An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

Cnuasach Conallach

A Computerized Dictionary of Donegal Irish

a b c d e f g h i j l m n o p r s t u v

 D

 Chun ceannfhocal ar leith a chuardach téigh isteach ar "Edit" agus "Find" agus chur réiltín roimh an fhocail e.g. *ábhar etc. 

foinse

 

*dá, 1. An dá lá, (gach lá), go gcaithfead sé fanacht aige san fá'n chaisleán an dá lá a bhéad sé beo.. 1184 288. . 2. A' dá luathas a chaith sé amach é, "as soon as she threw it out". 420 266.

*dab, Piocadh, ropadh, bhuail an coileach dab ar an chirc.472 520.

*dadaí, *dadamh, Ní dadaí rinn sé ach.. (cad a rinne sé ach..), Ní dadaidh rinn sé ach é mharbhú, "What did he do but kill him". 420 217.  "Dadamh" in áit "dadaidh". 420 267.

*dáil, 1. Tionól roimh phósadh, Bhí siad a brath dáil a chaitheadh agus chuaidh cuiridheacha amach.. 1538 15.  Tá a nighean le pósadh amárach.. agus tá cuireadh ag a bhfuil ar an dúithche uilig go dtí an dáil. 1538 96.  Leag siad oidhche amach fá choinne dála, agus lá pósta. 1538 99.  2. Idir dáil agus bainis, (an fleá a chaitear roimh an pósadh), Ar mhothaigh tú iomrá ariamh ar idir dáil agus banais? Chruinneochad siad uilig ..go dtí an teach.. agus d'ólthái rith na hoíche.. d'ólthaí an t-uisce beatha.. Dhá lá ná trí lá 'n dhiaidh sin bhéadh an bhanais ann.. 1835 298.

*dailc, Cnap, lab, .. cosamhail le dailc airgid a gheobhadh duine gan saothrú a dtabharfad sé drochbhail air..1184 15.

*dailtín, "Fear óg dána gan tuiteamas gan mhúnadh (uallach fosta i gCloichcheannfaola)." 1184 123.

*dair, go dtarad siad ar chrann darach.. 1185 393.  sugh na darach.. 1185 394.

*dalba, Dána, teasaí, ní rabh siad dána na conafach ná dolba  cosúil leis na daoine atá ag gabháil thart anois.. 1791 25.

*dall, 1. Dall margaidh, (amadán), Is tú an dall margaidh ceart. .."an duine nach bhfuil fios do ghroithe agat. " 1184 45.  2. Duine gan radharc, Sfh:, Is minic a mharbh dall geárrfhiadh. "Is minic a d'éirigh le duine gan mhaith rud ínteacht a dheánamh nach gcuirfidhe a choidhche fá n-a chosa go n-éireochadh leis a leithéid a dheánamh." 1184 54.  3. Dall na mullóg, (dallamullóg), .. mur rachadh aige dall na mullóg a chur arís air ar dhóigh ínteacht.. 1578 55.

*dallann, *dallaidh, 1. Dallann an doras, (seasann sa doras), Ar an bhomaite bheag ar dhall sé an doras thóg an fáthach a bholadh. 1538 132.  2. Cuireann cluain ar, Sfh:, Dallaidh na cárdaí fear a ndeánta, "..ní thig leis an t-é is mó eolas an rud ceart a dheánamh i dtólamh." 1184 64. 

*dalldramán, dolldramán, "Dolldramán, "duine nach bhfuil dadaidh le rádh aige; fear dúrúnta gan inntleacht". 1184 123.

*dallintinneach, Mallintinneach, dúraigneach, "Duine dall-inntinneach, blockhead - Gort a' Choirce". 1184 117. 

*dallóg, 1. Ceirt, púicín ar na súile, chuir sí dallóg uirthí.. fá choinne gan í bheith ábalta deánamh amach an áit a rabh sí. 1791 188.  2. Dallógaí, (dallamullóg), dubhairt siad.. gur cheart deánamh ar shiubhal léithe, nó nach rabh sí ach ag cur dallógaí air.. 1170 177. 

*dálach,Déardaoin dálach, (..na Dála i.e. an cruinniú, féasta roimh an phósta), Cailín a bhithear a phósadh Dia Luain, agus ní rabh sí sasta de'n lá. Seo mar dubhairt sé é: An Luan cingéiseach , an Mháirt Scathrannach, an Cheadaoine Choimseach, Diardaoin Dálach, agus fanfaimid go dtí amarach - Dia hAoine. (Sean-chaint). 1184 22. 

*dalba, Teasaí, dána, "Cailín stubrúnta dána dolba." 1184 109.

*dálta, 1. Cosúlacht, Chonnaic mé daoine a caitheamh isteach aibhleogaí i gcuibhreann préataí. Tá dálta Oíche Fhéil Eoin ar sin. 1835 404.  2. Dálta mar.. (faoi mar), Dálta mar gnidh siad uilig. 420 227. 

*dáltach, Geallta, luaite, bhí inghean Bhriain Bórtha bhí sé dálta le pósadh.. 310 292.  bi buachaill uair amháin agus bhí sé dáltach ar bhean agus bhí sé le posadh oirtí. 310 294.  mac an choitéire agus é dáltach le nighean a' rí.. 418 46.

*dam, Lochán uisce, Bhí dam ag achan nduine agus chuiread siad 'sa dam é (lín ar maos). 1185 192.  tá fhios agam-sa.. cá bhfuil an dam a mbíonn lacháin an choibleára..1185 538.  Bhí siad (lachain) annsin ceart go léor i gcroidhe an dam. 1185 538. 

*damhsa, Damhsa gan píoba, Fil:, Aidmhighim dón t-saoghal é go mbainfead / Damhsa gan píoba le caola bhata díreach / Amach as do thaobh a chailín. 472 430. (.. tabharfaidh mé buaileadh maith duit!)

*damhsálann, Déanann damhsa, A'n uair amháin ar thoisigh seisean ar an damhsa chá dtiocfadh leis stad agus dhamhsáil sé leis.. 1185 342.

*damhsóir, Rinceoir, Bhí buachaill de na Seibhleáin, agus bhí sé 'na dhaimhseóir mhaith.. 310 319. 

*damnú, 1. Damnú ort! (eascaine), Ó damnú ort!.. tá mo mhathair mhór bhocht marbh agat 1184 559.  2.Damnú gur.. (go deimhin gur..), bhí Seán seo 'na bhuachaill bhréagh, agus damnadh gur ghlac sé taitneamh dó Sheán.. 472 23.

*dánacht, Sfh: An t-é a chailleas a náire, méaduigheann a dhánacht. 1184 25.

*daol, "Diabhal de dhuine righin". 1184 123.

*daor, Is daor a cheannaíonn sé é.. (is ábhar mór aiféala aige é), cá bith áit a rachaidh tú a choidhche bí cinnte agus bí i leith na mban ná mur rabh b'fhéidir gur daor a cheannochtha é. 1184 372.  Ó is daor a cheannuigh mise sibh!.. Is truagh a thug cead daoibh é a fhágáil faoi bhallaí mo thoighe ar chor ar bhith. 1170 414.  Chuaidh sé ar a' dhaoraidhe fríd a teach.. 418 53. 

*daoraí, Ar an daoraí, (le mire), .. na ba ag gabhail ar an daoraidhe 'sa bhóitheach. 1185 375.  Nuair a chualaidh an mhuinntir a bhí astoigh seo chuaidh siad ar an daoraidhe ..agus bhuail siad agus is beag nár mharbh siad é. 1185 414.  Bhí sé a deánamh amach annsin go mbéadh a mháthair ar a daoraidhe leis nuair nach mbéadh gé ar bith aca.. 310 334.  fir in áirde ina mhullach agus an tinidh ag gabháil ar a' daoraidh.. 1791 336.  bhí an ghaoth ag gabháil ar a daoraidh.. 1835 194.  a'n uair amháin a dtoiseochadh an tormán bhéadh cuid acu sin (capaill) ag gabháil ar a daoraí. 1835 251.  bhí tinidh an fhir thiar ag gabháil ar a' daoraidh.. 1835 437.

*daorthach, Daorthach air, (anuas air, cáinteach air), ..Ná bidh siubhalach go toigh an óil / Is na bidh daorach ar a' deoch. 1184 63. 

*darna, 1. An darna .., (..eile), Tá cúig ná sé tháilliúraí annseo agus ar dhóigh tá siad gnoitheach go leór agus ar dhóigh eile níl oiread le deánamh agus go bhfuil mise ábalta an darna fear a dhíol. 1184 516. Nó'n darna dhath, "nor any other thing." 420 217.  2. An darna uair, fheacht, (an chéad uair eile), An darna h-uair nuair a bhéas gamhain ag an bhó seo, béidh sí comh maith le aon bhó .. ach tá a cuid bainne ag duine ínteacht ins an am i láthair. 1184 547.  An darna heat nuair a bhí gamhain ag an bhó rinn sí maistriú.. 1184 547.  3,An darna fear a ba neise, (an duine ar chéim amháin níos ísle), chuaidh an darna fear a ba neise don chaiftín ar a' stiúir.. 1791 498.  4. Darna achan.., (gach re..) Bhíodh bonn-bhualadh orainn darna achan lá agus sin an áit a mbíodh an phian.. 1185 384.  (i.e. ..go mion minic), Shuidhe mo mháthair agus fear as Fánaid ag innse darna achan scéal go maidin. 311 41.  5. An darna baile, (an baile thar teorainn, an chéad baile eile), thúsaigh an t-seinm .. agus shílfeá gur cheart duit á chluinstin ar an darna baile. 1185 433.  (i.e. bhí an ceol chomh hard sin).

*dartán, Smut móna, caorán, Chualaidh mé iomrádh ar áiteacha mbíod siar a caitheamh dartán.. áiteacha a raibh fairí agus ar geárradh daoiní ins an aghaidh ag caitheamh dartán. 1185 179.  Bhí an mhuinntir bheaga astoigh aige 'san oidhche agus ..líonfad siad an teach lán dartán air.. a'n uair a rachadh an bhean síos an t-urlár 'san oidhche nach mbíod sí i gconntabhairt a marbhtha leis na fóide. 1185 363. 

*dáta, 1. Achar, tréimhse, am, chá rabh sé dáta ar bith ann gur chaill sé an méid airgid a bhí leis.. 1184 396.  an fear a bhí ag iompar an mhála sin chá rabh sé dáta ar bith go rabh an t-uisce ag gabhail isteach ar a dhruim. 1185 207.  Rith dáta ar an Mhaoil Ruaidh go dtí go rabh sé trí scór bliadhain nó b'fhéidir níos mó. 472 49.  Bhí fear ag gabhail thart.. tá dáta maith fada bhliadhanta ó shoin.. 1170 1170.  2. I gcionn achan dáta, (ó am go chéile), i gcioinn achan dáta thigead sé agus chaithead sé cupla oidhche aca abus bhaineadh an seanduin an fhéasóg dé. 472 559. 

*dath, A dhath, 1. (faic, dada), níl a dhath airgid agam le tabhairt duit. 1184 455.  dubhairt sé leobhtha go rabh súil aige nach mbéad siad a dhath níos measa ná a ngeallstan. 1184 480.  Char iarr mise ar bhuachaill a dhath a dheánamh go ndeánad sé a scríste.. 1184 498.  Nuair nach mbíonn a dhath do do bhac, "when there is nothing preventing you". 420 217.  2. Ar chor ar bith, ..nach bhfanochad sé ar an Chraosloch a dhath ach.. 1185 138.  3. Rud, deifir ar bith (eile), bhearfad sé (caoineadh mná sí) in do chionn go díreach an seórt grágaoil a gnidheas an íosagan san oidhche, ach má tá a dhath ann go bhfuil sé níos truaghcanta. 1185 51.  Nó'n darna dhath, "nor any other thing." 420 217.  4. A dhath ach a scríste.. 1184 498.  Nuair nach mbíonn a dhath do do bhac, "when there is nothing preventing you". 420 217. 5. Dath an cheo, (míogarnach codlata), Tá dath a' cheo a' teacht ar Mhicheál, tá codladh a' teacht ar 1184 26. 

*de, De na, (de threibh..(sloinneadh)), Bhí fear de an Brogáin annseo.. 1185 133.  an chéad fhastodh eile a rinn mé ba le fear de na Camalaí a rinn mé é. 1185 123.  fear de na Crosáin as Gleann t-Súilighe. 1185 497.

*deabhadh, Deabhadh lainne, (troid le claimhte), chuaidh an beirt i ndeabhaidh lainne le chéile.. 1184 466.

*dea-lámhach, (Go maith chun obair láimhe), Bhí na mrá déagh-lámhach.. 1185 325.

*dealbh, Cuma, riocht, D'imthigh an rí 'na bhaile agus é ins a' deilbh a rabh sé ann.. 472 480.

*dealgán, 1. Biorán cniotála, .. agus cuid den tsnáth seo aici agus bhuail sí leis na dealgáin é.. 1791 465.  2. Gealacán? .. an bhlaosc a chathú den uibh agus gan a buidheagán ná an dealagán  a bhriseadh. 1538 82. 

*dealgnach, Sceach, draighean?, Tá blathannaí ann agus tá siad mí-shona.. Sin an dealgnach.. má bhuaileann tusa ceann eallaigh leis an dealgnach go rachaidh sí a mhún fola, agus má bhuaileann tú tachrán leis go dtiocfaidh ionglaid amach ar a chraiceann..1835 159. 

*dealramh, Loinnir, solas, d'éirigh an deallramh ar pholl ha h-eochracha fríd a' teach.. 472 115.  thoisigh an deallramh a theacht isteach.. agus goidé bhí ann ach deallramh ó bhréaghaichte Mhary Anne. 472 145. 

*deamhan, dheamhan, 1.(Maolú an "diabhal" q.v. Mar threisiú ar abairt diúltach chun ráiteas deimhnitheach a dhéanamh)', Dheamhan a bhfad go dtáinic an trup.. 1184 478.  Dheamhan (eile) a deárn sé ach ceann de na slisneacha a thabhairt leis.. 1185 23.  deamhan greim de nár chuir teinidh ins na h-éadaigh leabtha. 1185 23.  Dheamhan greim de fhear an stópa nár bhuail cic ar chionn de na bálannaí.. 1185 307.  Deamhan i bhfad go dtáinic siad innseair chaisleán. 1185 559.  Dheamhan a bhfaca mise de na gamhna a chor a' bith.. 472 44.  dheamhan a miste duit féadaidh tú a bhéith buidheach daobhtha. 1170 401.  dheamhan ar mhiste duit rud ar bith a rotharú, ná tú héin siúl air (loch reoite) ná gluaisteán ná rud ar bith a chur treasna ar sin, chá rabh sé ag gabháil a bhaint stangadh amach as. 1791 102. 

*deamhanfas?, Fíoch, feargacht, Labhair sé le deónfas labhair sé go feargach." 420 213.

*deán, Cainéal mara (le linn lagtrá), bheiread sé iarraidh anall ar a' deán a thabhairt leis a chuid eórna.. 472 303.  shiubhailfeá an déan  bhéadh mála leitheann leat.. de leitheannaí ballannaí dearga agus ballanaí dubha.. 472 415.  .. de bhárr an rása fríd an deán. 472 415.  Siubhailfidh tú an deán anois le péire bróg íseala gus chá bhfluichann tú iad, agus ní a'n leith le fághail.. 472 415.  bhí sea mór uisce ann - dán  mór uisce.. D'imthigh sí síos ins an uisce agus thainic sí aníos agus bradán in achan láimh léihi. 311 361.  Nuair a bhí sé a' teach trasna ag an deán seo thíos, agus é a baint de a bhróga.. 1538 90. 

*deánamh, 1. Dealramh, cosúlacht, Chuaidh a' cailín isteach (thar chlaí) ach ní rabh deánamh ar bith uirthí go dtiocfadh sí amach. 1184 309.  Bhí siad a' bánú an chruic agus chá rabh deánamh orthú go bhfágfad siad ceann beo. 1185 25.  Nuair a bhí déanamh ar an reithe go muirbhfead sé Eoin.. 1578 66.  bhí sé fhéin agus é fhéin cosamhail le chéile i dtrathaibh  méid agus deánadh, agus smigín beag féasoige ar achan nduine acú. 1170 5.  2.Deánamh súl, (radharc iontach), Ba mhór a' deánamh súl an t-amharc a bhí ar na Cruacha nuair a thuit an t-eiteallán.. Amharc a bhí ann nach ndeánfadh na súile dearmad de i dtoibinneacht. 1184 74.

*déanann, 1, Ceapann, samhlaíonn, tagann ar thuairim, bhí mé a' deánamh go rabh liom annsin. 1184 418.  Bhí mé a' deánamh air.. nach fear maith a bhí 'san fhear sin.. 1184 564.  bhí mé á deánamh go dtabharfdh an fear a bhí ós mo chionn an sac domh.. 1185 141.  .. bhíod sé i gcomhnuidh a deánamh go mbuailfeadh a chuileat na méir. 1185 183. tá mé a deánamh go bhfuil a' bás ort. 472 245.  Bhuail eagla é go mbfhéidir go mbeifí a déanamh gurbh é héin a ba chionntaigh le bás na mrá. 1578 56.  2. Itheann, nuair nach raibh sé ábalta a chuid a dheánamh. 1185 13.  bhí'n scioball mór glan amach sciobtha scuabtha go dtiocfadh leis an rí a dhinneár a dhéanamh amach ón urlár.. 472 191. nuair a bhí shuipeár deánta aige.. 472 352.  .. go rabh a chuid déanta aige.. 472 372.  d'iarr sé ar ó Dómhnaill a chuid a dhéanamh. 310 264.  bhí'n chuid a b'fheárr d'achan rud..fa choinne Jack annsin lena dhinneár a dheánú.. 311 370.  3. Aithrisíonn, deir, Beath capaill a' bith a deánfaidhe dó é (laoi phiseogach),, bhuinfead sé'n rása. 311 83.  Bhí sé ag aunt damh agus ag m'athair mór.. Thigeadh siad ionns'orthu le é dheánú, nuair a bheádh daoine ag gul 'un dlighe nó rud ar bith. 311 83.  tá an t-airgead cathuigheach agus leis an fhírinne a dheánamh sé is gainne . 1185 532.  Bhuail siad boc thall agus boc i bhfos ar an ghasúr a deánamh nach rabh maith do'n ghasúr ann. 472 127.  (Rinne siad gach iarracht a rá nach..) 4.Déanann amach as, (cúigleálann as trí chalaois), nár chuir tusa cunntas ar bith chugam fán airgead sin a deárn tú mé amach as.. 1185 444.  5. Níl a dhath le déanamh le.. (níl baint ar bith le..)Creidim gur shíl tusa gur b'é Rí na Gréige d'athair ach níl a dhath aige le deánamh libh. 1184 455.  shíl tú gur deirbhshiúr duit an cailín.. ach níl a dhath agat le deánamh léithe.. 1184 455.  6. Déanann port, tír, (sroicheann port, tagann i dtír), cé rinn purt i mBun an Inbhear.. ach Feidhlimidh.. 472 405.  níor stad sé go dtí go dteárn sé port astoigh i dToraigh.. 472 405.  .. nach bhfuighead siad cead tír a dheánamh i dToraigh. 472 463.  7. Déanann ar a shon féin, (féachann i ndiaidh a leas féin),d'iarr sé ar na fir uilig a bheith a deánamh réidh agus deánamh ar a son fhéin nó go rabh siad ag 'ul a bheith caillte. 472 457.  10. Ag déanamh amach, (ag ligint air), chuir siad mála leis a déanamh amach go rabh sé a cruinniughadh chodach.. 310 313.  11. Ag déanamh 'na bhaile, "going home". 420 243. 

*déanfasach, Teann, ceanndána, míchuíosach, Sgroglachán, "Duine a bhfuil mhuineál mór fada air, agus atá deánfasach go maith ina chuid dóigheannaí." 1184 165.  Stangaire, "Duine deánfasach a chaithfeas a dhóigh fhéin a fhágháil". 1184 177. 

*deannach, Dusta, Chan a gabhail a dheánamh brachain as an fhuighleach sin.. Ar ndóiche níl annsin ach deannach agus char mhór liom é bheith lán fíonóg. 1170 396.

*déanta, 1. (Tar éis ain.), Cruthanta, Tá James.. 'na rógaire deánta go fóill.. 311 281.  2. (Tar éis aid. Treisiú:), bhí siad uilig a pósadh rompú fríobhtha fhéin agus creidim nach rabh sin maith deánta. 1185 204.  bhí siad a déanamh rudaí eile nach rabh maith nó Críostúil déanta. 1579 205.  Dá mbeitheá ag tógáil cloch i gclochair nó rud a' bith agus thú sílsteán nach rabh sé ceart deánta nó go rabh sé uasal.. 311 17  d'iarr sé orthú buideál do'n uisce a thógáilt.. Shíl siadsan nach mbéad sé ceart deánta.. 311 157.  ..go rabh sin íontach éagchórach deánta.. 1791 388.  bhí sé íontach síorraí éagchorach deánta ag aithreachaí agus ag maithreachaí... 1835 299.  níl mé a rá go rabh sé ceart deánta acu.. 1835 360.

*dearg, 1. Ubhlaí mór apaidh a rabh taobh amháin daofa comh dearg le rósa, agus an taobh eile comh geal le sneachta. 1343 250.  2. (Mar threisiú), (a), Fíochmhar, Beáthadhach fiadhanta a bhí annsin.. agus achan bhúirthe dearg aige. 472 272.  (b), Práinneach, D'Éirigh sé amach annsin fríd na comhursanaigh agus a' gháir dhearg leis go rabh a athair indhiaidh bás a fhágháil. 1170 9. 

*dearglach, Deirge sa spéir, ..má tá dearglach ann agus Lá Beáltaine ar an Aoine deir siad nach mbíonn an Samhradh comh maith.... beáthach ar bith a thiocfadh ar a' tsaol Dé hAoine - Lá Beáltaine - nach rabh sé sona.. an tachrán.. go rabh rud éigin ínteacht fá dtaobh de.. 1835 141.  Má tchí tusa an dearglach ins a' spéir maidin chiúin Feabhra, má théid an dearglach suas in a spéir.. thiocfadh leat lá an-mhaith a fháil.. 1835 221.

*deargóg, Cineál pollóige, fgb, Ní theárn sé a dhath ariamh ach ag iasgaireacht ballán agus deargógaí.. 472 390.  Bhí sé fá choinne tráth ballán ná deargóg a bheith marbh aige.. 1791 149.  lán na mbád de achan chineál éisc leo: troisc agus langaí agus deargógaí agus glasáin.. 1835 281. 

*dearnait, Dreancaid, Béidh na deárnadaí a baint greimeannaí asat go maidin. 1184 426.  Bidh nuaidheacht ins na h-athruigheacha mur bhfághtha ach dearnad 'sa bhrachán! 1184 66.

*deas, neas, 1.Cóngarach, rachad sé amach a dh'obair ag an fármer a ba ndeise dó.. 1184 494.  chá dtiocfad sé a dhath níos ndeise 'bhaile.. 1185 142.  níl fhios agum ceocú is neise do'n talamh íochtair nó do'n talamh uachtair mé.. nach bhfuil fhios agat go bhfuil tú i lár báire? 472 322.  go rabh siad a tarraingt comh neas do'n t-solas nach rabh teicheadh.. 472 457.  má tá an fáinne sin ró dheas daoithe tá aimsir mhaith air ach má tá sé giota maith uaiche tá aimsir olc air. 1791 117.  2. (a), I neas dó, (ina aice), Chonnaic sé an bád.. agus nuair a tháinic sí isteach ndeas dó d'fhiafruigh.. 1184 400.  chonnaic siad solus beag i bhfad uafa agus ar dhóigh i ndeas dófa.. 311 59.  (b), (beagnach, geall leis), chuaidh sé a' troid leis agus mharbh sé'n madadh allta ach má mharbhuigh fhéin, bhí a ghraith' ag Diarmuid bocht fosta nói ndeas do.. 311 325.  3. Gairid (i ngaol, i gceanúlacht, igcéim etc.), Níl fhios agam ceocú is neise dó m'athair nó do mo mháthair mé.. nach bhfuil fhios agat gur neis dó do mháthair thú. 472 321.  bhí an caiftín ceangailte acu astoigh thíos san áit a rabh an t-earbhal, agus chuaidh an darna fear a ba neise don chaiftín ar a' stiúir.. 1791 498.  4. Níos deise abhaile, "at a later date". 420 235. 

*deasach, Tugtha don lámh dheas a úsáid, cha dtiocfadh le duine ar bith a bhí ag iompar an cliabh a chur ar a ghualainn deas. Duine ar bith a bhí deasach cha rabh sé ábalta a theacht aníos ann. 1791 331.

*déideadh, Tinneas fiacal, .. na fiacla a tharraingt as an t-é a mbéadh déideadh air.. 1185 362.

*deifre, Deifir, dithneas, Shf:, Mhalluigh Dia an deifre agus tá an diabhal ar fad ar an triall fhada. 1184 62, ba cheart ama ghlacadh agus aistir fada a sheachaint? Sodaire, "Duine a bhfuil deifre air i dtólamh i gcionn rud ar bith dá rachaidh sé a dheánamh, agus é a bog-rathaidh i n-áit ar bith a mbéadh sé ag gabhail." 1184 171. 

*deilín, 1. Rann, aithriseoireacht, Thóg sí an t-slaitín ós cionn chórtha na mine agus thosuigh sí ar dheilín nár thuig Peigí.. 1170 399.  "Clann Thaidhg Ghiobaigh na nGreasán Ban.. " Bhí sé ag gabhail do'n deilín sin go dtí go rabh sé thuas ag an teach.. 1538 54.  2. Deilín (na mbacach), ("beggar's litany" fgb), Fil:, Agus bhéad go fíor bhuan ar a bpaidir / Ní deilín na mbacach a bhéadh léo theacht na h-oidhche... 472 432.  An rabh deilín ar bith acu a déarfad siad ag an doras? 1791 39.

*déin, Fá dhéin, (le haghaidh ábhair, i gcóir), Ba ghráthach leis i gcomhnuidhe báinín tíre a fhágháil deánta fá dhéin culaith éadaigh. 1185 476. 

*deir, 1. A rá go.., toisc go.. Ghlac sé an-fhearg annsin, a rádh go n-eíreochadh an fear seo amach.. 1185 474.  2. Mar deir siad féin le.. (mar thabharfaidís féin mar aimn air..), tachrán a bhéas a fáil a' bhrollaigh óna mháthair - mar deir siad héin le bainne cíoch.. 1791 323.  thiocfadh cuid mhór éanacha coimhíocha isteach an t-am sin fá thír mar deir siad héin leis na duibheáin .. 1835 134. 

*déirce, 1. Gníomh carthannachta, d'fhág an déirce a rinn sé am maith ag na gabhannaí eile ariamh ó shoin. 1185 354,  2. Almsa a thugtar, dá mbéadh duine ag gabháil thart a cruinniú le mála ná aon dhath eile ba ghrách le leo déirce maith a chur isteach ins a' mála dó.. ná déirce mine a thabhairt dó ná déirce plúir.. 1835 400. 

*deireadh, 1,Tagann deireadh in chuimhne, cailleann (cumas)cuimhne, Tháinic deireadh in mo chuimhne.. 1185 544.  2. Scoth, barr buaic, Bruithte na fuar í ba dh-í deireadh 'ach léighis ar an at í 1185 397.  3. Fá dheireadh, (gach rud, duine, go dtí an deireadh) bhruith agus dhóigh an drithleóg an fear fá dheireadh acú. 1185 242.  4 ... deireadh, (gach rud etc.(go dtí an deireadh), chuaidh sise amach agus an teinidh léithe agus dóigh deireadh. 427 152.  bhí Mary Anne amuigh.. agus deireadh dóighte aicí.. 472 152.  Chuaidh Diarmuid agus Mac Uí Liam síos agus mharbh siad deireadh.. 310 26.  fágannsiad mias bhrúightín amuigh ag an bhinn, spiunógaí agus deireadh fa choinne na daoiní beaga Oíche Shamhna. 311 18.  Droch-rud abhí innte; mharbhochad sí deireadh. 311 145.  Dhruideadh siad na dorsa.. agus bhí geafta bréagh.. agus nuar a thigead siad amach .. bhíodh deireadh foscailte. 1170 24.  5. Cuireann deireadh le, (maraíonn), bhí siad i dtólamh ag iarraidh deireadh a chur léithe ach chá gcuirfead seisean deireadh léithe. 1170 177. 

*deireannach, Mo chreach dheireannach, (mo chreach ghéar), Mo chreach dheirionnach nach bhfuil mé ann. 420 241.

*deis, Deis teanga, (bua cainte), Bhí deis a theangtha go maith leis, agus chaith sé a shaol thart ó dhoras go doras a díol éisc. 1578 48.

*deiseacht, Deise, breáthacht, chuir isteach deór i súil de chuid Mhary Anne, agus cé bith deiseacht a bhí ariamh ionnta bhé siad tí h-uaire níos deise anois. 472 156.

*deoch, D'ol siad na sé deocha déag! "Deoch a óltar indiaidh tórraimh - bunadh an chuirp, comhursanaí agus na daoiní a chuidegheas an churaidheacht.. a dheánamh. " 1184 49.

*deor, 1. Braon (anuas), sin an áit a rabh 'n deór orm.. agus bhí sí ag 'ul a chur caoi ar a teach.. 472 164.  ní rabh tuighe íontach maith .. ar an teach, agus bhí deór anuas ann. 1170 50.  2. Deora codlata (deoch suain), Bhí buideál beag uisce-beatha leis agus bhí a leath na dheóra-codlata.. 1184 334.  fá'n dóigh a dtug an diúlach na deóra codlata daoithe.. 1184 339.  chuaidh sé isteach ina siopa a bhí ann a bhí a' díol deóra codlata.. 1184 582.  thug a "bride" deóra-codlata dó'n ghroom agus thuit sé 'na chodladh. 472 94. 

*deoraí, "Duine uaigneach a béas ag imtheacht leis fhéin béal a chinn." 1184 123.

*dia, Bheadh Dia ag amharc air, (bhéadh sé 'na dhíol trua),bhí sé garbh go maith fosta, agus bhéadh Dia ag amharc ar an t-é a chuirfeadh corruigh air. 1170 196.

*diabhal, 1. (a), Mar threisiú roimh abairt dhiúltach:) diabhal dearcadh a rinn mé cá deachaidh na gamhna.. 472 43. (Ní dhearna mé iarracht ar bith a thabhairt faoi deara cá.. ) (b), Diabhal..(rud) nó ..(rud), is cinnte nach mbeidh sé (rud) i gceist, "..nach ndeánfaidh tú rún air?" " Dheánfaidh mur bpioctar asaim é agus má phioctar diabhal rún nó rún." 472 45.  ( c), Diabhal go.. (is cinnte go..), bhí sí leis ar a chúlaibh, Diabhal go bhfaca sí'n colm ar chúl a chinn. 311 412.  2. (Mar threisiú ar abairt dhiúltach chun ráiteas deimhnitheach a dhéanamh), Diabhal i bhfad go dtáinic bog-sheanduine aníos.. 472 40.  Diabhal a misde liom.. 472 114.  (is cuma liom). Diabhal a dteárn Seórsa ach a lámh a sháthadh síos.. 472 277.  3. (In eascaine:), "Do chroiceann 'n diabhal!" arsan maighistir, "goidé atá deánta agat.." 472 38.  "Droim a' diabhail faoi do thóin!" arsa cloigean an t-sean-bheathadhaigh.. 472 323.  4. Tugann an diabhal do, (tugann amach do, tugann íde béil do), tharrain sé ar theach an choiteara go dtug sé an diabhal dó. 1578 46.  5. Sfh: An ruda thig ar mhuin an diabhail imthigheann sé faoi n-a bholg.1184 15. ,ní bhíonn aon rath ar an rud nach bhfaightear macánta.

*diabhalta, 1. An-, dar liom go rabh sé diabhalta cosúil le bean na comhursan .. 1578 37.  déarfainn.. go bhfuil siúd diabhalta cosamhail le tafann chonairt Fhínn Mhic Chumhail. 1538 106.  2. Cleasach, toirmeascach, "Duine diabhalta atá tugtha do mhion-chreamhaireacht; páisde umlatach nach bhfuil maith bruithleadh nó bagar a chur air." 1184 119.  Maicín: "Peata gasúir. Gnidhthear úsáid de fosta a tagairt do ghasúr dhiabhalta dholbha". 1184 141. 

*diabhlaíocht, Bleagardaíocht, "Sladaidhe, "Duine a níos rudaí as bealach; duine a bhfuil mion-chreamhaireacht agus diabhlaidheacht ag cur as dó." 1184 167. 

diaidh, 1. I ndiaidh.. (in ainneoin..), Bhí an duine bocht sin comh soghantach  agus bhí sé a deánamh indiaidh fios a bheith aige gur leis iad go rabh sé ag gabháil a dheánamh oiread de pheacadh agus dá rachad sé a mhionnadh agus gan é bheith ceart.. 1791 182.  lig siad síos a dá rotha úra seo, agus nuair a buaileadh thíos iad indiaidh comh maith is bhí siad deánta bhí ceann dena rothaí smashálta ar maidin.. 1835 326.  2. Na dhiaidh ar.. (ag cur a mhilleán ar..), Tá'n dochar deánta anois agus níl maith domh a bheith 'na dhiaidh ar dhuine ar bith ach mé fhéin. 1170 401.  3. Ar shiúl i ndiaidh, (ag tóraíocht, ag cur dúil i), bhí sí ar shiúl indiaidh fir eile. 1791 483. 

*díblí, Ainnis, Donán, "duine díblidhe, a poor wretched person" 1184 125.

*dífháilte,Focal a dhéarfaí mar bheannú a mbeadh ciall fholaithe urchóideach taobh thiar de, nuair a thiocfad siad isteach i lár a' dorais - Fáilte agus dí-fháilte ins a' teach seo! - tá diofar mór idir an fháilte agus dí fháilte. Tá an fháilte ag cur fáilte iomlán ach níl an dí-fháilte á chur iomlán ná sé an míniú a bhí leis an dí-fháilte go rabh siad á chur ar dhóigh agus nach rabh ar dhóigh eile.. 1835 210. 

*díle, Ón Díle, (ón chianaimsir, an-sean ar fad), Sin sean-bhó ó'n Díle atá leat. 311 313.

*díleasán, Duine, diúlach; leannán, Comh luath géar agus tháinic bánughadh an lae bhí mo dhíleasán amuigh agus thall ag an leabaidh.. 472 474. 

*dímhúinte, Drochbhéasach, Scodaidhe, "Cailín beag dána dí-múinte ". 1184 161. 

dingire : geangaire, gingire

*díobháil, 1.Díth, go bhfághaidh muid bricfeasta maith - rud atá 'díoghbhailt orainn. 1184 379.  Caidé seo atá a dhíoghbhailt ort anois? 1184 403.  Ní bhéidh díoghbhail oibre ort.. 1184 498.  go raibh bean a dhíoghbhailt air go cruaidh.. 1185 14.  Chá rabh buachaill a dhíoghbhailt orm-sa ariamh comh cruaidh. 1185 227.  ní rabh sí a leigean díoghbhail ar bith bainne ortha fhéin nó ar na comhursanaí.. 1170 171.  Sfh: Is minic a chuidigh béal na h-uaigh le béal na díoghbhala, "is minic a chuidigh an bás le daoiní - dá mbéadh airgead ag a'n t-é a gheobhadh bás.." 1184 68. cf. leag. Muimh. "..le béalna trua". 2. Is díobháil.. (is trua..), is díoghbhail nár coimheaid mise mé fhéin.. le go dtáinic leat-sa sin a dheánamh. 472 57. 

diocán, Roinnt, fuaidh sé suas ar na crainn a tharraingt diocán ubhlaí.. 311 368.  Thainic mé aníos annseo le diocán ubhlaí a phiocú. 311 369.  smaoitigh siad ar dhiocán do phréataí fuar-bhruithte.. a thóirt do Jack.. 311 369.  d'iarr a' maighistir air a gul amach agus a bheith buaileadh diocán beag thart annsin.. 311 396.  thainic sé isteach ag amharc fa diocán mine.. 311 398.  bhí sé i gcró a'n oiche amháin agus bhí diocán eile fear ann. 311 570.

*díofasach Go díofasach go dóchasach, (ceart duthrachtach), ba mhaith leo Oíche Fhéil Bríde seo é dheánamh go díofasach go dóchasach agus thiocfadh leofa é dhéanamh agus bhéadh damhsa acu thart fán áit go d'ti go dtiochfadh uair a dó dhéag. 1835 216.

*díog, 1. Ag cur díog ar phréataí, "moulding". 420 269.  2. Níor bh'ionann an taobh de'n díg a rabh sé fhéin agus mise air."níor bh'ionann creideamh dúinn." 1184 26. 

*díogann, Draenálann, An fear is fhearr istuigh ar an óin, " an fear is fhearr dona fir atá 'na gcómhnuidhe ar a' talamh a díoctear leis an óin seo". 420 216. 

*díolachán, Pá, luach saothair, Ní bhfuair sé díolachán ar bith fhaid is a bhí sé ann, ach am ar bith a rabh briseadh ná airgead póca a dhíoghbhail air. 1538 35.  gur mhaith leis fáil amach caidé'n díolachán a bhí sé ag gabhail a fháil ar a shon. 1538 54. 

*díolaíocht, Íocaíocht, Bhail, dhe thairbhe díolaidheachta.. níl díolaidheacht ar bith le fághail agam-sa.. 1185 481.  chuirfinn a dh'obair thú agus bhéarfainn díolaidheacht mhaith duit.. 1538 481.

*díolann, Díolann amach as, díolann fiacha iomlán (le duine),caidé atá tú ag gabhail a dheánamh anois ná an bhfuil tú ag gabhail mo dhíol amach as? 1185 444.

*díasán, Sa díosán, (sa diabhal), Bréagach 'sa diasán thú! 1185 564.

*díobhóg, Clais, trinse (gearrtha ag tuile), nuair a chuaidh sé fhad le díobhóig mó atá ann, gheárr sé an díobhóg de léim.. 472 567.

*diomaite, Seachas, Bhí go leór eile ar an bhaile 'na gcomhnuidhe diomaithe díobhtha-san.. 472 225.  Pósadh lánamhain.. fad ó shoin mar pósadh go leór diomaite díobhtha. 472 540.  Creidim go bhfuil tú ag gabhail ar an triall a deachaidh go leór diomaite duit ann.. 1170 179.

*díomhaoin, Neamhphósta, Chuir nighean an fhir uasail ceist air an rabh sé díomhaoin rith an ama agus dubhairt sé go rabh nach deárn sé áthrach ar bith le linn a shiubhail. 1538 97.  ní rabh toil ar bith do'n fhear.. agus ó tharla go bhfuil tusa díomhaoin tá mé sásta á fhágáil agus tusa a ghlacadh mar chéile. 1538 97.

*díomhnas, Díomhaointeas, Páiste driúchta, "páisde díomhnais". 1184 94. 

*díon, 1. Ceilt, Ní thiocfadh liom dion  a dheánú leis na gáiridh. " I could not refrain from laughing". 420 211.  2. Ag cur dín, (ag deisiú, socrú), Tá sé ag cur dín ina chuid chluimhrigh, ".. ag cur rud ínteacht i leathtaoibh fá choinne na coise tinne." 1184 21.

dioscaire, "Teachtaire; duine a gníos mion-obair fá theach: uisce a thabhairt isteach, dinneár a nighe, a ghabhail 'un t-siopa.. " 1184 123.

dioscaireacht, Mion-obair tí, bhí seanbhean.. a dioscaireacht thart fá'n teach mar chaitheas mrá a dheánamh.. 1170 393.  chaith sé seal fada a dioscaireacht fá na bóithigh.. 1170 402.  nuair a fuair sé dioscaireacht bheag deánt aicí fá'n teach.. 1170 439.

*díreach, 1. Macánta, da doiligh an t-airgead a fháil, ach go rabh na daoine íontach díreach an t-am sin - níos dírigh ná tá na daoine anois.. 1791 54.  2. Iomlán díreach, (iomlán ar fad), go gceannochad sé iomlán díreach an stoc.. agus go gcuirfead sé isteach ins a phunnta iad. 418 97. 

*dís, Iol. dísle?,, d'imearfainn stróic leóbhtha ar tháipleasc chaoin / Chuirfinn ar na dís iad a h-aon agus a dó aca.. 310 341.

*diúgaire, "Duine a bhéas ag gabhail duit ar fad ag iarraidh dobhlanndar agus tabhairt ort rud ínteacht a dheánamh nó a rádh, a coaxer." 1184 123.

*diúgaireacht, Áiteamh, margáil, bhéad sia a' diúgaireacht le ceathrar nó cúig chaora fhagháil. 311 25.

*diúl, Cothú, banaltracht, Well a mháthair.. Thug tusa diúl damhsa cionn bliain agus fich agus tá sé beag go leor agam-sa imtheacht agus fiacháilt le cuidiú leat-sa anois. 311 395. 

*diúlann, Diúlann dó, (tugann bainne cí, banaltracht, cothú dó, thug sí isteach le diúl dó cionn seach mbliana eile sin ceithre bliana déug.. 311 394.

*diúlach, Leaid, stócach, chuir an t-seanbhean an dá dhiúlach eile isteach ina seamra chuig na giorrsachaí.. 1184 234. d'éirigh an gháir amach go bhfuair an diúlach bás. 472 246. 

*dlaíóg, 1. Scata ribí le chéile, dual, caidé a bhí astoigh ann ach dlaoidheóg ghruaige.. 1185 230.  chuir sé dlaoidheóg na gruaige isteach ins a bhocsa.. 472 114.  2. Dlaíóg mhullaigh, (dlaoi mhullaigh qv.), chá dtig liom-sa an dlaoidheog mhullaigh a chur air mur fhághaidh mé an gléas sin. 1170 450.

*dlaoi, Dlaoi mhullaigh, (an tuí a chuirtear i mbuaic an dín), Nuair a bhí'n tuighe curtha agus a' dlaoidh-mhullaigh curtha, agus iad a chur an súgan.. 472 200.  Críochnuigheadh an caisleán, agus cuireadh an dlaoi-mhullaigh air.. 472 712.

*dlí, Cúirt, Chaith siad seachtmhain annsin astoigh sa phríosún go dtí go dtáinic lá an dlighe. 472 702.  nuair a tháinic lá an dlighe tugadh amach iad agus "triáileadh" iad. 472 702.  fuair siad a'fear astoigh i dteach a' dlighe.. 472 703.  Tháinic a' dligheadh aníos a scar a'bith agus cuireadh ceist air ag an dligheadh caidé bhí sé dheánamh anseo? 1791 182.

*dlítheoir, Dlíodóir, Imigh thusa leat ansin chuig a leithéid seo 'e dhlitheóir agus tabhair anseo é, agus dhéanfaidh mise mo thiomna. 1578 42.

*dluí, Dlúthú, teacht cóngarach, tháinic cineál de mheath ins an inntinn air, agus nuair a bhí sise a dlaoidh  agus a dlaoidh isteach leis comh comhgarach agus a thiocfadh léithi.. agus smaoitigh sé ag gabháil a bheith ceapaithe ar dhóigh ínteacht aici.. 1791 476. 

*do Réamhfh., (Faoi dhó mar threisiú:), bhí siad ag 'ul daoithe daoithe, agus nuair a sháirigh oirthí.. 472 500. 

*dó, Dó croí, (daigh chroí (fgb), Chonnaic mé daoiní a' deánamh léigheasannaí go leór do'n dóghadh croidhe.. 1185 406.

*dóbair:fóbair, Sfh:, Cha deachaidh fhobair  ariamh in abair. 420 249.

*dobharchú, Ollphiast uisce, nocht an dobharchú é fhéin thíos ag cionn an oileáin agus shlug sé ceann de na beathadhaigh 418 71.  d'éirigh an dobharchú araist aríst agus shlug sí an dara ceann de na caiple. 418 72.  ..é a marcaidheacht (ar a'phéist mhóir) - ar a dobharchú. 418 73.  Bhí an dobharchú seo amuigh ins an fharraige agus bhí cuid mhór bádaí 'á fheiceáilt .. Ach dúirt siad go rabh seal ina a' bhliain agus go dtiocfadh an-chumadh air é seo.. 1791 176. 

*dobhramán:*dobhrán

*dobhramánta, Maoilín, "Duine dubhramanta , a dull unsophisticated person". 1184 143. 

*dobhrán,*dórán, 1. Amadán; duine dúr gan súáilceas, Bhí sé a' teacht thart leis annsin 'na dhobhrán. 1184 397.  "Duine tostach dall-intinneach, dobhramán, dubhrámán .i. ainmneacha choitchiannta eile ar dhobhrán." 1184 123.  Dorán, "duine ar furast fearg a chur air, agus ar b'annamh sreang mhaith air." 1184 125.  2. Mí-chuimhne, easpa smaoinimh, Thuit sé 'un dobhráin uirthi, "he forgot her." 420 235. 

*dochar, Is beag an dochar.. (is beag an dua, trioblóid), "is deas do léim a ghaiscidhe." "Is beag a' dochar damh sin a bhean udaí, .. agus ocht míle dhéag a rúide liom!" 472 294. 

*dochrach, Díobhálach, bhí siad a rá gur rud an-dochaireach ar fad a bhí sa tsnáth sin.. 1791 464.

*dochomhairleach, Gan a bheith i n-ann comhairle a ghlacadh, níl sé maith ag duine ar bith a bheith do-chomhairleach. 1185 293. 

*docúlach, Pianmhar, crua, deacair, chuir a leas-mháthair faoi gheasa cruaidhe docmhalacha é.. 472 103.

*dodaire, Stodaire, "Duine a bhfuil grinnc mhí-shásta air i dtólamh. A sulky person". 1184 177. 

*dodam, Babhta tinnis, Bhuail dodam Seán. "Bhuail tinneas trom é. " 1184 43.

*dóiche, Dóchúil, ní h-é amhain mise a bheith ábalta troid bhéad sé comh dóiche agam tuitim i laige.. 1184 523.  Thomhais sé.. an rud a bhí a rathaidh ar m'intinn aréir agus tá sé comh dóiche le n'athrú go ndeánfaidh sé an rud céanna ar maidin.. 1538 9.

*doicheall, (Mar a. bh), Nuair a chonnaic muinntir Thoraigh é a' teach comhgarach do'n oileán chruinnigh siad uilig 'na chladaigh a doicheall roimhe. 1538 30.

*dóigh, 1. Ar dóigh, (a),(go mór, thar rud ar bith), ba mhaith liom ar dóigh dá bhfúigfeá thuas ins a' tír uachtarach mé. 1184 279. (b),( ar fheabhas, den scoth), Bhí sé 'na fhear ceirde ar dóigh.. 1185 137.  Bhí lámh ar dóigh ag mórán de na seandaoiní ar dheánamh súgán. 1185 199.  bhí sí a'déanú réidh bonnachán ar dóigh, feóil, cearca agus buideál uisce-bheatha acu.. 311 251.  fuair mise mo chuid agus mo chuid ar dóigh.. 472 42.(gnéas i gceist). ( c), (i gceart, aréigin), Ní rabh sé sínte ar dóigh ins a' t-sráideóig go dtí go gcluinfeá é fada go leór ar shiubhal a srannfaighe. 1185 462.  2. Cuma, bail, a suirighe le cailíní .. go rabh sé chóir a bheith gan dóigh acu uilig.. 1184 473.  ní bhéidh duine ar bith le h-amharc 'do dhiaidh agus béidh droch-dhóigh ar fad ort. 1184 553.  ní feárr liom-sa dóigh ar rabh ort, ní rabh mise ach a magadh fosta. 418 272. (b'é an dáltacéanna agam-sa é.. ). 3. Modh, slí iompair, má leanann tú ar a' dóigh a bhfeicim-sa tú ag gabhail. 1184 553.  gan dóigh ar bith air morán a fhágháil le h-ithe. 1184 554.  tá dóigh shásta agat a cur suas cruitheacha. 472 369.  Sgroglachán, "Duine a bhfuil mhuineál mór fada air, agus atá deánfasach go maith ina chuid dóigheannaí." 1184 165.  4.Dóigh bheo,(bealach maireachtála), Bhí fhios acú.. fá an dóigh bheo a bhí ar dhaoiní. 1185 319.  5. Acmhainn, maoin. ..achan chumadh air go rabh dóigh mhaith air. 1184 555.  6. Toil, Dubhairt sé linn nach dtiocfadh linn ar ndóigh fhéin a fhagháil mar sin agus go gcaithfimist a gabhail i ranc ní b'ísle. 1185 118.  Stangaire, "Duine deánfasach a chaithfeas a dhóigh fhéin a fhágháil". 1184 177.  7. Cuireann dóigh air.. (baineann siar as), is goirid go gcuiridh mise dóigh air ach ná leig amach as an áit a bhfuil sé é.. 1184 581. ("I'll soon fixhim..!) ná gnidh tú níos mó é is goirid go gcuiridh mise dóigh ort! 472 233.  8. Gan dóigh, (gan mhaith,drabhlásach), fuair barraíocht de dhaoine gan dóigh isteach ionntú..(Mollies) 1579 221.  9. Ar achan ndóigh, (ar gach aon treo, ar thrastomhas), na toir mhóra amuigh is astoigh ar órdlach ar achan ndóigh, agus chasad siad thart sin to dtí go ndeánad siad áit na gcos ins a' stól.. 1791 61.  Bhí sé(bácadhmaid) amuigh 's astoigh ar dhá throigh is fiche ar fad, agus bhí sí troigh ar 'ach fuile dhóigh. 1791 282.  bfhéidir nach rabh an brat naoi n-órdlaí ar achan ndóigh.. 1791 506.  10. Ar dhóigh nó ar dhóigh eile, (ar bhealach éigin - in ainneoin fhreasúra), Dhéanfaidh sé caoidh bheo í fhéin ar an oileán seo ar dhóigh ná ar dhóigh eile.. 1343 248. 

*dóighiúil, 1. Dathúil, bhí an nighean comh dóigheamhail agus go ndar leis na daoine nár shoillsigh an ghrian ariamh ar a leithéid. 1185 7.  .. nár leag mé mo shúil ariamh ar a'n chailín atá comh dóigheamhail léithe. 1185 14.  bhí sé laghach, beó, agus dóigheamhail. 418 39.  2. Flaithiúil, cha dtainic a'n duine do mhuinntir na Glebe trasna ariamh air nach dtug sé úsáid dhóiúil dófa. 311 317.  an bunadh atá a' díol ar a shon go dóigheamhail. 1170 45. 

*dóighiúlacht, Dathúlacht, dhe thairbhe mo chuid dóigheamhlacht nach mbainnfinn mac Rí. 1185 525.

*doiligh, 1. Deacair, Tá sé comh doilig a dheánamh le cat a chur fríd mhairtín. 1184 73.  2.Is doiligh a rá.. (is bocht,trua an scéal é..), nach doiligh rádh go gcuirfeá a leithid shin (go luífinn leat) fá mo chosa-sa. Gheobhainn crochta thú. 418 223. 

*doimhne, Tiús (ó bharr go bun), Go maram go rabh sé(leac oighre) cúig hórdlaí déag ar doimhne.. 1791 102. 

*doimhneacht, Ins an doimhneacht, (ar an bhfarraige mhór), nuair a bhí sé amuigh ins a doimhneacht ag an bhád seo.. 1835 257.

*doineanta, Droch-aimsreach, oidhcheannaí doineannta. 1185 49. bhí lá gaoith' móire ann agus é fuar doineannta.. 1185 353. bhí tráthnóna an-doinneanta garbh bog ann.. 1578 49.  bhí sé doineanta agus phill sí 'na bháile.. 311 408.

*doireagán, Ainm ceana ar Dhoire?, "Mo dhoireagán, mo dhoireagán / Mo chró mháol agu m'ailleagán / Gur do Ghaill a ba dual a bheith i lár mo Dhoire" 311 163.  ( <Colm Cille de réir bhéaloideasa).

*doirteach, Flaithiúil, Ní rabh an donán dórtach , "Ní rabh croidhe aicí mórán a thabhairt uaithe; bhí sé aindeiseach i gceart." 1184 22.

*dóite, 1. Críonna, caite, seanbhean bheag dhóighte 'na suidhe ar stól.. 1185 40.  2. Dóite do, (ceanúil ar) Bhí an bheirt an-dóighte d'á chéile.. 1185 38. 

*dol, Inleog, súil ribe, Bhí triple beag dulacha againn agus fosta bhí madadh beag.. 1185 76.  bhí agams-sa le ghabhail 'na bhaile míle talaimh fá choinne ceann de na dulacha seo le cur i mbéal an phoill.. 1185 76.  ..thug mé liom an dul 1185 76.

*dola, Táille, reicneáil, cé bith fear a mbéadh an adharc ísligh' aige.. chaithfeadh an dolaigh a dhíol. 472 693.

*dolbha, Doilbhir, doilbhe, Corrog, "Bean mhór láidir dholbha". 1184 119.  Gráineóg, "bean nó cailín dholba a mbéad sé an-fhurast fearg a chur uirthí." 1184 135.  Maicín: "Peata gasúir. Gnidhthear úsáid de fosta a tagairt do ghasúr dhiabhalta dholbha". 1184 141. 

*domasach, Ithir a bhfuil mianach móna innti, Talamh domasaigh a bhí ann.. 1185 124.  I gcreafóig agus i bportach, i domasach agus i léana.. 1170 20.  bhí íontas do na préataí lobhtha ar thalamh créafóige. Talamh domasaigh a ba mhó a bhí aige-san, agus bhí na préataí an-mhaith aige. 1170 53. 

*domhain1, An domhain donn do shaighdiuirí, "cuid mhór saighdiuir". 420 265.

*domhain2, Doimhneacht), bhí sé h-órdlaigh ar dómhain ins an t-siocán ar an loich. 418 263. 

*domhain3, 1. Déanach (san oíche), a chainnt fá ghroithe an t-saoghail agus ar ngroithe fhéin nó go dtí go rabh sé an-domhain 'san oidhche. 1170 33.  2. Líonmhar, rinn sé lom díreach ar an áit a ba doimhne na Fianna agus threabhuigh sé a bhealach fríofa.. 1538 102.  3.Go domhain, (achar cuíosach fada), Chaith cuid fear Fhinn Mhic Chumhail seal aimsire ag coimhead na gcuantaí.. a dúil leis na h-Albanaigh a theacht i tír ach fá dheireadh bhain sia dúil daofa agus shiubhail siad go domhain isteach ins a' tír. 1538 103.  lean siad eilit a'n lá amháin amach go domhain ins a' tsliabh.. 1538 117.  4. Daingean, diongbhálta (san aigne), Thóg sé cloch a tabhairt iarraidh uirthí ná bhí inntinn an-domhain aige agus ba doiligh é chur arais.. 1791 95. 

*donán, Duine suarach, Ní rabh an donán dórtach, "Ní rabh croidhe aicí mórán a thabhairt uaithe; bhí sé aindeiseach i gceart." 1184 22.  Donán, "duine díblidhe, a poor wretched person" 1184 125.

*donn, féach *domhain

*doras, 1. Bhí'n doras cumhang acu ag gul amach, "they rushed out". 420 268.  2. Mas beag an teach tá doras mór air, .." cá bith a shaothrochas duine tá neart bealaigh le n-a chur amach arís. 1184 67.

*dorcha, 1. Rúndiamhrach, rúnmhar, Ní rabh fhios ag duine ar bith cé a bhí sa cholg. Choinníod siad sin i gcónaí íontach dorcha. 1579 199.  Céirseach, "Duine dorcha croimshlinneánach a mbéidh glór píochánach géar aige". 1184 113.  2.Scéalaíocht : Clóca dorcha, (clóca draíochta a cheileann ó radharc an té a chaitheann é), Chuir sé air an clóca dorcha.. agus ní fhacaidh sí ariamh é. 1343 485.

*dorga, Dorú, thosuigh sé a chathamh an dorga isteach ar an féar agus a tharraing chuige.. 472 725.

*dorgúlta, Aid., "droch-bhlas". 1184 94.

*dornán, 1. Lámh speile?, Fil: Níl mo chapall in earraidh agam nó do dhornán. 311 47.  2. Roinnt, chuaidh sé dórnán  maith eile mílte.. 1538 137.

*dorránta, Dorránach, Gogaide, "seanbhean bheag chríon chaithte a bhéadh 'na suidhe 'sa chlúid, agus í dorránta go maith i n-amannaí!" 1184 133. 

*dos, Gas féasógach (eorna), chonnaic sé an dos mór glas a fás amach aistí agus nuair a chonnaic sé sin rinneadh stangaire de.. 1170 432.

*dosach, Clúmhach, spréite amach, Bhí cat fiadhain a' bith annseo le fada. Bhí neart acu ann roimhe seo, ruball dosach agus strafóg a' fás as a bhárr. 311 57.

*dosán, Dos beag, tortóigín, Chaith sé an dosán roimhe... 472 117

*dóú, Dara, an doghadh lá déag de mhí na Bealtaine.. 1358 213.

*drabhlás, Drabhlas , "Fear a théid gan dóigh le h-ólachán, cárdaí srl." 1184 125.

*draenáil, Déanamh draenacha uisce, Bhí mé a draináil ann agus.. a deánamh achan ghar .. thart fán teach. 1791 196.

*draighean, Crann deilgneach (Prunus spinosa), fuair sé an draon agus chaith sé 'na dhiaidh é agus d'fhás coill mór draon 'na dhiaidh. 472 519.  Chan draigean  héin a bhí ionntú seo (buailtíní) ach call-adhmad a bhí an-doiligh bhriseadh. 1791 41.

*drás, Bríste báinín, léinidh mhaith sheascair the a fháil dó agus péire drás.. 1343 242.  scaoilteóg mhór bháinín síos chomhair a bheith go dtí a nglúine, agus péire drás de'n éadach cheádna. 1074 3. 

*dream, 1.Dream Chlainn.., (ag tagairt do dhaoine le sloinnte áirithe), Bhí dream Chlainn Pháidín ábalta á dhéanamh .. Clainn Íc Shuibhne, agus chá rabh dream Chlainn Uí Dhubhchoin..bhí dream Chlainn Uí Ghallchóir ábalta é dheánamh.. 1791 446  2.Ní i ndream ann.. (ní de réir duchais, sinsireacht ann..), Ní i ndream inntí a bhí sí a bheith dathamhail..1184

*dreasán, Prompa? cf. geadánach, "narrow-rumped" fgb, Geadánach, "duine caol tanaidh a bhfuil dreasán géar air". 1184 131. 

*dreasú, 1. Tiomáint, locú (ainmhithe etc)., bhí mé (madra) corradh le fiche bliadhain ag mo mhaighistir, agus 'sa deireadh chá rabh mé ábalta a dhath dreasta a dheánamh.. 1185 31.  go mbfheárr domh na ba sin a dhreasú síos bealach na h-abhna.. 1185 126.  2. Brostú, gríosadh (madra) Bhí bulldog mór aige.. agus thoisigh seisean a dhreasú agus a' tóirt uchtaigh agus d'eirigh'n bulldog seo agus fuaidh sé cuidiú leis a' chú ghlas. 311 436.  rinn sé oiread dreasú ar a chú á cur ar shiúl agus ins a' deireadh gur imigh an cú. 1835 29.

*dréim, Coinne, súil le, Bhí sé a dréim comhrádh a bhéith aige leis a' chailín. 1185 536.  bhí siad a dréim leis an tinidh seo a chur ar obair fá choinne an cheilp seo a fháil bruite.. 1185 135.

*driog:striog, Deor beag, chuaidh sí a bhlighe an ghabhair agus dá mbéadh sé faoi ó shoin ní thabharfad sé a'n striog bhainne daoithe. 1538 42.

*driopás, Fústar, Rinn an creatúr dearmad an córtha a dhrod leis an driopas  a bhí uirthí. 1170 402.

*driseog, 1. An tor coitianta deilgneach ar a bhfásann sméara dubha. bhí raithneach agus dreasógaí .. a fás inntí.. 1184 435.  Bhí cuid mhór i gceart a bhruitheadh buna dreasóg agus a d'óladh an súgh mar léigheas ar chasachtach. 1185 407.  ..ar na driseógaí agus ar an aiteanach.. 1185 479.  sméura dubha uilig go léir ar na dreasógaí. 1184 11.  (Nath:), Chá rabh annseo agam ach amach as na dreiseogaí isteach 'sa draoighean. 1185 127. (bhí an scéal chomh holc agam agus a bhí sé roimhe) 2. Duine achrannach, Driseog, "fear géar corr go maith agus furast fearg a chur air. Dreasó i gCloichcheannfhaola." 1184 125. 

*drithleog, Spré de thine, dá dtéigheadh an drithleog amháin i bhfastodh inntí go rachadh siad ar theinidh ins an aer.. 1184 406.  bhruith agus dhóigh an drithleóg an fear fá dheireadh acú. 1185 242.

*droch-aigne, Rún, snaoineamh chun aimhleasa? cuirfear droch-bhéasaí agus droch-aigneamh  ina láthair.. 1791 383.

*droch-amharc, Súil mhillte, Bhí siad a deánamh go rabh daoiní ann a dtiocfadh leobhtha droch amharc a dheánamh ar dhuine agus ar bheáthadhach.. ll85 387.  leigeadh a máthair daobhtha á ndiúl aríst agus nuair a d'fhásfadh na páisdí sin bhéadh an droch amharc acú. 1185 379.  chá mbéadh ceann ar bith acú (capaill) gan ribeog dhearg a bheith crochta anuas ar chlár éadain - ba leis a droch amharc a shábháil a bhí sin. 1185 380.  Duine a' bith a scaithtear do'n chioch agus a théidheas a' diúl arais bíonn droch-amharc aige. 311 144. 

*drochbhail, Tugann drochbhail air, (déanann urchóid do), Bhí eagla ar an fhear a bhí a crathú an uisce choisreaca nuair a rithead sé as go dtabharfadh an boc droch-bhail ortha..1791 433.  .. cosamhail le dailc airgid a gheobhadh duine gan saothrú a dtabharfad sé drochbhail air..1184 15. 

*drochbheartaíocht, Drochghliocas, drochnádúr, bhí an-droch-bheartaidheacht ann agus thug sé trifle do chuid dona fir abhí fa'n bhaile agus d'imthigh siad agus chuir siad a' rí 'un báis.. 311 263.

*drochbhláth, Drochthoradh, mí-ádh, is cuma caidé 'n rud é mur mbeannochad sé é an lá sin, deir siad go rabh droch bhláth ag gabháil a bheith ar sin rith na bliana.. 1835 143.  bfhéidir go gcuirfead siad sin cineál de dhroch bhláth ná de dhroch rath air. 1835 411.

*drochbharúil, Drochamhras, an té a bhéadh a goid a gcuid bainne ná an té a bhéadh a tabhairt drochbharúil daofa ná duine ar bith a bhéadh fá choinne dochar a dheánamh dena gcuid eallaigh. 1835 386.  dá bhfeicthí strainseair a siúl ar do chuid talaimh Lá Beáltaine an mbíodh drochbharúil ag daoine dó? 1835 410.

*droch-cheart, Rud éagóireach, sárú ar chearta, Shílfeadh duine ar bith gur sin droch-dhligheadh agus droch-cheart. 1185 116.

*droch-chéird, Droch-chleachtadh, Mothaighim.. go bhfuil droch-chéird amach agaibh-se.. Tá tusa ar shiúl le mrá eile.. 1791 381.

*droch-chreath, (Mallacht:) "Droch chreath ort!" 472 151.  (Droch-chreat?, cf. droch-chreach cfat. )

*drochbharúil, Tuairim faitíosach, Bhí droch-bharamhail aige rith an ama gur siocair é an crann a gheárradh.. 1185 375.

*drochdheireadh, Drochthoradh, ..go mbéadh droch-dheireadh orthu nuair nach rabh siad agat ó Dhia, ach má fuair tusa ó'n diabhal iad níl siad sona. 1791 467.  Bí droch-deireadh  ar shaidhbhreas.. a thig go mío-ionnraice. 1184 62.

*drochdhídean, Droch-aire, cha ndeánfad sé a dhath ach droch dhídean a thabhairt do mo níon-sa.. 1791 266.

*droch-earra, Drochmhargadh, Droch-earradh iad, "they are bad value for money". 420 238.

*drochrud, An drochrud, (an diabhal), comh luath is chualaidh seisean fá'n chat a theacht isteach agus an doras druite bhi fhios aige go maith gurbh é an droch-rud a bhí ann. 1170 439.  d'aithin sé gurbh éa an droch-rud a bhí ann. Chonnaic sé na crúba air in áit na gcos. 1791 433.

*drochshúil, Ábaltacht rud a chiorrú, mhallú trí féachaint air, tá droch-shúil acu fosta mar deir siad héin le súil nimhe. 1835 120.  go sábhálaidh Dia agus an Mhaighdean Mhuire muid ar dhroch-shúil ná ár námhaid.. 1835 321.

*drochtriús, Drochtriús éadaigh, (éadaí drochchóirithe gioblacha), Ta droch-triubhas éadaigh air. "níl sé déagh éadaigh; tá a chuid éadaigh cifleogach." 1184 48. 

*droch-uisce, ?Aicíd sa chraiceann, chá rabh ann ach sin (ceirí) a chumailt 'san áit a mbéadh an croiceann briste amach agus droch-uisce ar dhuine. 1185 391.

*droch-úsáid, Droch-íde, níl sé ag amharc go ró-mhaith 'na diaidh.. Tá sí.. a tabhairt droch úsaid daoithe.. 1835 62.

*droich, "Fear atá go síorruidhe ag ól biotailte" 1184 125.

*droichead, Droichead na coise, (ard na coise), Leifteanach , "duine nach bhfuil droichead ar bith i mbonn a choise, "a flat-soled person". 1184 139. 

*droim, 1.Droim na coise, (ard, barr na coise, lastuas de na méaranna agus faoin alt, sé 'n dóigh a rabh an máirtín deánta cha rabh a dhath ann ach giota beag ar dhroim do choise. Cha raibh ceann ar bith ar an mháirtín mar deir siad héin le liopa. 1791 144.  liopa 1835 368 a chumhdaíodh droim na coise agus lúbacha orthu a chuiread siad isteach ar na ladhra.. 1835 369.  2.Deoch ar dhroim saighid, (piseogach: deoch leighis do bha a bhuailfí le saighead ó na síóga), nuair a scaoileadh am mhuintir bheaga urchar le bó - ba dhé deireadh ach léigh(?) "deoch ar dhroim saghaid" a thabhairt le hól dí. Chuiread siad an saghad seo isteach in uisce a thugad siad le hól d'on bhó é.. 1578 81. 

*dromán:tromán

*drománach, Dromach?, 'Sé'n dóigh a gcuiread siad an tromán ar an tinidh a Sheáin 'áréir mar mhothaigh mise, ba ghrách leo, má chonnaic tú srathar asail ariamh - ba ghrách leo táirgní a thabhairt leo agus cineál de dhrománach a bhuaileadh isteach in éadan a chéile. Chuiread siad sin ar a' tinidh.. 1835 153. 

*drúcht, Páiste driúchta, "páisde díomhnais". 1184 94.

*druideog : troideog, é comh luthmhar le troideóig, agus trí bliadhna agus fiche d'aois a bhí sé.. 1185 89.

*drud:*drod

*druideadh : *driopás

*druidte, 1. Iomlán, Chan fhuair mé a'n ghreim mar ba chóir le h-ithe le mí dhruidte. 1185 590.  2. Druidte isteach, (roinnt dorcha, caochsholasmhar, siocair an tráthnóna a bheith druidte isteach le ceó, shíl sé go mb'fhéidir gru seann seachráin í.. 1170 170. 

*drumáil, Buaileadh, go rabh'n péus a' briseadh'n still a' drummáil uirthí agus a' buaileadh uirthi. 311 573.

*dtí, *dtigidh, 1. "an cheist a chur go dí  é. 420 238.  2.  "Go dtigidh" in áit "go dtí". 420 235.

*dual, Snáithíní lín le chéile tar éis a mbuailte, Bhí cupla duine eile amuigh annsin a ceangal suas an lín seo agus a'déanamh duail de. 1185 193.

*duais, Luach saothair, Cuireadh duais amach annsin go rabh trom a chinn de ór le fághail ag fear ar bith a bhainfeadh an ceann de. 472 559.  Chá dtiocfadh leobhtha a athrach a dheánamh dhe thairbhe duais a bheith ar chionn achan fhir acu. 1170 421.

*duán, Tugann cúl an duáin dó, (déanann feall air), Fealltóir, "Duine a dheánfadh feall - a bhéarfadh cúl an dubháin do dhuine. A deceiver, a traitor". 1184 127.

*duanó, Cineal de leasú tacair, guano, nuair nach rabh salann gasta ná dúanó ná aon dhath le fáil acu, ba ghrách leo a ghabháil síoa agus an scoith bhuí seo a chruinniú. 1835 125.

*dubh, 1. Dorcha, níl a dhath le feiceáil.. acht tá sé comh dubh leis a' t-súithche. 472 411.  2.Go dubh agus go bán, (ar fad, amach is amach), Cheil Dónall go dubh agus go bán gur mhothuigh sé iomrádh ariamh ar seo. 1538 90.  3. Troscadh dubh, (troscadh an-ghéar, an-dhian, ba ghrách leo an trosgadh dubh a dheánamh Ceadaoine na Luacha fosta. An té abhí á dheánamh sin cha mblaisead sé bainne ná uibh ná feoil ná milsíneacht de chineál ar bith. B'fhéidir ceart go leor dá mbéadh giota beag de iasc úr le fáil, bfhéidir go n-íosfad siad sin. 1835 366.

*dubh-, An-, "Gnígheann siad úsáid do'n fhocal seo go minic.." 420 211.

*dubhchoimhéad, Faire an-ghéar, Bhí an dubh-choimhead orthu, agus creidim go rabh barraíocht eagla orthu. 1579 205. 

*dubhfhearadh, Dubhfhearadh fháilte, (fáilte an-mhór), rinneadh an dubh fhearadh-fháilte roimpí.. 418 268. 

*dubhfhuacht, Fuacht an-mhór, Tá dubh-fhuacht ann. 420 211.

*dubhleathach,Cineal feamainne a bhfuil dath dubh, dúdhonn air. (cf. dúleathach cfat), a bhaint duibhleathaigh agus scoith bhuí fá choinne an talamh a leasadh.. 1791 335.  chá bhéadh a dhath thart ar na cladaigh uilig go léir ach a scoith bhuí seo agus go fiú an duibh-leathach. 1835 124.  an dubh-leathach seo a chruinniú .. má bhí an ghaoth freagrach le é chur isteach chucu. 1835 125.  bhainfead siad cuid mhór duilisc i Mí na Beáltaine, agus bhainead siad cuid mhór den dubhleathach.. 1835 133.

*dúbláil, Poitín ón dara rith, bhí siad indéidh dúbláil a reachtáil agus leig siad a' teinidh síos agus achan seórt. 311 572.

*dúblas, Planda, "domlas"?, dá mbéad siad ábalta an dúblas..a - gheobhaid tu a fás é mar bhéad corleangógach ann - ..tá se a fás amuigh i ndíogacha i an-bhog, agus rud atá ann indiaidh an díog triomú suas - má amharcaíonn tusa anois i ndíog ar bith suas fríd phortaigh .. gheobhaidh tú seo astoigh ar a thaobh bruithfí siad seo astoigh i bpota bheag.. tá siad ábalta sin a chaitheamh ar shiúl in ainm Dé agus in ainm na Maighdeana Muire le gan dochar ná aon taisme.. a theacht ar a teach.. 1835 397. 

*dúbálann, dúblann, Méadaíonn faoi dhó air (geall), Ba dhé an dóigh a bhí aige dálta go leór, nuair a rachad sé a chailleadh ar na cárdaí, rachad sé a dhúblú. 1032 2.  Dubhairt sé leis an fhear eile go ndúbálfad  sé an stáca. Dhúbail. 1032 3. 

*dúblaíonn, Dúblaíonn síos, (cromann síos) chuaidh sé isteach ar chionn an bhealaigh agus.. dúblaídh síos go dtí'n talamh é. 1791 385.

*dúchasach, Creidte go daingean ó dhúchas, tharraineochthaí giota beag de ruball na bó agus chaithí i mullach na haibhleoige sin é.. agus bhí sin comh dúchas acu agus nach rabh siad fá coinne a dhath tinnis na tromais .. a theacht ar a gcuid eallaigh.. 1835 404.

*duibheagán, Poll, follús dorcha, Is sibh atá i i lár a' duibhagáin / Thíos ar thóin leic na Cróine.. 472 492. 

*duibhéan, "Comorant" fgb, thiocfadh cuid mhór éanacha coimhíocha isteach an t-am sin fá thír mar deir siad héin leis na duibheáin .. 1835 134. 

*dúiche, Diméin, Thóg sé balla mór árd thart ar an dúithche.. 1578 32.  Bhí dúithche talaimh isteach le teach an tsagairt, agus tá go fóill. 1578 33.  ní rabh ordú acu a ghabhail ar dhúithche Stiúrd ná ní rabh cead acu a ghabháil trasna ar an bhádhdhún a chor ar bith. 1578 33.

*dúil, 1. Baineann dúil de, (cailleann suim ann?), Chaith cuid fear Fhinn Mhic Chumhail seal aimsire ag coimhead na gcuantaí.. a dúil leis na h-Albanaigh a theacht i dtír ach fá dheireadh bhain sia dúil daofa agus shiubhail siad go domhain isteach ins a' tír. 1538 103.  2. Mar atá dúil aige ann, mar is toil leis, bhí sé a fagháil cailíní (aimsire) as achan cheárn, agus bhí siad a' deánamh mar bhí dúil acú ann. 1184 445.  (ní raibh aon smacht orthu).

*dúileadán:dúlagán, Spota, cáithne, d'fhoscail sé (fathach) a chraos comh mór agus go bhfacaidh an Ceathrú Fear an dúiliodán dubh a bhí thíos ar thóin a ghoile. 1185 574.  rinn sé gaíre ins a' chruth agus go bhfacaidh 'a t-seanbhean a' dulagán dubh abhí thíos ar thóin a ghoile. 311 63.  (ionathar? cf. dual- etc., agus dúlamán "channel wrack").

*duileasc, Cineál feamainne inite, bhainfead siad cuid mhór duilisc i Mí na Beáltaine, agus bhainead siad cuid mhór den dubhleathach.. 1835 133.

*duilleog, 1. Gráinne amháin tae, Thoisigh siad a dh'ithe na nduilleogaí agus an sugh abhí ar na duilleogaí bhí siad á chaitheamh uatha. 1835 255.  2. Feirc bhairéid, bhí cuid acu agus tchífeá crochta anuas orthu iad (seamróga) idir a duilleóg agus a'bearad é héin. 1835 250. 

*duine, 1. Duine beag, (leanbh nuabheirthe), Bhí a bhean ar bhéalaibh duine beag a bheith aicí.. 1185 59.  Leig sí amach go rabh sí ar bhurd duine beag a bheith aici, leis an fhear. 311 459.  bhí duine beag le bheith an an bhean óg. 1170 176.  2. Bean a bhí marbh a fuair bás le duine cloinne, agus bhí an páiste beo. 1185 308.  (.. in aistear linbh. 3. Bíonn an duine ann, (saolaítear an páiste), Nuair a tháinic an t-am bhí an tríomhadh duine ann.. 1170 177.  bhí an duine beag ann.. Chuadhach siadsan suas é, agus d'fhág siad amuigh ins a' ghárradh é.. 1170 176. 

*duisín, Dosaen, B'fhéidir go dtabharfá duisín buillí dón t-é sin. 1185 180.

*duirleog, Chloch bheag gharbh chruinn, gur chuma goidé 'n chloch a bhéarfá dó, duirleóg no muirleóg go gcuirfead sé isteach ins a' bhalla í. 472 706. 

*duirling, Trá gharbh chlochach, Bhíodh na fir a tógail na mbudóg rith a' Gheimhridh agus á n-iompar aníos go bárr an dóirlinne . 1074 5.

*dul, 1. Faill, caoi, sé'n rud a d'imthigh siad fríd an chuibhreann agus ní rabh dol aige greim ar bith a fhághail ortha. 472 270.  ní raibh dol aige greim a fhághail air. 472 566.  bhí sé a smaoitiughadh go rabh fear na comhursana a teacht fhad le n-a bhean corr uair, agus ní rabh dol aige breith air. 310 312.  2. Cumas, acmhuinn, cá bith a tháinic ar fhear a' toighe ní rabh dol aige cluiche ar bith a chur ar an fhear a tháinic isteach. 1032 2.  3. Sa dul amú, (ar mhí-úsáid, chun bhástála) níl am ar bith agam-sa le cur 'sa dul amudha.. 1185 531. Ní chuireann sise mórán ama 'sa dul amudha. 1185 542.  bhí a chuid bárr agus féir míodúin 'sa dol amugha achan bhliadhain ag coiníní. 1170 47.  "Seanfhocal: Is minic a bhí rath ar raipleachán agus a chuaidh an streabhóg 'sa dul amudha." 1184 153.  4. Dul le graithe,(turas gan dealramh), Sé cuid mhadaidh an rúisc dó a ghabhail ann. "Sé thug an siubhal gan ghroithe. Badh é an dol  le groithe é." 1184 51. 

dúlamán, Saghas feamainne inite, Tá an dúlamán maith ag Féil Pádraig má thabharann tusa leat é agus tú é chur isteach i mbucóid.. 1835 240.  Gráinín salainn a chur ar thóin na bucóide agus léar den dulamán seo.. a chuir ann.. 1835 241. 

dúlagán, Spota beag, fuaidh sé (iolar), in áirde 'sa spéir fhad agus nach rabh ann ach go rabh siad ábalta fheiceál, mar bhéadh dulagán  ann. 311 80.  d'fhoscail sé (fathach) a chraos comh mór agus go bhfacaidh an Ceathrú Fear an dúiliodán dubh a bhí thíos ar thóin a ghoile. 1185 574.  rinn sé gaíre ins a' chruth agus go bhfacaidh 'a t-seanbhean a' dulagán dubh abhí thíos ar thóin a ghoile. 311 63.  bhí léas na súl aici dá mbéadh duiliogán in do shúil.. 1835 200.

dúlaíocht, Doineann, nuair a thigeadh dubhlaidheacht an Gheimhridh gur b'uirthí (min) a chaithfead siad a theacht i dtír ar fad. 1150 394.  Nuair a tharadh dubhlaíocht a' Gheimhridh ar na hoileáin s'againne.. 1791 81.

*dumhach, Cnocán gainimh cois trá, thug siad leofa mála fraoich ó'n tsliabh agus chóirigh siad a leabaid ins an dumhaigh. 1538 103.  Sé bhí ann dumhaigh ghainnimh gan cloch gan cárnán agus méilte geala bána ó chionn go cionn ann. 1835 172.

dún, Mo dhún agus mo dhórn ort.. (Foláireamh móide: Gabhaimseorm, mise i mbannaí duit, etc.), Mo dhún agus mo dhórn ort, a dhailtín bhigh ghránda.. 472 104.  Mo dhún agus mo dhórn orm.. ní stadfaidh mé go raibh mé thiar. 472 313.  Mo dhún 's mo dhórn orm.. chá mbíonn ach go dtí anocht og bhfeicidh mise goidé atá ann. 472 331.

*dundarlán, "Amadán de dhuine". 1184 125.

*dúramán, *dubhramán:*dobhrán

*dúrapóg, Durapóg , "bean gharbh gan siosmaid" 1184 125.

*dúrúnta, Dúranta, dúr, tostach, Braotóg, "Fear dúrúnta gan sásamh" (Teilionn). 1184 107.  Dolldramán, "duine nach bhfuil dadaidh le rádh aige; fear dúrúnta gan inntleacht". 1184 123.  Gruaimín, "duine dúrúnta nach bhfuil dadaidh le rádh aige - a sullen person". 1184 135.  Túitín, "Duine dúrúnta gan sásamh nach bhfuil dadaidh le rádh aige". 1184 183. 

*dúshraith, 1. Sraith iochtair, Chuiread siad isteach dubhshraith mhaith láidir cloch.. 1170 15.  astoigh faoi dhubhshraithe an taobh-balla d'fhoscail siad uaghach eile. 1538 89.  a'n uair amháin a bhfuighthí an chloch íochtarach amach as an dubhshraithe thiteadh an teach.. 1791 59.  2. Láthair fotha, Bhí sé a glanadh amach an dubhshraithe le ghabhail a shaoraoineacht. 1170 35. 

*dusta, Deannach, á méid óir a bhí i bpóca an fhir sin thionntó sé amach 'na dhiosta.  1791 195.  d'imigh sé mar bhéadh diost din talamh ann. 1791 195.

dustálann, Scuabann dusta de, Bhí mórán conamair féir agus ros orthú. Bhuail fear acú an fear eile le n-a láimh go dtí gur dhostáil siad seo d'á chéile. 1185 506.