An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 C

 Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

foinse

*cabán, Rud, máilléad? déanta as adhmad, luaidhe ar a chúl, aúsáidtí chun min a mheilt, Ba ghrách leo min a chruinniu.. bhí cloch mhór ann a rabh cloch mheile uirthi. Leac mhór a bhí innti seo agus bhí rud deánta acu a dtabharad siad an cabán air. Bhí luaidhe ar a chúl seo.. agus bhí sé 'na ádhmad agud chuiread siad an coirce ar seo, agus bhéad siad a buaileadh ar a choirce seo go dtí go ndeánad siad comh leathán  é. ..bhí rideall deánta acu.. 1835 322. 

*cábán, 1. Bothán, tháinic mé isteach in a' chábán chucu.. agus nuair a chuaidh mé isteach sa chábán chucu thug siad oíche lóistín domh.. 1791 205.  2. Áras faoi dhíon ar chóiste chapaill, Brla "cab", chuaigh sé isteach ins an chábán agus nuair a d'fhéach an tiomanaí na beathaigh a chur 'un siúil.. 1578 34. 

*cabánach1, Duine crabanta glic, "Cabánach, cabadán, "Duine cainnteach sean-aimseardha a mbíonn a shoc sáithte aig i seanchas 'ach uile dhuine - oireadh le rádh aige agus go bhfuil fuath ag daoiní air dá bharr." 1184 111.

*cabánach2, Crabanta, glic, chonnaic sí gur tarc beag mrá a bhí inntí, a rabh soc caol cabanach  uirthí a bhéarfadh bolgam dó cuiteoig.. 1170 397. 

*cabadán:*cabánach

*cabhar, Clúdach, Cuirfe mé cabhair buidhe ar a' talamh ghlas d'óir duit.. 311 212.  Bhí cabhair thart fa'n teach uilig go léir do bhiorannaí agus cionn duine ar achan chionn.. 311 232.  tór leat a' chliobóg sin..agus cóirigh suas í; cur cabaireacha uirthi agus ughamacha.. 311 356.  sé'n cumhdach a bhí ar an rideall seo craiceann na caorach.. chuirfead siad cowar  poill ann .. thiocfadh an rud a bhí meilte astoigh ins a' chowar seo .. amach uilig go léir agus bhí braithlín acu faoi.. 1835 49.

*cabharáilte, Clúdaithe , Dúirt sé go rabh Doire uilig go léir cabharáilte le préacháin dhubha.. 472 164.  bhí sé cabharáilte uilig go léir ó mhullach a cinn go barr a ladhara le fionnadh. 472 216.  bhí sé cabharáilte leis a' péus thart fa dtaobh do.. 311 573.

*cabhlach, 1. Meitheal, fuair sé cabhlach fear agus lean sé iad.. 472 292.  2. Cuid áirithe báid le chéile?, .. Maolmuire a tarraingt air é fhéin agus a chabhlach. 472 408.  D'imthigh sé léithe agus a cabhlach léithe na fairrge.. 310 90.  tcíonn sé cabhlach soitheach ag gabhal thart. 1343 455.

*cabóg, "Bean gan fiacla, bean chainnteach". 1184 111.

*cadramán, Cudramán, "Fear nach bhfuil dhá bhealach ar bith ann". 1184 121.

*cáfraith, cáfrach, Brachán a dhéantaí as cháithleach tíortha na mine, Ní scálaí bracháin nó méisigh cáthbhruith / A chleacht mo cháirde-sa i dtús a saoghail.. 310 321.  sé'n dóigh a bhí acu sin nach rabh bainne ar bith acu dheánfad siad cáfraith. Bhail, dheánthaí an cáfrach  seo - chuirthí amuigh is astoigh ar leat bowl min choirce síos ar uisce te, chuirthí gráinín siúcra ar sin agus rannthaí thart sin.. agus d'ólfa braon de sin suas leis an arán seo.. 1835 321.  an béile a bfheárr a bhí acu.. súgh an chathfraith agus an t-arán. 1835 322.  bhéarthaí sin (cáithleach) isteach .. agus chuirthí sin le binn na tineadh, agus bfhéidir go mbéad sin ag binn na tineadh thuas i gcúl bhinn a tseamra.. tá sé an-te go dtí go n-éireochadh sin comh cruaidh chóir a bheith le clocha beaga....bhruithead siad é.. ba ghrách leo an oiread seo 1835 323 a thabhairt do gach fuile dhuine le h-ól agus súgh an cathfraí seo a chur air a' dóigh a bhfuil mé a innse duit agus 'ach fuile dhuine a shuipeár a dheánamh amach as an rud sin. 1835 323.

*caibhdeog Caibhaideóg, "Duine beárnach.. Is annamh a bhaintear féidhm as anois ach ag cainnt ar pháisdí nó ar chailíní óga." 1184 111.

*caibidil, Comhrá, diospóireacht, Ní a chuartaidheacht ná a chaibidil leat a tháinic mé.. 1538 135.

*caidear, Bacach déirce, caidéir, Thoisigh an mhuinntir eile uilig a scairtigh 'na ndiaidh agus iad a clapáil a gcuid lámha go rabh sí ar siubhal leis an t-sean-chaidear. 1184 242.

*cáidheach, Salach, go dtí go rabh 'n fáthach uilig millte, cáigheach agus d'éirigh sé tursach de'n "jab". 472 31.  A ghaduidhe salach cáidheach.. 472 109.  bhíodh sé salach cáidheach achan lá agus ghlach mrá Ghaoth Dobhair truaighe daoithe. 472 421.  níl snáithe éadaigh ort nach bhfuil uilig cáigheach salach.. 1343 241.

*caifeach, "Bean a mbéadh aghaidhe an-bheag uirthí, agus í aindeasach go maith fosta". 1184 111.

*cailín, An cailín maith seo, (Go drochmheastúil - "an drochbhean seo", ach go dtáinic an cailín maith seo thart an lá amháin agus ghoid sí an ghiorrsach.. 1184 417.

*caill, 1. Uireasa, comh simplidhe agus a fuair siad oiread airgid agus nach leigfeadh caill ortha páirt mhór d'a saoghal. 1170 408.  2. Dochar, bheir siad thíos is thuas air agus chuir siad ós cionn na teineadh é, agus ní rabh mórán caill déanta air.. 1032 5. 

*cailleach, 1. A chailleach, a chailligh.. (focal ceana), a chuid, a chara), bí thusa (girseach) thart fán urlár a chailleach.. 472 100.  Anois a Pheata (capall), a chailligh.. má ghlanann tusa an geafta.. 472 363.  (le fear:), "bí réidh ar maidin, a chailleach", arsa seisean, "agus rachaidh muid amach.."472 363.  Seamhait a Róise, a chailleach agus caith do sháith dó'n phíopa sin.. 472 484.  Seamhait a Shéamuis a chailleach.. 472 484.  (le stócach), A chailleach.. coinnig suash.. d'uchtach. 1791 147.  2. Cailleach Cearc, (bean a fhostaítí chun cearca a fheighilt), Na ríghte a bhí an fad ó shoin ba ghráthach leobhtha gíomanaigh  a bheith aca, agus cailleach cearc fá'n chaislean. 418 38. 

*cailleann, Básaíonn), go rabh seisean le cailleadh le croich Baile Átha Cliath. 472 329. 

*caillte, An-ocrasach, tar aníos as an t-seamra ná tá tú caillte go dtí go bhfághaidh tú do bricfeasta. 1185 263. ..go rabh sé caillte; go rabh sé indéidh am dinneara.. 311 370. 

*caillteach, Stoirmiúil, Bhí'n oiche caillteach, "stormy". 420 239.

*cáin, Fíneáil, Tháinic an t-am ag an cháin a bheith díolta agus níor díoladh í. 1791 72.  ..nach ndeánthaí cáin agus nach bhfuighead sé príosún dá thairbhe.. 1791 262.

*cáineann, Fíneálann, Thug siad suas 'na cúirte é agus cháin siad cúig phunt agus fiche é. 1791 72.  go rabh siad ag gabháil á chánadh ag coinneailt fear nach rabh a díol Insurance ar bith. 1791 374.  Chánóchaidh mise ceathair na cúig é chéadaí punnta.. 1791 374.

*cainniúr, Brocamas cac, sean-leasú agus canthúr  go leór a chur amach rith a' Gheimhridh, ach bhí an talamh chomh marbh amach ag an obair seo agus nach rabh sé ábalta bárr ar bith a thabhairt.. 1074 6.

*cairdeas, Cairdeas Chríost, (athair, máthair baistí) Seamhait anois iad, agus pioc do chara 's Críost amach astú sin! 472 274.  Do chleamhnas in a' charn-aoiligh agus do charadhas  Chríosta i bhfad ó bhaile. 420 247. 

*cairt, 1. Craiceann chrainn, coirt, Scríobad siad anuas dórnán den chairt de'n chrann.. 1185 393.  nighfead siad a lámha go maith i sugh na cartach seo.. 1185 394.  2. Cóta, brat (de phéint etc.), an bóitheach a bheith glan aige agus cairt gheal a bheith thart ar an ballaí aige. 472 514. 

*caiseal, Balla cloch droichid, shiubhail sé le go dtáinic sé fhad le droichead, agus shuidh sé síos annsin .. ar an chaiseal tana. 1185 65.

*cait bhrád, (King's Evil, S. Ó hE.) Bhí léigheas caitbhraghad ag an seachtmhadh mac. 1185 398.

*caitheann, 1. Maireann faoi úsáid, Mhairfeadh ceann dena scuaba sin go dtí go mbéad sé comh garbh agus go sílfeá gur giotaí "weair" a bhí ann. Chaithfead sé comh maith sin cá bith cineál fraoich a bhí acu. 1791 42.  2. Ídíonn, maolaíonn faoi úsáid, bhí giota an ádhmaid sin astoigh ar na criogacha sin go dtí gur chaith na currannaí uilig go léir aige - an fharraige á bhuaileadh in éadan na gcriogacha.. 1835 448.  3. (a) Lámhachann, Ní rabh an geárrfhiadh comh comhgarach dó agus go dtiocfadh leis á chathadh. 1185 637.  chuaidh sé 'na room agus a ghunna leis go gcaithead sé an dá saghart. 310 308.  (b), buaileann le hurchar draíochta, nuair a chaití bó amuigh ar an chroc - nuair a scaoileadh an an mhuintir bheaga urchar le bó.. 1578 81.  tinneas beag ar bith a thiocfadh ar a gcuid ainmhidhtí bhí siad 'na rith chuig na sagairt a' deánamh gur caithte a bhí siad - go b'iad na daoiní beaga a tháinic ortha .. agus gur chaith siad iad. 1170 195.  Bhí sin (eag i gcluais) á shábháil ar aicíd na gcrúb, bhí á shábháil ar aicídeacha a thiocfadh in aice an chroí leis.. mar deir siad héin ainmhí a bhí caite bhí sé ag gabhail a dhéanamh maith dó. 1835 288.  4. Caitheann ar, (imríonn ar, cránn), bhíod sé a sgamhláil ar stócaigh an bhaile a' deánamh gur b'iad a bhí ag caitheamh uirthí.. 1185 363.  d'fhiafruigh sé díobhtha goidé bhí cathamh ortha, go rabh cumadh íontach bhrónach ortha? 472 355.  Faoi Dhia, a Pheigí.. caidé tá cathamh ort? 1170 399.  Goidé tá ag cathú ort? "What is the matter with you ?" 420 243.  dá mbéadh aon aicíd ag gabháil duit ná ag cathadh ort. 1835 292.  5.Caitheann (de, do), (a), gearrann, teascann, tharraing sé an chlaidheamh agus chaith sé an ceann de'n fhear mhór. 1184 272. chaith an gasúr an ruball amach ó'n tóin de. 472 118.  tharraing sé air a' chlaidheamh agus chaith a' chionn do.. 311 382.  (b), baineann de, Caith duit anois mar tháinic tú ar a' tsaoghal.. 472 126.  d'imthigh siad suas agus chaith a' chruit do'n chruitíneach.. 311 291.  6. Caitheann cruinn,(déantar crannchur), caitheadh cruinn annsiud agus annseo go bhfeicfidhe cé h-air a dtuiteadh.. 472 427. 

*cáitheann, Séideann an cumhdach crua,cáithleach, de mhin mheilte leis an ngaoith, sheasochad siad agus an rideall taobh amuigh in éadan na gaoithe cháighead siad an mhin seo.. 1835 323. 

*cáithleach,Craiceann crua na mine a fhágtar sa rideall tar éis cáite, Thiteadh an crap mine síos ar an bhraithlín .. agus bhí an cháighleach  uilig go léir fágthaí.. sin an craiceann cruaidh sin atá taobh amuigh air agus thiocfadh an mhin go deas fríd. 1835 323. 

*cál, 1. Cabáiste, bhí bó mhaith bhainne aige agus gárradh cáil.. 1184 437.  gheobhad siad gloine ar bhucáid phréataí nó ar sopóg chocháin nó ar stoc cháil.. 311 280.  ag iomchar uachtán cáil amach as a' ghárrthú  .. 311 504.  Nath: Bíonn rudaí iontach ann agus bíonn cál dearg ann. 420 241.  2. Cál farraige, (duileasc), Dubhairt sé nár shíl sé dadaidhe dó, go mb'fhearr cál fairrge i bhfad!.. ".i. an t-ainm a thugtar ar dhiliosc ar na Cruacha." 1170 44. 

*caladóir, "Bean mór láidir alpardha nach ngoillfead sé uirthí obair fir a dheánamh". 1184 111.

*callán, Tógann callán air, (déanann spídiúchán glórach faoi), thógadh na hAthaireacha Naofa callán mór ar dhuine ar bith a mbéadh baint aige leis a phoitín.. 1791 82. 

*cam1 , Míle cam, (smidiríní), D'éirigh 'na seasamh agus rug ar an phota, agus bhuail in aghaidhe an bhalla é agus rinn sí míle cam de. 1185 526. 

*cam2, "Cam fheara!" arsa Caoilte, "bidhigidh amuigh.." 310 25.  (< "come??")

*camann, Lúbann, chamad siad na cosa ann (greille) agus d'fhúigfeá seo 'na shuí ar na haibhleógaí. 1791 42.

*camhsa, Casán, Fuair sé camhsa beag i leath-taoibh isteach eadar na crainn.. 472 553.  bhí giota chamhsa ó'n teach a rabh mé ann 'n bhealaigh mhóir.. 1170 33.

*caochánacht,Ag caochánacht leis, (ag glámáil leis mar dhuinecaoch, ag útamáil, Bhí sé a' caochánacht leis. "..ag uthairt.." 1184 48.

*caofrán, Caorán, thigeadh caofrán beag mónadh aníos anois agus ceann eile arís as faoi'n staighre.. 1170 58.

*caoi, Caoi bheo, (slí bheatha), féachfaidh mise anois le caoidh bheo a dhéanamh i dtalamh ar bith a rachaimid ann. 1343 218.  Dhéanfaidh sé caoidh bheo í fhéin ar an oileán seo ar dhóigh ná ar dhóigh eile.. 1343 248.

*caoilteachán, "Duine caol ard nach mbéadh scioll ar bith ar a chrámha". 1184 111.

*caoilteamán, Duine tanaí, Caoilteamáin, "light people", 420 240.  "Cleite de dhuine caol éadtrom". 1184 113.

*caoineadh, Ag caoineadh as a shúil (ag sileadh deora as a shúil), Bhí sé i gcónaí a caoineadh as a shúil. Ní rabh suaimhneas le fáil aige.. 1791 27.

*caol, Fíneáilte, Fil:, Guna dón fhaisiún agus bucla bróig / Dubh 's a'dearg agus an anairt abhí caol go leor. 311 369. 

*caolán, "Duine caol ard". 1184 113.

*caoldroim, An chuid is caoile den drom, cúl an vásta, Bhí gruag ór bhuidhe air ag gabhail síos go dtí n-a chaol druim 1185 89.

*caol-lámh, Rosta, fuair mé greim caol-láimhe ar an láimh.. 1184 415.

*caonaíocht , Caoraíocht?, "Ná bí ar thús nó ar dheireadh caonaidheachta ach bí i lár báire má thig leat." 420 211.

*caor, 1. Caor theineadha, "common imprecation". 420 248.  2. Caor sréan, ("Empetrum nigrum" cfat), Fil: Baint crotha 's caora-sréana 's blainsneógai sa fhraoich.. 472 345. 

*caorán:caorthann, Portach, chuir ortha.. dhá scarf de bhreacadh an tréadaidhe agus d'imthigh leó treasna an chaorthain.. 472 482.  Chá rabh annsin ach an cadhrán  'san am agus mheas siad nach rabh conntabhairt ar bith ortha ann. 1170 420.  nár dhoiligh a bheith beo thuas ins a' chaorán agus gan aon dhath agat ach cibe cuple préata.. a bhainfeá amach as sin. 1791 60.  bhí fhios aici .. gur fríd a' chaorán a bhí sí.. 1791 188.  Bhí sé léite ar shiúl agus nach saoithiúil nach maireann an t-ádhmad ins a' chaorán. 1791 312.  ..fód mónadh a bhí bainte ins a chaorán.. 1835 67. 1170 420.  nár dhoiligh a bheith beo thuas ins a' chaorán agus gan aon dhath agat ach cibe cuple préata.. a bhainfeáamach as sin. 1791 60.  bhí fhios aici .. gur fríd a' chaorán a bhí sí.. 1791 188.   ..fód mónadh a bhí bainte ins a chaorán.. 1835 67.

*caoradóir, Aoire caorach, Chá rabh i bhfad go dtáinic an caoradóir thart.. 1184 414.  casadh caoradóir uirthi. 1791

187.

*caorthann, Sorbus aucuparia, D'iarr sé orthu a gul amach agus fonnsa a bhuint do'n chaorthainn agus thainic a' fonnsa agus bhí seisean a' greadú'n fhonnsa ar a' choinneóig.. 311 514.

*canann, Labhraíonn, nuair a bhéimist ar an bhealach 'na bhaile cá rabh againn ach Gaedhlic le canstan. 1185 171.  Chan a' bheirt ar feadh tamaill 1185 646.  tá mé ag éisteacht leis ariamh canta.. nach bhfuil.. 1184 534.  bhí fhios aige 'ach uile fhocal dar chan siad le chéile.. 1538 8.

*canúint, 1. Cineál teanga labhartha, Ní rabh sé ábalta í a thuigbheailt ró-mhaith a chéad uair - níor bh'ionann canamhaint daoithe agus an áit s'aige fhéin.. 1184 401. Go rabh éan ann fosta a rabh ceól aige, agus crann a rabh canamhaint aige. 1170 178.  2. (Mar a.bh.), labhairt, níor bh'uallach dó dhuine dá mbéad sé i n-innibh an dá seancusc a chanamhaint. 418 228.  an-bheagán acu a rabh an Ghaedhlic acu, ná má bhí sí acu héin shílfeá nár·maith leofa í chanúint. 1791 36.

cár, 1. Déad, fuair sé hoult uirthí lena cháir.. 311 54.  2. Draid, drannadh, nocht sé a chár siar go dtí n-a dhá chluais. 1185 529.  dheamhan i bhfad gur thoisigh sí (cailleach)a chur cárannaí uirthí fhéin. 1185 42.  thoisigh sise a chur na gcarannaí uirthí fhéin agus a theisbeaint acuid fiacal. 1185 45.  chuirinn cáir uirthí, "I used to make faces at her". 420 266.

*carbad, Cóiste oscailte, nuair a bhéas faoiside ghlan deánta agat.. rachaidh tú in áirde i gcarabad.. 1791 382.  d'innis sé don fhear go dtabharfaí suas i gcarabad é fosta - 'na bhflaitheas é. 1791 328.

*cardáil, Feannadh le carda olna, pionós ag na Molly Maguires,cf. cíoradh, Bhí eagla ar 'ach uile dhuine roimh an chardáil seo.. 1579 222.  cá bith caidé 'n chárdáil a thug siad dó an chéad iarraidh thug siad a dhá oireadh cárdála 'na dhiaidh seo dó..1791 296. 

*cardálann, 1.Réitíonn agus glanann snáith ar charda roimh fhíodóireacht, Bhí sé sníomhte agus bhí sé cárdáilte agus chuirthí go dtí 'n figheadóir é go dtí go ndeánad sé é fhigheadóireacht.. 1835 169.  2.(Scríobann le carda cf.*cíoradh, *cardáil), chárdáil siad an craiceann anuas de agus thug siad droch bhail amach air. 1579 211.  dheánfad siad á chárdáil.. Bhéarfad siad air ách uile shnáithe éadaigh a bhaint de.. agus bhéarfad siad leofa cárda olna agus scríobfad an craiceann anuas de. 1579 222.  Ba ghrach leo an cárda a thabhairt leo agus chárdála  siad thú.. 1791 295. 

*carn, Sa charn aoiligh, (in aice an bhaile, Sfh:), Do chleamhnas in a' charn-aoiligh agus do charadhas  Chríosta i bhfad ó bhaile. 420 247.

*carr, 1. Carr taoibhe, (carr cliathánach, "sidecar"), ba dhí an gléas marcaidheacht a bhí leis, cárr taoibhe agus beathach.. 1578 28.  2. Carr sleamhnáin, (carr gan rotha a tharraingnítí i ndiaidh chapaill), Bhí rudaí acú a dtugad siad cárr-sleamhnain ortha - rudaí nach rabh rotha ar bith ortha.. 1074 11.

*carraig, Slisne de chloich, Shf:, Is de'n charraic an spilleac  "cloch caol fada..chip of the one block". 1184 45.

*carróir, Carraeir, Chuaigh sé suas ar thaobh a' chárr leis an charróir agus shiúil an bheirt leofa ná go raibh siad i Leitir Ceanainn. 1578 2. 

*cárta, Cárt, tháinic sí aníos agus cárta crodhannaí léithe agus cárta áirní. 1170 66. 

*cartaíonn, Glanann (aoileach) amach as (cró), bhí an bóitheach cartuighthe aicí.. 472 541.  tá seacht stail istigh 'sa stábla agus char cartuigheadh é le seacht mbliana..311 274.  bhí Paidí ag gabhail amach agus sluasad aoiligh leis a' cartú amach faoi'n eallach.. 1170 61. 

*cartáil, Cartadh, Bhíod sé a' cartáil mhónadh do dhaoiní ar pháigh bheag lae. 1185 114. (á iompar le capaill isteach ón bportach is dócha atá i gceist sa chomhthéacs)

*cartann, Coirteann (leathar), chart sé na croicne agus dhathuigh sé iad, agus rinn sé trí seóltaí an-deasa díobhtha. 418 221.

cása, Fráma, Bhí cumhdach ar an fhuinneóig ach bhí léirstean isteach eadar an cumhdach agus cása na fuinneoige. 1538 72.  2. (Cása crua, (duine righin crua, "a hard case"), Rinn a maighistir amach go rabh sé (buachaill) 'n-a chása chruaidh agus gur dhoiligh a bhuaidh a fhághail. 472 34.

*cas-adhmad, cf. fgb "rib-timbers of boat"; softwood?, Bhí siad.. ábalta a gcuid fidealacha héin a dheánamh .. as an chas-ádhmad. 1791 47.

*casán, 1. As an chasán, (a) (as an tslí), Chuaidh na mrá suas ar na suigheacháin as a chasan.. 472 557.  (b), (as ord de réir béas, rialacha), "..tá trí ceisteannaí.. agus bhéinn íontach buidheach duit dá mbeitheá ábalta iad a fhuasgladh". "Bhail mur bhfuil tú as casán.. agus má tá níl neart air." 1538 120.  2. Ar an chasán, (ar an aistear), Stop siad ins a' teach .. ar stop siad.. agus an bheirt ar a gcasán 'un Oileáin Úir. 1538 62. 

*casann, 1. Tugann ar ais (ón marbh), 'sé nach gcuirfeadh suas d'a ghloine dá gcastaí beo arís é! 1170 408.  2. Dá gcasfaidhe buinte í, "If only she (turf) were cut". 420 264.  3. Cuireann ar mhíthreoir, Tá an diabhal ag gabháil á tabhairt duit ceocu atá siocair agat nó nach bhfuil. Casfaidh sé thart thú.. 1791 469.  Mallacht: go gcasaidh an diabhal thú.. 1791 469. 

*castáil, Castáil air, (fritheadh, rud caillte etc.), 'áréir mar bhéas siad a deánamh an chaoráin níos tanaíocha béidh sé (im portaigh) síos agus beithear á chastáil air go leor go fóill.. 1791 317.

*casúr, Gléas i ngunna a bhuaileann caipín chun an púdar a adhaint, bhlocáil a casúr a bhí ag cur ar shiúl na n-urchar. 1791 198. 

*cat, 1. Shf: Ní chríonna an cat ná'n coimheadaidhe. 420 231.  2. Caidé an cat mara..? (maolú ar "caidé an diabhal.."), chuir é a'n bhrothladh amháin orthu. Caidé 'n cat mara atá sib a dheánamh anseo.. 1538 3.  3. Ní dúirt sé cat ná mada..(focal ar bith), Níor dhúirt siad cat ná madadh le a'n nduine.. 1791 79.

*cath, Troid, Thoisigh an cath ag an bheirt agus an scaball ar an fhear eile agus bhí sé a tabhairt achan uile tuaim dó achan uile áit ach an áit a rabh an scaball. 1791 480. 

*cathaíoch, Ina ábhar cathuithe, tarraingteach, tá an t-airgead cathuigheach agus leis an fhírinne a deánamh sé is gainne. 1185 532.

*cathaithe, Cathú, Bhí an chathuigh mór ar na cárdaí agus an t-é a chaillfeadh scilling chaillfead sé leis bfhéidir go gcaillead sé barraidheacht. 1185 185.  i dteach an óil ag cur cathaidh ort.. 1791 495.

*cead, 1. Cead aige, (iachall air), cuir triple airgid amach faoi'n doras, agus cead aige a ghabhail agus seifteadh dó fhéin. 1185 81.  2. I gcead do do chóta.. (maolú leiscéalach as diúltú d'eaglaiseach), Bhail, a shagairt.. i gcead dó do chóta sin rud nach ndeánann. 1791 83.

*céadfach, Bhí sé céudfach, "he had his senses". 420 234.

*céaduair, A chéaduair, (i dtosach, láithreach), sula bpóstar sinn caithfidh mé caisleán a thógáil duit a chéad uair. 1184 572.  dubhairt sé .. go gcaithfead sé a ghabhail go bun rúta na h-oibre a chéad uair. 1538 54. 

*ceaduiste, Ceadaithe, Char cheaduiste liom sin ar dhá chéud punta, "i would'nt for £200 that that would happen". 420 224.

*ceaig, Bairrle beag adhmaid, Fuair sí ceig "Jin" 'un toigh.. 310 333.

*cealdrach, Ainniseoir, meatachán, Caidé atá tú a dheánamh

caithte annsin 'do chealdrach shalach.. ? 1185 609.  "Duine gan mhaith, go minic cladhaire (a coward)" 1184 113.

*cealgaire, "A cheat, a knave". 1184 113.

*cealgann, Bréagann (chun codlata), leanbh aige ar bhacán a láimhe agus é á chealgadh.. 472 483.  ..mhoithigh sé'n páisde ag caoineadh agus bí'n mháthair ag cealgú an leinbh. 311 419.

*ceamach, Giobal, balcais, bhain daoithe an báinín agus chuir sean-chiomach thart oirthí.. 472 164.

*ceamachán, Duine gioblach, Ciomachán, "duine anasta a mbíonn achuid éadaigh cifleogach bratógach." 1184 115.

*ceangal, Stopadh, plúchadh sa chóras anála de bharr tinnis, Bhíodh sean-mhrá ag cognadh gáirleóige fosta dá mbéadh ceangal ar bith orthú fá'n ucht. 1185 408.

*ceangaltán, Feistiú, Thug siad leofa dhá thaobhán maide de chuid an t-soithigh agus bhuail siad an clog amach as an ceangaltán a rabh sí ann.. 1538 87.

*ceanglaíste, Ceangailte, Bhí pónaí ceangluíste i gcionn a' toighe.. 1184 478.  Nuair a bhí an teach (an díon) ceanglaoiste.. 1185 58. 

*ceann, 1. Ceann maith, (soláthraí, caomhnóir maith), caithfidh tú 'do chionn maith do na stócaí, agus a bheith comh cúramach dá dtaobh daofa agus atá tú fá do nighean fhéin.. 1184 450.  Bhí sé 'na chionn mhaith do'n bhó.. thug sé neart le h-ithe daoithe.. 1185 496.  Bhí na comhursanaí 'na gcionn an-mhaith daobhtha, ach bhí an bainne comh gann nach dtáinic leóbhtha sáith an pháisde fhéin a thabhairt daobhtha. 1170 169.  Bhí nádúir bean-ghlúin aicí, agus ar an ádhbhar sin bhí sí 'n-a ceann an-mhaith dó pháistí. 418 255.  2. Ceann na láimhe, crobh na láimhe ón rosta anuas), bhí mé a' tarraingt ariamh ariamh gur tharraing mé ceann na láimhe de. 1184 415.  3. A cheann a ligean leis, ((a), a rogha bhealach a ligean leis, ligean dó a bhóthar féin a thoghadh), tá each caol dugh dubh agam.. agus má bheir tú leat í ar maidin amárach agus a ceann a leigean léithe.. 1185 591.  (b), scaoileann saor), caithfidh tú fanacht annsin go leigidh mise do cheann leat. 1185 560.  4.Ceann na cisteanaí, an tí (an taobh is sia siar ón tine), bhí siad comh cúramach muirneach fá'n ghamhain agus go rabh sé ceangailte thíos i gcionn na cisteanaigh acú. 1185 472.  bhí leabaidh ins a' chlúdaigh ..agus bhí leabaidh eile thíos i gcionn a' toighe.. 1185 507.  agus iad 'na suidhe chois na teineadh a cómhradh thuit a bearach i gcionn a'toighe. 472 201.  é 'na shuí ós coinne na tineadh agus nuair a d'amharc sé síos go cionn a' toighe.. 1578 65.  Bhí teach de'n t-sean-deánamh acú mar bhíodh ag gabhail an uair sin, a raobh áit ródh eallaigh ann i gcionn a' toighe. 1170 61.  5. (a) Ina chionn, i gcionn(in a fheighil, ina bhun), má sé do thoil a ghabhail ina cionn tá obair go leór ann duit. 1184 499.  Bhéarfaidh mise obair duit anois agus sílim gur feárr duit a ghabhail ina cionn.. 1185 9  agus iad i gcionn bara-láimhe agus iad a tarraingt clocha.. 472 232.  bhí sé fhéin i gcionn spáide, agus ..chaith sé amach preab créafóige... 1170 47. (b), ina chionn, (mar luach air), Goidé bhéadh ina chionn agat? "How much would you be wanting for him? 420 236.  ©, i gcionn, (tar éis), D'imigh siad araist ansin agus tháinic siad i gcionn na trí hoíche araist á chuartú.. 1791 293.  6. I gcionn a chéile, (le chéile), Tá an bheirt ag gabháil i gcionn a chéile.. agus pósfa mé iad. 1791 267.  achan uile phínn a bhfuair muid.. gur chuir muid i gcionn a chéile é.. 1791 267.  7. I gcionn na spairne, (ag troid), Chuaidh an bheirt i gcionn na spáirne.. 472 349.  Tharraing sé claidheamh amach agus chuaidh sé fhéin agus Seónuigh i gcionn na spáirne. 472 689.  ©, I gcionn na hurnaithe, (ag paidireoireacht), Chuaidh sé i gceann na h-urnaighthe, agus creidim gur dhubhairt sí sin urnaigh dhuthrachtach.. 418 258.  8. I gcionn bata, (a),(ag déircínteacht), Ní deilín na mbacach a bhéadh leó teacht na h-oidhche, / Agus ar maidin arís iagus chuaidh sé fhéin agus Seónuigh i gcionn na spáirne. 472 689. (b), (ag troid le bata), .. é fhoghluim i gcionn a bhata comh cliste leis fhéin.. 472 691.  (c ), I gcionn na hurnaithe, (ag paidireoireacht), Chuaidh sé i gceann na h-urnaighthe, agus creidim gur dhubhairt sí sin urnaigh dhuthrachtach.. 418 258.  9. Ag gabhail i gcionn an tsaoil, (ag socrú síos sa tsaol, ag pósadh), tá an t-am agaibh-se.. a bhéith ag gabhail i gcionn a' t-saoghail, agus imthigidh agus cuartaigidh mrá daoibh fhéin.. 1185 578.  A Mháire.. sílim go rabh an t-am againn a bheith a baint as amach agus a ghabhail i gcionn a' t-saoghail. 1170 49.  10. Oíche cheann féile, ..féasta, (an oíche roimh fhéile ), Tháinic Oidhche Shamhna.. "Tá anocht oidhche cheann féile.." 1185 440.  oidhche Shamhna nó Oidhche Nodlag nó oidhche cionn féile mar sin.. 1170 43.  B'annamh a bhíodh tae nó arán ag daoiní amach ó oidhche Chinn Féile.. 1170 394.  oíche ceann féasta a bhí in oíche Shamhna.. 1835 53.  11. Chionnus, (de chionn is.. toisc..) , bhí sé annseo anuraidh a' dréim go rachainn-se leis, agus chionnus go rabh mise a' coinneáil cuideachta leat-sa.. ní rachainn leis. 1185 512.  ní ghlactha fearg liom.. chionnus uad a dhul ins a t-seascain.. ? 472 32.  Chuaidh siad a dh'éad léithe sa bhomaite chionnus go rabh sise 'na suidhe ní b'fheárr ná bhí siad héin. 1538 45.  thoisigh ansin an marbhfach idir na hAlbanaigh agus idir na Gaeil iad héin chionnus gur marbha an péas seo. 1791 145.  12. Faoichionn, (istigh sa), 'ach fuile cineál tramp a bhfuil fá chionn an bhaile.. 1185 525.  13. Díon (tí), nuair a chuir siad ceann ar an chaisleán ..1185 582.  .. go rabh croc óir i gcionn a' toighe.. 1185 46.  14. Taobh uachtarach, bhí béim mór amach .. chuaidh sé amach ar chionn an bhéim.. 1185 582.  15. Ag cur in cheann, (ag cur leis, á mhéadú), Nach mór a' lán óir atá ins a chóthra sin." "Is mór.. dá mbeithfidh a cur ina cheann.. 310 83.  16.(a),Ceann (+ ai.), (.. amháin), dá mbéadh ceann eallaigh agatsa..(i.e. dá mbeádh beithíoch agat..) bhí sí ábalta sin a chur chun báis.. 1791 101.  .. má bhuaileann tusa ceann eallaigh leis an dealgnach go rachaidh sí a mhún fola..1835 159. (b), Dá cheann (+ ai.), (dhá, beirt), D'imthigh seisean agus an dá cheann capaill.. 418 71.  17. Dhá cheann air.. (as a mheabhair), Síleadh dhá chionn a bheith air, "he was thought to be mad". 420 221.  18., Ceann urra an tí, (fear an tí), choisreachochadh ceann urraidh an toighe agus déarfad sé an paidrín..1835 191.  19 Dhá cheann ar an spéir, (ainm air) dhá short chomhartha sa spéir lena n-aithnithí athraithe san aimsir, cuid acu sin a bhí ábalta innsint caidé a bhí ag gabháil a theacht.. Bhí dhá chomhartha acu ins a' spéir ná mar adeiread siad héin bhí dhá cheann ar a spéir. Bhí fhios acu .. cén ceann den spéir a rabh an ghaoth mhór seo a gabháil a theacht.. 1835 285.  ..caidé 'n dóigh a rabh siad ábalta an dá cheann seo a aithne. D'innis mé duit go rabh ceann ar a' spéir níos leithne ná an ceann eile ná rabh sé leath comh leathan ná leath comh reamhar.. ná leath comh fada, agus bhí siad ábalta baint amach as sin.. ar fead fhad agus bhí an stoirm sin ag gabháil a mhairstin.. 1835 286.  +:*cúl

*céanna, .. dubhairt sé gur a solus. "Sin a nidh cheádna, " arsa seisean. (.i. .. an rud ceart, an freagra ceart).

*ceannaíonn, 1. Is daor a cheannaíonn sé é.. (is ábhar mór aiféala aige é), cá bith áit a rachaidh tú a choidhche bí cinnte agus bí i leith na mban ná mur rabh b'fhéidir gur daor a cheannochtha é. 1184 372.  Ó is daor a cheannuigh mise sibh!.. Is truagh a thug cead daoibh é a fhágáil faoi bhallaí mo thoighe ar chor ar bhith. 1170 414.  2.(R.ch. ceannaíste), Tá leath Hamilton ceannaíste acu.. 1179 370.

*ceannaireacht, Ceannsú, fáil bua ar, bhí muid a' deánamh nach rabh dhá chloigeann déag fear ar bith i n-éirinn ar an uair 'e lá atá ann a dheánfadh muid a cheannaireacht, agus an uaisc na caorach sin a tháinic aníon ó'n doras ní rabh fear ar bith againnr ábalta í a chur arais.. 1538 121. 

*ceanntarrnocht, Ceann-nochta, í ceanntárnocht costárnaocht, agus gan mórán fá n-a corp.. 1185 353.  d'imthigh sé a'n mhaidin amháin le teacht a' lae ceanntárnocht costárnocht, agus 'na throscadh.. 472 458. 

*ceannurra, Suíste, fear ceannais, ní rabh cead ag na ceannurraí duine úr a chur a dh'obair.. 1579 231.

*ceanramán, 1. Cearnamhán(?), fios a fhagháil caidé 'n seórt báis a fuair an ceanramán.. 1184 408.  go dtiocfadh leis innse do cé a mharbhuigh an ceanramán. 1184 410.  2.Bithiúnach,ainniseoir, mur tú an ceanramán beag a thug an trioblóid domh-sa.. 1185 568.  Arú a cheanramáin an diabhal! 1538 130.  Ceanramán, "Duine gan mhaith, aindeiseóir ceathardha. " 1184 113.  3. Titim ceanramáin, (titim an-obann), deir siad go bhfuil tuitim ceanramáin ar oidhche fhoghmhair go dtuiteann sé i bhfaiteadh  na súl.. 1538 109.  cf. *cearlamán

*ceap, Ceap an dorais, tairseach, bhuail sí a ladhar ar cheap dhoras a' room.. 310 19.  bainfidh an Daitheach Beag a ceann duit ar cheap do dhorais fhéin le tuath.. 310 48.

*ceapaire, Canta aráin (agus im air, mar lón bóthair), shuidhead siad ag na machaireacha agus d'ithead siad na ceapairí.. 472 398.  cé bith méid ceapairí a bhéadh fágtha d'ólfaidh an deoch agus d'íosfaidhe an chuid eile de na ceapairí.. 472 399.  nuair a bhéas an maistriú buailte agam.. cha bhíonn oiread ime ins a teach agus a dheánfas ceapaire dúinn. 1835 205.

*ceapann, 1. Bailíonn suas, sábhálann, ceap an fhuil agus bíodh an fhuil agat.. agus cuimil an fhuil.. 472 154.  mharbh sé coileach agus cheap sé a chuid fola. 1578 55.  .iomaireacha móra leathan.. Bhí siad sin comh leathán le páirc thalaimh, agus chá rabh deor fhearthanna dtuiteadh as an aer nach gceapad siad.. 1074 6.  2. Coscann, b'fheárr duit tuighe a chur ar do theach agus na deóra anuas seo a cheapadh.. 1170 50.  3. Beireann ar, gabhann , ceocú cheapfas tusa an chreach nó choiscfeas tú an namhaid? 310 17.  D'fhéach an gasúr le n-a ceapadh ach ní rabh maith dó a bheith léithe (bó).. 1170 170.  .. agus smaoitigh sé ag gabháil a bheith ceapaithe ar dhóigh ínteacht aici.. 1791 476.  . .iomaireacha móra leathan.. Bhí siad sin comh leathán le páirc thalaimh, agus chá rabh deor fhearthanna dtuiteadh as an aer nach gceapad siad, agus eadar sin agus leas fairrge bhí an talamh raithte isteach ina chéile, agus nuair a ba cheart dó bárr a theacht air chá dtigeadh a dhath ach moll lustáin agus súilín buidhe. 1074 6.

*cearbach, Na Cearbaigh, Cearrbhaigh? (réaltbhuíon éigin), is cuimhneach liom fhéin é, ar na Cearbaigh, ar a' t-seisreach, agus ar slat an cheannaidhe agus an dá réalt a éirigheas ó dheas. 472 696. 

*cearlamán, Dubhairt an cearlamán (daol) go bhfaca sé iad (Muire agus Iosef) bliadhain 's a' lá indé. 1185 217.

*cearpantóir, Saor adhmaid, fá saorthaí agus cearpantóirí agus tóg caisleán.. 1184 323.  ..fuair sé saoir cloiche agus cearpantóirí.. 1184 575.  saoir chloiche agus cearpantóirí.. 472 24.

*cearr, Dearmad, breall, Bhail sin an áit a rabh an chearr ort.. char cheart baint do'n chrann.. 1185 376.

 

*ceart, I gceart, (mar fhocal treisithe), Bhí cuid mhór i gceart a bhruitheadh buna dreasóg agus a d'óladh an súgh mar léigheas ar chasachtach. 1185 407. (cuid mhór - daoine- ar fad..). Gheobhad sé cuid mhór i gceart ar na trí agus sé pighne. 1185 441. 

*ceasdan, In ionad, A bheith annsin ceasdan a gul ins an arm, "being there instead of joining the army." 420 268.

*céasla, Maide rámha, chuaidh sé héin ar an chéaslaigh, agus d'imir sé go díon dithcheallach do dtí go dtáinic sé go tír mór.. 1538 73.

*ceasaí, Droichead, cabhas thar bhogach; ciseach, bhí'n cheasaigh finisháilte annsin. 311 384.

*céaslú, Iomramh, Nuair a tháinic a' lán mara fhad leis a churrach chuir sé ar a t-snámhadh í, agus chuaidh sé fhéin .. a céaslughadh .. 472 215.

*ceastaíonn, Tugann íde béil dó ? ceistíonn? A bhean mhalluighthe.. ach go bé gur cheastuigh tú mé budh é mo scéal a' scéal a bh'fhearr.. 311 430.

*ceastar, Hata béavar, Fil:, Ceastar a t-síoda a chaith uaisle an tíre.. 472 432.

*ceathaideach, Ceathach, oíche cheathaideach clocha sneachta.. roimh an Nollaig. 1791 28.

*ceathartha, Gortach, sprionlaithe, ainnis, "Duine gan mhaith, aindeiseóir ceathardha. " 1184 113.  Sprionnlóir, "Duine cruaidh ceathardha aindeiseach. A miser". 1184 175.  Stiocaire, "Duine truailligh aindeiseach, ceathardha". 1184 177.

*ceatharnach, Ainniseoir, An a' ciceáil an cheatharnaigh bhoicht atá sa chomhnair atá sibh. 1538 3. ..de cheatharnach mheadhon aosta, a rabh an-droch éadaigh air - cuall bratóg agus salachair.. 1343 239.

*ceatharnacht, Faoileáil thart neamhchúramach etc., Ní thiocfadh leat an brachan sin.. a thabhairt do mhuc indiaidh é sin a bheith a ceatharnacht síos fá'n doras. 1185 471. 

*ceathraí, Sceoin, eagla, ar mhéud agus bhí ceathraighe agus eagla air.. 311 160.  ceathraighe, "fear, confusion", 420 261.

*ceathrú, 1. Ceathrú anama, (ligean anama le duine, gan é a mharú), go mbfhéidir go gcuirfead sé 'un báis é gan ceathracha anama ná tagall. 1184 295.  muirbhfidh siad thú gan ceathrú anama ná tagall a thabhairt duit. 1538 132.  2. Ag ceathrú anama, (ag iarraidh trócaire), tá mé ag ceathrú anama ort. Ná marbh mé.. 1185 572.  3. (a), Ceathrú an bhoird, (cúl na deice uachtaraí ar bhord loinge), sheas sé ar cheathramhan an bhóird go dtí go rabh siad a tarraingt comh neas do'n t-solas nach rabh teicheadh.. 472 457.  (b), Máistir na Ceathrúna,oifigeach ar bhord loinge a bhfuil cúram an chompáis, an stiúir agus an chomharthaíocht faoi. ("quartermaster"), Dubhairt sé le maighistir na ceathramhna go rabh solus rompú agus iad ag 'ul i gconntabhairt. 472 456.  4. Seanroinn ar thalamh, Ba leis an rud a dtabhrad siad ceathramh thalaimh air 'san am sin. Bhí stoc eallaigh aige air agus é a díol cís.

1170 39. 

*ceathrar, Ceithre, bhéarfaidh mé an deich agus ceathrar duit.. 1184 307  (..£4-10-0d).

ceig, Tá sé faoi'n cheig. "Tá sé tinn de bhárr póit ólacháin." 1184 36.

*céile, 1. Fríd-a-chéile, (corraithe, mí-stuama san aigne), Sgannraigh sé agus chuaigh sé fríd a chéile as miosúr. 1578 42.  Chuaigh an tíarna fríd a chéile nuair a chonnaic sé seo. Bhuail eagla é.. 1578 56.  2. Roimhe a chéile, (roimhe sin), An lá roimhe chéile, "the day before". 420 236.

*ceiliúr, 1. Cuireann ceiliúr ar, (beannaíonn do), Cuireadh ceileabhar air agus d'iarr sé ar dhuine acú tarraingt air le tobaca.. 1185 558.  2. Cuireann an ceiliúr fad leis,(cuireann fios air), Chuir siad a' ceileabhar fhad léihe-se, "they sent for her". 420 235.

*ceilp, Luaith feamainne a dhóifí ar áith (foinse iaidín agus potaise), Ba ghrách leo a bheith a bruith ceilpe faoi Chroc.. 1791 159.  Bhruithead siad an cheilp seo agus ansin nuair a bhíodh an cheilp seo bruite acu bhí an rud ann a dtabharad siad an aíche  air. 1791 160.  bhí siad a dréim leis an tinidh seo a chur ar obair fá choinne an cheilp seo a fháil bruite.. 1185 135.

*céimiúil, Uasal, oirirc, is bocht an áit a dtáinic tú.. fear comh céimeamhail leat-sa.. 310 352.

*ceirín, Déantús leighis a leagtar ar chréacht nimhneach chun é tharraingt, bhéarfad sé amach é (dealg) nuair a shárochad sé ar cheirthín ar bith eile sin a dheánamh. 1185 29.

*céirseach, "Duine dorcha croimshlinneánach a mbéidh glór píochánach géar aige". 1184 113.

*ceirt, Balcais, ball éadaígh, Chaith fear a cheirteacha go dtí n-a léinidh.. 472 556.  Chá mbíonn a'n lá a gcuirfidh sé a cheann ina cheirteach  nach gcosnochaidh sé oiread airgid.. 1185 353. (..aon lá a gcuirfidh sé a chuid éadaigh air, aon lá ar bith..)

*ceirteog, Seál, scairf, Chuir sí an chirteóg a bhí ar bhean a' tincléirí ar a guaileacha.. 310 365.

*ceirtlín,Déanann ceirtlín de, (déanann meall ar an urlár de le buille), rinn sé ceirtlín de Mhaolmuire faoin'n tábla, agus d'imthigh 'na rith. 1538 75.

*ceisteoireacht, Ceistiúchán, nuair a bhí an ceisteóireacht uilig deánta chuaidh an dá phéas amach ar an doras. 1538 53.

*ceithearn, Ceithearn coille, (buíon robálaithe coille), ceárn coilleadh atá annseo.. agus níl fhios ag a'n nduine cá bhfuil siad a baint faoi-fá.. 472 554.  go rabh Eoghan Ó Baoghaill seo ins a cheárn choilleadh.. 472 558.

*ceo, Tá dath a' cheo a' teacht ar Mhicheál, tá codladh a' teacht ar 1184 26.

*ceo-bháisteach, Báisteach éatrom ceofránach, Bhí oidhche réab-gealaighe ann agus é ag ceó-báisteach. 1185 222.  (ceo-bháisteach + réabghealach??) tráthnóna amháin ceó-bháistigh bhí an fear a ba sin de na gasraí amuigh.. 1170 169.

*ceolán, "Duine a mbíonn buaidhreadh inntinne air; páisde a bhéadh i dtólamh a caoineadh; a bore fosta." 1184 113.

*ceolann, Canann (amhrán), Béurla a ba mhó a cheólad siad. 1791 45.  "Baicle daoiní le chéile i dteach an áit a gceólfadh duine thall is i bhfos abhrán." 1184 69.

 

*chiacais, (Agall iontais), a thiarcais, "Ó chiacais o!" adeir sí, "a bhfuil tú pósta?" 1184 362.  Bhail a chiacais o! .. tá sé ag cur na seacht n-íontas orm..1184 556.

*chugainn, Chugainn liom-sa, (téanam ort), Chugainn liom-sa, "Come with me". 420 237.

*chuig, Ligeann i luí chuig, (ceadaíonn collaíocht le), Dá leigtheá mise i luighe chugat anocht.. 472 477. 

*chuige, Cúis, Sé'n chuige a h-ainmnighead Ballywhorisky.. 420 237.

*cíabhach, Ciabhach eadra, (staicín áiféise), Ná déan ciabhach adartha díom annseo! .i. Ná coinnigh mó sheasamh i bhfad gan 'ghroithe mé annseo... Rinn tú ciabhach adartha de. .i. Mar adeirtear i dTeilionn: rinn tú seóin sincín de! 1184 44. Bhí sé na chiabhach eadara aici. " bhí sí ag magú air." 420 214. 

*ciafart, "Duine atá fágháil níos mó n'á chuid ranna de thrioblóid an t-saoghail; duine a bhfuil buaidhreadh inntinne air." 1184 113. 

*ciall, 1. Shf:, Ní h-ionann ciall do achan dís mac agus ní dual do theughlach a bith gan uachtaran a bheith orthu. 420 215.  2. Thaire n-a chiall, (as a mheabhair), Thara na chiall, "insane". 420 250. 

*cian, 1. Tógann cian de, (baineann buairt, imní dhe), thógad siad cian dá chéile ar achan ndóigh.. 1074 9.  2. Na cianta coimhíocha, (thar lear, san imigéin), D'imthigh siad uilig seo ins na cianta coimhthigheacha agus char phill siad ariamh ó shoin. 1074 16.

*cianach, Cnáimhseálach, Bhí sé iontach cianach, agus é i gcómhnaidhe.. a strioncánacht  chaointe. 418 256.

*cianóg, Bonn beag copair (níos lú ná feoirling), chíolfadh sé leis an duine eile'ar chíonóg nó ar phighinn.. 472 467. 

*cíapálaí, Ciapálaidhe, "duine atá i dtólamh i n-imreas le duine ínteacht eile; duine a bhéadh a baint a mhí-thapaidh as duine ínteacht". 118 113. 

*cíapar, Féar garbh a bhainfí ar an sliabh; "cíbfhéar"?, ba ghrách leo a ghabháil suas go dtí a croc agus rud a bhaint a dtabharad siad ciapar air fá choinne an tríomhú cuid den bhárr a bheith sábháilte acu fá choinne an Gheimhridh. .. bfhéidir go mbainfear siad naoi ná deich 'e mhálaí agus fiche den chíapar seo. Bhéarfad siad anuas a' ciapar seo agus dhéanhaí cruach de sin agus má bhí fiogacha glasa ar bith le fáil dhéanhaí leár de sin agus don chíapar seo.. 1835 89.

*cíaplach, Cíbleach?, thóg sé rud eighinteacht amach as tumóg mhór chiaplaighe agus fraoigh. 311 80. 

cíb, Dioc, Cíb ortha mar chearca.. mar daor orm-sa iad. 1170 396.  (mallacht orthu..).

*cíbeálann, Cuireann sceallán, ..in n-am go leor a bheith a cibeáil na bpréataí. 1184 17.  a mbéadh scoilteáin cibealta dá rachadh an t-eallach fríd sin chuiread siad amudha é.. chuirfead siad aníos na scoilteáin, agus bheadh a giota beag préataí sin amudha ansin. 1835 264.

cídeog, Sórt cába in aghaidh na síne, B'fheárr duit a buachailleacht bó / Do bhata ann do dhórn agus cídeóg ort.. 472 492.  bhí bean dhóiúil 'na seasamh lena thaobh.. Bhí cideog  uirthí agus d'fholuigh sé'n cideog i i gcruach an arbha.. 311 109.

*cífleachán, "Duine amsgaidhthe. One who dresses in tattered clothing". 1184 113.

*cífleog, Piseog: An Chifleog Bheag, (giobal dearg a chuirtí i gcluais bheithígh), An bhfaca tú iad ariamh ag cur giota beag de éadach dhearg i gcluas eallaigh.. ? Chonnaic mé iad á dheánamh seo - mar adeiread siad héin leis an chifleog bheag.. 1835 405.

*cífleogach, Gioblach, Ta droch-triubhas éadaigh air. "níl sé déagh éadaigh; tá a chuid éadaigh cifleogach." 1184 48.  "Duine bratógach cifleógach atá i dtólamh i ngéibheann agus i dtrioblóid.." 1184 103. 

*cígilt,Mothú néarógach sa chneas a spreagtar le bogchuimiltó teagmháil agus a tharraingíonn gáire, míshocracht nó corraí., thoisigh sé a chur coigilt i mbonnaí a cuid cos - bhí sé costárnacht ar ndóiche.. 1170 438. 

*cígire, Bhí scoil Gaedhilge ag toighe Eóin Coyle.. Thigeadh cigire chuca le sgrudú a chur orthú. 311 93.

*cíncíseach, Mí-ámharach?, Cailín a bhithear a phósadh Dia Luain, agus ní rabh sí sasta de'n lá. Seo mar dubhairt sé é: An Luan cingéiseach , an Mháirt Scathrannach, an Cheadaoine Choimseach, Diardaoin Dálach, agus fanfaimid go dtí amarach -Dia hAoine. (Sean-chaint). 1184 22.

*cíne, Treibh, muintreacht, a chónaíonn i gceantar a bhfuilsinsreacht choiteann orthu agus an sloinneadh céanna, 'iarr sé gan cineadh Mhac Amháin éireacht a choidhche níos láidre i nGaoith Dobhair.. sin a bhfuil i nGaoith Dobhair do'n chineadh sin, teaglach amhaín. 472 293.

*cíneál, Talamh maith féaraigh, chuirthí 'chruic iad, agus.. Nuair a thiocfainn 'n bhaile annsin bhéarfainn na ba ar an chineál arais go dtí an oidhche. 1185 117. (..ar ais go dtí an cineál..).

cíoch, Mama, caith na h-úbhlaí.. agus crág  é faoi'n chioch  má thig leat leis an ubhall.. 311 304. 

*cíolartán, Ciollartán, "duine beag íseal anasta - a bhéadh an-dearmadach de ghnáth." 1184 115.

*cíoncam, Gála, scar (? <income?), díoladh i Liverpool í ar shé chéad comthrom giní - ór uilig a bhí inntí. Fuair Dónall Boyd díolta 'na dhá chioncum, agus rinn sé dhá chuid den chéad chioncum eadar é féin agus Dónall Óg Ó Baoighill.

*cíonntaí, 1. Milleán, Nachar dhath dona cionntaighe-san é, "that it was none of her fault". 420 348.  Bhail.. goidé chionntaigh a bhéas leis na neithibh sin. 1791 229.  2., Cionntaí le, (milleánach le, siocair le), caidé tharlaigh dé ná caidé a ba chionntaigh leis na tinteacha móra.. 1791 458.

*cíontach, Ceanúil, Ciontach ort, "fond of you". 420 261.

*cíoradh, 1. Bhí mo bhun is mo chíoradh agam fhéin, "Bhí barraidheacht de mo ghroithe fhéin ag cur bhuaidheartha orm." 1184 33.  2. Feannadh le carda olla, cloch (pionós ag naMolly Maguires), ba é an "cíoradh " an pionús a ba choitíanta.. hainfí de achan snáithe éadaigh ansin isteach go dtí'n craiceann, agus bhíodh cárdaí na holna leosan agus thoisíod siad air go scríobad siad an craiceann anuas de. 1579 204.  ba lúide an cás dá ndéanad siad cúis le cíoradh Uí Mhaoilchiaráin. 1579 211. 

*cíorann, Scríobann, feannann cf. *cíoradh, gur chíor siad ó hun go bárr é leis an chloich. 1579 208.  Bhain siad de an t-éadach agus chíor siad é leis an chárda.. 1579 214. 

*cíorrthamach, Easpaitheach, mácalach, cf.ciorrú, cithréim fgb, ní rabh díoghbhail ar bith sláinte air siúd is go bhféadfad sé a bheith ciorthamach ar dhóigheannaí eile. 1184 26.  Rúineach, "Duine aosta ciothramach  creapáilte." 1184 157. 

*cíotach, 1. Cearr, D'fhiafruigh sé goide bhí ciotach. 311 266.  Goidé bhí ciotach leó, "what was the matter with them?", 420 237.  2. Contráilte (i bpearsain), Shíl siad an táilliúr ró-chiotach agus ró-chonafach agus ní leigfead siad isteach an órdú (AOH) é. 1170 57. 

*cíotachán, "Duine ciotach nach dtig leis rud ar bith a dhéanamh mar dhuine eile. A lefthanded person fosta." 1184 115. 

*círc, Cill, "kirk", rinn Colm Cille teach pobail agus d'fhág sé cloch uaithne astoigh ins an t-sean-roilig agus tá cloch uaithne eile os cionn na circe ann.. 472 463.

*círcín, Circín agus tae bán, "Salann is bainne - ánlann le préataí". 1184 96.

*cíth, Cioth cúir, cúr ag éirí faoi thosach nó dheireadh báid, Bí sé ag cur cioth cobhair i n-íochtar agus cioth cobhair i n-uachtar.. 1184 297. 

*cíúnadas, Ciúnas, Bhí seisean thíos nuair a tháinic an ciúnadas (san aimsir).. 1791 262.

*clabaire, "Duine atá i gcomhnuidhe a cainnt. A babbler a talkative person". 1184 115.

*clabhcánaí, "Fear beag camchosach". 1184 115.

*clabóg, "Bean chainnteach". 1184 115.

*cladach, 1. Imeall na farraige, chá bhéadh a dhath thart ar na cladaigh uilig go léir ach a scoith bhuí seo agus go fiú an duibh-leathach. 1835 124.  2. Leac an tinteáin, teallach, D'fhág sí an toirtín ar an chladach agus chuach sí suas na h-aibhleogaí sa' mhullach air. 1185 463.  Tharraing sí anall na h-aibhleógaí agus an ghríosach uilig de'n chladach. 1185 463.  an naoidheanán a fhágáil ins an chliabhán ins a' chisteanaigh ag cladach na teineadh.. 1343 260.  bhí an luaith a teacht amach ar a' chladach - an cladach a bhí thart ar an áit a rabh an tinidh acu.. 1835 63. 

*cladhaire, Duine a ghlacann eagla go furasta, meatachán, "Duine gan mhaith, go minic cladhaire (a coward)" 1184 113.

*claíomh, astoigh i gcrói na claidhmhte seo bhí cineál de ghiota mór cruaidhe.. fá choinne é dheánamh láidir agus bhí 'n dá thaobh mar bhéadh scian ann. 1791 304.

*cláiríneach Duine éagumasach, rinneadh cláiríneach daoithe i n-am an fhlú mhóir.. 472 421.  Chan fhacaidh'n cláiríneach beag seo a leithéid ariamh.. 311 266.  ..ag innse do'n t-sean -sagart abhí 'n a chláiríneach thuas 'na shuidhe nar bhog se seacht mbliana amach as a chaithir.. 311 330.

*clais, 1. Ceann des na díoga a bhaintear chun iomaire a dhéanamh, Ba ghrách leofa iomaireacha a dheánamh agus bfhéidir go mbéadh an t-iomaire sin cuple slat ar leithead , agus bhí clasannacha ansin a bhí suas le troigh ar doimhne ná troigh go leith. 1791 56.  2. Ag cur clais, (ag cur cré le prátaí), "Ag cur lán moulding potatoes, ag cur clais (i nGleann Finne). 420 209. 

*claitseach, "Bean nach bhfuil mórán measa aicí uirthí fhéin. A slattern". 1184 115.

*clamh, Aicíd chraicinn a thagann de bharr salachair nó easláinte, Sfh: An bhean ruadh mar bhéad fuad ar chapall chluimh  .. "go bhfuil sí éadtrom 'san nádúir". 1184 20.

*clamhpaire, "Duine atá i dtólamh a deánamh mí-ghrinn go h-áirid eadar chomhursanaí." < clampaire?

*clann, 1. Páiste nuabheirthe, c'ainm a bheirfead siad ar a' cheud chlann a bhéadh acu.. 311 503.  2. Tinneas cloinne, (tinneas mná seoil), isteach na leabtha faoi chionn mrá a bhéadh i dtinneas cloinne. 1185 345.  3. (Ag tagairt do dhaoine le sloinnte áirithe), Bhí dream Chlainn Pháidín ábalta á dhéanamh .. Clainn Íc Shuibhne, agus chá rabh dream Chlainn Uí Dhubhchoin..bhí dream Chlainn Uí Ghallchóir ábalta é dheánamh.. 1791 446 

*clapáil, Buaileadh: *caidear

*clár, 1. Clúdach (anuas ar rud), nuair a fuair sé astoigh é dhruid sí an clár air agus chuir sí an glas ar a' chórtha. 1184 375.  thóg sé i leathtaoibh an seóirt clár a bhí uirthí. 1184 561.  bhí "frock" mór air agus ghreamuigh sí cláraí sean-sáspain thiar ar a "frock". 472 247.  thóg Peigí an clár de'n phota.. 1170 394.  2. Déanann cláraí de,(briseann suas), Bhuail sé an stópa ar thaobh an chlaidhe agus rinn sí cláraí de. 1185 617. 

*cleamaire, Taingléir, cleasaí, ..ag tagairt dó na cleamairí a thig eadar thoighthe a cheannacht eallaigh ar luach bheag agus nuair a bhéarfad siad 'un aonaigh iad , iad a fágháil an-luach ortha.." 1184 16. 

*cleas, Cluiche tórraimh, .. go rabh an t-am toisiú ar na cleasannaí - bfhéidir cur thart a' chnaipe. bhí cleas eíl acú a dtugad siad Díol na Bó air.. 1185 178.

*cleasaí, 1. Lúthchleasaí, imreoir cluichí gleacaíochta, ba é mac Fheidhlimidh an cleasaidhe a ba mhó a bhí fríotha uilig. 472 403.  2. Lúbaire, "A twister". 1184 117.

*cleasaíocht, Imirt cluichí gleacaíochta, rachad siad amach a chleasaidheacht astoigh nó amuigh.. 472 403.  Bhí siad uilig a cleasaidheacht agus 'sé mac Fheidhlimidh Cam an cleasaidhe a b'fheárr a bh fríotha agus bhí sé ábalta na buachaillí a chathamh anonn agus anall.. 472 405.

*cleataire, Clataire, "duine atá i dtólamh a cainnt fá ghroithe duine ínteach eile - go minic a baint an rubaill dá chomhursa." 1184 117. 

*cléireach, Freastalaí aifrinn, Fuair seisean na cléirí agus thúsaigh an t-Aifionn.. 1185 304.

*cleite, 1. (Gan) bun cleite amach ná barr cleite isteach, (an-dea-chóirithe), teach beag nach rabh bun cleite amach ná bárr cleite isteach ach ách uile cleite a deánamh dídin agus foscaidh do'n chionn eile. 1184 478.  (teach dea-chóirithe) Tá boitheach amuigh annsin.. nár cuireadh a dhath tuighe air le seacht mbliana agus caithfidh tú an boitheach sin a chumhdach le cluimhreach sula bpillidh mise tráthnóna, agus má bhíonn bun cleite isteach ná bárr cleite amach ná aon dhá chleite ar a'n ndath amháin, bainfidh mise an ceann díot.. 1185 608.  (Móitíf as sean-scéal - bunús an natha?). 2. Cleite anmhachaín, (cf. cleite an mhaotháin, "ensiform cartilage" fgb), bhí léas chleite an mhacháin aige.. 1791 173.  bhí léas cleite an mhacháin aici.. 1835 200.  3. Cleite de dhuine,(duine éadrom tanaí), "Cleite de dhuine caol éadtrom". 1184 113. 

*cleith, 1. Maidí crosach ar a chéile sa díon; rigín, cliath. dá ngeárrad sé an crann go mbainfead sé oiread taobhán as agus a chuirfeadh cleith an bhóitheach. 1185 373.  2. Faoi chleithan tí, (sa tigh), mothuighim boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh faoi chleith mo thoighe anocht! 1185 564.  3. Cleithagus creata, (adhmaidí tí), chaitheadh na fir cleith agus creata a bhaint as an talamh ná as na coillte. 1185 372. 

 

*cleiteálann, Cniotálann, agus chleiteáilead siad stocaí.. 1185 187.

*cleitearnach, Unfairt, An oidhce shioc an íosagan agus an eascon.. bhí sí a cleitearnaighe go dtí go bhfuair sé an oighreóg léighte os a cionn. Tháinic sí amach agus shiubhail sí leithe..310 373. 

*cleitire, "Duine beag éadtrom ar bheagan cliabhlaigh". 1184 117.

*cliabhlach, Cliabhrach, "Duine beag éadtrom ar bheagan cliabhlaigh". 1184 117. 

*cliath, 1. Cliath fhoirste, (cliath fhuirsithe) Bíonn iomaireacha agus drills acu. Bíonn racán acu mar chliath-fhoirste. 311 30.  chuir sé cliath-fhoirste faoi agus cliath-fhoirste os a chionn.. 311 60.  Thug sé isteach an cleith-fhoirste agus luighe air.. 311 355. fuair siad cliatha foirste  agus tharrain siad agus gan a'n toint éadaigh air fríd na cliathacha foirste.. 1791 223.  2. Cliath fhoirste na farraige: "An rud adeirtear i dToraigh fá'n rud a gníos an ghaoth anoir agus anoir dtuaidh leis an fhairrge. Comhthromnuigheann  an ghaoth sin an fhairrge mar gníos an chleith fhoirste leis an chuibhreann." 1184 93. 

*cliathramán, "Duine meaithte nach mbéadh ann ach na crámha". 1184 117.

*clibín, Luid ghruaige shalach ghioblach, "..tar díom", adeir sí (capall reatha), "go gcraithidh mé na clibíní díom fhéin". 1184 405.  bhí sean-bheathadhach bán aige agus í lán clibíní uilig go léir. 472 278.  Clibín, " crapan beag aoiligh a bhíon cróchta as fionnadh bó." 420 219. 

*clibistín, 1. Capall gioballach, clúmhach, tiocfaidh clibistín beag de phónaí amach.. 1184 404. thionntoigh sé an clibistín thart ag an doras.. 1184 409.  Bhí clibistín beag maol odhair imeasc na mbeáthadhach.. 1185 228.  Chrom a' gasúr anuas dó'n chlibistín.. 472 114.  2. "Duine óg gan inntleacht". 1184 117.

*cliobóg, 1. Láir óg, cá bhfuil sé seo ag 'ul leis an chliobóg.. tá fhios aige nach gabha ar bith mise. 472 367.  thuit an chliobóg marbh i lár an cheárdta. 472 367,  beir ar a' chliobóig atá 'muigh.. agus bris isteach in uile chineál oibre í. 311 355.  Thug sé leis cliobóg thrí mblian a bhí aige agus chuir sé diallait marcaidheachta uirthí.. 1538 74.  2. Capall óg, d'éirigh an searrach aníos go rabh sé na chliobóg.. 472 722.  3. Cliobog, "Duine amhlanta uascanta". 1184 117.

*clíoráil, Imeacht glan as áit, ní thug sé ach ceithre h-uaire fichead daoithe fá choinne "clearáil", í fhéin agus a mac. 418 9.

*cliseann, Bíogann, geiteann, Chlis an madadh ruadh suas nuair a chonnaic sé é, agus d'imthig sé giota.. 1185 28. 

*clismirní, Bíogadh, geit, cliseadh, ..nár stad sé ach a clismirnighe amach as a cholladh ó chuaidh sé a luighe.. 1538 114.

*cliste, Go cliste, (go pras, tapa), D'imthigh an bheirt go cliste. Níor chaill siad am ar bith.. 1185 278.

*clóca, Sfh: Níl san náire ach clóca, is fada ó strócadh é.1184 25.

*cloch, 1. (a), A chois cloiche, (fá chiumhais na carraige, ..an chladaigh), d'imir siad leóbhtha thart a chois cloiche gur ghlan siad Cruc Fola. 472 461.  (b), I gcois cloiche, (in aice na farraige), Chá rabh an mhuinntir a bhí 'na gcomhnaidhe thart síos i gcois cloiche comh h-olc. 1074 4.  2. Cloch an bhac, (cloch i bpoll an iarta), D'imthigh An Siosanach  go Machaire Gáthlain agus shuigh sé ar chloch a bhac 'toigh Sheáin.. 472 308.  Bhí sé seo comh beag agus nach rabh oiread do dhoirn ann, agus nuair a bhíodh a mháthair ag gabhail amach a dhéanamh dhath ar bith chá rabh aicí ach á chur isteach i bpoll a' bhac.. 1170 477.  3. An Chloch Fhuar, an Chloch Mhéinn, chloch (a) a bhailítí um Shamhain a raibh bua innti/iontu dar le daoine an cur fola a stopadh), Chualaidh mé fán chloch fhuar, agus sé'n dóigh a rabh an chloch fhuar dó. Chaithfeá a ghabhail agus an chloch fhuar seo a chuartú -cineál de chloch ghorm a bhí inntí, agus rud eile a dheánfadh na daoine an lá sin chuartochad siad rud a dtabharad siad an chloch mhéinn air.. Bhail chuartochad siad an chloch mhéinn, agus tá an chloch mhéinn ar rud comh maith agus a thig leatsa a fháil má tá duine ar bith ag cur fola ach go gcaithfeá í fháil an lá sin .. an chloch mhéinn bhéarfá leat giota daoithe ón tSamhain sin agus bhéadh ins an teach agat - chuirfeá i dtaisgidh é agus is cuma caidé 'n geárradh a bhí ortsa, bhí siad ábalta a ráit na trí foclacha.. leis an chloch mhéinn seo - Naomh Seanáin agus Naomh Pádraig agus Naomh Caitríona.. 1835 7  .. agus nuair a leagfad siad sin ar a gheárradh a bhí ortsa, is cuma caidé 'n fhuil a bhí ann ná dhath ar bhith eile, bhí sé ábalta an fhuil a stopadh. Agus an chloch fhuar a raibh tú (fear béaloidis) a cainnt uirthí, bhí sin ar rud comh maith agus a bhí ann ariamh a stopadh fola fosta, agus sé'n áit a gcaithfeá-sa an chloch fhuar sin a rabh tusa a cainnt uirthí a chur síos ar chúl do mhuineáil agus í leagaint ar a chraiceann agus is cuma caidé 'n pháirt in do chorp a mbéadh fuil a teacht as bhí sin ábalta é stopadh fosta. 1835 8.  4.Cloch mheile, (leac chloiche ar a mbuailtí an mhin..meilthe?), Ba ghrách leo min a chruinniu.. bhí cloch mhór ann a rabh cloch mheile uirthi. Leac mhór a bhí innti seo agus bhí rud deánta acu a dtabharad siad an cabán air. Bhí luaidhe ar a chúl seo.. agus bhí sé 'na ádhmad agud chuiread siad an coirce ar seo, agus bhéad siad a buaileadh ar a choirce seo go dtí go ndeánad siad comh leathán  é. ..bhí rideall deánta acu.. 1835 322. 

*clochar, Rian sean-fhoirgnimh chlochach?, Dá mbeitheá ag tógáil cloch i gclochair nó rud a' bith agus thú sílsteán nach rabh sé ceart deánta nó go rabh sé uasal.. 311 17

*clochán, Cabhas, trasna na h-abhna an áit a dtáinic sí trasna ar an chlochán. 1184 539. 

*clochrán, "Duine fágtha atá tugtha do'n chlúdaigh agus do'n leabaidh". 1184 117.

*clogadán, "Blockhead".

 

*cloigeann, 1. Ceann, plaosc (ón muineál suas), tá an oiread seo spící iarainn thart ar an bhalla gus níl spíce ar bith acú sin nach bhfuil cloigeann fir air. 1538 7.  2. Ceann(amháin), duine, rud, Bhí a'n (*aon) chloigeann déag páisdí ag an bháinrioghain.. 1184 414.  tá a'n chloigeann déag de a'n teaglach amháin agam.. 1184 420.  bhí dhá chloiginn déag dhe theaglach acú. 1185 79.  cúig cloigne déag.. 1185 179.  trí cloigne déag a freastal oirthí.. 472 110.  Tá naoi nó deich a chlaigne báidhte ann agus bhí sí 'sa tairngireacht go rabh dhá chlaigeann déug báitheadh ann. 311 162. 

*cloigneachán, "Duine dall-inntinneach, blockhead - Gort a' Choirce". 1184 117. 

*cloíteacht, 1. Lagachar, fanntais, Sé mo mhór bharamhail gur ghlach sé cineál ínteacht claoidhteacht ar an chruc agus go bhfuil sé marbh.. 1185 266.  bhuail claoidhteacht í agus thuit sí isteach i ndroch-sláinte.. 1343 250.  2. Lagmhisneach, A óganaigh thapaidh ó na bíodh ort claoidhteacht / Ná cuireadh na daoine choidhche buaidhreadh ort.. 310 341. 

*clósáilte, 1. Dlúth, Ní bhfuightheá fríd eadar dhá chrann bhí siad comh clósáilte sin. 1185 519.  2. Clósáilte ag, do (in aice le), Thug sé síos an sáspán agus d'fhág sí 'na shuidhe thíos clósáilte ag bun a' dorais é. 1185 468.  tá sin thuas íontach clósáilte do Berwick on Tweed. 1791 421.

*closóid, Clóiséad, Fuaidh sé isteach i gclosóid bhead abhí i gcoirneál aici a rabh éudach cróchta anuas taobh 'muigh do fa choinne gan a'n duine a feiceál. 311 77.

*cluain, 1. Focail grá, plámás, Ar leabaidh gan suan go sinfinn léithe suas / Nó go gcuirinn-se mo chluan i gcéill daoithe. 472 491.  2. Sfh:, Tiocfaidh milleadh ar chluain an Gheimhridh 1184 13.  (millfear toradh an Gheimhridh bhoig faoi shíonta an Earraigh, cf. Is ionann fás Geimhridh agus fás na h-úire; imeartas focal idir cluain/meadow agus cluain/deception?)

*cluanaire, "A flatterer, a deceiver, a hypocrite". 1184 117.

*cluasán, "Duine gan inntleacht, a stupid person". 1184 117.

*cluasóg, Giota beag éadaigh a bhainfí ó phíosa eile, gheárr mé giota amach as córneál a froc - cluasóg bheag agus chuir mé in mo phóca í. 1184 367. 

 

*clúdach, 1. Clúid, taobh na tine den seomra, Chuaidh sé suas díreach 'na clúdach agus shuidh sé ag cionn an tábla.. 1184 556.  bhí sean-chailleach 'na suidhe thuas ins a chlúdaigh 1184 560.  bhí seanduine beag.. 'na shuidhe 'sa chlúdaigh sa cró seo. 1185 237.  shín sé an maide briste siar faoi leabaidh na clúdaigh go gcuiread sí cupla fód eile uirthí.. 1170 397.  2. Ceann an tí?, nuair abhí na ba ceanglaiste 'sna clúdachaí ag achan duine fa'n áit seo.. 311 280.

*cluiche, 1. Sa chluiche.. (sa chaoi..), Sa chluiche agus nach n-eireochad sí, "so as that she would not rise." 420 222.  2. I gcluiche báis, (i riocht an bháis), "in a state of death" 420 242.  3.Cuireann an cluiche air, (faigheann an lámhuachtair air), Sionnach, "Duine glic ealadhanta nár bhfurast an cluiche a chur air." 1184 167. 

*cluicheartán, (?), Cluifeartán fir. 420 214.

*cluimhreach, Clúmh, cleití, cluimhreach cearca fraoich.. 1184 462.  an éanlaithe a mbíodh cluimhreach deas smúdáilte orthú.. 1185 654.  comh dubh leis an chluimhreach abhí ar an lonndubh. 472 513.  Bhí tú do chodladh aréir.. i leabaidh chluimhrigh.. 1791 391.  Tá sé ag cur ín ina chuid chluimhrigh, ".. ag cur rud ínteacht i leathtaoibh fá choinne na coise tinne." 1184 21. 

*clupais, Clupaois , "Duine a chaitheas a chuid éadaigh go h-anasta". 1184 119.

*cnag, Alp adhmaid, Bhí crag ar bhata an draoighean dubh sin, agus bhí sé níos caoile thíos in a' bhun.. 1791 237.  Ba ghrách leo dhá chrag - tá fhios agat na cragannaí sin a bhíodh ar na h-eangachaí..(snámháin adhmaid is dócha a choimeádadh na h-eangacha in uachtar?). Chuiread siad bata isteach.. ins na poill abhí ins na cragannaí agus sin na maidí a bhí acu fá choinne bhuaileadh na gcraiceann. 1835 167. 

*cnagadán,*cragadán, Cragadán, "Duine beag cruaidh miotalach nach luigheann an aois air". 1184 119.

*cnagán, 1. Cnag, buille, Bhuail sé cragán ar a' doras.. 1185 572.  Bhuail sé cragán ar an mhadadh a bhí i gcionn a toighe.. 1578 66.  Chuaidh sé go doras thoigh an t-sagairt agus bhuail sé cragán air. 1170 197.  2. Alp ar cheann bhata, thoisigh sé·air le cragán a' bhata seo agus bhain sé an chlaidheamh de.  3. A. bh, bualadh, a bheith siúráilte agus í chragán leis a' bhall.. 311 54. 

*cnagann:*cragann, 1. Buaileann, .. camán a fhagháil agus duine ar bith ar rachadh isteach ná amach a chragadh. 1184 457.  chrag fear a' chuirp fear aca agus leag sé é..472 401.  an reithe a ba mhó a chonnaic sé ariamh agus é ag cragú a chinn in aghaidhe na binne. 1578 65.  beireann sé orthu agus cragann sé ar an urlár iad.. 1578 66.  Chaith seisean a' báll agus a' maide briste agus chrag sé í agus thuit sí.. 311 54.  caith na h-úbhlaí.. agus crág