuail sé oraibh-se bhuail sé a sheacht n-oiread orm-sa. 472 480. Bhuail cleasaidhe ínteacht boc ar Pheigí Néill
anocht. 1170 400. Gealtán, "fear
atá tugtha do bhualadh boc ar a chomhursa". 1184 131. 3.Buaileann
boc thall agus boc abhus air, (áitíonn air),
Bhuail siad boc thall agus boc i bhfos ar an ghasúr a deánamh nach rabh maith
do'n ghasúr ann. 472 127. 4. Boc gabhair, (pocán),
..go rabh sé comh crosta leis a bhoc gabhair.. 418 79.
*bocht, 1. Dona,
uafásach, .. go bhfeicthear domh gur
bocht an t-ármach atá tú a dheánamh annseo.. 1184 455. bhí na madaidh ruadh a' deánamh scrios bocht
ar uain óga. Bhí siad a' bánú an chruic agus chá rabh deánamh orthú go bhfágfad
siad ceann beo. 1185 25. tá sé bocht á
thionntogh amach. 1185 457. bhí 'n
tormán leis a bhí bocht agus na "tins" a greadughadh thiar air.. 472
247. Bhí sgaithteacha bochta faoi'n
dream a bhí astoigh nuair a chonnaic siad an marbhánach ag éirghe aniar 'sa
leabaidh. 1170 408. Ba bhocht leis é
dheánú, "he thought it a pity to do it."420 243. 2.Fá bhochta Dé, (i ndrochstaid), Cha dtiocfadh le
fear fuinneóg úr a chur isteach ina theach gan cead a fháil ó fhear a'
gheárrtha, agus mar dúirt mé bhí siad fá bhochta Dé acu. 1578 77.
*bochtán, Na bochtáin, "the poor". 420 262.
*bocsa, Ina bhocsaí,
(ina chaidhtí chrua), thuit an scruth
anuas 'na bhocsaí dó'n pháiste, agus ó'n lá sin .. ní tháinic a'n dath scruth
air. 418 257.
*bocsáil, Dornálaíocht,
" An bhfiacha tú cor?".. "Is cuma liom coruigheacht nó
bocsáil" 311 35. bocsáil agus troid
láimhe a bhí ag gabháil an t-am sin agus chan sleaghacha.. 1791 249.
*bodach, Duine uasal, boc
mór, Bhí sé 'na bhodach mhór agus achan chumadh air go rabh dóigh
mhaith air. 1184 554. go deárn a gcuid
óir bodach de Mhac Caisleáin.. 1185 370. bhí sé i dteach mhór a'n oíche amháin agus
chonnaic a' bodach mór abhí ann.. 311 420.
*bodalán, 1. "Duine gan mórán fios
groithe, Churl" 1184 107. 2.
Budalán, "Fear beag íseal daingean, corpulent man". 1184 109.
*bodhmán, "Fear uascanta". 1184 107.
*bodhrann, Badrálann,
Níor chuir sí barradh mór air. "Níor chuir sí chuige nó uadh; níor
bhodhruigh sí a ceann mórán fá dtaobh dhe." 1184 23.
*bodhránacht, Bodhránacht an
lae, (breacadh an lae), nuair a bhí
bódhránacht a' lae teacht.. 311 230. Nuair a bhí an obair seo uilig críochnuigh acú
bhí bodhránacht an lae ann. 1538 88.
*bodóg, Bodóg (mhara,
leathaigh), (slat ghairid feamainne),
an leathach uilig go leir cruinnigh' isteach aige agus na budógaí mara uilig go
léir cruinnigh isteach aige.. 1835 436. a chaitheamh isteach a chuid leathaigh agus a
chuid budógaí i mullach na tineadh. 1835 437. Bhíodh na fir a tógail na mbudóg rith a'
Gheimhridh agus á n-iompar aníos go bárr an dóirlinne. 1074 5. cruacha budóg leithigh tirm le dóghadh.. 1074
5.
*bog, 1. Go bog
agus go crua, (ar ais nó ar a éigin),
D'fhéach siad go bog is go cruaidh go gcoinneochad siad mé ach ní fhanochainn a
chor ar bith. 1184 366. D'fhéach siad go
bog agus go cruaidh go bpógfad siad é.. 1185 618. 2.Bog te,
(gan rigour mortis) bhí an bheirt bog
te agus ní rabh fhios aige caidé a tháinic orthu. 1538 46. go rabh siad bog te ar fad—gur chuir sé
isteach i gcórtha iad agus go rabh siad astoigh thuas ins an tseamra seo. 1538
47.
*bogadach, 1. Bogadh,
corraí, Cha rabh sé i bhfad a séidiú gur thóisigh an bhogadach
aicí-se, agus cha rabh sé i bhfad gur éirí sí aniar beo beitheach. 1578 57. 2.Mar bh., Níor chóir creath (aspen) a bhuint. Bhíonn sé i
gcómhnuí a' bogadaigh. 311 27.
*bogaint, Bogadh, imeacht, ag iarraidh air a ghraithe a dheánamh do
héin agus bogaint leis. 1791 191.
*bogallasach, Lag,
Bog-allusach, "weak". 420 232.
*bogán, Áit bhog,(Cóiriú
catha sa scéalaíocht): Throid an bheirt go deárn siad creagán de'n
bhogán agus bogán den chreagán.. 1184 466. Throid an bheirt go deárn siad bogán de'n
chriogán agus criogán de'n bhogán agus toibreacha fíor-uisce i lár na gcloch
nglas.. 1185 291.
*bogann, (Cuireann duine
ar bhogmheisce (ar mhaithe le rud a mhealladh uaidh), Fuair sé jar
uisce bheatha agus fuaidh sé isteach agus bhog sé'n t-athair agus an mháthair
agus d'iarr sé í agus fuair.. 311 113.
*boglach, 1. Talamh
bog, thóg sé'n mhuirleóg agus
d'iompair sé leis ina lámh í agus chaith sé síos in a' bhoglach í.. 472 707. Ba ghrách liom héin iad (luibheanna) a
fheiceáil ins na boglachaí..1835 121. 2.Taise, aimsir fhliuch, Deirtear go slíocann
éanlaithe a gcuid cluimhrigh roimh bhoglach le n-a ngob 'sa dóigh a silfidh an
t-uisce agus an fhearthainn díobhtha. 1184 21. gur cheart don aimsir bisiú.. agus ansin ní rabh
ina gcionn uilig go léir ach boglach na Féil Eoin..1835 126. má tá an bhliain ins a' dóigh a mbéadh drúchta
ná go mbeadh boglach ins a spéir cá cineál de aimsir bhrúite ceo báisteach a
bheith ann.. 1835 447.
*boglán, 1. Beagnach
lán, go dtáinic na comhursannaí
isteach agus.. bhí an chisteanach bog-lán. 1185 282. Chuir sé a lámh siar faoi'n leabaidh agus thug
sé leis an soitheach beag seo, agus bhí sé bog-lán. 1185 509. an teach bog-lán ag éisteacht leis.. 1170 191.
2. Boglán..
(lán .. beagnach), d'óladh an uile
dhuine aca bog-lán boul de sin.. 418 231.
*bogluchtú, Last maith,
lochtú sásúil, bhí siad ag iasgaireacht go dtí go dtug siad bog
lochtadh ar a' churrach. 472 395.
*boglus,(cf. Boglas fgb, "Archusa
arvensis" cfat), go
bhfághaimist lán ar gcráige de bhog lus. Luibh bheag dheas bhog an bog lus a
fhásas a n-áiteacha boga. 1185 384. Is
minic a chonnaic mé í i n-áit a mbéadh sugh cárn-aoileadh 'na rith agus i
bportaigh bhoga.. ach bheárfaimist linn an bog-lus agus chuirfimist ar an teinidh
é i mbraon uisce go mbruithimist go maith í ar ghráinín mine buidhe. ..
bhrúightí sin an an bhonn bhualadh .. 1185 385.
*bogmharú, Fíor dhrochíde, rinn siad bog-mharbhadh ar Agent Mhr Charley anseo..
1579 229.
*bog-ólta, Leath ar meisce, gheibhead siad oireadh ar phunta amháin agus a
chuireadh bog-ólta ar t-iomlán acu. 1839 267.
*bogreathaí, Bogrith, sodar, brostú, Sodaire, "Duine a bhfuil deifre air i
dtólamh i gcionn rud ar bith dá rachaidh sé a dheánamh, agus é a bog-rathaidh i n-áit ar bith a mbéadh sé ag gabhail."
1184 171.
*bogsheanduine, Fear scothaosta, Diabhal i bhfad go dtáinic bog-sheanduine aníos..
472 40.
*boichtíneacht, Bochtanas,
..scarann an bhoichtíneacht cuideachta mhaith ó n-a chéile. 1538 94. ní aon dhath aige sin ach an bhoichtíneacht..
1791 266.
*boicín, Buicín, "A rakish fellow". 1184
109.
*boigearán, Buigearán, "Duine bog inntinneach, a
cry-baby". 1184 109.
*boilgeog, Spuaic, clog, Nuair a chuaidh a' bradán ar a teinidh bhí na
boilgeógaí ar a' bhradán. 310 377.
*boiseog, Lán boise, bheir sé ar a' léinidh agus chaith sí boiseóg uisce
oirthí agus d'imthigh an fhuil.. 472 94.
*bóitheach, 1. Cró na
mbó, nuair a bhí tú amuigh 'sa
bhóitheach a' ceangal an eallaigh. 1184 514. 2.Cró beag
(ar bith), chuir sé uibh chirce amach as bóitheach na gcearc.. 1537
81.
*boitseachán, "Fear íseal daingean" 1184 109.
*bólacht, Bia le haghaidh
ba, Bhí cuid mhór bólacht fá 'n teach aige, eadar eorna siogal agus
préataí. 472 303. Chualaidh Seán go rabh
a chuid bólacht ag éirighe gann.. go bhfachthas dó go rabh a chuid eórna agus
préataí ag imtheacht. 472 304.
*boladh, Ag cur boladh air, "smelling him, as
animals do on discovering a body" 420 265. chuir sé malairt air, "he put a play on
him to swop". 420 266. chuirinn
cáir uirthí, "I used to make faces at her". 420 266.
*bolg, 1. Na
Boilg Bhuí, (Aondachtóirí, óráistigh),
Bhí na Builg Bhuidhe láidir go maith agus bhí na Finíní comh láidir an 472 426.
bhí fear thall i nGlascow .. agus ba de
dhream na mbuilg bhuidhe é. 472 420. 2.Bríste bun boilg,
(ball éadaigh traidisiúnta), Éideadh
fhear Thoraigh lá a Phósta: Bhi bríste bun builg air / Péire giosán liopaighthe
/ Scaoilteog agus aibíd dhearg / Agus déarfá gur dheas an t-éideadh é nuair a
bhí 'se ina fhaisian. 1170 433. 3.
Tonn mhór farraige, Deir seanunndoirí na
Rosann gur nigheadh agus siabadh ar shiúl le gaoth mhór agus le fearthainn go
dtí nach bhfuil fágtha anois ach builg a bhriseas le lom trá le mortas
farraige. 1835 172.
*bolgadán, 1. Fear
bolgmhór, "Fear, duine íseal daingean toirteach.." 1184
107. 2. I mbolgadán.. (i lár..), I mbolgadán a'
mheadhon lae, "right at noon." 420 223.
*bolgam,..a bhéarfadh bolgam do chuiteoig, (..gur
ionann é i méid agus rud a íosfadh cuiteog, an-bhídeach), chonnaic sí gur
tarc beag mrá a bhí inntí, a rabh soc caol cabanach uirthí a bhéarfadh bolgam
dó cuiteoig.. 1170 397.
*bollscaire, "A brawler, a boaster". 1184 107.
*bolta, Barra a dhaingníonn glas, ..an bolta a tharraingt as an ghráta seo,
agus mise a leigean amach.. 418 43.
*bomaite, Ar an bomaite, (láithreach, ar
an bpointe), chumail lé an
lamp arís, agus tháinic an sclábuidhe chuige ar a' bomaite. 1184 572.
*bóna, Cufa (léine), thug sí anuas a
léinidh agus d'fhuaigh sé na bónaí aicí agus d'fhuaigh sé an coileár.. 472 521.
Chuir sé a lámh isteach ins na
muinchillí agus bhí na bónaí fuaighte agus ní bhfuighead sé a lámh isteach
ionnta. 472 563.
*bonara, (<Bow and
arrow), bhí bonara aige.. go rachad
seisean amach .. leis an bhonara agus go scaoilfeadh sé an gaduidhe. 1184 425. chuaidh sé a dheánamh bonárannaí.. 310 16. chaith sé an bhliadhain go h-iomlán a deánamh
bonaras agus ag cóiriú bróg. 1170 40. chocáil an fear eile bónara léithe agus rinn
sé céad giota daoithe. 418 4.
*bonn, 1. Baineann
na bonnaí as, (ritheann ar chos in airde),
bhí siadsan a baint na mbonnaí as go tuigh. 1185 241. a tabhairt seans dona
daoine a bhí ag gabhail don téaghadh na bonnaí a bhaint as. 1791 78. 2. An chuid den bhróg faoi íochtar na coise, Sfh:,
Is feárr duit péire bonn nó dhá phéire uachtar. "an rud adeirtear ag cur
síos ar rásaidheacht". 1184 32. 3.(Agall.),
Mo bhoinn is mo dhorn!), Mo bhoinn agus mo dhorn.. níl mé ag gabháil a mharbha
mo shé shearraigh déag duit-se.. 1791 396.
*bonnachán, 1. Féasta
beag (príobháideach), bhí sí a' déanú
réidh bonnachán ar dóigh feóil, cearca agus buideál uisce-bheatha acu agus
achan seórt do'n t-seórt sin abhí 'sa teach.. 311 251. 2. Stór bia, is deacair do'n bhonnachán mairstean nuair a bíthear
a tarraingt as ar fad agus gan ag cur a dhath ann. 1170 395.
*bonnbhualadh,Tinneas, cloig ar
bhonn na coise de bharr siúil cos nochta,
Bhíodh bonn-bhualadh orainn darna achan lá agus sin an áit a mbíodh an phian..
1185 384. chá bhéad sé i bhfad uilig go
mbéadh an bonn bhualadh léigheasta. 1185 385.
*bonnóg, Císte, rinn sí bonnóg aráin choirce
agus chuir sí ginidh isteach in achan órdlach daoithe.. 1184 363. .. a' tarraingt air na bonnóige agus dhá
síneadh chuige. 1185 594. rinn sé
tuairim ar dhuisín bonnógaí arán min-chruaidhghil. 310 333. chuir sé ceist ar Fheidhlimidh Cham caidé rud
sin."Tá", ar'seisean, "sin bonnóg aráin choirce." 1538 74.
*bonsach, Stócach glas simplí, Bonnsach,
"Duine uascanta gan mórán titeamais" 1184 107.
*boránaí, Breacadh an lae, Leis a' bhoránaí,
"at dawn". 420 235.
*bord, Tarbh boird,
(..beathuithe, oiriúnach don bhord??),
bhí 'ach fuil fhear acú a' cur séideóige as agus ní thiocfadh leat comórtas ar
bith a thabhairt dhó ach go díreach mar bhéadh tarbh bóird! 1185 572. Féach bordaí.
*bordaí, 1. Thart
faoi, Nuair a shiubhail mé bórdaí
fiche slat ar an bhealach mór mhothuigh mé an tuaragán íontach arais.. 1170 34.
Tháinic an fear seo isteach chuige
bórdaí an ama a mbéadh an t-Aifreann dá léigheamh. 1170 48. 2. Ar
bhordaí, ar bhord, (ar tí), nuair a bhí Mícheál Ó Maoilchiaráin ar
bhórdaí a ghabháil a luighe.. 1579 210. Leig sí amach go rabh sí ar bhurd duine beag a
bheith aici, leis an fhear. 311 459. Ar
bhurd duine beag a bheith aici. 420 260.
*bordáil, Ag bordáil, (ar
lóistín), cailín a bhí ins a teach a
rabh sé a bórdáil ann.. 310 84.
*bordaithe, Bordaithe is ar,
(thart faoi, beagnach), nuair abhí'n
choinneal dóighte ach bordaigh 'sar órdlach. 311 180.
*borrphéist, Bora-phéist, "Ringworm ar eallach—Tá
borra phéist ag daoine fosta." 1184 96.
*bos, Na Bosa Teo,
(cluiche caitheamh aimsire), Sé'n
dóigh a rabh na Bosa Teodha deánta chuirfinn-se mo lámh síos ar an tábla,
chuirfeá-sa do lámh i mullach mo cheann-sa. Bfhéidir go mbéadh dhá chloigeann
déag astoigh agus bhéadh a gcuid bosa uilig go léir astoigh i mullach a chéile
agus bhí cineál de "rhyme" acu an t-am sin agus cé bith cé hair a
gcríochnochadh an rhyme a bhí deántaí acusan, chaitheadh sé sin éirigh agus a
dhroim a chur leis a' bhalla, agus chaithead sé seasamh leis a' bhalla agus bhí
acara ag an fhear sin ina láimh—cineál de chloch ná rud ínteacht—agus bhí líne
deánta ar a' bhalla acu agus chaitheá-sa an chloch a choinneáilt in áirde ca
bith fhad agus a bhí dúil ag an fhear a bhí ag amharc indiaidh a ghame mar deir
siad héin. Á dtiocfá-sa anuas faoi'n stríoc a bhí deánta ar a' bhalla acu
chaitheá-sa an oiread seo buillí a fáil fosta. Bhí sin íontach tréan agus
íontach trom ar fad ar chuid acu 1835 363 .. Sé'n bhrí a bhí acu leis an Bosa
Teodha thoiseochadh an cunntas agus bhí an oiread seo uimhreacha deánta amach,
agus cé bith cé'n bhos a bhéadh thíos ar íochtar ar fad bhí tusa a athrach leat
'áréir mar bhéadh na huimhreach ag gabháil—tharraineochtha do cheann agus
chuirfeá ar uachtar arais í agus tharraineochadh an darna fear, déarfa mé nuair
a thiocfadh an uimhir a dó amach tharraineochad seisean a cheann agus chuirfead
sé ar uachtar araist í. Agus déarfa mé dá mbéadh dhá fhichead uimhir le scairtí
ná deich n-uimhir is fiche le scairtí, nuair a bhéad sin raite cé bith cé'n
bhos a bhí thíos ar íochtar an t-am sin chaithead sé sin tionntó thart agus an
acara seo a thabhairt leis agus é chur in áirde ar a bhalla. Bhí cuid acu a
tharraineochadh amach a gcuid lámha ar fad, bfhéidir a bhí suas trí nó ceathair
ar airde ar eagla is go bhfúigthí thíos ar íochtar ar fad iad. Bhéadh giota
gáirí ansin—gach fuile dhuine ag iarraidh a bheith ar shiúl ón íochtar. 1835
364.
*bothóg, Bothán
(sealadach), Thógad siad bothógaí..
Tá lorgacha bothógaí le fágháil sna cruic sin.. 311 195. Bhí daoine ar buailteachas.. bhí siad indéidh
an bhothóg seo a fhágáil.. 311 435. cha
rabh dhath déanta aigesean ach bothóg fód. 1791 60.
*brachán, 1. Praiseach,
Tá measardhacht ar achan seórt agus gan a bheith ag ithe bracháin le graep!
1184 70. Bidh nuaidheacht ins na h-athruigheacha mur bhfághtha ach dearnad 'sa
bhrachán! 1184 66. nuair a bhainthea-sa do ghiota den bhrachán agus bhí sin go
maram an dóigh chéanna a mbéadh bachta móna bhí sé comh righin sin.. 1791 213. 2.Brachán buí, (praiseach déanta as min bhuí, bhéarthaí
síos canna bracháin bhuí chuige.. 1835 344.
*bradán, Sfh:,
Sláinte an bhradáin: béal fluich agus croidhe tirm! 1184 69.
*bradarsach, Ag bradarsaigh, (Ag brádán, ag
bogbháisteach), Chuaidh sé a
bhradarsaí fearthanna agus spréigh sé amach an scathán fearthanna. 1538 96.
*braich,Arbhar a bhfuil brachadh déanta
air trína fhliuchadh a eascairt agus a thirmiú (roimh stiléireacht), Nuair a bhéadh an bhraith astoigh aca
spréighte agus é triomuighe bhéarfad siad leó 'n mhuilinn é.. 472 687. thainic a' fear leis a' bhraich chuca agus
fuaidh sé síos agus sean-tin leis agus aibhleógaí ann le teinidh a chur 'sa
chró.. 311 527.
*braichlís, Braithlís, "wash poitín". 1184
94.
*braiscín, 1.Praiscín, aprún le pócaí chun rudaí a iompar thart, na mrá ba ghrách leo é (crosóg) a chur isteach ina mbraiscín agus é iompar.. 1835 142. 2.I do bhraiscín agat, (in a phaisinéir, comrá